Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E103

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL VII - COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA
    CAIBIDIL 1 - RIALACHA IOMAÍOCHTA
    ROINN 1 - RIALACHA A BHAINEANN LE GNÓTHAIS
    Airteagal 103 (sean-Airteagal 83 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 89–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_103/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/89


    Airteagal 103

    (sean-Airteagal 83 CCE)

    1.   Déanfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, na rialacháin nó treoracha is iomchuí a leagan síos chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach in Airteagail 101 agus 102.

    2.   Na rialacháin nó na treoracha dá dtagraítear i mír 1, ceapfar iad go háirithe:

    (a)

    chun a áirithiú go ngéillfear do na toirmisc atá leagtha síos in Airteagal 101(1) agus in Airteagal 102, trí fhíneálacha agus tráthíocaíochtaí pionósacha a fhoráil ina leith;

    (b)

    chun rialacháin mhionchruinne a leagan síos i dtaobh Airteagal 101(3) a chur chun feidhme, á chur san áireamh a riachtanaí atá sé, ar thaobh amháin, maoirsiú éifeachtach a áirithiú agus, ar an taobh eile, an riarachán a shimpliú chomh fada riamh agus is féidir;

    (c)

    chun sainiú a dhéanamh, más gá, i gcás bhrainsí éagsúla an gheilleagair ar raon na bhforálacha atá in Airteagail 101 agus 102;

    (d)

    chun feidhmeanna an Choimisiúin agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, faoi seach, a shainiú maidir leis na forálacha atá leagtha síos sa mhír seo a chur chun feidhme;

    (e)

    chun an gaol a chinneadh atá idir dlíthe náisiúnta agus na forálacha atá sa Roinn seo nó a glacadh de bhun an Airteagail seo.


    Top