Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D2356

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 75/2023 an 17 Márta 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2356]

    IO L, 2023/2356, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2356/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2356/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2356

    26.10.2023

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 75/2023

    an 17 Márta 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2356]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 a mhéid a bhaineann le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, Giobráltar, Mósaimbíc, an Tansáin agus Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha a chur le tábla I den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 agus Nicearagua, an Phacastáin agus an tSiombáib a bhaint den tábla sin, (1) tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 23bb (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1675 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘-

    32023 R 0410: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 (IO L 59, 24.2.2023, lch. 3).’

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/410 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 18 Márta 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2023.

    Thar ceann Chomhchoiste an LEE

    An tUachtarán

    Nicolas VON LINGEN


    (1)   IO L 59, 24.2.2023, lch. 3.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2356/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top