Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E021

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A DÓ - NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT AN AONTAIS
    Airteagal 21 (sean-Airteagal 18 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 57–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_21/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/57


    Airteagal 21

    (sean-Airteagal 18 CCE)

    1.   Beidh an ceart ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha dá bhforáiltear sna Conarthaí agus sna forálacha arna nglacadh lena gcur chun feidhme.

    2.   Más cosúil gur gá gníomh ón Aontas chun an cuspóir sin a bhaint amach agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha sna Conarthaí, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, forálacha a ghlacadh d'fhonn feidhmiú na gceart dá dtagraítear i mír 1 a éascú.

    3.   Chun críocha ar ionann iad agus na críocha dá dtagraítear i mír 1 agus mura bhfuil na cumhachtaí is gá tugtha leis na Conarthaí, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, bearta a ghlacadh i dtaca le slándáil shóisialta nó le cosaint shóisialta. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.


    Top