This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12012M045
Consolidated version of the Treaty on European Union - TITLE V GENERAL PROVISIONS ON THE UNION'S EXTERNAL ACTION AND SPECIFIC PROVISIONS ON THE COMMON FOREIGN AND SECURITY POLICY - CHAPTER 2 SPECIFIC PROVISIONS ON THE COMMON FOREIGN AND SECURITY POLICY- SECTION 2 PROVISIONS ON THE COMMON SECURITY AND DEFENCE POLICY - Article 45
An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - TEIDEAL V FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2 FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - ROINN 2 FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA - Airteagal 45
An Conradh ar an Aontas Eorpach (leagan comhdhlúite) - TEIDEAL V FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - CAIBIDIL 2 FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA - ROINN 2 FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA - Airteagal 45
IO C 326, 26.10.2012, p. 40–40
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR AN AONTAS EORPACH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
TEIDEAL V
FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
CAIBIDIL 2
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
ROINN 2
FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA
Airteagal 45
1. Is é an cúram a bheidh ar an nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint, dá dtagraítear in Airteagal 42(3), agus a bheidh faoi réir údarás na Comhairle:
a) |
rannchuidiú le cuspóirí na mBallstát i ndáil le cumais mhíleata a shainaithint agus measúnú a dhéanamh ar a mhéid a urramaítear na ceangaltais chumais atá tugtha ag na Ballstáit; |
b) |
comhchuibhiú ar na riachtanais oibríochtúla a chur cun cinn agus modhanna soláthair éifeachtúla comhoiriúnacha a ghlacadh; |
c) |
tionscadail iltaobhacha a mholadh chun na cuspóirí a chomhall i dtaca le cumais mhíleata de, comhordú ar na cláir arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit agus bainistiú na gclár sonrach comhair a áirithiú; |
d) |
tacú le taighde i dteicneolaíocht na cosanta, agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha taighde agus staidéar ar réitigh theicneolaíocha a fhreagróidh do riachtanais oibríochtúla todhchaí a chomhordú agus a phleanáil; |
e) |
rannchuidiú le gach beart fóinteach a shainaithint agus, más gá, a chur chun feidhme chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch earnáil na cosanta a neartú agus chun éifeachtúlacht an chaiteachais mhíleata a fheabhsú. |
2. Beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint ar oscailt do gach Ballstát ar mian leis a bheith rannpháirteach inti. Glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh lena saineofar reacht, suíomh agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta. Ba chóir go dtabharfadh an cinneadh sin aird ar leibhéal na rannpháirtíochta iarbhír i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuirfear grúpaí sonracha ar bun laistigh den Ghníomhaireacht a thabharfaidh le chéile Ballstáit a bhfuil tionscadail chomhpháirteacha á gcur i gcrích acu. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a cuid cúraimí i gcrích i gcuibhreann leis an gCoimisiún nuair is gá.