Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E267

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
    TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
    CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
    ROINN 5 - CÚIRT BHREITHIÚNAIS AN AONTAIS EORPAIGH
    Airteagal 267 (sean-Airteagal 234 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 164–164 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_267/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/164


    Airteagal 267

    (sean-Airteagal 234 CCE)

    Beidh dlínse Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun réamhrialú a thabhairt:

    (a)

    ar léiriú na gConarthaí;

    (b)

    ar bhailíocht agus léiriú gníomhartha de chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais.

    Nuair a thabharfar ceist den sórt sin ar aird os comhair cúirt nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh an chúirt nó an binse sin, má mheasann sé nó sí gur gá cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé nó sí breithiúnas a thabhairt, a iarraidh ar an gCúirt rialú a thabhairt ar an gceist sin.

    Má thugtar aon cheist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirt nó binse de chuid Ballstáit, agus nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh chinntí na cúirte nó an bhinse sin, tabharfaidh an chúirt nó an binse sin an t-ábhar os comhair na Cúirte.

    Má thugtar cás den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirt nó binse de chuid Ballstáit maidir le duine atá faoi choimeád, gníomhóidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a luaithe is féidir.


    Top