EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003T/PRO/10

Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - Prótacal Uimh. 10 maidir leis an gCipir

IO L 236, 23.9.2003, p. 955–955 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2003/act_1/pro_10/sign

12003T/PRO/10



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0955 - 0955


Prótacal Uimh. 10

maidir leis an gCipir

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG ATHDHAINGNIÚ a ngealltanas do shocraíocht chuimsitheach ar fhadhb na Cipire, atá comhchuí le rúin ábhartha ó Chomhairle Shlándála na Náisiún Aontaithe, agus a dtacaíochta láidre d'iarrachtaí Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe chuige sin,

DE BHRÍ nach bhfuil socraíocht chuimsitheach den sórt sin ar fhadhb na Cipire aimsithe fós,

DE BHRÍ gur gá mar sin forálacha a leagan síos chun cur i bhfeidhm an acquis a fhionraí sna limistéir sin de Phoblacht na Cipire nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú iarbhír iontu,

DE BHRÍ, má aimsítear réiteach ar fhadhb na Cipire, go ndéanfar an fhionraíocht sin a fhoirceannadh,

DE BHRÍ go bhfuil an tAontas Eorpach réidh glacadh le téarmaí aon socraíocht den sórt sin atá i gcomhréir leis na prionsabail ar a bhfuil an AE fothaithe,

DE BHRÍ gur gá foráil a dhéanamh maidir leis na téarmaí faoina gcuirfear i bhfeidhm na forálacha ábhartha de dhlí AE ar an líne idir na limistéir thuasluaite agus na limistéir sin araon a bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú iarbhír iontu agus Limistéar Bunáite Flaitheasach Oirthearach Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,

ÓS MIAN LEO saoránaigh uile na Cipire tairbhe a bhaint as aontachas na Cipire leis an Aontas Eorpach agus an tsíocháin agus an t-athmhuintearas sa phobal a chur ar aghaidh,

DE BHRÍ mar sin nach gcoiscfidh aon ní sa Phrótacal seo bearta a bhfuil an cuspóir sin acu,

DE BHRÍ nach ndéanfaidh bearta den sórt sin difear do chur i bhfeidhm an acquis faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa Chonradh Aontachais in aon chuid eile de Phoblacht na Cipire,

TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS:

Airteagal 1

1. Déanfar cur i bhfeidhm an acquis a fhionraí sna limistéir sin de Phoblacht na Cipire nach bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú iarbhír iontu.

2. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhí di d'aon toil ar bhonn togra ón gCoimisiún, a chinneadh an fhionraíocht dá dtagraítear i mír 1 a tharraingt siar.

Airteagal 2

1. Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar bhonn togra ón gCoimisiún, na téarmaí a shainiú faoina gcuirfear i bhfeidhm na forálacha de dhlí an AE ar an líne idir na limistéir sin dá dtagraítear in Airteagal 1 agus na limistéir a bhfeidhmíonn Rialtas Phoblacht na Cipire rialú iarbhír iontu.

2. An teorainn idir an Limistéar Bunáite Flaitheasach Oirthearach agus na limistéir sin dá dtagraítear in Airteagal 1, cuirfear cóir uirthi amhail is dá mbeadh sí ina cuid de na teorainneacha eachtracha den Limistéar Flaitheasach Bunáite Oirthearach chun críche Chuid IV den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Limistéar Bunáite Flaitheasach Oirthearach Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir fad a mhaireann an fhionraíocht ar chur i bhfeidhm an acquis de réir Airteagal 1.

Airteagal 3

1. Ní choiscfidh aon ní sa Phrótacal seo bearta ar mhaithe le forbairt eacnamaíoch na limistéar dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur ar aghaidh.

2. Ní dhéanfaidh bearta den sórt sin difear do chur i bhfeidhm an acquis faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa Chonradh Aontachais in aon chuid eile de Phoblacht na Cipire.

Airteagal 4

I gcás socraíochta, déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar bhonn togra ón gCoimisiún, na hoiriúnuithe ar na téarmaí a bhaineann le haontachas na Cipire leis an Aontas Eorpach a chinneadh maidir le Comhphobal na gCipireach Turcach.

--------------------------------------------------

Top