EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E352

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SEACHT - FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 352 (sean-Airteagal 308 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 196–196 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_352/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/196


Airteagal 352

(sean-Airteagal 308 CCE)

1.   Más cosúil gur gá gníomhaíocht ag an Aontas, faoi chuimsiú na mbeartas atá sainithe sna Conarthaí, chun ceann de na cuspóirí dá dtagraítear sna Conarthaí a bhaint amach agus nach dtugtar sna Conarthaí na cumhachtaí is gá, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na forálacha iomchuí a ghlacadh. Má ghlacann an Chomhairle na forálacha atá i gceist i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, gníomhóidh sí freisin d'aon toil, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

2.   Faoi chuimsiú an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tarraingeoidh an Coimisiún aird na bParlaimintí náisiúnta ar na tograí arna mbunú ar an Airteagal seo.

3.   Ní bheidh mar thoradh ar bhearta arna mbunú ar an Airteagal seo comhchuibhiú ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát sna cásanna ina n-eisiatar comhchuibhiú den sórt sin leis na Conarthaí.

4.   Ní fhéadfar an tAirteagal seo a úsáid mar bhunús chun cuspóir a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a bhaint amach agus urramóidh gach gníomh a ghlacfar i gcomhréir leis an Airteagal seo na teorainneacha a leagtar amach sa dara mír d'Airteagal 40 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.


Top