EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R1380R(09)

Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 354 an 28 Nollaig 2013)

ST/8897/2023/INIT

OJ L 142, 1.6.2023, p. 44–44 (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/1380/corrigendum/2023-06-01/oj

  The document is unavailable in your User interface language.

1.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 142/44


Ceartúchán ar Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle

( Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L 354 an 28 Nollaig 2013 )

1.

Ar leathanach 39, Airteagal 22

in ionad:

‘2.   D'fhonn an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil, maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcuid cabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Chun cur chuige coiteann a éascú ar fud an Aontais, cuirfear an tuarascáil sin i dtoll a chéile i gcomhréir le treoirlínte coiteanna a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorbairt, lena léireofar na paraiméadair ábhartha theicniúla, shóisialta agus eacnamaíocha.

3.   Beidh an measúnú bliantúil ar acmhainn na gcabhlach náisiúnta agus chodanna uile na gcabhlach de chuid gach Bhallstáit sa tuarascáil. Sa tuarascáil, déanfar iarracht ró-acmhainn struchtúrach a aithint de réir an choda agus measfar brabúsacht fhadtéarmach de réir an choda. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

4.   Maidir leis an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1a, deanfaidh na Ballstáit an anailís a dhéanann siad ar an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta a bhunú. Dréachtófar measúnuithe ar leith do chabhlaigh a fheidhmíonn sna réigiúin is forimeallaí agus do shoithí a fheidhmíonn lasmuigh d'uiscí an Aontais.

Má léirítear go soiléir leis an measúnú nár rinneadh an acmhainn iascaireachta a chothromú go héifeachtach le deiseanna iascaireachta, ullmhóidh an Ballstát plean gnímh do na codanna de chabhlaigh a bhfuil ró-acmhainn struchtúrach acu atá sainaitheanta agus cuirfidh sé ina thuarascáil é. Leagfar amach sa phlean gnímh na spriocanna coigeartaithe agus na huirlisí chun an chothromaíocht a bhaint amach agus amchlár soiléir lena chur chun feidhme.’,

léitear:

‘2.   D'fhonn an cuspóir dá dtagraítear i mír 1 a bhaint amach, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil, maidir leis an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcuid cabhlach agus a ndeiseanna iascaireachta, chuig an gCoimisiún faoin 31 Bealtaine gach bliain. Chun cur chuige coiteann a éascú ar fud an Aontais, cuirfear an tuarascáil sin i dtoll a chéile i gcomhréir le treoirlínte coiteanna a fhéadfaidh an Coimisiún a fhorbairt, lena léireofar na paraiméadair ábhartha theicniúla, shóisialta agus eacnamaíocha.

Beidh an measúnú bliantúil ar acmhainn na gcabhlach náisiúnta agus chodanna uile na gcabhlach de chuid gach Bhallstáit sa tuarascáil. Sa tuarascáil, déanfar iarracht ró-acmhainn struchtúrach a aithint de réir na coda agus measfar brabúsacht fhadtéarmach de réir na coda. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.

3.   Maidir leis an measúnú dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1a, déanfaidh na Ballstáit a n-anailís a bhunú ar an gcothromaíocht idir acmhainn iascaireachta a gcabhlaigh agus a ndeiseanna iascaireachta. Dréachtófar measúnuithe ar leith le haghaidh na gcabhlach a fheidhmíonn sna réigiúin is forimeallaí agus le haghaidh na soithí a fheidhmíonn go heisiach lasmuigh d'uiscí an Aontais.

4.   Má léiríonn an measúnú go soiléir nach bhfuil cothromaíocht éifeachtach ann idir an acmhainn iascaireachta agus deiseanna iascaireachta, ullmhóidh an Ballstát plean gnímh do na codanna de chabhlaigh a bhfuil ró-acmhainn struchtúrach acu atá sainaitheanta agus cuirfidh sé ina thuarascáil é. Leagfar amach sa phlean gnímh na spriocanna coigeartaithe agus na huirlisí chun an chothromaíocht a bhaint amach agus amchlár soiléir lena chur chun feidhme.’.

2.

Cuirtear an leagan iomchuí gramadaí de na focail ‘plean gníomhaíochta’ in ionad an leagain chomhfhreagraigh de na focail ‘plean gnímh’ sa Rialachán seo tríd síos.

Top