EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0180

REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT AND THE COUNCIL on the application of Annex XI to the Staff Regulations and Article 66a thereof

COM/2022/180 final

  The document is unavailable in your User interface language.

An Bhruiséil,26.4.2022

COM(2022) 180 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus Airteagal 66a de


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus Airteagal 66a de

1.Réamhrá

Foráiltear le hAirteagal 15(2) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne arna leasú go deireanach in 2013 1 go gcuirfidh an Coimisiún, roimh an 31 Márta 2022, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus aird sa tuarascáil sin ar an suirbhé arna dhéanamh faoi Airteagal 2 den Iarscríbhinn sin agus ina bhfuil measúnú i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil an fhorbairt a thagann ar chumhacht ceannaigh luach saothair agus phinsin oifigigh an Aontais i gcomhréir leis na hathruithe i gcumhacht ceannaigh tuarastal i státseirbhísí náisiúnta sna rialtais láir. Ar bhonn na tuarascála sin, más iomchuí, tíolacfaidh an Coimisiún togra chun Iarscríbhinn XI a leasú maille le hAirteagal 66a de na Rialacháin Foirne, ar bhonn Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Cuirfidh an tuarascáil seo an fhoráil réamhluaite chun feidhme trí mheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh riachtanais earcaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh, agus cur síos á dhéanamh ar an bpróiseas agus an toradh ar chur chun feidhme na rialacha maidir le luach saothair agus pinsin a nuashonrú faoi Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne (dá ngairtear an ‘Modh’ anseo feasta) chomh maith leis an tobhach dlúthpháirtíochta faoi Airteagal 66a le haghaidh na tréimhse 2014-2021.

2.Riachtanais earcaíochta institiúidí an Aontais Eorpaigh

2.1.Ceanglas reachtúil chun suirbhé a dhéanamh ar riachtanais earcaíochta

Foráiltear le hAirteagal 2 d’Iarscríbhinn XI de na Rialacháin Foirne go ndéanfaidh an Coimisiún suirbhé tráthrialta ar riachtanais earcaíochta na n‑institiúidí.

Cé gurb é aidhm na hearcaíochta ó thaobh na hoibríochta de folúntais in institiúidí an Aontais Eorpaigh a líonadh, ceanglaíonn Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne agus Airteagail 12 agus 82 de na Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile ar thaobh amháin go gcomhlíonann oifigigh agus gníomhairí na caighdeáin is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais, agus ar an taobh eile go n‑earcófar iad ón mbonn geografach is leithne is féidir i measc náisiúnaigh Bhallstáit an Aontais.

2.2.Barúlacha ar riachtanais earcaíochta

Is í an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) atá i gceannas ar oifigigh a roghnú, ar ionann iad agus an líon is mó d’fhoireann an Aontais. Déanann institiúidí an Aontais a riachtanais earcaíochta a chur in iúl do EPSO go tráthrialta, agus leagann EPSO síos plean bliantúil chun comórtais a reáchtáil maille le critéir agus nósanna imeachta roghnúcháin a shainiú, lena n‑áirítear rialacha marcála do gach comórtas. In éineacht leis na seiceálacha a chuirtear i gcrích agus earcaíocht á déanamh, ráthaíonn sé sin go gcomhlíonfaidh na hearcaigh uile an caighdeán is airde cumais, éifeachtúlachta agus ionracais, i gcomhréir le hAirteagal 27 de na Rialacháin Foirne.

2.2.1.Laghdú ar iarratais ar chomórtais an Aontais

Trí chomparáid a dhéanamh idir riachtanais earcaíochta institiúidí an Aontais le haghaidh riarthóirí nach teangeolaithe iad (arna shloinneadh i líon iarrthóirí arna n‑iarraidh) agus torthaí iarbhír na gcomórtas, léiríonn Iarscríbhinn 1, mar riail ghinearálta, gur éirigh le EPSO an líon iarrthóirí iarrtha a roghnú.

Mar sin féin, tháinig laghdú ar líon na n‑iarratasóirí ar chomórtais ghinearálaithe AD do gach grúpa Ballstát (Iarscríbhinn 2). Maidir leis na Ballstáit a bhí ann roimh 2004, thosaigh an laghdú i ndiaidh athchóiriú na Rialachán Foirne in 2004, ach i gcás na mBallstát a tháinig isteach tar éis 2004, thosaigh an laghdú i ndiaidh athchóiriú na Rialachán Foirne in 2014 (Iarscríbhinn 3) 2 . Bhí tionchar aige seo ar chumas institiúidí an Aontais a riachtanas earcaíochta a chomhlíonadh, chomh maith le hearcaíocht atá cothrom ó thaobh geografaíochta de a áirithiú.

2.2.2.Réiteach pragmatach a chuir an Coimisiún chun feidhme chun riachtanais shonracha a chomhlíonadh

Chun tabhairt faoina riachtanais earcaíochta, d’earcaigh an Coimisiún níos mó agus níos mó gníomhairí sealadacha ar phoist bhuana a mbíonn oifigigh bhuana ina mbun de ghnáth. Sa Choimisiún, tháinig méadú ar a líon foriomlán lasmuigh de na seirbhísí teangeolaithe ó 461 in 2013 (lena n‑áirítear 118 ar leibhéal riarthóra) go 1 672 in 2020 (lena n‑áirítear 825 ar leibhéal riarthóra).

2.2.3.Earcaíocht éagothroime ó thaobh geografaíochta de

Tháinig deacrachtaí roimh an gCoimisiún maidir le comhaltaí foirne a earcú ar an mbonn geografach is leithne is féidir. Ina thuarascáil in 2018 arna ghlacadh de bhun Airteagal 27 de na Rialacháin Foirne 3 , shainaithin an Coimisiún ceist na mealltachta, agus í ina cúis le leibhéil ísle rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais nuair a dhéantar comparáid le méid an daonra ábhartha i roinnt Ballstát. Mar thoradh air sin, níl ionadaíocht leordhóthanach ag roinnt náisiúntachtaí ar liostaí iarrthóirí EPSO. Léiríonn Iarscríbhinn 4 an bealach, ó 2018, a d’fhan iarratais ar chomórtais an Aontais éagothrom 4 , agus mar thoradh air sin bhí an earcaíocht éagothrom ó thaobh na geografaíochta de. Go háirithe, tá méadú suntasach tagtha ar na náisiúntachtaí atá faoi ghannionadaíocht i measc riarthóirí sóisearaigh go 13: Ostarach, Seiceach, Eastónach, Gearmánach, Danmhargach, Fionlannach, Cipireach, Lucsamburgach, Máltach, Ísiltíreach, Polannach, Slóvacach agus Sualannach 5 .

2.3.Comhghaolú idir mealltacht institiúidí an Aontais agus tosca maicreacnamaíocha agus socheacnamaíocha éagsúla, lena n‑áirítear luach saothair

Cuirtear faisnéis ar fáil sa tábla thíos maidir le leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtas an Aontais le haghaidh gach Ballstáit le linn na tréimhse 2013-2019. Cuireadh gach Ballstát san áireamh san anailís, ach amháin an Bheilg, na Ballstáit is lú i dtéarmaí daonra agus iad siúd a bhfuil a leibhéal rannpháirtíochta laistigh den chatagóir 80-120 %, i.e. gar don ‘sprioc‑rannpháirtíocht’ fhoirfe 6 . Níos beaichte fós, is iad na Ballstát eisiata ná:

-An Bheilg, toisc go bhfuil ró‑ionadaíocht shaoránaigh na Beilge i measc iarrthóirí EPSO bainteach le stádas na Bruiséile mar shuíomh institiúidí éagsúla an Aontais 7 ,

-An Chipir, Lucsamburg agus Málta, toisc, i bhfianaise a ndaonra bhig, nach bhfuil an anailís ar sciar na n‑iarrthóirí i gcomórtais an Aontais iontaofa ó thaobh staitisticí de, agus

-An Ungáir, an tSlóvaic agus an Fhionlainn, toisc go bhfuil a leibhéal rannpháirtíochta (agus comparáid á déanamh idir leibhéal rannpháirtíochta agus céatadán dhaonra an Aontais) idir 80 % agus 120 % arna thomhas thar thréimhse 7 mbliana agus dá bhrí sin gar don sprioc.

Chun measúnú a dhéanamh ar na tosca a imríonn tionchar ar leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais le haghaidh gach Ballstáit, is gá mealltacht institiúidí an Aontais ar fud an Aontais Eorpaigh a scrúdú. Ós rud é gur rogha phearsanta é iarratas a dhéanamh ar chomórtas an Aontais, rogha a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar thosca éagsúla, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhghaolú a d’fhéadfadh a bheith ann idir tosca maicreacnamaíocha agus socheacnamaíocha agus treochtaí breathnaithe maidir le leibhéal rannpháirtíochta a tugadh faoi deara ar fud na mBallstát (Iarscríbhinn 5 go 5.7). Go sonrach, rinne an Coimisiún measúnú ar phá glan coibhneasta i mBallstáit (Iarscríbhinní 5.1 agus 5.2), leibhéil dífhostaíochta (Iarscríbhinn 5.3), an staid fostaíochta náisiúnta (Iarscríbhinn 5.4). íomhá an Aontais (Iarscríbhinn 5.5), ionchais airgeadais phearsanta (Iarscríbhinn 5.6), agus innéacs dea‑shaoil ECFE (Iarscríbhinn 5.7).

Ar bhonn na sonraí seo, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhchoibhneas a d’fhéadfadh a beith ann idir rannpháirtíocht íseal i gcomórtais an Aontais agus na tosca maicreacnamaíocha agus socheacnamaíocha sin. D’fhéadfaí na conclúidí seo a leanas a bhaint:

-tá rannpháirtíocht náisiúnaigh an Aontais comhghaolaithe go réasúnta maith le pá glan i mBallstáit agus an bhraistint ar ionchais fostaíochta ar an leibhéal náisiúnta,

-má dhéantar an anailís a theorannú do na Ballstáit leis an bpá is airde agus leis an bpá is ísle, tá an leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais agus an leibhéal pá ghlain comhghaolaithe ar bhealach beagnach foirfe 8 . Tá an méid seo fíor go háirithe maidir leis an nGearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír, an Ostair, an Danmhairg, Éire, an tSualainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Liotuáin, an Rómáin, an Chróit, an Laitvia agus an Bhulgáir. Maidir leis na Ballstáit atá sa mheánraon ó thaobh pá de, bhí caolchúis ag baint leis na torthaí, áfach, agus ní mór tosca socheacnamaíocha eile a chur san áireamh,

-tá comhghaolú láidir ag an leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtas an Aontais le hInnéacs Dea‑Shaoil ECFE,

-níl comhghaolú nó is ar éigean go bhfuil comhghaolú ag an rannpháirtíocht leis an leibhéal dífhostaíochta náisiúnta, ná le híomhá an Aontais i measc saoránach ná leis an mbraistint go mbeidh feabhas ar an staid airgeadais phearsanta sa bhliain atá le teacht.

3.Cur chun feidhme Airteagal 65 de na Rialacháin Foirne

3.1.Prionsabal na comhthreomhaireachta

Is é an chiall atá le forbairt chomhthreomhar na cumhachta ceannaigh ná go leanann cumhacht cheannaigh fhoireann an Aontais forbairt na meánchumhachta ceannaigh, suas ná síos, atá ag státseirbhísigh sna rialtais láir náisiúnta. Agus cur chun feidhme phrionsabal na comhthreomhaireachta á mheasúnú le linn na tréimhse atá faoi bhreathnadóireacht, d’fhéadfaí go dtiocfadh tuilleadh soiléirithe chun cinn ar na deacrachtaí a tugadh faoi deara maidir le riachtanais earcaíochta institiúidí an Aontais.

Faoi Airteagal 65(1) de na Rialacháin Foirne, freagraíonn an nuashonrú ar luach saothair agus pinsin leis an bhforbairt bhliantúil idir an 1 Iúil den bhliain roimhe sin agus 1 Iúil den bhliain reatha 9 maidir le:

-fíorthuarastail státseirbhíseach sna rialtais láir i sampla 10 mBallstát a dhéanann ionadaíocht ar 75 % ar a laghad d’olltáirgeacht intíre an Aontais (OTI AE)  10 . Maidir le gach ceann de na Ballstáit seo, áirítear an t‑athrú bliantúil ar fhíorthuarastail glan ar bhoilsciú agus tugtar an Táscaire Sonrach air. Is é atá sa Táscaire Sonrach Domhanda ná meán na táscairí sonracha uile ualaithe de réir OTI gach Ballstát faoi seach.

-an boilsciú bliantúil sa Bhruiséil agus i Lucsamburg (i gcomhréir le dáileadh fhoireann an Aontais idir an dá chathair). Tugtar an tInnéacs Comhpháirteach ar an ngné seo.

Iolraítear an Táscaire Sonrach Domhanda agus an tInnéacs Comhpháirteach chun luach an nuashonraithe a ríomh. Sloinntear luach an nuashonraithe mar chéatadán a chuirtear i bhfeidhm go cuimsitheach ar luach saothair glan agus pinsin fhoireann uile an Aontais, le héifeacht ar an 1 Iúil 11 .

Sa chomhthéacs seo, tá sé tábhachtach a lua nach gceadaíonn an Modh ‘comhaireamh dúbailte’ an bhoilscithe, ach ráthaíonn sé forbairt chomhthreomhar phá fhoireann an Aontais agus státseirbhíseach náisiúnta, glan ar bhoilsciú. Chun na críche sin, déantar an Táscaire Sonrach Domhanda a ríomh glan ar bhoilsciú i sampla na 10 mBallstát, agus is mar an dara céim amháin a chuirtear é leis an Innéacs Comhpháirteach. Tá faisnéis mhionsonraithe ar fhorbairt an Táscaire Shonraigh Dhomhanda agus an Innéacs Chomhpháirtigh i gcuid 3.

3.2.Táscairí sonracha

Scrúdaítear sa chaibidil seo cibé an bhfreagraíonn mar is ceart an sampla Ballstát a úsáidtear faoi láthair chun an Táscaire Sonrach Domhanda a ríomh leis na fíorathruithe ar chumhacht cheannaigh na státseirbhíseach náisiúnta uile agus cibé an raibh na maoluithe ginearálta agus sonracha ó phrionsabal na comhthreomhaireachta atá mar dhlúthchuid den Mhodh ina gcúis le cailliúint shuntasach cumhachta ceannaigh státseirbhísigh an Aontais.

3.2.1.Ríomh an Táscaire Shonraigh Dhomhanda mar a shainítear i Modh 2013

Faoin Modh a glacadh in 2013 rinneadh an Táscaire Sonrach Domhanda a ríomh ón 1 Iúil 2015, agus úsáid á baint as sampla de 11 Bhallstát mar thagairt (ualaithe de réir OTI): An Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an tSualainn agus an Ríocht Aontaithe.

Ón 1 Eanáir 2021 ní áirítear an Ríocht Aontaithe mar Ballstát den Aontas Eorpach agus dá bhrí sin ón dáta sin ní chuirtear í san áireamh sa sampla chun an Táscaire Sonrach Domhanda a ríomh. Léiríonn Iarscríbhinn 6 go gcomhlíonann an sampla an tairseach 75 % a leagtar síos in Airteagal 1(4) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne fós i ndiaidh aistarraingt na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach agus mar sin ní gá é a leasú. Agus an cur chuige idirinstitiúideach comhaontaithe á chur chun feidhme maidir le tagairtí don Ríocht Aontaithe i reachtaíocht an Aontais, chun críche Airteagal 1(4) d’Iarscríbhinn XI, baineann Eurostat úsáid anois as sampla arb é atá ann ná na 10 mBallstát eile réamhluaite.

Sonraí bliantúla agus carnacha an tsampla is infheidhme de réir Ballstáit:

Léiríonn Iarscríbhinn 7 amshraith na dtáscairí sonracha maidir leis an sampla is infheidhme de 11 Bhallstát ón 1 Iúil 2015, in éineacht le meánluach uimhríochtúil simplí don tréimhse sin. Léiríonn Iarscríbhinn 8 na sonraí céanna arna n‑athshloinneadh mar innéacs carnach (2014=100).

Táscaire Sonrach Domhanda le haghaidh an tsampla is infheidhme

Tá tionchar carnach an Táscaire Shonraigh Dhomhanda ríofa agus an Táscaire Sonrach Domhanda feidhmeach ón 1 Iúil 2015 á léiriú in Iarscríbhinn 9. Comhfhreagraíonn an Táscaire Sonrach Domhanda ríofa le forbairt chumhacht cheannaigh státseirbhíseach i sampla na mBallstát i gcaitheamh na tréimhse (ualaithe de réir OTI arna shloinneadh i gCaighdeáin Cumhachta Ceannaigh). I gcomhréir le prionsabal na comhthreomhaireachta (féach cuid 3.1), lean cumhacht cheannaigh fhoireann an Aontais an fhorbairt chéanna leis an sampla, ach amháin ón 1 Iúil 2020, de thoradh chur chun feidhme an chlásail eisceachta (féach cuid 3.2.4).

Léiríonn Iarscríbhinn 10 amshraith an Táscaire Shonraigh Dhomhanda ón 1 Iúil 2015, in éineacht leis an Innéacs Comhpháirteach agus an nuashonrú bliantúil a rinneadh le haghaidh fhoireann an Aontais dá bharr sin. Is é 100,6 an Táscaire Sonrach Domhanda feidhmeach, arna ríomh mar mheán simplí don tréimhse 7 mbliana, is é 103,4 tionchar carnach an Táscaire Shonraigh Dhomhanda feidhmeach go mí Iúil 2014 (2014=100).

3.2.2.Táscaire Sonrach Domhanda mar a sainíodh é i Modhanna roimhe sin.

Ní hionann an réiteach reachtach reatha nuair a bhaintear úsáid as sampla 10 mBallstát chun an Táscaire Sonrach Domhanda a ríomh agus an cur chuige a roghnaigh an reachtóir i gcónaí. Roimh 2004, dhéantaí an Táscaire Sonrach Domhanda a ríomh faoi threoir sonraí staidrimh na mBallstát uile (e.g. 15 Bhallstát in 2003), cé go n‑úsáidtí sampla 8 mBallstát tagartha le linn na tréimhse 2004-2012.

Mar spreagadh ar chinneadh an reachtóra an Modh nua a ghlacadh bhí anailís sonraí chúlghabhálach a thug le fios go mbeadh dlúthchosúlachtaí idir forbairtí sa sampla agus an fhorbairt mheánach sna Ballstáit uile. Mar sin féin, tugtar faoin deara gur léirigh anailís ina dhiaidh sin go raibh forbairt iarbhír na cumhachta ceannaigh sa sampla roghnaithe i ndiaidh 2004 níos ísle ná an meán do na Ballstáit uile. In 2013, choinnigh an comhreachtóir leis an bprionsabal de shampla ó Bhallstáit, agus an méid a mhéadú ó 8 go 11.

D’fhonn an ceanglas reachtúil a chomhlíonadh maidir le hanailís a dhéanamh ar an gceist an bhfuil forbairt chumhacht ceannaigh oifigigh an Aontais tar éis a bheith i gcomhréir le hathruithe ar chumhacht cheannaigh státseirbhíseach i rialtais láir sna Ballstáit uile, cuireann an chaibidil seo ionsamhlaithe ar fáil maidir le forbairt an Táscaire Shonraigh Dhomhanda i gcás ina n‑úsáidfí sampla de 8 AE nó i gcás nach n‑úsáidfí sampla ar bith le linn na tréimhse 2015-2021.

I gcás an tsampla d’ocht mBallstát 12 , bheadh 100,4 mar mheán simplí ar an Táscaire Sonrach Domhanda bliantúil don tréimhse 2015-2021 agus bheadh 102,5 mar an tionchar carnach (2014=100). I gcás na mBallstát uile, bheadh 101,1 mar mheán simplí ar an Táscaire Sonrach Domhanda bliantúil don tréimhse 2015-2021 agus bheadh 106,5 mar an tionchar carnach (2014=100).

In Iarscríbhinn 11 den tuarascáil seo déantar comparáid maidir le forbairt an Táscaire Shonraigh Dhomhanda ríofa ar bhonn na samplaí malartacha réamhluaite. Léiríonn na sonraí sin, mar thoradh ar shampla na mBallstát a shainigh an comhreachtóir in 2013, nár shroich cumhacht cheannaigh fhoireann an Aontais ach leath na n‑athruithe i gcumhacht cheannaigh na dtuarastal i státseirbhísí na rialtas láir, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le laghdú ar an mealltacht bhraite a bhain leis an Aontais mar fhostóir.

3.2.3.Táscaire Sonrach: treochtaí maidir le Ballstáit ar leith    

Tá na ríomhanna agus na figiúirí a bhaineann le táscairí sonracha sna Ballstáit bunaithe ar shonraí a sholáthair agus a dheimhnigh údaráis fhreagracha staidrimh na mBallstát. Chun na críche sin, forbraíodh ceistneoir bliantúil luacha saothair agus nuashonraíodh é le himeacht aimsire. Tá sraith lámhleabhar modheolaíochta agus tuarascálacha um measúnú atá sonrach do thír faoi leith á gcur ar fáil go poiblí chun an leibhéal trédhearcachta a ardú 13 .

Déantar achoimre in Iarscríbhinn 12 ar na sonraí atá ar fáil do gach Ballstát don tréimhse 2015-2021, in éineacht le luach meáin uimhríochtúil shimplí don tréimhse. Léiríonn Iarscríbhinn 13 na sonraí céanna arna n‑athshloinneadh mar innéacs carnach (2014=100). I measc na mBallstát a áirítear sa sampla seo, tugtar na méaduithe glana is airde ó 2015 faoi deara sa Pholainn, (121), sa Ghearmáin (109,8) an Ostair (109,6) agus an Ísiltír (109). Tugtar na méaduithe níos ísle faoi deara i Lucsamburg (101,6) agus sa Bheilg (101,8) agus, laistigh den sampla, is i measc státseirbhísigh láir na Fraince amháin a tháinig laghdú ar a gcumhacht cheannaigh ghlan. (97.9).

Ós rud é go ndéantar forbairt luach saothair fhoireann an Aontais a ríomh ar bhonn meán ualaithe de shampla Ballstát, agus faoi mar a shonraítear i gcuid 3.2.1, le linn na tréimhse céanna, tháinig méadú 103,4 ar luach saothair fhoireann an Aontais.

I measc na mBallstát nach n‑áirítear sa sampla seo, tugtar na méaduithe glana is airde ar luach saothair faoi deara sa tSlóvaic, (186,4), sa tSeicia (167,1), sa Bhulgáir (156,3) agus sa Rómáin (148,1). Léiríonn Iarscríbhinn 14 go raibh táscairí sonracha ag formhór mór na mBallstát atá mar chuid den sampla agus a bhfuil rátaí rannpháirtíochta ísle acu i gcomórtais an Aontais a eagraíonn EPSO – mar a léirítear i gcuid 2 – táscairí a bhí ní b’airde ná an Táscaire Sonrach Domhanda, is é sin an bonn ar a ndearnadh nuashonrú ar luach saothair fhoireann an Aontais. I bhfocail eile, tá mealltacht cumhachta ceannaigh choibhneasta an Aontais tar éis ísliú do na tíortha sin.

3.2.4.Maolú ginearálta ar phrionsabal na comhthreomhaireachta: clásail mhodhnóireachta agus eisceachta a chur i bhfeidhm

De mhaolú ar phrionsabal na comhthreomhaireachta maidir le forbairt cumhachta ceannaigh, cuireann clásal modhnóireachta teorainn ar mhéaduithe arda ar an gcumhacht cheannaigh, chomh maith le haon chaillteanas ard sa chumhacht cheannaigh le haghaidh bliain áirithe. Má tá an méadú ar an gcumhacht cheannaigh (Táscaire Sonrach Domhanda) níos mó ná 2 % nó má thagann laghdú níos mó ná 2 % ar chumhacht cheannaigh, tá an t‑athrú ar chumhacht cheannaigh fhoireann an Aontais 2 % ar a mhéad. Cuirtear i bhfeidhm an chuid den ghnóthachan nó caillteanas sa chumhacht cheannaigh atá níos mó ná 2 % 9 mí ina dhiaidh sin, ón 1 Aibreán den bhliain dár gcionn.

Tá an dara maolú ginearálta ann, is é sin an clásal eisceachta, a chuireann teorainn ar ghnóthachan chumhacht cheannaigh fhoireann an Aontais le linn lag trá i ngeilleagar an Aontais. Má tá laghdú in OTI an Aontais i dtéarmaí réadacha á thuar agus má tá gnóthachan sa chumhacht cheannaigh faoi mar a thomhaistear tríd an Táscaire Sonrach Domhanda, sa chás sin, agus ag brath ar mhéid an laghdaithe ar OTI i dtéarmaí réadacha, cuirtear cuid den ghnóthachan sa cumhacht cheannaigh ar atráth. Más rud é gur tháinig laghdú níos mó ná 3 % ar OTI an Aontais, sa chás sin deonófar an gnóthachan sa chumhacht cheannaigh de thoradh an Mhodha nuair a bheidh téarnamh i ngeilleagar an Aontais i.e nuair a shroichfidh OTI an Aontais an leibhéal a bhí aige roimh an lag trá, i dtéarmaí réadacha (clásal téarnaimh). Más rud é go bhfuil na sonraí críochnaitheacha a sholáthraíonn an Coimisiún maidir le OTI an Aontais difriúil i dtéarmaí réadacha leis an réamhaisnéis, a mhéid a dhéanann sé difear don bhealach ar cuireadh an clásal eisceachta i bhfeidhm, déantar na ceartuithe is gá, lena n‑áirítear coigeartuithe cúlghabhálacha, cibé acu a bheith dearfach nó diúltach 14 .

Clásal modhnóireachta: idir 2015 agus 2021, dheimhnigh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh go cuí figiúirí na nuashonruithe in aghaidh chritéar na gclásal modhnóireachta agus eisceachta, mar a leagtar amach in Airteagail 10 agus 11 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Sháraigh an Táscaire Sonrach Domhanda an teorainn reachtúil +2 % /-2 % in 2020 amháin, nuair a bhí tomhas an Táscaire Shonraigh Dhomhanda (+2.5 %) os cionn na tairsí atá leagtha síos chun an clásal modhnóireachta a thrucearú. I bhfianaise chur i bhfeidhm comhreathach an chlásail eisceachta sa bhliain chéanna (2020) agus i gcomhréir le hAirteagal 10 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, ní raibh feidhm ag an gclásal modhnóireachta.

Clásal eisceachta: tuar dearfach a bhí i réamhaisnéis fáis bhliantúil OTI an Aontais a bhí ar fáil tráth gach tuarascála bliantúla ó Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh, ach amháin in 2020, nuair, de thoradh phaindéim COVID‑19 go raibh forbairt OTI an Aontais dearfach i dtéarmaí réadacha (-7,4 %) 15 . Dá bhrí sin, in 2020 bhí feidhm ag an gclásal eisceachta faoi Airteagal 11(1) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Ós rud é nach raibh an laghdú ar OTI an Aontais níos mó ná 3 %, níor baineadh úsáid as an Táscaire Sonrach Domhanda chun luach an nuashonraithe ar luach saothair agus ar phinsin a ríomh. Dá bhrí sin, beidh an Táscaire Sonrach Domhanda foriomlán a chuirfí san áireamh sa nuashonrú bliantúil do 2020 (+2,5 %) ina bhonn ag nuashonrú a bheidh ann amach anseo a ríomh más amhlaidh gur dearfach é ardú carnach OTI an Aontais i dtéarmaí réadacha, i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11(4) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.

Is go dian a cuireadh chun feidhme maoluithe ginearálta reachtúla ar phrionsabal na comhthreomhaireachta, go sonrach cur chun feidhme an chlásail eisceachta in 2020, chun an nuashonrú bliantúil mar thoradh ar an Modh le linn sleabhcadh eacnamaíoch a theorannú, agus dá réir sin glanchoigiltis do bhuiséad an Aontais a sholáthar. Ar an taobh eile, bhí tionchar ag cur i bhfeidhm sin an chlásail eisceachta ar fhorbairt chomhthreomhar chumhacht cheannaigh státseirbhísigh an Aontais, mar le linn na tréimhse céanna bhain státseirbhísigh i rialtais náisiúnta tairbhe as cumhacht cheannaigh ní b’airde de 2,5 % ar an meán, agus dá réir sin tháinig meath ar mhealltacht an Aontais ó 2020.

Ar an mbealach céanna, léirigh nuashonrú bliantúil 2020 éifeachtúlacht an chlásail modhnóireachta uathoibríoch, a tugadh isteach in 2014 freisin. Murach go ndearnadh an clásal eisceachta a thruicearú ag an tráth céanna, bheadh an clásal modhnóireachta i ndiaidh an méadú ar an Táscaire Sonrach Domhanda a theorannú go huathoibríoch go dtí mí Aibreáin 2021.

Tríd is tríd, d’fhéadfaí a bhaint de thátal as gur oibrigh uathoibríocht an Mhodha (i.e. nuashonruithe luacha saothair bunaithe ar shonraí staidrimh a mbíonn éifeacht acu ar bhonn na Rialachán Foirne agus gan idirghabháil ó ghníomh dlíthiúil ar bith eile) go maith ó 2014. Bhí an Modh uathoibríoch oiriúnach don chuspóir, ós rud é gur cheadaigh sé imthosca eacnamaíocha agus forbairt ar an gcumhacht cheannaigh a chur san áireamh, agus an t‑ualach riaracháin a laghdú go suntasach i gcomparáid le leas a bhaint as an ngnáthnós imeachta reachtach a úsáideadh roimh 2014.

3.2.5.Maolú sonrach ó phrionsabal ginearálta na comhthreomhaireachta

D’fhonn an comhthéacs eacnamaíoch agus sóisialta fíordheacair san Aontas an tráth sin a chur san áireamh, cinneadh freisin mar chuid den athchóiriú in 2014 go gcuirfí an nuashonrú ar luach saothair agus pinsin fhoireann uile institiúidí an Aontais ar fionraí in 2013 agus 2014, agus go ndéanfaí na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann d’oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh ó chur i bhfeidhm an Mhodha a chothromú trí thobhach dlúthpháirtíochta a athbhunú ar an 1 Eanáir 2014 arna asbhaint as tuarastail fhoireann an Aontais ag ráta méadaithe.

3.2.5.1.Fionraí ar nuashonruithe tuarastail ar feadh 2 bhliain (2013-2014)

Mar chuid d'athchóiriú na Rialachán Foirne in 2013, d'iarr an Chomhairle Eorpach go ndéanfaí luach saothair agus pinsin fhoireann uile institiúidí an Aontais a choigeartú tríd an Modh tuarastail a chur ar fionraí ar feadh 2 bhliain. Dá réir sin, ní raibh aon nuashonrú ar luach saothair agus pinsin in 2013 ná in 2014 16 , de bhun théacs soiléir na Rialachán Foirne. De réir Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, ghin an reo 2 bhliain sin coigiltis 1,5 billiún le linn Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2014-2020 17 .

Cé gur tháinig deireadh le cur i bhfeidhm phrionsabal na comhthreomhaireachta sa tréimhse 2013-2014 de thoradh an nuashonrú a chur ar fionraí, leanadh le nuashonrú na gcomhéifeachtaí ceartúcháin chun comhionannas cumhachta ceannaigh idir na hionaid dhifriúla fostaíochta a áirithiú.

3.2.5.2.Tionchar thobhach dlúthpháirtíochta an Aontais

Is asbhaint as luach saothair fhoireann an Aontais é an tobhach dlúthpháirtíochta a tugadh isteach an athuair ag ráta méadaithe ón 1 Eanáir 2014. Is é 6 % ráta an tobhaigh dlúthpháirtíochta agus cuirtear i bhfeidhm é ar an mbonn a shainmhínítear in Airteagal 66a(3) de na Rialacháin Foirne. Méadaítear é go 7 % d’fhoireann ag grád AD 15, céim 2, agus os a chionn sin. I ndréachtbhuiséad 2022 18 , meastar go sroichfear ioncam EUR 106 mhilliún ón tobhach dlúthpháirtíochta. Léirítear in Iarscríbhinn 15 forbairt an ioncaim sin ó 2012.

3.2.5.3.Measúnú ar mhaoluithe sonracha ó phrionsabal na comhthreomhaireachta

De thoradh na maoluithe sonracha seo, sheas foireann an Aontais caillteanas suntasach i dtéarmaí na cumhachta ceannaigh réadaí. Chaill foireann an Aontais tuairim is 10,3 % dá gcumhacht cheannaigh, go háirithe de thoradh éifeacht chomhcheangailte athchóirithe na Rialachán Foirne in 2004 agus in 2013, ciorraithe ar choigeartuithe tuarastail agus cur chun feidhme an chlásail eisceachta in 2020. I gcaitheamh na tréimhse céanna, ghnóthaigh státseirbhísigh i rialtais láir na mBallstát 0,9 % ar an meán i dtéarmaí na cumhachta ceannaigh 19 .

3.3.An tInnéacs Comhpháirteach

Déanann an tInnéacs Comhpháirteach athruithe ar an gcostas maireachtála sa Bheilg agus i Lucsamburg d’fhoireann an Aontais a thomhas de réir dháileadh na foirne sa dá Bhallstát sin, bunaithe ar Threoiruimhreacha Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP) i gcás na Beilge agus ag an Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí (CPI) i gcás Lucsamburg i gcomhréir le hAirteagal 1 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. De thoradh na n‑ualaí tomhaltais sonracha a úsáidtear chun an tInnéacs Comhpháirteach a chomhiomlánú 20 , d’fhéadfaí go mbeadh difríochtaí idir forbairt an Innéacs agus pátrún forbartha HICP sa Bheilg agus CPI i Lucsamburg 21 le haghaidh bliain áirithe.

Léiríonn Iarscríbhinn 16 amshraith an Innéacs Chomhpháirtigh (méadú bliantúil Meitheamh‑Meitheamh trí thagairt don bhliain roimhe) in éineacht le faisnéis ó HICP na Beilge agus CPI Lucsamburg. Is é 101,4 meán an Innéacs Chomhpháirtigh le linn na tréimhse ó 2015 go 2021. Is é 110,6 an t‑innéacs carnach don tréimhse fhoriomlán go Meitheamh 2021 (bonn Meitheamh 2014 = 100). Agus comparáid á déanamh, is é 101,6 meán HICP sa Bheilg le linn na tréimhse agus is é 111,4 an t‑iomlán carnach don tréimhse. Ba é 101,2 meán CPI i Lucsamburg le linn na tréimhse agus is é 108,8 an t‑iomlán carnach don tréimhse.

De thoradh an Innéacs Comhpháirteach a thabhairt isteach tríd an athchóiriú in 2014 ar na Rialacháin Foirne, ceadaíodh cuid den nuashonrú a bhain leis an mboilsciú a tomhaiseadh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg chun comhsheasmhacht a áirithiú idir coigeartuithe íoctha d’fhoireann an Aontais agus boilsciú a tomhaiseadh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Léiríonn Iarscríbhinn 17 dá leanfaí le húsáid Innéacs Idirnáisiúnta na Bruiséile mar bhonn an nuashonraithe luacha saothair mar a bhí amhlaidh faoin Modh roimhe sin, bheadh an boilsciú carnach ríofa le linn na tréimhse tagartha beagnach mar an gcéanna leis an mboilsciú ríofa ar bhonn an Innéacs Chomhpháirtigh 22 . Tá an t‑iomlán carnach le haghaidh an Innéacs Chomhpháirtigh níos ísle ná HICP na Beilge agus níos airde ná CPI Lucsamburg.

4.Cur chun feidhme Airteagal 64 de na Rialacháin Foirne

4.1.Prionsabal chomhionannas na cumhachta ceannaigh i measc fhoireann an Aontais – comhéifeachtaí ceartúcháin

Cuireann an chomhéifeacht cheartúcháin i ngníomh prionsabal ginearálta an chaithimh chomhionainn, agus sa chás áirithe seo comhfhreagraíonn sé le comhionannas na cumhachta ceannaigh i measc fhoireann uile institiúidí, chomhlachtaí agus ghníomhaireachtaí an Aontais gan beann ar a n‑áit fostaíochta. Cé go mbíonn feidhm ag na greillí tuarastail agus bun‑mhéideanna maidir le foireann uile an Aontais, bíonn feidhm ag comhéifeachtaí ceartúcháin maidir le foireann i bpoist lasmuigh den Bhruiséil agus de Lucsamburg, agus níor cheart don fhoireann sin airgead a chailleadh de bharr costais mhaireachtála níos airde ina n‑áiteanna fostaíochta ná tairbhe a bhaint as costais mhaireachtála níos ísle 23 .

Dá bhrí sin feidhmíonn an chomhéifeacht cheartúcháin mar choigeartú tuarastail chun an difríocht a chúiteamh (bíodh sí dearfach nó diúltach) sa chostas maireachtála i ngach áit fostaíochta. Cuirtear an chomhéifeacht cheartúcháin i bhfeidhm de réir na foirmle seo a leanas:

Comhéifeacht cheartúcháin

(= Paireacht eacnamaíoch / Ráta malairte)

Tuarastal san áit fostaíochta 
(in euro do thíortha an euro)

Ráta malairte 
(=1 do thíortha an euro)

Tuarastal sa Bhruiséil 
(in euro)

=

X

X

   

Déantar na comhéifeachtaí ceartúcháin a nuashonrú uair sa bhliain ar a laghad le héifeacht ar an 1 Iúil 24 .

Déanann Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh modheolaíocht ríofa na gcomhéifeachtaí ceartúcháin a shainmhíniú agus a fheabhsú go tráthrialta i gcomhar leis na hoifigí staidrimh náisiúnta. Don tréimhse atá á breithniú, is fiú na forbairtí seo a lua:

-cur chun feidhme modheolaíocht atá níos forbartha chun costais cúraim sláinte agus oideachais a chur i gcomparáid, lena n‑áirítear scoileanna táille ar fud na mBallstát,

-cuireadh saothar bailithe sonraí in oiriúint i gcomhthéacs an Bhreatimeachta agus iarmhairtí phaindéim Covid‑19.

-tá níos mó eagraíochtaí sásta dul i gcomhar le hOifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh 25 agus na sonraí a eisíonn sí a úsáid chun críoch éagsúil.

Léiríonn Iarscríbhinn 18 luachanna comhéifeachtaí ceartúcháin le haghaidh áiteanna fostaíochta aonair san Aontas 26 don tréimhse 2013-2021. Is léir ón tábla seo gur lean na comhéifeachtaí ceartúcháin le haghaidh suíomhanna éagsúla treochtaí éagsúla le himeacht aimsire. Tháinig laghdú orthu i 15 shuíomh le linn na tréimhse, agus tháinig méadú orthu i 16 shuíomh.

Ó theacht i bhfeidhm Iarscríbhinn XI leasaithe a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, tá nós imeachta nua i bhfeidhm maidir le comhéifeachtaí ceartúcháin taobh amuigh den phríomhchathair a chruthú nó a tharraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 9 de 27 . I ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, déantar an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme sa Ríocht Aontaithe a ríomh i gcomhréir leis an modheolaíocht is infheidhme do thríú tíortha, ón 1 Feabhra 2020 28 .

4.2.Ceisteanna roimh an gCoimisiún maidir le córas na gcomhéifeachtaí ceartúcháin

4.2.1.An bhraistint go mbíonn tionchar diúltach ag comhéifeachtaí ceartúcháin ar an gcumhacht cheannaigh agus ar mhealltacht sheirbhís phoiblí an Aontais

Mar a aithníodh in 2018 i dtuarascáil eatramhach an Choimisiúin ar chur chun feidhme Iarscríbhinn XI 29 , is minic go síltear trí bhotún go bhfuil na comhéifeachtaí ceartúcháin taobh thiar den laghdú ar chumhacht cheannaigh fhoireann an Aontais. Fiafraíonn páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear foireann, ionadaithe foirne, ionadaithe Ballstáit ósta go tráthrialta de sheirbhísí an Choimisiúin faoi ról na gcomhéifeachtaí ceartúcháin agus an mhodheolaíocht a úsáidtear chun iad a ríomh. Tagann an cheist chun cinn go háirithe i gcásanna a bhaineann le foireann a bhfuil a n‑áit fostaíochta faoi réir comhéifeacht cgeartúcháin níos lú ná 100, go háirithe nuair atá an chomhéifeacht shonrach sin faoi réir nuashonruithe atá ag dul i laghad 30 .

Is é an t‑aon aidhm a bhíonn ag comhéifeachtaí ceartúcháin ná coibhéis na cumhachta ceannaigh a choinneáil idir foireann atá ar postú i mBallstáit éagsúla agus foireann atá ar postú sa Bhruiséil. Os a choinne sin, níl sé ina aidhm ag na comhéifeachtaí ceartúcháin an chumhacht cheannaigh a choinneáil ar leibhéal ar leith. Dá bhrí sin, faoi mar a tháinig laghdú ar chumhacht cheannaigh foirne sa Bhruiséil ó 2004 (cuid 3.2.5), tháinig laghdú ar chumhacht cheannaigh foirne i ngach áit fostaíochta sa chomhréir chéanna. Dá réir sin, níl sna comhéifeachtaí ceartúcháin ach an fheithicil trína gcuirtear an coigeartú chun feidhme in áiteanna lasmuigh den Bhruiséil agus Lucsamburg.

Sa tráth céanna, tá an bhraistint réamhluaite maidir le comhéifeachtaí ceartúcháin fós ina cheist i dtaca le mealltacht státseirbhís an Aontais i roinnt Ballstát. Maidir leis sin, rinne roinnt de ghníomhaireachtaí an Aontais atá lonnaithe i mBallstáit ina bhfuil comhéifeacht cheartúcháin faoi bhun 100 i bhfeidhm a thuairisciú don Choimisiúin go raibh tionchar diúltach sofheicthe ann maidir lena n‑inniúlacht foireann ardcháilithe agus cothrom ó thaobh na tíreolaíochta de a earcú agus a choinneáil. Ar an mbealach céanna, thuairiscigh gníomhaireachtaí i mBallstáit le comhéifeachtaí ceartúcháin arda go raibh deacrachtaí comhchosúla acu, agus béim á leagan ar laghdú ar chumhacht cheannaigh ghlan fhoireann an Aontais, rud a tugadh faoi deara in an‑chuid áiteanna fostaíochta, gan beann ar an gcomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme.

Sa chomhthéacs seo, áirithíonn an Coimisiún, tráth gach nuashonraithe ar chomhéifeachtaí ceartúcháin, go dtugtar faisnéis chuimsitheach d’institiúidí eile maidir le comhthéacs an nuashonraithe agus soláthraíonn sé mínithe mionsonraithe maidir le luaineacht comhéifeachtaí ceartúcháin éagsúla agus forbairt chumhacht cheannaigh na foirne.

4.2.2.Easpa breithnithe maidir le caiteachas arna dhéanamh lasmuigh den áit fostaíochta.

Faoi na Rialacháin Foirne, tá Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh agus oifigí staidrimh náisiúnta freagrach as an modheolaíocht staidrimh arna cur i bhfeidhm agus na comhéifeachtaí ceartúcháin á ríomh agus as cur chun feidhme na modheolaíochta sin. Tá an mhodheolaíocht reatha a d’fhorbair Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh i gcomhar le hoifigí staidrimh náisiúnta bunaithe ar an toimhde go tabhaítear caiteachas comhalta foirne go hiomlán san áit fostaíochta. Tá anailís á déanamh ar an gcur chuige seo, ós rud é go gcumhdaíonn patrúin tomhaltais fhoriomlána na gcomhaltaí foirne caiteachas lasmuigh den áit fostaíochta freisin (‘caiteachas lasmuigh den limistéar’).

Maidir leis sin, d’aontaigh Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh agus na hoifigí staidrimh náisiúnta go bhfuil gá le suirbhéanna buiséid teaghlaigh a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn tionchar ‘caiteachas lasmuigh den limistéar’ ar thomhaltas fhoireann an Aontais a chainníochtú. Ar an mbonn sin, pléadh torthaí trialacha i measc staitisteoirí an Choimisiúin agus na mBallstát. Go háirithe, tá Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh tar éis tosú ag féachaint an bhféadfaí patrúin tomhaltais foirne a léiriú ar bhealach níos fearr trí chaiteachas a dhéantar lasmuigh den áit fostaíochta a chur san áireamh. Léiríonn Iarscríbhinn 19 torthaí na réamhoibre sin agus go háirithe an éifeacht chothromaithe mar thoradh ar ‘chaiteachas lasmuigh den limistéar’ a chuimsiú i bpatrúin tomhaltais fhoireann an Aontais.

Ó thaobh phatrúin tomhaltais fhoireann an Aontais de, tá córas na gcomhéifeachtaí ceartúcháin ag díriú ar chomparáidí déthaobhacha idir an Bhruiséil agus an áit fostaíochta, ach d’fhéadfaí a bheartú go gcuirfeadh sé ‘caiteachas lasmuigh den limistéar’ san áireamh freisin. Táthar ag súil go mbeadh obair reatha thrialach Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh ar ‘caiteachas lasmuigh den limistéar’ aibí mar thomhas staidrimh sna blianta atá le teacht agus d’fhéadfaí go mbeadh sí ina chúis le forbairt na modheolaíochta staidrimh a chuirtear i bhfeidhm, ag brath ar aontú i measc staitisteoirí ar an Meitheal ar Airteagail 64 agus 65 de na Rialacháin Foirne. D’fhéadfaí roinnt de na hathruithe seo, áfach, a chur chun feidhme faoin gcreat reachtúil reatha.

4.2.3.Costas maireachtála i Lucsamburg

Tráth an athchóirithe dheireanaigh ar na Rialacháin Foirne in 2014, choinnigh na comhreachtóirí an réiteach reachtach bunaithe ar bun, is é sin nach mbeidh aon chomhéifeacht cheartúcháin infheidhme sa Bheilg ná i Lucsamburg, ag féachaint don ról speisialta tagartha atá ag na hionaid fostaíochta sin mar shuímh phríomha agus bhunaidh an chuid is mó de na hinstitiúidí. Ag an tráth céanna, chinn na comhreachtóirí aird chuí a thabhairt ar bhoilsciú i Lucsamburg tríd an Innéacs Comhpháirteach a chruthú.

Tá páirtithe leasmhara agus ionadaithe foirne áirithe ag tarraingt anuas na ceiste maidir le heaspa comhéifeacht cheartúcháin i Lucsamburg faoi na Rialacháin Foirne. Maidir leis sin, i ndiaidh thuarascáil eatramhach an Choimisiúin i dtaca le hIarscríbhinn XI 31 , choimisiúnaigh an institiúid seo staidéar ar an gcostas maireachtála i Lucsamburg d’fhonn a mheas an raibh an réiteach reachtach a leagtar síos sna Rialacháin Foirne fós oiriúnach don chuspóir. Thug an Coimisiún conradh do AIRINC chun an staidéar a dhéanamh.

De réir AIRINC, bhí an costas cóiríochta i gcathair Lucsamburg in 2019 53 % níos mó ná mar a bhí sa Bhruiséil. Is é an cíos an príomhrud atá taobh thiar de chumhacht cheannaigh a bheith ag dul in olcas do chomhaltaí foirne atá ag obair agus ag maireachtáil i Lucsamburg i gcomparáid le comhaltaí foirne atá ag obair agus ag maireachtáil sa Bhruiséil.

Mar sin féin, ba é tátal AIRNC ná gur suíomh ar leith é Lucsamburg a mhéid is go bhfuil na mílte comhaltaí foirne d’institiúidí an Aontais ina gcónaí sna réigiúin máguaird, áiteanna a bhfuil an costas maireachtála i bhfad níos ísle ná mar atá sa Bhruiséil. Ina ainneoin sin, níl na comhaltaí foirne seo ina gcónaí in áiteanna atá rófhada amuigh le go gcuirfí isteach ar chomhlíonadh a ndualgas. 32 De thoradh na tréithe geografaí sin i Lucsamburg, dá dtabharfaí comhéifeacht cheartúcháin isteach ar bhonn na gcostas a thugtar faoi deara i Lucsamburg, b’fhéidir nach rachadh sí i ngleic go hiomlán le tréithe Lucsamburg mar áit fostaíochta an Aontais 33 .

Anuas air sin, i measc 80 ceannteideal a úsáideann Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh chun difríochtaí idir áiteanna fostaíochta a chur i gcomparáid le chéile, is í an tithíocht an príomh‑cheannteideal ina bhfuil sé ríshoiléir go bhfuil an costas maireachtála i Lucsamburg níos airde ná mar atá sa Bhruiséil 34 .

Thairis sin, d’fhéadfaí go bhfuair roinnt comhaltaí foirne a dteaghaisí tráth a raibh na costais tithíochta níos ísle nó mar an gcéanna i Lucsamburg i gcomparáid leis an mBruiséil agus seans go bhfaca siad gluaiseacht phraghsanna ina sócmhainní, rud a dhéanann deighilt idir iad agus daoine nua/foireann atá ann cheana féin nach raibh áitreabh acu roimhe. 35 .

Mar sin, dá dtabharfaí comhéifeacht cheartúcháin isteach ag an tráth seo, meastar nach n‑áiritheodh sí comhionannas sa chumhacht cheannaigh i measc fhoireann an Aontais. Thairis sin, dá dtabharfaí comhéifeacht cheartúcháin isteach ar an mbonn amháin go bhfuil éagsúlacht i leibhéal praghsanna/treocht maidir le comhpháirt aonair d’fhéadfaí go mbeadh éagobhsaíocht ann, más rud é nach leanann an éagsúlacht i leibhéal praghsanna/treocht sa todhchaí.

I dtaca leis sin, tá an Coimisiún, in éineacht le hinstitiúidí eile lena mbaineann, ag déanamh measúnú ar bhearta chun dul i ngleic le costais arda tithíochta go héifeachtach, rud atá ina fhadhb do chuid den fhoireann atá ina gcónaí i Lucsamburg. Trí bhearta den sórt sin d’fhéadfaí dul i ngleic le tréithe sonracha Lucsamburg agus go háirithe suíomh fhoireann an Aontais atá ag obair i Lucsamburg ach ina gcónaí i dtíortha comharsanacha.

Faoi láthair tá meitheal ionadaithe ó lucht riaracháin institiúidí an Aontais a bhfuil foireann acu i Lucsamburg ag plé na bhféidearthachtaí chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh na comhaltaí foirne is soghonta atá ag obair i Lucsamburg agus ina gcónaí ann 36 .

Go comhthreomhar, tá an Coimisiún ag fiosrú forbairtí modheolaíocha ar ‘chaiteachas lasmuigh den limistéar’ a d’fhéadfaí a bheith ina ghné bhreise sa mhachnamh maidir le comhéifeacht cheartúcháin a thabhairt isteach do Lucsamburg.

Ba cheart go mbeidh measúnú ar éifeachtaí birt shóisialta spriocdhírithe ar mhealltacht Lucsamburg mar áit fostaíochta, in éineacht le saothar staidrimh ar ‘chaiteachas lasmuigh den limistéar’ mar chuid den mhachnamh ar an bhféidearthacht aon fhorbairt a bheartú sa chreat dlíthiúil reatha d’fhonn comhionannas sa chumhacht cheannaigh i measc fhoireann an Aontais a threisiú.

5.Conclúidí

Déanann Airteagal 15(3) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne foráil maidir le cur i bhfeidhm leanúnach an Mhodha agus Airteagal 66 de na Rialacháin Foirne tar éis 2023, chomh fada agus nach mbeidh Rialachán ar bhonn togra ón gCoimisiún glactha ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

Ó 2014, thug an Coimisiún faoi deara go raibh neamhionannas maidir le caighdeán iarratasóirí ar chomórtais ghinearálaithe EPSO agus mar thoradh air sin tá éagothroime gheografach i measc fhoireann an Choimisiúin. Le linn na tréimhse céanna, níor shroich forbairt luach saothair fhoireann an Aontais (+3,4) ach leath an athraithe ar an gcumhacht cheannaigh i dtuarastail na státseirbhísí náisiúnta i rialtas láir (+6,5).

Ag an am céanna, rinne an Modh uathoibríoch a fhoráiltear faoi Iarscríbhinn XI de na Rialacháin Foirne:

-teannais idirinstitiúideacha agus cásanna cúirte a raibh eolas orthu san aimsir chaite a chur i leataobh, agus ag an am céanna ag leanúint faoi ghrinnscrúdú leanúnach Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle trí na tuarascálacha bliantúla arna seachadadh ag an gCoimisiún.

-a éifeachtúlacht a chruthú, lena n‑áirítear in 2020 nuair a cuireadh srian ar arduithe tuarastail in am sleabhctha eacnamaíoch agus nuair a gineadh coigiltis ghlana do bhuiséad an Aontais de thoradh chur chun feidhme uathoibríoch an chlásail eisceachta.

-méaduithe tuarastail modhnaithe a cheadú mar aon le stop a chur – ó 2015 amach – le caillteanais bhreise sa chumhacht cheannaigh i measc fhoireann an Aontais, trí nuashonrú carnach bliantúil a áirithiú (114,3) gar don bhoilsciú carnach bliantúil arna thomhas ag an Innéacs Comhpháirteach sa Bhruiséil agus i Lucsamburg (110,6).

-laghdú 0,2 % a chruthú i gcumhacht cheannaigh fhoireann an Aontais foireann in 2021,

-tobhach leanúnach fhoireann an Aontais a áirithiú maidir le comhdhlúthú buiséadach san Aontas trí thobhach dlúthpháirtíochta a thabhairt isteach an athuair ag ráta méadaithe,

-grinnscrúdú dlíthiúil a sheasamh roimh Chúirteanna na hEorpa sa bheagán cásanna aonair a tionscnaíodh ina choinne agus teannais shóisialta a sheachaint, ós rud é nach raibh stailc mhór ar bith sna hInstitiúidí le linn na tréimhse sin.

Dá bhrí sin, ag an tráth seo, measann an Coimisiún gur gá tuilleadh measúnaithe a dhéanamh ar fheabhsuithe modheolaíochta a d’fhéadfaí a dhéanamh maidir le córas na gcomhéifeachtaí ceartúcháin, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht leathnú a dhéanamh ar shampla na mBallstát a úsáidtear chun an Táscaire Sonrach Domhanda a ríomh, roimh thogra a chur isteach chun Iarscríbhinn XI ar na Rialacháin Foirne a leasú.

Dá bharr sin, i gcomhréir le hAirteagal 15(3) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, beidh an Coimisiún ag brath ar chur i bhfeidhm sealadach an Mhodha reatha tar éis 2023, agus an tuairisciú bliantúil leanúnach chuig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a áirithiú maidir le sonraí a bhaineann le tionchar buiséadach luacha saothair agus pinsean.



Iarscríbhinní

Iarscríbhinn 1: Comórtais AD nach mbaineann le teanga EPSO (gach próifíl) de réir bliain foilsithe

AD'

iarrthóirí arna n‑iarraidh

iarrthóirí arna seachadadh

Comhlíonadh riachtanas

2013

474

457

96 %

2014

340

359

106 %

2015

375

383

102 %

2016

351

361

103 %

2017

290

313

108 %

2018

423

435

103 %

2019

585

591

101 %

Iarscríbhinn 2: Líon na rannpháirtithe ar chomórtais oscailte ar leibhéal AD ginearálaithe (Foinse: EPSO)

 

1998

Meán Fómhair 2005

Márta 2010

Márta 2014

Márta 2015

Márta 2017

Márta 2018

Márta 2019

Meán 2017-19 vs Meán 1998-05

Meán 2014-15 vs Meán 1998-05

Meán 2017-19 vs Meán 2014-15

AT

755

1 162

259

397

453

376

471

373

-58 %

-56 %

-4 %

BE

2 735

3 905

1 745

2 036

2 111

1 635

1 537

1 423

-54 %

-38 %

-26 %

DK

531

1 179

130

273

233

153

161

169

-81 %

-70 %

-36 %

FI

795

538

298

258

265

304

223

330

-57 %

-61 %

9 %

FR

3 647

4 745

1 696

2 015

2 176

1 668

1 643

1 623

-61 %

-50 %

-22 %

DE

2 836

3 573

1 418

1 947

2 115

1 473

1 521

1 464

-54 %

-37 %

-27 %

EL

1 075

873

1 381

1 812

2 146

2 533

2 164

1 844

124 %

103 %

10 %

IE

425

279

153

182

172

167

176

191

-49 %

-50 %

1 %

IT

8 918

7 212

3 676

4 608

6 982

5 071

4 712

5 331

-38 %

-28 %

-13 %

LU

106

92

33

42

70

56

54

67

-40 %

-43 %

5 %

NL

662

750

252

584

530

602

642

622

-12 %

-21 %

12 %

PT

1 098

1 746

556

1 083

1 133

736

629

595

-54 %

-22 %

-41 %

ES

4 335

3 397

1 786

3 602

3 818

3 108

3 050

3 356

-18 %

-4 %

-15 %

SE

1 314

943

276

248

253

221

208

211

-81 %

-78 %

-15 %

EUR 14

29 232

30 394

13 659

19 087

22 457

18 103

17 191

17 599

-41 %

-30 %

-15 %

CY

189

84

117

157

123

143

143

0 %

CZ

420

319

283

348

214

235

404

-10 %

EE

105

140

234

279

111

92

91

-62 %

HU

667

572

747

673

459

442

380

-40 %

LV

145

247

193

197

128

146

118

-33 %

LT

342

447

377

468

290

302

267

-32 %

MT

174

79

91

100

70

78

74

-23 %

PL

1 097

1 086

1 146

1 300

855

838

778

-33 %

SK

378

454

370

391

259

243

274

-32 %

SI

201

209

237

318

201

196

162

-33 %

EUR 10

29 232

3 718

3 637

3 795

4 231

2 710

2 715

2 691

-33 %

BG

1 078

1 065

1 142

773

734

656

-35 %

RO

2 332

2 323

2 278

1 558

1 530

1 490

-34 %

EUR 2

3 410

3 388

3 420

2 331

2 264

2 146

-34 %

HR

725

713

435

393

372

-44 %

Chuir imthosca speisialta isteach ar chomórtas mhí an Mhárta 2010 agus reáchtáladh é in 2013 amháin. Dá bhrí sin ní chuirtear san áireamh é chun críche comparáide

Iarscríbhinn 3: Líon na Rannpháirtithe ar chomórtais oscailte ar leibhéal riarthóra ghinearálta (de réir braisle)

Iarscríbhinn 4. Iarratais ar chomórtais an Aontais de réir náisiúntachta

Comórtais 2013 go 2019

Iarratais
(líon)

Iarratais in aghaidh an mhilliúin áitritheoir

Iarratais
(sciar)

Daonra
(sciar)

Ráta Treorach

Iarratais
vs Daonra

Iarratais
vs

Ráta Treorach

EL

19 847

1 851

8,7 %

2,4 %

3,1 %

362 %

281 %

CY

1 278

1 459

0,6 %

0,2 %

0,8 %

286 %

72 %

BE

16 314

1 423

7,1 %

2,6 %

3,1 %

279 %

229 %

MT

676

1 370

0,3 %

0,1 %

0,6 %

268 %

46 %

BG

8 722

1 246

3,8 %

1,6 %

2,4 %

244 %

158 %

LT

3 235

1 158

1,4 %

0,6 %

1,5 %

227 %

95 %

HR

4 185

1 027

1,8 %

0,9 %

1,6 %

201 %

116 %

EE

1 304

984

0,6 %

0,3 %

0,8 %

193 %

71 %

RO

18 236

940

8,0 %

4,3 %

4,5 %

184 %

177 %

SI

1 927

926

0,8 %

0,5 %

1,0 %

181 %

88 %

LU

524

856

0,2 %

0,1 %

0,8 %

168 %

31 %

LV

1 577

821

0,7 %

0,4 %

1,0 %

161 %

72 %

PT

8 397

817

3,7 %

2,3 %

3,1 %

160 %

120 %

IT

47 460

777

20,8 %

13,6 %

11,2 %

152 %

186 %

ES

29 352

625

12,8 %

10,5 %

8,9 %

122 %

144 %

SK

2 963

544

1,3 %

1,2 %

1,8 %

106 %

73 %

HU

4 862

498

2,1 %

2,2 %

3,0 %

97 %

71 %

FI

2 402

436

1,1 %

1,2 %

1,8 %

85 %

59 %

AT

3 296

373

1,4 %

2,0 %

2,6 %

73 %

56 %

IE

1 656

338

0,7 %

1,1 %

1,6 %

66 %

45 %

FR

17 009

254

7,4 %

15,0 %

11,6 %

50 %

64 %

DK

1 459

252

0,6 %

1,3 %

1,8 %

49 %

36 %

NL

4 338

249

1,9 %

3,9 %

3,9 %

49 %

49 %

CZ

2 539

241

1,1 %

2,4 %

3,1 %

47 %

36 %

PL

9 025

238

3,9 %

8,5 %

8,2 %

47 %

48 %

SE

1 880

184

0,8 %

2,3 %

2,7 %

36 %

30 %

DE

14 057

169

6,2 %

18,5 %

13,8 %

33 %

45 %

Iarscríbhinn 5: Comhghaolú idir mealltacht institiúidí an Aontais agus tosca maicreacnamaíocha agus socheacnamaíocha éagsúla, lena n‑áirítear luach saothair

Is é atá sa chomhéifeacht comhghaolúcháin ná tomhas ar  chomhghaolú   líneach  idir dhá thacar sonraí. Is é an cóimheas é idir an  comhathraitheas  de dhá athróg agus toradh a  ndialltaí caighdeánacha ; dá réir sin, is é atá ann go bunúsach ná tomhas normalaithe an chomhathraithis, sa bhealach go mbíonn luach an toraidh idir -1 agus 1 i gcónaí. Faoi chuimsiú na tuarascála seo meastar go léiríonn aon fhigiúr idir -0,7 agus -1 nó 0,7 agus 1 comhghaolú láidir.

I measc na mBallstát a áirítear san anailís, rinneadh cuid acu a eisiamh, toisc go gcuirfidís fóntacht staidrimh na gcomhghaolta as riocht dá bhfágfaí istigh iad ar na cúiseanna a leanas. Rinneadh an Bheilg a eisiamh toisc go bhfuil ró‑ionadaíocht shaoránaigh na Beilge i measc iarrthóirí EPSO bainteach le stádas na Bruiséile mar shuíomh institiúidí éagsúla an Aontais. Rinneadh an Chipir, Lucsamburg agus Málta a eisiamh toisc nach bhfuil an anailís ar sciar na n‑iarrthóirí i gcomórtas an Aontais i gcomparáid leis an daonra náisiúnta iontaofa ó thaobh staitisticí de, i bhfianaise a ndaonra bhig. Rinneadh an Ungáir, an tSlóvaic agus an Fhionlainn a eisiamh, toisc go bhfuil a leibhéal rannpháirtíochta (agus comparáid á déanamh idir leibhéal rannpháirtíochta agus céatadán dhaonra an Aontais) idir 80 % agus 120 % arna thomhas thar thréimhse 7 mbliana agus dá bhrí sin gar don sprioc.

Iarscríbhinn 5.1: Comhghaolú idir tuilleamh glan agus leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais – bunachar sonraí Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh

Glantuilleamh bliantúil i mBallstáit i.e an ‘pá glan a thógtar abhaile’ a thagann ó bhunachar sonraí Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh agus a sheasann d’olltuilleamh óna mbaintear cánacha ioncaim agus ranníocaíochtaí sóisialta agus lena gcuirtear liúntais teaghlaigh. San anailís seo léirítear glantuilleamh bliantúil in 2019 i mBallstáit. Déantar glantuilleamh a ríomh ó cheithre shuirbhé a rinneadh san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon. Chun éifeacht na ndifríochtaí i leibhéal praghsanna sna Ballstáit a chur as an áireamh, úsáideadh paireachtaí cumhachta ceannaigh chun tuilleamh a chur in iúl de réir caighdeáin cumhachta ceannaigh, i gcomhréir le modheolaíocht chaighdeánach Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh. Ós rud é go ndéanann institiúidí an Aontais Eorpaigh a ndícheall iarrthóirí a mhealladh atá singil agus a bhfuil teaghlaigh orthu araon, cuireadh san áireamh dhá thacar sonraí a léiríonn dhá shuíomh dhifriúla. Ar an gcéad dul síos, duine aonair gan chlann a thuilleann 167 % de phá an oibrí mheánaigh agus ar an dara dul síos lánúin ag a bhfuil dhá ioncam agus beirt pháistí, agus 100 % de phá an oibrí mheánaigh á dtuilleamh ag an mbeirt acu.

Ballstáit

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

HR

IT

LV

LT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SE

Sciar iarrthóirí vs sciar an daonra

244 %

47 %

49 %

33 %

193 %

66 %

362 %

122 %

50 %

201 %

152 %

161 %

227 %

49 %

73 %

47 %

160 %

184 %

181 %

36 %

Tearcionadaithe = -1

Ró‑ionadaithe = 1

1

-1

-1

-1

1

-1

1

1

-1

1

1

1

1

-1

-1

-1

1

1

1

-1

Glantuilleamh in 2019 le haghaidh duine aonair gan chlann ag tuilleamh 167 % den tuilleamh meánach (in PCC) BG = 1

1

1,33

2,12

2,40

1,36

2,03

1,46

1,81

2,00

1,09

1,64

1,02

1,20

2,49

2,30

1,48

1,28

1,15

1,26

1,98

Comhghaolú

-0,76

Glantuilleamh in 2019 le haghaidh lánúine ag a bhfuil beirt pháistí, agus an bheirt acu ag tuilleamh 100 % den tuilleamh meánach (in PCC) BG = 1

1

1,48

2,43

2,80

1,54

2,44

1,76

1,99

2,29

1,29

1,93

1,12

1,32

2,99

2,79

1,69

1,46

1,18

1,44

2,41

Comhghaolú

-0,76

Iarscríbhinn 5.2: Comhghaolú idir glantuilleamh i mBallstáit leis an bpá is airde agus is ísle agus leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais – bunachar sonraí Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh

Má dhéantar an anailís a theorannú do na Ballstáit leis an bpá is airde agus leis an bpá is ísle, tá an leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais agus an leibhéal pá ghlain comhghaolaithe ar bhealach beagnach foirfe. Tá an méid sin fíor go háirithe maidir leis an nGearmáin, an Fhrainc, an Ísiltír, an Ostair, an Danmhairg, Éire, an tSualainn, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Liotuáin, an Rómáin, an Chróit, an Laitvia agus an Bhulgáir. Maidir le Ballstáit atá sa mheán‑raon ó thaobh pá de, bhí caolchúis ag baint leis na torthaí, áfach, agus ní mór tosca socheacnamaíocha eile a chur san áireamh.

Ballstáit

BG

DK

DE

IE

FR

HR

LV

LT

NL

AT

PT

RO

SI

SE

Sciar iarrthóirí vs sciar an daonra

244 %

49 %

33 %

66 %

50 %

201 %

161 %

227 %

49 %

73 %

160 %

184 %

181 %

36 %

Tearcionadaithe = -1

Ró‑ionadaithe = 1

1

-1

-1

-1

-1

1

1

1

-1

-1

1

1

1

-1

Glantuilleamh in 2019 le haghaidh duine aonair gan chlann ag tuilleamh 167 % den tuilleamh meánach (in PCC) BG = 1

1

2,12

2,40

2,03

2,00

1,09

1,02

1,20

2,49

2,30

1,28

1,15

1,26

1,98

Comhghaolú

-0,96

Glantuilleamh in 2019 le haghaidh lánúine ag a bhfuil beirt pháistí, agus an bheirt acu ag tuilleamh 100 % den tuilleamh meánach (in PCC) BG = 1

1

2,43

2,80

2,44

2,29

1,29

1,12

1,32

2,99

2,79

1,46

1,18

1,44

2,41

Comhghaolú

-0,96

Iarscríbhinn 5.3: Comhghaolú idir leibhéil dífhostaíochta agus leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais – bunachar sonraí Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh

San Iarscríbhinn seo, déantar measúnú ar an rialaíonn staid eacnamaíoch na mBallstát, go pointe áirithe, an toilteanas chun dul ag obair i dtír eachtrach agus d’Institiúidí na hEorpa. Is táscaire maicreacnamaíoch é an ráta dífhostaíochta a bhféadfadh go mbeadh tionchar aige ar an rogha seo. Chun déimeagrafaigh iarrthóirí EPSO a mheaitseáil, níor cuireadh isteach san anailís ach daoine dífhostaithe idir 25 agus 49 mbliana d’aois sa dara ráithe de 2019.

Ballstáit

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

HR

IT

LV

LT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SE

Sciar iarrthóirí vs sciar an daonra

244 %

47 %

49 %

33 %

193 %

66 %

362 %

122 %

50 %

201 %

152 %

161 %

227 %

49 %

73 %

47 %

160 %

184 %

181 %

36 %

Tearcionadaithe = -1

Ró‑ionadaithe = 1

1

-1

-1

-1

1

-1

1

1

-1

1

1

1

1

-1

-1

-1

1

1

1

-1

Leibhéal dífhostaíochta

4,3 %

1,8 %

4,8 %

3,2 %

4,0 %

4,2 %

17,6 %

12,7 %

7,5 %

6,9 %

10,5 %

6,1 %

6,0 %

2,5 %

4,5 %

2,9 %

5,3 %

3,2 %

3,9 %

5,3 %

Comhghaolú

0.43

Iarscríbhinn 5.4: Comhghaolú idir an bhraistint ar staid fostaíochta náisiúnta agus leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais – Eorabharaiméadar 2019

I measc níos mó ná 200 ceist ar an Eorabharaiméadar 37 , tá ceann amháin a bhaineann leis an mbreithiúnas atá ag saoránaigh maidir leis an staid fostaíochta ina dtír féin.

Ballstáit

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

HR

IT

LV

LT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SE

Sciar iarrthóirí vs sciar an daonra

244 %

47 %

49 %

33 %

193 %

66 %

362 %

122 %

50 %

201 %

152 %

161 %

227 %

49 %

73 %

47 %

160 %

184 %

181 %

36 %

Tearcionadaithe = -1

Ró‑ionadaithe = 1

1

-1

-1

-1

1

-1

1

1

-1

1

1

1

1

-1

-1

-1

1

1

1

-1

Céatadán den daonra a shíleann go bhfuil an staid fostaíochta ina dtír go maith

28 %

80 %

90 %

73 %

60 %

65 %

7 %

13 %

22 %

24 %

14 %

37 %

45 %

85 %

66 %

65 %

38 %

38 %

45 %

65 %

Comhghaolú

-0,73



Iarscríbhinn 5.5: Comhghaolú idir an bhraistint ar an Aontas agus leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais – Eorabharaiméadar 2019

Téann go leor ceisteanna ar an Eorabharaiméadar i ngleic leis an íomhá atá ag saoránaigh faoin Aontas Eorpach ina iomláine agus institiúidí an Aontais go háirithe. Cé go bhféadfaí nach bhfuil iarrthóirí EPSO ionadaíoch ar shaoránaigh an Aontais (i dtéarmaí aoisghrúpaí go háirithe), is féidir a áitiú gur mó seans go ndéanfaidh na saoránaigh i mBallstáit is báúla don tionscadal Eorpach iarratas ar chomórtais an Aontais.

Ballstáit

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

HR

IT

LV

LT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SE

Sciar iarrthóirí vs sciar an daonra

244 %

47 %

49 %

33 %

193 %

66 %

362 %

122 %

50 %

201 %

152 %

161 %

227 %

49 %

73 %

47 %

160 %

184 %

181 %

36 %

Tearcionadaithe = -1

Ró‑ionadaithe = 1

1

-1

-1

-1

1

-1

1

1

-1

1

1

1

1

-1

-1

-1

1

1

1

-1

Céatadán den daonra a bhfuil íomhá dhearfach acu i dtaobh an Aontais Eorpaigh

61 %

31 %

55 %

50 %

49 %

63 %

31 %

39 %

36 %

41 %

33 %

42 %

50 %

43 %

38 %

50 %

59 %

52 %

44 %

50 %

Comhghaolú

-0,04

Iarscríbhinn 5.6: Comhghaolú idir ionchais airgeadais phearsanta agus leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais – Eorabharaiméadar 2019

San Eorabharaiméadar, iarrtar ar shaoránaigh a n‑ionchais maidir le staid airgeadais a dteaghlaigh sa bhliain dár gcionn a chur in iúl. Braitheann ionchais maidir leis an staid airgeadais phearsanta ar ionchais fostaíochta domhanda, chomh maith le tosca pearsanta maidir leis an leibhéal tuarastail a bhfuil coinne leis, cobhsaíocht poist, etc.

Ballstáit

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

HR

IT

LV

LT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SE

Sciar iarrthóirí vs sciar an daonra

244 %

47 %

49 %

33 %

193 %

66 %

362 %

122 %

50 %

201 %

152 %

161 %

227 %

49 %

73 %

47 %

160 %

184 %

181 %

36 %

Tearcionadaithe = -1

Ró‑ionadaithe = 1

1

-1

-1

-1

1

-1

1

1

-1

1

1

1

1

-1

-1

-1

1

1

1

-1

Céatadán den daonra a shíleann go bhfeabhsóidh a staid airgeadais phearsanta sa 12 mhí atá le teacht.

26 %

24 %

21 %

17 %

31 %

18 %

23 %

20 %

24 %

29 %

23 %

31 %

25 %

15 %

16 %

23 %

27 %

31 %

20 %

27 %

Comhghaolú

-0,56

Iarscríbhinn 5.7: Comhghaolú idir Innéacs Dea‑Shaoil ECFE agus leibhéal rannpháirtíochta i gcomórtais an Aontais – ECFE

Is éard atá in Innéacs Dea‑Shaoil ECFE ná tacar staidrimh a bhfuil sé mar aidhm aige comparáid a dhéanamh maidir le folláine i dtíortha éagsúla. Cuimsítear le folláine dálaí maireachtála saolta, dálaí tithíochta, fostaíocht, oideachas, etc. Chun críche comparáideachta, is é an táscaire a roghnaíodh i gcomhthéacs an staidéir seo ná sásamh saoil foriomlán.

Ballstáit

BG

CZ

DK

DE

EE

IE

EL

ES

FR

HR

IT

LV

LT

NL

AT

PL

PT

RO

SI

SE

Sciar iarrthóirí vs sciar an daonra

244 %

47 %

49 %

33 %

193 %

66 %

362 %

122 %

50 %

201 %

152 %

161 %

227 %

49 %

73 %

47 %

160 %

184 %

181 %

36 %

Tearcionadaithe = -1

Ró‑ionadaithe = 1

1

-1

-1

-1

1

-1

1

1

-1

1

1

1

1

-1

-1

-1

1

1

1

-1

Innéacs Dea‑Shaoil ECFE

6.7

7.6

7.0

5.7

7.0

5.4

6.3

6.5

6,0

5.9

5.9

7.4

7.1

6.1

5.4

5.9

7.3

Comhghaolú

-0,84

Iarscríbhinn 6: Forbairt ar shampla na mBallstát agus a n‑ualach faoi seach (2014 = 100)



Iarscríbhinn 7: Táscairí sonracha bliantúla Ballstát ón sampla (2014 = 100)

Iarscríbhinn 8. Táscairí sonracha bliantúla carnacha Ballstát ón sampla (2014 = 100)

Iarscríbhinn 9; Táscaire Sonrach Domhanda ríofa agus feidhmeach

Iarscríbhinn 10: Táscaire Sonrach Domhanda, Innéacs Comhpháirteach agus nuashonrú bliantúil (2014 = 100)

 

TÁSCAIRE SONRACH DOMHANDA

Carnach
2014 = 100

Innéacs Comhpháirteach

Carnach
2014 = 100

Nuashonrú bliantúil

Carnach
2014 = 100

2015

101.2

101.2

101.2

101.2

102.4

102.4

2016

101.9

103.1

101.4

102.6

103.3

105.8

2017

100.4

103.5

101.1

103.7

101.5

107.4

2018

99.6

103.1

102.1

105.9

101.7

109.2

2019

100.5

103.6

101.5

107.5

102.0

111.4

2020

102.5

103.6

100.7

108.3

100.7

112.2

2021

99.8

103.4

102.1

110.6

101.9

114.3



Iarscríbhinn 11: Comparáid idir Táscairí Sonracha Domhanda éagsúla bunaithe ar shamplaí éagsúla

Iarscríbhinn 12; Táscairí sonracha bliantúla na mBallstát uile (2014 = 100)

Iarscríbhinn 13: Táscairí sonracha bliantúla carnacha na mBallstát uile (2014 = 100)

Iarscríbhinn 14: Táscairí sonracha carnacha Ballstát ón sampla agus a bhfuil rannpháirtíocht i gcomórtais an Aontais íseal acu

Iarscríbhinn 15: Fáltais ón tobhach dlúthpháirtíochta idir 2012 agus 2022

Iarscríbhinn 16: Innéacs Comhpháirteach na Beilge-Lucsamburg, HICP na Beilge agus CPI Lucsamburg

Iarscríbhinn 17: Forbairt ar an gcostas maireachtála sa Bheilg (innéacs idirnáisiúnta na Bruiséile)

Iarscríbhinn 18: Forbairt ar chomhéifeachtaí ceartúcháin



Iarscríbhinn 19: Éifeachtaí ó shaothar taiscéalaíoch lasmuigh den limistéar a rinne Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach

Comhéifeacht cheartúcháin atá ann faoi láthair –

Iúil 2021

Comhéifeacht cheartúcháin a mheastar

lena n‑áirítear caiteachais lasmuigh den limistéar

Athrú

BE

100

100

0,0 %

BG

61.7

64.8

5,0 %

CZ

88.1

89.4

1,5 %

DK

134.2

129.8

-3,3 %

DE

101.4

100.9

-0,5 %

DE Karlsruhe

96.9

96.8

-0,1 %

DE München

113.4

111.6

-1,6 %

EE

86.3

87.7

1,6 %

IE

133.6

128.7

-3,7 %

EL

85.2

86.2

1,2 %

ES

96.3

96.4

0,1 %

FR

119.9

117.2

-2,3 %

HR

78.3

80.3

2,6 %

IT

95.2

95.3

0,1 %

IT Varese

91.2

91.8

0,7 %

CY

82.2

83.7

1,8 %

LV

80.0

82.1

2,6 %

LT

80.1

81.8

2,1 %

HU

76.1

78.6

3,3 %

MT

94.0

94.5

0,5 %

NL

111.4

109.6

-1,6 %

AT

109.6

107.3

-2,1 %

PL

70.6

73.7

4,4 %

PT

91.4

91.9

0,5 %

RO

68.5

71.2

3,9 %

SI

84.9

86.1

1,4 %

SK

79.9

81.6

2,1 %

FI

118.6

115.7

-2,4 %

SE

130.3

126.4

-3,0 %

(1)      Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013
(2)      Ba iad iarratais náisiúnaigh na Gréige agus na Cipire amháin a mhéadaigh nó a d’fhan cobhsaí.
(3)      Tuarascáil ón gCoimisiúin chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 15 Meitheamh 2018, arna cheartú an 24 Lúnasa 2018 trí COM(2018)377 final/2.
(4)      Faoi chuimsiú na tuarascála seo, sainítear leibhéal rannpháirtíochta gach Ballstáit tríd an gcóimheas idir sciar na n‑iarrthóirí agus sciar an daonra san Aontas le linn na tréimhse 2013-2019. Baintear úsáid as tréimhse 7 mbliana chun na sonraí a chothromú, toisc go reáchtáiltear comórtais an Aontais ar bhonn neamhrialta. Thairis sin, mar gheall ar an bpaindéim agus iarmhairtí na paindéime ar eagrú na gcomórtas seo, meastar gur blianta neamhghnácha ab iad 2020 agus 2021, agus dá bhrí sin eisítear iad ón anailís.
(5)      Cúrsaí ar an 31 Nollaig 2021.
(6)      Ós rud é nach féidir an ‘sprioc‑rannpháirtíocht’ (leibhéal rannpháirtíochta 100 %) a bhaint amach riamh ar chúiseanna staitistiúla, rinneadh an cinneadh anailís a dhéanamh ar na Ballstáit sin amháin áit a bhfuil éagothroime shoiléir ann. Socraíodh an scoithleibhéal ag + 20 % i gcomparáid le leibhéal rannpháirtíochta 100 %. Tá sé sin i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh i dtuarascáil an Choimisiúin a glacadh de bhun Airteagal 27 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus de bhun Airteagal 12 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais (Cothromaíocht gheografach) – COM(2018) 377 final.
(7)      Aithnítear an feiniméan céanna i gceanncheathrúna eagraíochtaí idirnáisiúnta eile. Mar shampla, tá ró‑ionadaíocht foirne Gearmánacha ag an mBanc Ceannais Eorpach.
(8)      Pléann na Náisiúin Aontaithe leis an gceist seo tríd an ‘bprionsabal Noblemaire’, mar a ghairtear de, a chur i bhfeidhm i.e. foirmle a shocraíonn leibhéal pá na Náisiún Aontaithe faoi threoir an leibhéil pá íoctha i Státseirbhís an Bhallstáit a íocann an méid is mó (le roinnt blianta anuas is í Stáit Aontaithe Mheiriceá an tír sin go seasta). Mar thoradh air sin, is féidir leis na Náisiúin Aontaithe spéis ó iarrthóirí na mBallstát uile a chinntiú.
(9)      Tá an mhodheolaíocht bunaithe ar phictiúr de chóras luacha saothair náisiúnta Ballstáit i mí Iúil den bhliain reatha a chur i gcomparáid leis an bpictiúr coibhéiseach sa Bhallstát céanna i mí Iúil na bliana roimhe sin.
(10)      An Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, agus an tSualainn. D'ainneoin aistarraingt na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach, déanann an sampla de 10 mBallstát ionadaíocht fós ar níos mó ná 75 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais mar a cheanglaítear faoi Airteagal 1(4) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
(11)      D’fhonn athruithe substaintiúla sa chostas maireachtála sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a chur san áireamh, féadfaidh nuashonrú idirmheánach a dhéanamh ar an 1 Eanáir i gcomhréir le hAirteagail 4 go 7 d’Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
(12)      An Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír agus an Ríocht Aontaithe.
(13)      Tá an lámhleabhar ginearálta modheolaíochta chun Táscairí Sonracha a ríomh le fáil ar shuíomh gréasáin Eurostat. Thairis sin, ó 2018 amach tá 13 mheasúnú dírithe ar thíortha ar leith foilsithe cheana féin agus tá obair ar siúl le húdaráis náisiúnta eile chun líon na measúnuithe foilsithe a mhéadú (féach an nasc seo: https://ec.europa.eu/eurostat/web/civil-servants-remuneration/specific-indicators/country-assessments ).
(14)      Chinn an Mheitheal ar Airteagail 64 agus 65 de na Rialacháin Foirne go ndéanfar na ‘sonraí críochnaitheacha’ ar OTI an Aontais a sholáthraíonn an Coimisiún le haghaidh bliain áirithe a léirmhíniú mar na sonraí atá ar fáil faoin 30 Meán Fómhair sa bhliain dár gcionn. Measadh go raibh an soiléiriú sin riachtanach ós rud é go ndéantar sonraí OTI a athbhreithniú go minic blianta fada i ndiaidh na bliana tagartha.
(15)      In 2021, ba é -5,9 % an figiúr críochnaitheach a thomhas Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh maidir leis an laghdú ar OTI an Aontais i dtéarmaí réadacha in 2020.
(16)      De bhun Airteagal 65(4) de na Rialacháin Foirne.
(17)      An Chúirt Iniúchóirí, Tuarascáil speisialta 15/2019, Cur chun feidhme phacáiste athchóirithe foirne 2014 ag an gCoimisiúin – Coigiltis mhóra ach ní gan iarmhairtí don fhoireann.
(18)      Dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, COM (2021) 300.
(19)      Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le sonraí a bhaineann le himpleachtaí buiséadacha nuashonrú bliantúil 2021 ar luach saothair agus pinsin oifigigh agus seirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh agus na comhéifeachtaí ceartúcháin a chuirtear i bhfeidhm orthu COM(2021) 729.
(20)      I gcomparáid leis na gnáthualaí a úsáidtear do staidreamh praghais, is é an phríomhdhifríocht agus an tInnéacs Comhpháirteach á chomhiomlánú ná úsáid ualaí maidir le cíos lena n‑áirítear úinéirí-áititheoirí (in ionad tionóntaí amháin a chur san áireamh).
(21)      Is don innéacs comhiomlánaithe uile atá na luachanna léirithe; déantar na ríomhanna iarbhír ó leibhéal mionsonraithe.
(22)      Tabhair faoi deara, le linn na tréimhse tagartha, go raibh rátaí boilscithe níos ísle do na fo‑innéacsanna comhpháirte uile. Tabhair faoi deara freisin go bhfuil an ríomh ag baint úsáid as patrún tomhaltais don Bheilg amháin agus d’fhéadfaí go mbeadh torthaí beagán éagsúil ann dá gcomhcheanglófaí é le patrún tomhaltais sonrach do Lucsamburg.
(23)      Maidir le comhaltaí foirne atá ag obair i dtoscaireachtaí, faoi Airteagal 11 d’Iarscríbhinn X, is féidir le comhaltaí foirne íocaíocht a luacha saothair in euro a iarraidh leis an ualú is infheidhme sa Bhruiséil.
(24)      Féadfar nuashonrú idirmheánach a dhéanamh le héifeacht ar an 1 Eanáir i gcás athrú substaintiúil ar an gcostas maireachtála idir mí an Mheithimh agus mí na Nollag.
(25)      Mar shampla, rinneadh na ‘suirbhéanna buiséid teaghlaigh’, a reáchtáladh chun ualaí tomhaltais a shainmhíniú, a chomhchuibhiú go hiomlán leis na hEagraíochtaí Comhordaithe (e.g. ECFE, Comhairle na hEorpa) agus chinn na Náisiúin Aontaithe in 2015 sonraí foinseacha ó Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh maidir le comhéifeachtaí ceartúcháin a úsáid mar ionchur chun tuarastail a bhfoirne ata ag obair san Aontas a choigeartú (sa bhealach go mbaineann Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh úsáid as sonraí na Náisiún Aontaithe do go leor suíomhanna lasmuigh den Aontas Eorpach).
(26)      I gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, féadfaidh feidhm a bheith ag ualaí sonracha (comhéifeachtaí ceartúcháin) maidir le luach saothair foirne atá ag obair lasmuigh den Aontas Eorpach freisin. Cuirtear luach nuashonraithe na n‑ualaí sin mar iarscríbhinn leis na tuarascálacha bliantúla a ghlacann an Coimisiún maidir le sonraí a bhaineann le tionchar buiséadach na nuashonruithe. Rinne Oifig Staidrimh an Aontais Eorpaigh modheolaíocht shonrach a fhorbairt i gcomhar leis na húdaráis staidrimh náisiúnta.
(27)      Is é atá i gceist sa nós imeachta seo ná go háirithe gur ghlac an Coimisiún gníomh tarmligthe i ndiaidh iarraidh fhoirmiúil a fháil arna tíolacadh ag údaráis iomchuí na mBallstát lena mbaineann, riarachán institiúide de chuid an Aontais nó ionadaithe oifigigh an Aontais in áit fostaíochta áirithe. Maidir le foireann ata ag obair in Bonn, stop oifig staidrimh náisiúnta na Gearmáine ag soláthar sonraí do ríomh na comhéifeachta ceartúcháin seo in Bonn in 2021. In éagmais sonraí a sholáthraíonn an oifig staidrimh náisiúnta ábhartha, agus an líon teoranta foirne lena mbaineann á chur san áireamh, cuireadh an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme in Bonn ar fionraí agus ó 2021 cuireadh an chomhéifeacht cheartúcháin is infheidhme sa Ghearmáin ina hionad.
(28)      IO C 211/8 an 25 Meitheamh 2020 agus IO C 501, 13 Nollaig 2021.
(29)      Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur i bhfeidhm Iarscríbhinn XI a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus Airteagal 66a de, COM (2018) 830.
(30)      Fuarthas ceist choitianta maidir leis an raon feidhme áitiúil ar an mbonn a bhfuil na comhéifeachtaí ceartúcháin ríofa. Ríomhtar na comhéifeachtaí ceartúcháin ar bhonn comparáide idir an costas maireachtála i bpríomhchathracha na mBallstát ach amháin i gcás ina ríomhtar comhéifeachtaí ceartúcháin áitiúla le haghaidh Ballstáit áirithe, agus sa chás sin, léirítear costais áitiúla (féach maidir leis seo an cás T-618/20, FZ v An Coimisiún).
(31)      COM(2018) 830.
(32)      Leagtar síos an ceanglas sin le hAirteagal 20 de na Rialacháin Foirne.
(33)   https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/study_on_the_cost_of_living_for_eu_staff_posted_in_luxembourg_-_final_report_v26-09-2019_0_0.pdf  
(34)      Faoi mar a thosaíonn An tAontas Eorpach ag fágáil tréimhse fhada de bhoilsciú thar a bheith íseal, agus faoi mar a lean geilleagair Lucsamburg agus na Beilge ag forbairt, tá an chuma air go bhfuil difríochtaí ag teacht chun cinn maidir le hearraí agus seirbhísí eile amhail cúram sláinte, oideachas, fearastuithe, deochanna alcólacha agus tobac.
(35)      D’fhéadfaí a rá go bhfuil sé sin fíor in áiteanna fostaíochta eile ach ar scála i bhfad níos teoranta de thoradh ráta athraithe earcaíochta.
(36)      D’fhéadfaí glacadh le beart sóisialta de bhun Airteagal 1(e) de na Rialacháin Foirne agus bheadh sé teoranta d’fhoireann ag na gráid is ísle agus aird chuí á tabhairt ar a gcás ar leith.
(37)      Is éard atá san Eorabharaiméadar ná sraith suirbhéanna a úsáideann institiúidí an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar thuairimí an phobail i taobh topaicí éagsúla. I gcomhthéacs an staidéir seo, tagann sonraí ón Eorabharaiméadar 92 caighdeánach a rinneadh i mBallstáit uile an Aontais ag deireadh 2019.
Top