EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12005SA006

Act concerning the conditions of accession of the Republic of Bulgaria and Romania and the adjustments to the Treaties on which the European Union is founded - PART ONE:PRINCIPLES - Article 6

IO L 157, 21.6.2005, p. 204–205 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2005/act_1/art_6/sign

12005SA006



Official Journal L 157 , 21/06/2005 P. 0204 - 0205


Airteagal 6

1. Beidh na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích nó arna gcur i bhfeidhm go sealadach ag an gComhphobal nó i gcomhréir le hAirteagal 24 nó le hAirteagal 38 de Chonradh AE, le tríú Stát amháin nó níos mó, le heagraíocht idirnáisiúnta nó le náisiúnach de thríú Stát, ina gceangal ar an mBulgáir agus ar an Rómáin faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí bunaidh agus san Ionstraim seo.

2. Gabhann an Bhulgáir agus an Rómáin orthu féin aontú, faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Ionstraim seo, do na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích nó arna síniú ag na Ballstáit láithreacha agus ag an gComhphobal, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach.

Déanfar aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin arna dtabhairt i gcrích nó arna síniú ag an gComhphobal agus ag na Ballstáit láithreacha, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach, le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta áirithe a chomhaontú trí phrótacal arna chur i gceangal le comhaontuithe nó coinbhinsiúin den sórt sin a thabhairt i gcrích idir an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil thar ceann na mBallstát, agus agus an tríú tír nó na tríú tíortha nó an eagraíocht idirnáisiúnta i dtrácht. Déanfaidh an Coimisiún na prótacail sin a chaibidil thar ceann na mBallstát ar bhonn treoracha caibidlíochta arna bhformheas ag an gComhairle, ag gníomhú di d'aon toil, agus i gcomhairle le coiste ar a mbeidh ionadaithe na mBallstát. Tíolacfaidh sé dréacht de na prótacail don Chomhairle lena dtabhairt i gcrích.

Tá an nós imeachta seo gan dochar d'fheidhmiú inniúlachtaí dílse an Chomhphobail agus ní dhéanann sé difear do chionroinnt na gcumhachtaí idir an Comhphobal agus na Ballstáit i dtaca le comhaontuithe den sórt sin a thabhairt i gcrích sa todhchaí nó aon leasuithe eile nach mbaineann leis an aontachas.

3. Amhail óna n-aontachas leis na comhaontuithe agus na coinbhinsiúin dá dtagraítear i mír 2, gheobhaidh an Bhulgáir agus an Rómáin na cearta agus na hoibleagáidí céanna faoi na comhaontuithe agus na coinbhinsiúin sin atá ag na Ballstáit láithreacha.

4. Amhail ó dháta an aontachais, agus go dtí go dtiocfaidh na prótacail riachtanacha dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm, cuirfidh an Bhulgáir agus an Rómáin i bhfeidhm forálacha na gcomhaontuithe nó na gcoinbhinsiún arna dtabhairt i gcrích go comhpháirteach ag na Ballstáit láithreacha agus ag an gComhphobal roimh an aontachas, amach ón gcomhaontú maidir le saorghluaiseacht daoine arna thabhairt i gcrích leis an Eilvéis. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir leis na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin sin atá an tAontas agus na Ballstáit láithreacha tar éis comhaontú a chur i bhfeidhm go sealadach.

Go dtí go dtiocfaidh na prótacail dá dtagraítear i mír 2 i bhfeidhm, déanfaidh an Comhphobal agus na Ballstáit, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach mar is iomchuí faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, aon bheart is iomchuí a ghlacadh.

5. Aontóidh an Bhulgáir agus an Rómáin don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí den Ghrúpa Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile [1], arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000.

6. Gabhann an Bhulgáir agus an Rómáin orthu féin aontú, faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Ionstraim seo, don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch [2], i gcomhréir le hAirteagal 128 den Chomhaontú sin.

7. Amhail ó dháta an aontachais, déanfaidh an Bhulgáir agus an Rómáin na comhaontuithe agus na comhshocraíochtaí déthaobhacha teicstílí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal le tríú tíortha a chur i bhfeidhm.

Déanfar na srianta cainníochtúla arna gcur i bhfeidhm ag an gComhphobal ar allmhairí táirgí teicstíle agus éadaigh a oiriúnú chun aontachas na Bulgáire agus na Rómáine leis an gComhphobal a chur san áireamh. Chuige sin, féadfaidh an Comhphobal leasuithe ar na comhaontuithe agus na comhshocraíochtaí déthaobhacha dá dtagraítear thuas a chaibidil leis na tríú tíortha i dtrácht roimh dháta an aontachais.

Mura mbeidh na leasuithe ar na comhaontuithe agus na comhshocraíochtaí déthaobhacha teicstíle tagtha i bhfeidhm faoi dháta an aontachais, déanfaidh an Comhphobal na hoiriúnuithe is gá ar a rialacha maidir le táirgí teicstíle agus éadaigh a allmhairiú ó thríú tíortha chun aontachas na Bulgáire agus na Rómáine a chur san áireamh.

8. Déanfar na srianta cainníochtúla ar allmhairí cruach agus táirgí cruach arna gcur i bhfeidhm ag an gComhphobal a oiriúnú ar bhonn allmhairí na Bulgáire agus na Rómáine sna blianta deireanacha de tháirgí cruach de thionscnamh na dtíortha is soláthraithe i dtrácht.

Chuige sin, déanfar na leasuithe is gá ar na comhaontuithe agus na comhshocraíochtaí déthaobhacha cruach arna dtabhairt i gcrích ag an gComhphobal le tríú tíortha a chaibidil roimh dháta an aontachais.

Mura mbeidh na leasuithe ar na comhaontuithe agus na comhshocraíochtaí déthaobhacha tagtha i bhfeidhm faoi dháta an aontachais, beidh feidhm ag forálacha na chéad fhomhíre.

9. Déanfaidh an Comhphobal na comhaontuithe iascaigh arna dtabhairt i gcrích roimh an aontachas ag an mBulgáir nó ag an Rómáin le tríú tíortha a bhainistiú.

Ní dhéanfar difear do na cearta ná na hoibleagáidí a leanann don Bhulgáir agus don Rómáin ó na comhaontuithe sin i rith na tréimhse a mbeidh forálacha na gcomhaontuithe sin á gcoimeád ar bun go sealadach.

A thúisce is féidir agus ar chaoi ar bith roimh na comhaontuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhul in éag, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí iomchuí i ngach cás chun go leanfaidh gníomhaíochtaí iascaireachta a thig ó na comhaontuithe sin, lena n‐áirítear an chaoi chun comhaontuithe áirithe a fhadú go ceann tréimhsí nach mó ná bliain amháin.

10. Le héifeacht ó dháta an aontachais, tarraingeoidh an Bhulgáir agus an Rómáin siar ó aon chomhaontuithe saorthrádála le tríú tíortha, lena n-áirítear Comhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa.

Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe idir an Bhulgáir, an Rómáin nó an dá Stát sin ar thaobh amháin agus tríú tír amháin nó níos mó ar an taobh eile ag luí leis na hoibleagáidí a thig ón Ionstraim seo, glacfaidh an Bhulgáir agus an Rómáin gach céim iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluí arna bhunú. Má bhaineann deacrachtaí don Bhulgáir nó don Rómáin le linn oiriúnú a dhéanamh ar chomhaontú arna thabhairt i gcrích roimh an aontachas le tríú tír amháin nó níos mó, tarraingeoidh sí siar ón gcomhaontú sin de réir théarmaí an chomhaontaithe.

11. Faoi na coinníollacha atá leagtha síos san Ionstraim seo, aontaíonn an Bhulgáir agus an Rómáin do na comhaontuithe inmheánacha arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit láithreacha chun na comhaontuithe nó na coinbhinsiúin dá dtagraítear i míreanna 2, 5 agus 6 a chur chun feidhme.

12. Glacfaidh an Bhulgáir agus an Rómáin, más gá, bearta iomchuí chun a seasamh i ndáil le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus leis na comhaontuithe idirnáisiúnta sin a bhfuil an Comhphobal nó Ballstáit eile ina bpáirtithe iontu freisin a oiriúnú do na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn óna n‐aontachas leis an Aontas.

Tarraingeoidh siad siar go háirithe ar dháta an aontachais nó ar an dáta is túisce is féidir ina dhiaidh ó chomhaontuithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta iascaigh ar páirtí iontu freisin an Comhphobal, mura mbaineann a gcomhaltas le hábhair seachas ábhair iascaigh.

[1] IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.

[2] IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

--------------------------------------------------

Top