EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02017L2397-20171227

Consolidated text: Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na h Eorpa agus ón g Comhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2017/2397/2017-12-27

02017L2397 — GA — 27.12.2017 — 000.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

TREOIR (AE) 2017/2397 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 345 27.12.2017, lch. 53)


Arna cheartú le

►C1

Ceartúchán, IO L 044, 16.2.2018, lch.  14 (2017/2397)




▼B

TREOIR (AE) 2017/2397 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 12 Nollaig 2017

maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n-aisghairtear Treoir 91/672/CEE ón gComhairle agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL 1

ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Treoir seo, leagtar síos na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cáilíochtaí na ndaoine atá bainteach le hoibriú árthaigh i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre an Aontais a dheimhniú, agus maidir leis na cáilíochtaí sin a aithint sna Ballstáit.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  Tá feidhm ag an Treoir seo maidir le baill den chriú deice, saineolaithe ar ghás nádúrtha leachtaithe agus saineolaithe ar loingsiú paisinéirí i gcás na gcineálacha árthaí seo a leanas ar uiscebhealach intíre ar bith de chuid an Aontais:

(a) soithí atá 20 méadar nó níos mó ar fad;

(b) soithí arb é toradh a bhfad, a leithead agus a ndoimhneacht toirt 100 méadar ciúbach nó níos mó;

(c) tugaí agus brúshoithí a beartaíodh chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

(i) soithí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a tharraingt nó a shá;

(ii) fearas snámhach a tharraingt nó a shá;

(iii) soithí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a bhogadh nó fearas snámhach a thabhairt le bord;

(d) soithí paisinéirí;

(e) soithí a bhfuil sé de cheangal orthu teastas formheasa a bheith acu de bhun Threoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );

(f) fearas snámhach.

2.  Níl feidhm ag an Treoir seo maidir leis na daoine seo a leanas:

(a) daoine atá ag loingseoireacht ar mhaithe le spórt nó le pléisiúr;

(b) daoine atá bainteach le hoibriú bád farantóireachta nach ngluaiseann go neamhspleách;

(c) daoine a bhaineann leas as árthaí a bhíonn á n-úsáid ag fórsaí armtha, ag fórsaí a choinníonn smacht ar an ord poiblí, ag seirbhísí cosanta sibhialta, ag riaracháin uiscebhealaí, ag seirbhísí dóiteáin agus ag seirbhísí éigeandála eile.

3.   ►C1  Gan dochar d'Airteagal 39(3), ní bheidh feidhm ag an Treoir seo ach oiread maidir le daoine atá i mbun loingseoireacht i mBallstáit nach bhfuil aon uiscebhealach intíre iontu atá nasctha leis an líonra inseolta i mBallstát eile agus atá, ar bhonn eisiach: ◄

(a) i mbun loingseoireachta ar thurais theoranta leasa áitiúla, nach faide riamh ná 10 gciliméadar ón bpointe imeachta; nó

(b) i mbun loingseoireachta ar bhonn séasúrach.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn “uiscebhealach intíre” uiscebhealach, seachas an fharraige, atá oscailte chun loingseoireachta d’árthaí dá dtagraítear in Airteagal 2;

(2) ciallaíonn “árthach” soitheach nó mír d’fhearas snámhach;

(3) ciallaíonn “soitheach” soitheach uiscebhealaigh intíre nó long farraige;

(4) ciallaíonn “tuga” soitheach arna thógáil go speisialta chun oibríochtaí tarraingthe a dhéanamh;

(5) ciallaíonn “brúshoitheach” soitheach arna thógáil go speisialta chun conbhua a bhrúitear a chur ag gluaiseacht;

(6) ciallaíonn “soitheach paisinéirí” soitheach a tógadh agus atá feistithe chun breis is 12 paisinéir a iompar;

(7) ciallaíonn “teastas cáilíochta de chuid an Aontais” teastas a d’eisigh údarás inniúil a fhianaíonn go bhfuil ceanglais na Treorach seo á gcomhlíonadh ag duine;

(8) ciallaíonn “Coinbhinsiún STCW”“Coinbhinsiún STCW” faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 1(21) de Threoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 );

(9) ciallaíonn “baill den chriú deice” daoine atá bainteach le hoibriú ginearálta árthaigh atá i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre an Aontais agus a bhfuil cúraimí éagsúla á gcur i gcrích acu, amhail cúraimí a bhaineann le loingseoireacht, oibriú an árthaigh a rialú, láimhseáil lasta, stuáil, iompar paisinéirí, innealtóireacht mhuirí, cothabháil agus deisiú, cumarsáid, sláinte agus sábháilteacht, agus cosaint an chomhshaoil, cé is moite de dhaoine a shanntar go heisiach d’oibriú inneall, craenacha, nó trealaimh leictrigh agus leictreonaigh;

(10) ciallaíonn “teastas oibreora raidió” teastas náisiúnta, arna eisiúint ag Ballstát i gcomhréir leis na Rialacháin Raidió atá i gceangal leis an gCoinbhinsiún Teileachumarsáide Idirnáisiúnta, lena n-údaraítear stáisiún radachumarsáide a oibriú ar árthach uiscebhealaigh intíre;

(11) ciallaíonn “saineolaí ar loingsiú paisinéirí” duine atá ag obair ar bord an tsoithigh atá cáilithe chun bearta a ghlacadh i gcásanna éigeandála ar bord soithí paisinéirí;

(12) ciallaíonn “saineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe” duine atá cáilithe le bheith páirteach i mbuncaeireacht árthaigh a úsáideann gás nádúrtha leachtaithe mar bhreosla nó duine atá ina mháistir báid agus árthach den sórt sin á sheoladh aige;

(13) ciallaíonn “máistir báid” ball den chriú deice atá cáilithe chun árthach a sheoladh ar uiscebhealaí intíre na mBallstát agus atá cáilithe chun freagracht fhoriomlán a bheith air ar bord, agus freagracht as an gcriú air chomh maith agus as na paisinéirí agus as an lasta;

(14) ciallaíonn “riosca sonrach” guais sábháilteachta ar guais í mar gheall ar choinníollacha áirithe loingseoireachta a éilíonn go gcaithfidh máistrí báid bheith inniúil thar a mbítear ag súil leis faoi chaighdeáin ghinearálta inniúlachta don leibhéal bainistíochta;

(15) ciallaíonn “inniúlacht” cumas cruthaithe an t-eolas agus na scileanna a éilítear faoi na caighdeáin sheanbhunaithe a úsáid chun na cúraimí is gá le hárthach uiscebhealaigh intíre a oibriú a chur i gcrích mar is ceart;

(16) ciallaíonn “leibhéal bainistíochta” an leibhéal freagrachta a ghabhann le bheith ag fónamh mar mháistir báid agus lena n-áirithítear go gcuireann na baill eile den chriú deice i gcrích mar is ceart na cúraimí go léir a bhaineann le hoibriú árthaigh;

(17) ciallaíonn “leibhéal oibríochtúil” an leibhéal freagrachta a ghabhann le bheith ag fónamh mar bhádóir, mar bhádóir inniúil nó mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach agus le smacht a choinneáil ar chur i gcrích na gcúraimí uile faoi réimse freagrachta an duine sin i gcomhréir le nósanna imeachta cuí agus faoi stiúir duine atá ag fónamh ar an leibhéal bainistíochta;

(18) ciallaíonn “conbhua mór” conbhua a bhrúitear, arb é toradh fhad iomlán agus leithead iomlán an árthaigh a bhrúitear 7 000 méadar cearnach nó níos mó;

(19) ciallaíonn “leabhar taifid seirbhíse” clár pearsanta ina dtaifeadtar sonraí faoi obair bhall den chriú, go háirithe am loingseoireachta agus turais a dhéantar;

(20) ciallaíonn “logleabhar” taifead oifigiúil ar na turais atá déanta ag árthach agus ag a chriú;

(21) ciallaíonn “leabhar taifid seirbhíse gníomhach” nó “logleabhar gníomhach” leabhar taifid seirbhíse nó logleabhar atá oscailte le haghaidh sonraí a thaifeadadh;

(22) ciallaíonn “am loingseoireachta” an t-am, arna thomhas i laethanta agus arna bhailíochtú ag an údarás inniúil, a chaith baill den chriú deice ar bord le linn turais a rinne árthach ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun luchtú agus díluchtú a dhéanamh lena n-éilítear oibríochtaí loingseoireachta gníomhacha;

(23) ciallaíonn “fearas snámhach” gléasra snámhach a bhfuil feisteas oibre amhail craenacha, trealamh dreidireachta, sáiteoirí pílí nó ardaitheoirí, á iompar aige;

(24) ciallaíonn “fad” uasfhad na cabhlach i méadair, gan an stiúir ná an crann spreoide a áireamh;

(25) ciallaíonn “leithead” uasleithead na cabhlach i méadair, arna thomhas chomh fada le forimeall phlátáil na cabhlach (gan na rothaí céaslóireachta ná an fhásghunail, ná nithe comhchosúil leo, a áireamh);

(26) ciallaíonn “tarraingt” an fad ceartingearach i méadair idir an pointe is ísle den chabhail, gan an chíle ná forbhaill fhosaithe eile a áireamh, agus an uaslíne tarraingthe;

(27) ciallaíonn “loingseoireacht shéasúrach” gníomhaíocht loingseoireachta a dhéantar ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí gach bliain.



CAIBIDIL 2

TEASTAIS CHÁILÍOCHTA DE CHUID AN AONTAIS

Airteagal 4

Oibleagáid maidir le teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice a bheith á iompar

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 11, á iompar ag baill den chriú deice atá i mbun loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre an Aontais, nó go mbeidh teastas a aithnítear i gcomhréir le hAirteagail 10(2) nó (3) á iompar acu.

2.  I gcás baill den chriú deice cé is moite de mháistrí báid, déanfar teastas cáilíochta de chuid an Aontais agus an leabhar taifid seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 22 a thíolacadh san aon doiciméad amháin.

3.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh teastais atá ag na daoine sin a bhfuil baint acu le hoibriú árthaigh„ seachas máistrí báid, a eisíodh nó a aithníodh i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE agus, dá bhrí sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún STCW, beidh na teastais sin bailí ar longa farraige a oibríonn ar uiscebhealaí intíre.

Airteagal 5

Oibleagáid maidir le teastas cáilíochta de chuid an Aontais le haghaidh oibríochtaí sonracha a bheith á iompar

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh teastas cáilíochta de chuid an Aontais, arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 11, á iompar ag saineolaithe ar loingsiú paisinéirí agus ag saineolaithe ar ghás nádúrtha leachtaithe, nó go mbeidh teastas a aithnítear i gcomhréir le hAirteagail 10(2) nó (3) á iompar acu.

2.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, beidh teastais atá ag na daoine sin a bhfuil baint acu le hoibriú árthaigh, a eisíodh nó a aithníodh i gcomhréir le Treoir 2008/106/CE agus, dá bhrí sin, i gcomhréir le Coinbhinsiún STCW, beidh na teastais sin bailí ar longa farraige a oibríonn ar uiscebhealaí intíre.

Airteagal 6

Oibleagáid maidir le húdaruithe sonracha a bheith ag máistrí báid

Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh údaruithe sonracha ag máistrí báid, a eisítear i gcomhréir le hAirteagal 12 sna cásanna seo a leanas:

(a) agus iad ag seoltóireacht ar uiscebhealaí intíre ar aicmíodh iad mar uiscebhealaí intíre de chineál muirí de bhun Airteagal 8;

(b) agus iad ag seoltóireacht ar uiscebhealaí ar aithníodh iad mar stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha de bhun Airteagal 9;

(c) agus iad ag seoltóireacht le cabhair radair;

(d) agus árthach á sheoladh acu a úsáideann gás nádúrtha leachtaithe mar bhreosla;

(e) agus conbhuanna móra á seoladh acu.

Airteagal 7

Díolúintí a bhaineann le huiscebhealaí intíre nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile

1.   ►C1  Féadfaidh Ballstát daoine dá dtagraítear in Airteagal 4(1), in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 6 a oibríonn go heisiach ar uiscebhealaí intíre náisiúnta nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile, lena n-áirítear iad sin a aicmítear mar uiscebhealaí intíre de chineál muirí, a dhíolmhú ó na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus 4(2), Airteagal 5(1), Airteagal 6, an chéad fhomhír d'Airteagal 22(1), agus Airteagal 22(3) agus (6). ◄

2.  Féadfaidh Ballstát a dheonaíonn díolúintí i gcomhréir le mír 1 teastais cháilíochta a eisiúint do dhaoine dá dtagraítear i mír 1 faoi choinníollacha atá éagsúil ó na coinníollacha ginearálta a leagtar síos sa Treoir seo, ar choinníoll go n-áireofar, leis na teastais sin, leibhéal leordhóthanach sábháilteachta. Beidh aithint na dteastas sin i mBallstáit eile faoi rialú ag Treoir 2005/36/CE, nó Treoir 2005/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), mar is infheidhme.

3.  Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na díolúintí a dheonaítear i gcomhréir le mír 1. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis faoi na díolúintí deonaithe sin ar fáil don phobal.

Airteagal 8

Aicmiú uiscebhealaí intíre de chineál muirí

1.  Aicmeoidh na Ballstáit stráice d’uiscebhealach intíre ina gcríoch mar uiscebhealach intíre de chineál muirí i gcás ina gcomhlíontar ceann de na critéir seo a leanas:

(a) tá feidhm ag an gCoinbhinsiún ar na Rialacháin Idirnáisiúnta chun Imbhualadh ar Muir a Chosc;

(b) tá na baoithe agus na comharthaí i gcomhréir leis an gcóras muirí;

(c) is gá loingseoireacht trastíre a dhéanamh ar an uiscebhealach intíre sin; nó

(d) is gá trealamh muirí a éilíonn eolas speisialta le hé a oibriú chun dul i mbun loingseoireachta ar an uiscebhealach intíre sin.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún má aicmítear aon stráice sonrach d’uiscebhealach intíre ar a gcríoch mar uiscebhealach intíre de chineál muirí. Beidh bonn cirt bunaithe ar na critéir dá dtagraítear i mír 1 ag gabháil leis an bhfógra a thabharfar don Choimisiún. ►C1  Cuirfidh an Coimisiún an liosta d'uiscebhealaí intíre de chineál muirí arna bhfógairt ar fáil don phobal, gan moill mhíchuí. ◄

Airteagal 9

Stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha

1.  Más gá sin chun sábháilteacht na loingseoireachta a áirithiú, féadfaidh na Ballstáit stráicí d’uiscebhealaí intíre a thrasnaíonn a gcríocha féin agus a ngabhann rioscaí sonracha leo, a shainaithint, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 4, i gcás gur i ngeall ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna seo a leanas atá na rioscaí sin ann:

(a) tá gréasán agus luas na sruthanna ag síorathrú;

▼C1

(b) tá saintréithe hidreamhoirfeolaíocha ag an uiscebhealach intíre agus ní ann do Sheirbhísí cuí Faisnéise Seolbhealaí maidir leis an uiscebhealach intíre ná do chairteacha oiriúnacha;

▼B

(c) tá rialachán sonrach áitiúil tráchta i bhfeidhm arna dhlisteanú le saintréithe hidreamhoirfeolaíocha an uiscebhealaigh intíre; nó

(d) is minic a bhíonn tionóiscí ar stráice ar leith den uiscebhealach intíre, arb é is cúis leo easpa inniúlachta nach gcumhdaítear leis na caighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 17.

▼C1

I gcás ina measann na Ballstáit gur gá sin chun an tsábháilteacht a áirithiú, rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach Aibhneacha ábhartha agus na stráicí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á sainaithint.

▼B

2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na bearta atá sé ar intinn acu a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo agus de bhun Airteagal 20, i gcomhar leis an réasúnaíocht ar a bhfuil an beart bunaithe, 6mhí ar a laghad roimh an dáta a bhfuil sé beartaithe na bearta sin a ghlacadh.

3.  I gcás ina bhfuil stráicí d’uiscebhealaí intíre dá dtagraítear i mír 1 suite feadh na teorann idir dhá Bhallstát nó níos mó, rachaidh na Ballstáit lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún go comhpháirteach.

4.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát beart a ghlacadh nach gcuirtear bonn cirt leis i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, laistigh de thréimhse 6 mhí ón uair a bhfaighfear an fógra, gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh ag leagan amach a chinneadh ag cur i gcoinne ghlacadh an bhirt sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

5.  Cuirfidh an Coimisiún na bearta a bheidh glactha ag na Ballstáit ar fáil don phobal, mar aon leis an réasúnaíocht dá dtagraítear i mír 2.

Airteagal 10

Aitheantas

1.  Teastas cáilíochta ar bith de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5, chomh maith le haon leabhair thaifid seirbhíse nó logleabhair dá dtagraítear in Airteagal 22 a d’eisigh na húdaráis inniúla i gcomhréir leis an Treoir seo, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais.

2.  Teastas cáilíochta ar bith, leabhar taifid seirbhíse ar bith nó logleabhar ar bith a eisítear i gcomhréir leis na Rialacháin maidir le Pearsanra i mbun Loingseoireachta ar an Réin, lena leagtar síos ceanglais atá comhionann leo siúd atá sa Treoir seo, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais.

Más tríú tír a d’eisigh na teastais sin, na leabhair thaifid seirbhíse sin agus na logleabhair sin, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais ar choinníoll go n-aithníonn an tríú tír, laistigh dá dlínse, doiciméid de chuid an Aontais a eisítear de bhun na Treorach seo.

3.  Gan dochar do mhír 2, teastas cáilíochta ar bith, leabhar taifid seirbhíse ar bith nó logleabhar ar bith a eisíodh i gcomhréir le rialacha náisiúnta tríú tíre lena leagtar síos ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo, beidh siad bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais, faoi réir an nós imeachta agus na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 4 agus i mír 5.

4.  Féadfaidh tríú tír ar bith iarraidh ar aitheantas a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le teastais, leabhair thaifid seirbhíse nó logleabhair a d’eisigh údaráis dá cuid. Beidh ag gabháil leis an iarraidh an fhaisnéis uile is gá lena chinneadh an bhfuil eisiúint na ndoiciméad sin faoi réir ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo.

5.  Ar iarraidh ar aitheantas a fháil de bhun mhír 4, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na córais deimhniúcháin sa tríú tír iarrthach, d’fhonn a chinneadh an bhfuil eisiúint na dteastas, na leabhar taifid seirbhíse nó na logleabhar arna sonrú ina hiarraidh faoi réir ceanglais atá comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo.

Má fhionntar go bhfuil na ceanglais sin comhionann, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena dtabharfar aitheantas do na teastais, na leabhair thaifid nó na logleabhair a eisíonn an tríú tír sin san Aontas, ar choinníoll go n-aithníonn an tríú tír sin laistigh dá dlínse doiciméid de chuid an Aontais a eisítear de bhun na Treorach seo.

Agus an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo á ghlacadh, sonróidh an Coimisiún cé acu na doiciméid sin, dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, a bhfuil feidhm ag an aitheantas sin ina leith. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

6.  I gcás ina measfaidh Ballstát nach bhfuil ceanglais an Airteagail seo á gcomhlíonadh a thuilleadh ag tríú tír, tabharfaidh sé fógra ina leith láithreach don Choimisiún, agus tabharfaidh sé cúiseanna réasúnaithe leis an áitiú sin.

7.  Gach 8 mbliana, déanfaidh an Coimisiún measúnú an bhfuil na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo á gcomhlíonadh leis an gcóras deimhniúcháin sa tríú tír dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 5. Má chinneann an Coimisiún nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo a thuilleadh, beidh feidhm ag mír 8.

8.  Má chinneann an Coimisiún nach bhfuil eisiúint na ndoiciméad dá dtagraítear i mír 2 nó i mír 3 den Airteagal seo faoi réir ceanglas comhionann leo siúd a leagtar síos sa Treoir seo a thuilleadh, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena gcuirfear ar fionraí bailíocht na dteastas cáilíochta, na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhar, arna n-eisiúint i gcomhréir leis na ceanglais sin, ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 33(3).

Féadfaidh an Coimisiún an fionraí sin a chealú, tráth ar bith, más rud é gur réitíodh na heasnaimh a sainaithníodh i ndáil leis na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm.

9.  Cuirfidh an Coimisiún an liosta de na tríú tíortha dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar fáil don phobal, mar aon leis na doiciméid a aithnítear mar dhoiciméid atá bailí ar uiscebhealaí intíre uile an Aontais.



CAIBIDIL 3

CÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA A DHEIMHNIÚ



ROINN 1

▼C1

Nós imeachta chun teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus údaruithe sonracha a eisiúint

▼B

Airteagal 11

Eisiúint agus bailíocht teastas cáilíochta de chuid an Aontais

1.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann iarratasóirí ar theastais cháilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice agus ar theastais cháilíochta le haghaidh oibríochtaí sonracha fianaise shásúil dhoiciméadach a sholáthar maidir leis an méid seo a leanas:

(a) a gcéannacht;

(b) go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le haois, inniúlacht, comhlíonadh riaracháin agus am loingseoireachta don cháilíocht a ndearna siad iarratas ina leith;

(c) go gcomhlíonann siad na caighdeáin maidir le dea-shláinte i gcomhréir le hAirteagal 23, i gcás inarb infheidhme.

2.  Eiseoidh na Ballstáit teastais cháilíochta de chuid an Aontais tar éis barántúlacht agus bailíocht na ndoiciméad a sholáthraíonn na hiarratasóirí a fhíorú agus tar éis a fhíorú nár eisíodh teastas cáilíochta bailí de chuid an Aontais do na hiarratasóirí cheana féin.

3.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunófar múnlaí le haghaidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus le haghaidh doiciméid aonair ina gcuirtear le chéile teastais cháilíochta de chuid an Aontais agus leabhair thaifid seirbhíse. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

4.  Beidh bailíocht theastas cáilíochta an Aontais mar bhall den chriú deice teoranta do dháta an chéad scrúdaithe leighis eile is gá de bhun Airteagal 23.

5.  Gan dochar don teorannú dá dtagraítear i mír 4, beidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid bailí suas go dtí uastréimhse 13 bliana.

6.  Beidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais le haghaidh oibríochtaí sonracha bailí suas go dtí uastréimhse 5 bliana.

Airteagal 12

Eisiúint agus bailíocht údaruithe sonracha le haghaidh máistrí báid

1.  Maidir leis na hiarratasóirí ar údaruithe sonracha dá dtagraítear in Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go soláthraíonn siad fianaise shásúil dhoiciméadach maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) a gcéannacht;

(b) go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta a leagtar síos in Iarscríbhinn I maidir le haois, inniúlacht, comhlíonadh riaracháin agus am loingseoireachta don údarú sonrach a ndearna siad iarratas ina leith;

(c) go bhfuil teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid acu nó go bhfuil teastas acu a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus (3) acu, nó go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta le haghaidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais do mháistrí báid dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

2.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, maidir le húdaruithe sonracha a éilítear de bhun pointe (b) d’Airteagal 6 le haghaidh seoltóireacht ar stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha, soláthróidh iarratasóirí fianaise shásúil dhoiciméadach d’údaráis inniúla na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 20(3) i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) a gcéannacht;

(b) go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 20 le haghaidh na hinniúlachta i gcás rioscaí sonracha a bhaineann leis an stráice d’uiscebhealach intíre sonrach a n-éilítear an t-údarú ina leith;

(c) go bhfuil teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid acu nó go bhfuil teastas acu a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 10(2) agus (3) acu nó go gcomhlíonann siad na ceanglais íosta le haghaidh teastais cháilíochta de chuid an Aontais do mháistrí báid dá bhforáiltear leis an Treoir seo.

3.  Eiseoidh na Ballstáit na húdaruithe sonracha dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 tar éis dóibh barántúlacht agus bailíocht na ndoiciméad arna soláthar ag an iarratasóir a fhíorú.

4.  Maidir leis an údarás inniúil a eisíonn teastais cháilíochta de chuid an Aontais do mháistrí báid, áiritheoidh na Ballstáit go léiríonn sé go sonrach sa teastas aon údarú sonrach a eisíodh de bhun Airteagal 6 i gcomhréir leis an múnla dá dtagraítear in Airteagal 11(3). Scoirfidh an t-údarú sonrach sin de bheith bailí tráth a scoireann teastas cáilíochta an Aontais de bheith bailí.

5.  De mhaolú ar mhír 4 den Airteagal seo, eiseofar an t-údarú sonrach dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6 mar theastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe, i gcomhréir leis an múnla dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus socrófar a thréimhse bailíochta i gcomhréir le hAirteagal 11(6).

Airteagal 13

Athnuachan ar theastais cháilíochta de chuid an Aontais agus ar údaruithe sonracha le haghaidh máistrí báid

Ar dhul in éag do theastas cáilíochta de chuid an Aontais, déanfaidh na Ballstáit, arna iarraidh sin orthu, an teastas agus, i gcás inarb ábhartha, na húdaruithe sonracha a áirítear ann, a athnuachan ar na coinníollacha seo leanas:

(a) maidir le teastais cháilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice agus maidir le húdaruithe sonracha seachas an ceann siúd dá dtagraítear i bpointe (d) d’Airteagal 6, gur tíolacadh an fhianaise shásúil dhoiciméadach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 11(1);

(b) maidir le teastais cháilíochta de chuid an Aontais le haghaidh oibríochtaí sonracha, gur tíolacadh an fhianaise shásúil dhoiciméadach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) d’Airteagal 11(1).

Airteagal 14

Teastais cháilíochta de chuid an Aontais nó údaruithe sonracha do mháistrí báid a fhionraí agus a tharraingt siar

1.  I gcás inar cosúil nach gcomhlíontar na ceanglais maidir le teastais cháilíochta nó le húdaruithe sonracha a thuilleadh, déanfaidh an Ballstát a d’eisigh an teastas nó an t-údarú sonrach na measúnuithe uile is gá agus, i gcás inarb iomchuí, tarraingeoidh sé siar na teastais sin nó an t-údarú sonrach.

2.  Féadfaidh aon Bhallstát teastas cáilíochta de chuid an Aontais a fhionraí go sealadach i gcás ina measann sé go bhfuil gá leis an bhfionraí sin ar mhaithe leis an tsábháilteacht nó leis an ord poiblí.

3.  Déanfaidh na Ballstáit taifead, gan moill mhíchuí, sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 25(2) ar aon fhionraí agus ar aon tarraingt siar.



ROINN II

Comhar Riaracháin

Airteagal 15

Comhar

I gcás ina gcinnfidh Ballstát dá dtagraítear in Airteagal 39(3) nach gcomhlíonann teastas cáilíochta arna eisiúint ag údarás inniúil i mBallstát eile na coinníollacha arna leagan síos ag an Treoir seo, nó i gcás ina bhfuil cúiseanna sábháilteachta nó oird phoiblí ann, iarrfaidh an t-údarás inniúil ar an údarás eisiúna machnamh a dhéanamh ar an teastas cáilíochta sin a chur ar fionraí de bhun Airteagal 14. Cuirfidh an t-údarás iarrthach an Coimisiún ar an eolas faoin iarraidh sin. Déanfaidh an t-údarás a d’eisigh an teastas cáilíochta i gceist an iarraidh a scrúdú agus cuirfidh sé a chinneadh in iúl don údarás eile. Féadfaidh aon údarás inniúil toirmeasc a chur ar dhuine feidhmiú laistigh dá réimse dlínse nó go dtiocfaidh fógra maidir le cinneadh an údaráis eisiúna.

Comhoibreoidh na Ballstáit sin dá dtagraítear in Airteagal 39(3) le húdaráis inniúla na mBallstát eile freisin d’fhonn a áirithiú go dtaifeadtar sonraí maidir le hamanna seoltóireachta agus turais do shealbhóirí teastas cáilíochta agus leabhar taifid seirbhíse a aithnítear faoin Treoir seo, má iarann sealbhóir teastas seirbhíse an taifead, agus go mbailíochtaítear iad ar feadh tréimhse suas go 15 mhí roimh an iarraidh ar bhailíochtú. Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 39(3) an Coimisiún ar an eolas, i gcás inarb ábhartha, maidir le huiscebhealaí intíre a gcríche féin ina bhfuil inniúlachtaí le haghaidh loingseoireachta de chineál muirí de dhíth.



ROINN III

Inniúlachtaí

Airteagal 16

Ceanglais maidir le hinniúlachtaí

1.  Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hinniúlachtaí is gá acu chun árthach a oibriú go sábháilte, mar a leagtar síos in Airteagal 17.

2.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, déanfar an measúnú ar an inniúlacht i gcás rioscaí sonracha dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 6 i gcomhréir le hAirteagal 20.

Airteagal 17

Inniúlachtaí a mheasúnú

1.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31 d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin a leagan síos maidir le hinniúlachtaí agus leis an eolas comhfhreagrach agus leis na scileanna comhfhreagracha i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go dtaispeánann na daoine a dhéanann iarratas ar na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6, i gcás inarb infheidhme, go gcomhlíonann siad na caighdeáin d’inniúlacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo trí phas a ghnóthú i scrúdú a eagraíodh:

(a) faoi fhreagracht údarás riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 18; nó

(b) mar chuid de chlár oiliúna arna fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 19.

3.  Mar chuid den taispeáint ar chomhlíonadh na gcaighdeán inniúlachta, déanfar scrúdú praiticiúil chun an méid seo a leanas a fháil:

(a) teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid;

(b) údarú sonrach le haghaidh seoltóireacht a dhéanamh le cabhair ó radar dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 6;

(c) teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe;

(d) teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar loingseoireacht phaisinéirí.

Chun na doiciméid dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) den mhír seo a fháil, féadfar scrúduithe praiticiúla a chur ar siúl ar bord árthaigh nó ar ionsamhlóir a chomhlíonann Airteagal 21. Maidir le pointe (c) agus (d) den mhír seo, féadfar scrúduithe praiticiúla a chur ar siúl ar bord árthaigh nó ar ionsamhlóir iomchuí ar an gcladach.

4.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin a leagan síos le haghaidh na scrúduithe praiticiúla dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, lena sonraítear na hinniúlachtaí agus na coinníollacha sonracha a mbeidh tástáil le déanamh orthu le linn na scrúduithe praiticiúla, mar aon leis na ceanglais íosta le haghaidh an árthaigh ar a bhféadfar scrúdú praiticiúil a dhéanamh.

Airteagal 18

Scrúdú faoi fhreagracht údaráis riaracháin

1.  Áiritheoidh na Ballstáit gur faoina gcúram féin a n-eagraítear na scrúduithe dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 17(2). Áiritheoidh siad gur scrúdaitheoirí atá cáilithe chun measúnú a dhéanamh ar na hinniúlachtaí agus ar an eolas comhfhreagrach agus ar na scileanna comhfhreagracha dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a sheolfaidh na scrúduithe sin.

2.  Eiseoidh na Ballstáit teastas ar scrúdú praiticiúil d’iarratasóirí a ghnóthaigh pas sa scrúdú praiticiúil dá dtagraítear in Airteagal 17(3) i gcás ina ndearnadh an scrúdú sin ar ionsamhlóir i gcomhréir le Airteagal 21, agus inar iarr an t-iarratasóir teastas den sórt sin.

3.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar samhlacha le haghaidh na dteastas ar scrúdú praiticiúil dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

4.   ►C1  Tabharfaidh na Ballstáit aitheantas, gan breis ceanglas ná measúnaithe, do na teastais ar scrúdú praiticiúil dá dtagraítear i mír 2 a d'eisigh na húdaráis inniúla sna Ballstáit eile. ◄

5.  I gcás scrúduithe i scríbhinn nó scrúduithe atá bunaithe ar ríomhaire, féadfar maoirseoirí cáilithe a chur in ionad na scrúdaitheoirí dá dtagraítear i mír 1.

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na scrúdaitheoirí agus na maoirseoirí cáilithe dá dtagraítear sa chaibidil seo saor ó choinbhleachta leasa.

Airteagal 19

Cláir oiliúna a fhormheas

1.  Féadfaidh na Ballstáit cláir oiliúna a chur ar bun do na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4, in Airteagal 5 agus in Airteagal 6. Maidir leis na cláir oiliúna sin as a dtagann dioplómaí nó teastais lena dtaispeántar go bhfuil na caighdeáin inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) á gcomhlíonadh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanann údaráis inniúla na mBallstát arb ar a gcríoch a sheolann an institiúid oideachais nó an institiúid oiliúna ábhartha a cláir oiliúna iad a fhormheas.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go ndéantar measúnú agus dearbhú cáilíochta na gclár oiliúna a áirithiú trí chaighdeán cáilíochta náisiúnta nó idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 27(1).

2.  Ní fhéadfaidh na Ballstáit na cláir oiliúna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a fhormheas ach amháin más rud é:

(a) go ndoiciméadaítear i gceart na cuspóirí oiliúna, an t-ábhar foghlama, na modhanna, na meáin seachadta, na nósanna imeachta, lena n-áirítear úsáid ionsamhlóirí, i gcás inarb infheidhme, mar aon le hábhair na gcúrsaí, agus go gcuirtear ar chumas na n-iarratasóirí leo na caighdeáin inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a bhaint amach;

(b) gurb iad daoine cáilithe a bhfuil mioneolas acu ar an gclár oiliúna a sheolann na cláir le haghaidh measúnú a dhéanamh ar na hinniúlachtaí ábhartha;

(c) go seolann scrúdaitheoirí cáilithe atá saor ó choinbhleachtaí leasa scrúdú lena bhfíoraítear go bhfuil na caighdeáin inniúlachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) á gcomhlíonadh.

3.  Aithneoidh na Ballstáit aon dioplómaí nó aon teastais a bhronntar tar éis cláir oiliúna arna bhformheas ag Ballstáit eile i gcomhréir le mír 1 a chríochnú.

4.  Déanfaidh na Ballstáit a bhformheas ar chláir oiliúna nach gcomhlíonann na critéir a leagtar amach i mír 2 a thuilleadh a chúlghairm nó a fhionraí.

5.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi liosta na gclár oiliúna a formheasadh, mar aon le haon chláir oiliúna ar cúlghaireadh nó ar fionraíodh a bhformheas. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Tabharfar le fios sa liosta ainm an chláir oiliúna, teidil na ndioplómaí nó na dteastas arna mbronnadh, an comhlacht a bhronnann na dioplómaí nó na teastais, bliain theacht i bhfeidhm an fhormheasta, mar aon leis an gcáilíocht ábhartha agus aon údaruithe sonracha ar a dtugann an dioplóma nó an teastas rochtain.

Airteagal 20

Inniúlachtaí i gcás rioscaí sonracha a mheasúnú

1.  Maidir leis na Ballstáit a shainaithníonn stráicí d’uiscebhealaí intíre lena ngabhann rioscaí sonracha de réir bhrí Airteagal 9(1) ar a gcríocha féin, saineoidh siad an inniúlacht bhreise a cheanglaítear ar mháistrí báid a bhíonn i mbun loingseoireachta ar na stráicí sin d’uiscebhealaí intíre, agus sonróidh siad na modhanna is gá chun a chruthú go gcomhlíontar na ceanglais sin. I gcás ina measann na Ballstáit gur gá sin chun críche an tsábháilteacht a áirithiú, rachaidh siad i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach Aibhneacha ábhartha agus na hinniúlachtaí sin á sainaithint.

Agus na hinniúlachtaí sin is gá le haghaidh loingseoireacht ar an stráice d’uiscebhealach intíre le rioscaí sonracha á gcur san áireamh, d’fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh ar na modhanna le hinniúlachtaí breise den sórt sin a chruthú:

(a) líon teoranta turas a bheidh le déanamh ar an stráice lena mbaineann;

(b) scrúdú ar ionsamhlóir;

(c) scrúdú ilrogha;

(d) scrúdú béil; nó

(e) teaglaim de na modhanna dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d).

Agus an mhír seo á cur i bhfeidhm acu, déanfaidh na Ballstáit critéir atá oibiachtúil, trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach a chur i bhfeidhm.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit dá dtagraítear i mír 1 go gcuirtear nósanna imeachta ar bun chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht iarratasóirí i gcás rioscaí sonracha, agus áiritheoidh siad go gcuirtear uirlisí ar fáil go poiblí chun an bealach a éascú do mháistrí báid maidir leis an inniúlacht is gá i gcás rioscaí sonracha a fháil.

3.  Féadfaidh Ballstát measúnú a dhéanamh ar inniúlacht iarratasóirí i gcás rioscaí sonracha a bhaineann le stráicí d’uiscebhealaí intíre atá i mBallstát eile, ar bhonn na gceanglas a bhunaítear don stráice sin d’uiscebhealach intíre i gcomhréir le mír 1, ar choinníoll go mbíonn aige toiliú sainráite an Bhallstáit ina bhfuil an stráice sin d’uiscebhealach intíre suite. I gcás den chineál sin, cuirfidh an Ballstát sin ar fáil don Bhallstát a dhéanann an measúnú sin pé modh is gá leis an measúnú sin a dhéanamh. Má dhiúltaítear toiliú a thabhairt, ní mór do na Ballstáit údar a thabhairt agus sin a bheith bunaithe ar fhorais oibiachtúla agus comhréireacha.

Airteagal 21

Úsáíd ionsamhlóirí

1.  Formheasfaidh na Ballstáit na hionsamhlóirí a úsáidtear chun inniúlachtaí a mheasúnú. Eiseofar an formheas sin arna iarraidh sin nuair a thaispeántar go gcomhlíonann an t-ionsamhlóirna caighdeáin le haghaidh ionsamhlóirí a bhunaítear le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 2. Sonrófar san fhormheas an measúnú inniúlachta áirithe a údaraítear maidir leis an ionsamhlóir.

2.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí chaighdeáin a leagan síos chun ionsamhlóirí a fhormheas, lena sonraítear na ceanglais feidhmiúla agus theicniúla íosta agus na nósanna imeachta riaracháin i ndáil leis sin, agus é mar chuspóir a áirithiú go ndeartar na hionsamhlóirí a úsáidtear le haghaidh measúnú ar inniúlachtaí sa dóigh go bhféadfar na hinniúlachtaí a fhíorú faoi mar a fhorordaítear faoi na caighdeáin le haghaidh scrúduithe praiticiúla dá dtagraítear in Airteagal 17(3).

3.  Aithneoidh na Ballstáit ionsamhlóirí arna bhformheas ag údaráis inniúla i mBallstáit eile i gcomhréir le mír 1, gan a thuilleadh ceanglas teicniúil ná measúnuithe.

4.  Déanfaidh na Ballstáit a bhformheas ionsamhlóirí a chúlghairm nó a fhionraí nach gcomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 2 a thuilleadh.

5.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoin liosta de na hionsamhlóirí formheasta. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

6.  Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an rochtain ar ionsamhlóirí chun críocha measúnaithe neamh-idirdhealaitheach.



ROINN IV

Am loingseoireachta agus dea-shláinte

Airteagal 22

Leabhar taifid seirbhíse agus logleabhar

1.  Maidir leis an am loingseoireachta do mháistrí báid, dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 11(1), agus turais a dhéantar dá dtagraítear in Airteagal 20(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh máistrí báid iad a thaifeadadh i leabhar taifid seirbhíse dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo nó i leabhar taifid seirbhíse a aithnítear de bhun Airteagal 10(2) nó (3).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, nuair a fheidhmeoidh na Ballstáit Airteagal 7(1) nó Airteagal 39(2), ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo ach amháin má iarrann sealbhóir an leabhair thaifid a leithéid de thaifead.

2.  Má iarann aon bhall den chriú amhlaidh, maidir leis na sonraí a bhaineann leis an am loingseoireachta agus leis na turais a dhéantar i gcaitheamh tréimhse suas go 15 mhí roimh an iarraidh, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh a n-údaráis inniúla iad a bhailíochtú sa leabhar taifid seirbhíse tar éis dóibh barántúlacht agus bailíocht aon fhianaise doiciméadaí is gá a fhíorú. I gcás ina gcuirtear uirlisí leictreonacha ar bun, lena n-áirítear leabhair thaifid seirbhíse leictreonacha agus logleabhair leictreonacha, lena n-áirítear nósanna imeachta iomchuí maidir le barántúlacht na ndoiciméad a choimirciú, féadfar na sonraí comhfhreagracha a bhailíochtú gan nósanna imeachta breise.

Cuirfear an t-am loingseoireachta a fuarthas ar aon cheann d’uiscebhealaí na mBallstát san áireamh. I gcás uiscebhealaí intíre nach bhfuil a gcúrsaí go hiomlán laistigh de chríoch an Aontais, cuirfear san áireamh freisin an t-am loingseoireachta a fuarthas ar chodanna lasmuigh de chríoch an Aontais.

3.  Maidir leis na turais a dhéanann árthach dá dtagraítear in Airteagal 2(1), áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar iad a thaifeadadh sa logleabhar dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo nó i logleabhar a aithnítear de bhun Airteagal 10(2) nó (3).

4.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar múnlaí le haghaidh leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhar, agus aird á tabhairt ar an bhfaisnéis is gá chun an Treoir seo a chur chun feidhme maidir leis an duine, a am loingseoireachta agus na turais a dhéantar a shainaithint. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 33(2).

Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh go n-úsáidtear an logleabhar freisin chun Treoir 2014/112/AE ón gComhairle ( 4 ) a chur chun feidhme maidir leis na ceanglais i ndáil le foirniú a fhíorú agus maidir le turais an árthaigh a thaifeadadh.

5.   ►C1  Faoin 17 Eanáir 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le leabhair thaifid seirbhíse leictreonacha, logleabhair, agus cártaí gairmiúla crioscaíldíonacha ina n-ionchorpraítear teastais cháilíochta de chuid an Aontais sa loingseoireacht intíre. ◄

6.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil leabhar taifid seirbhíse gníomhach aonair ag na baill den chriú deice agus go bhfuil logleabhar gníomhach aonair ar an árthach.

Airteagal 23

Dea-shláinte

1.  Maidir leis na baill den chriú deice a dhéanann iarratas ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais, áiritheoidh na Ballstáit go dtaispeánann siad go bhfuil dea-shláinte acu trí theastas bailí leighis a thabhairt don údarás inniúil, ar teastas é a eisíonn liachleachtóir. a aithníonn an t-údarás inniúil, bunaithe ar scrúdú dea-shláinte a bheith déanta go rathúil.

2.  Soláthróidh na hiarratasóirí teastas leighis don údarás inniúil agus iad ag déanamh iarratais ar an méid seo a leanas:

(a) a gcéad teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice;

(b) a dteastas cáilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid;

(c) a dteastas cáilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice a athnuachan i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i mír 3 den Airteagal seo.

Maidir le teastais leighis a eisítear chun teastas cáilíochta de chuid an Aontais a fháil, cuirfear dáta orthu tráth nach luaithe ná 3 mhí roimh dháta an iarratais ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais.

3.  Ó 60 bliain d’aois, déanfaidh sealbhóir teastais cháilíochta de chuid an Aontais mar bhall den chriú deice a thaispeáint gach 5 bliana ar a laghad go bhfuil dea-shláinte aige nó aici i gcomhréir le mír 1. Ó 70 bliain d’aois, taispeánfaidh an sealbhóir go bhfuil dea-shláinte aige nó aici i gcomhréir le mír 1 gach re bliain.

4.  Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfaidh fostóirí, máistrí báid agus údaráis na mBallstát a éileamh ar bhall den chriú deice a thaispeáint go bhfuil dea-shláinte aige nó aici i gcomhréir le mír 1, i gcás inarb ann do thásca oibiachtúla nach bhfuil na ceanglais maidir le dea-shláinte dá dtagraítear i mír 6 á gcomhlíonadh ag an mball sin den chriú deice a thuilleadh

5.  I gcás nach féidir leis an iarratasóir dea-shláinte a thaispeáint go hiomlán, féadfaidh na Ballstáit bearta maolúcháin nó srianta a fhorchur lena gcuirtear sábháilteacht choibhéiseach loingseoireachta ar fáil. Sa chás sin, déanfar na bearta maolúcháin agus na srianta sin a bhaineann le dea-shláinte a lua ar an teastas cáilíochta de chuid an Aontais i gcomhréir leis an múnla dá dtagraítear in Airteagal 11(3).

6.  Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 ar bhonn na gceanglas bunriachtanach le haghaidh dea-shláinte dá dtagraítear in Iarscríbhinn III d’fhonn an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin le haghaidh dea-shláinte a leagan síos lena sonrófar na ceanglais maidir le dea-shláinte, go háirithe maidir leis na tástálacha nach mór do liachleachtóirí a dhéanamh, na critéir nach mór dóibh a chur i bhfeidhm le folláine chun na hoibre a chinneadh agus an liosta de na srianta agus de na bearta maolúcháin.



CAIBIDIL 4

FORÁLACHA RIARACHÁIN

Airteagal 24

Sonraí pearsanta a chosaint

1.  Déanfaidh na Ballstáit an phróiseáil sonraí pearsanta uile dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le sonraí pearsanta a chosaint, go háirithe Rialachán (AE)/2016/679.

2.  Déanfaidh an Coimisiún an phróiseáil sonraí pearsanta uile dá bhforáiltear sa Treoir seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit nach bpróiseáiltear sonraí pearsanta ach amháin chun:

(a) an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi;

(b) faisnéis a mhalartú idir na húdaráis a bhfuil rochtain acu ar an mbunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 25 agus an Coimisiún;

(c) staidreamh a chur ar fáil.

Féadfar faisnéis anaithnidithe a dhíorthaítear ó na sonraí sin a úsáid chun tacú le beartais chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn.

4.  Maidir leis na daoine dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a ndéantar a sonraí pearsanta agus, go háirithe, a sonraí sláinte, a phróiseáil sna cláir dá dtagraítear in Airteagal 25(1), agus sa bhunachar sonraí dá dtagraítear in Airteagal 25(2), áiritheoidh na Ballstáit go gcuirtear ar an eolas ar bhonn ex ante iad. Tabharfaidh na Ballstáit rochtain do na daoine sin ar a sonraí pearsanta, agus tabharfaidh siad cóip de na sonraí sin dóibh arna iarraidh sin tráth ar bith.

Airteagal 25

Cláir

1.  Chun cur le riarachán éifeachtúil i dtaca le teastais cháilíochta a eisiúint, a athnuachan, a fhionraí agus a tharraingt siar, coinneoidh na Ballstáit cláir de na teastais cháilíochta de chuid an Aontais, de na leabhair thaifid seirbhíse agus de na logleabhair go léir a eisítear faoina n-údarás i gcomhréir leis an Treoir seo agus, i gcás inarb ábhartha, de na doiciméid a aithnítear de bhun Airteagal 10(2) a eisíodh, a athnuadh, a cuireadh ar fionraí, nó a tarraingíodh siar, ar tuairiscítear gur cailleadh iad, gur goideadh nó gur scriosadh iad, nó atá i léig.

Maidir le teastais cháilíochta de chuid an Aontais, áireofar sna cláir na sonraí a bhíonn ar theastais cháilíochta an Aontais agus an t-údarás eisiúna.

Maidir le leabhair thaifid seirbhíse, áireofar sna cláir ainm an tsealbhóra agus a uimhir aitheantais, uimhir aitheantais an leabhair thaifid seirbhíse, an dáta eisiúna agus an t-údarás eisiúna.

Maidir le logleabhair, áireofar sna cláir ainm an árthaigh, an Uimhir Aitheantais Eorpach nó Uimhir Aitheantais Eorpach an Árthaigh (uimhir ENI), uimhir aitheantais an logleabhair, an dáta eisiúna agus an t-údarás eisiúna.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun an fhaisnéis sna cláir le haghaidh leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair a fhorlíonadh le faisnéis eile a éilítear le múnlaí na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhar a ghlactar de bhun Airteagal 22(4), agus é mar chuspóir aige malartú faisnéise idir na Ballstáit a éascú tuilleadh.

2.  Chun an Treoir seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus chun meastóireacht a dhéanamh uirthi, chun sábháilteacht a chothabháil, chun loingseoireacht a éascú, agus freisin chun críocha staidrimh agus chun an malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis a chuireann an Treoir seo chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit sonraí a bhaineann leis na teastais cháilíochta, na leabhair thaifid cáilíochta agus na logleabhair dá dtagraítear i mír 1 a thaifeadadh go hiontaofa gan mhoill i mbunachar sonraí arna choinneáil ag an gCoimisiún.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 31 chun na caighdeáin a sholáthar lena leagtar síos saintréithe bunachair sonraí den sórt sin agus coinníollacha a úsáide, lena sonrófar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) na treoracha chun sonraí a ionchódú sa bhunachar sonraí;

(b) cearta rochtana na n-úsáideoirí, a dhifreáiltear, i gcás inarb iomchuí, de réir chineál na n-úsáideoirí, an chineáil rochtana agus na críche a n-úsáidtear na sonraí ina leith;

(c) uastréimhse choinneála na sonraí sin i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, a dhifreáiltear, i gcás inarb iomchuí, de réir chineál an doiciméid;

(d) na treoracha maidir le hoibriú an bhunachair sonraí agus an t-idirghníomhú idir é agus na cláir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

3.  Aon sonraí pearsanta a áirítear sna cláir dá dtagraítear i mír 1 nó sa bhunachar sonraí dá dtagraítear i mír 2, ní dhéanfar iad a stóráil ach go ceann tréimhse nach faide ná mar is gá chun na gcríoch ar ina leith a bailíodh na sonraí nó a dhéantar iad a phróiseáil tuilleadh de bhun na Treorach seo. A luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leis na sonraí sin chun na gcríoch sin, scriosfar iad.

4.  Féadfaidh an Coimisiún rochtain ar an mbunachar sonraí a thabhairt d’údarás tríú tír nó d’eagraíocht idirnáisiúnta, a mhéid atá gá leis sin chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, ar an gcoinníoll

(a) go gcomhlíontar ceanglais Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001; agus

(b) nach gcuireann an tríú tír ná an eagraíocht idirnáisúnta teorainn ar rochtain na mBallstát ná an Choimisiúin ar an mbunachar sonraí comhfhreagrach atá aici.

Áiritheoidh an Coimisiún nach ndéanann an tríú tír ná an eagraíocht idirnáisiúnta na sonraí a aistriú chuig triú tír eile ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta eile ach amháin má thugann an Coimisiún údarú sainráite i scríbhinn di agus faoi na coinníollacha a shonraíonn an Coimisiún.

Airteagal 26

Údaráis inniúla

1.  Ainmneoidh na Ballstáit, i gcás inarb infheidhme, cé na húdaráis inniúla atá leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) na scrúduithe dá dtagraítear in Airteagal 18 a eagrú agus a mhaoirsiú;

(b) na cláir oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 19 a fhormheas;

(c) na hionsamhlóirí dá dtagraítear in Airteagal 21 a fhormheas;

(d) na teastais a eisiúint, a athnuachan, a fhionraí nó a tharraingt siar agus na húdaruithe sonracha dá dtagraítear in Airteagail 4, 5, 6, 11, 12, 13, 14 agus 38 a eisiúint mar aon leis na leabhair thaifid seirbhíse agus na logleabhair dá dtagraítear in Airteagal 22;

(e) an t-am loingseoireachta a bhailíochtú i leabhair thaifid seirbhíse dá dtagraítear in Airteagal 22;

(f) na liachleachtóirí a fhéadfaidh teastais leighis a eisiúint de bhun Airteagal 23 a chinneadh;

(g) na cláir dá dtagraítear in Airteagal 25 a choinneáil;

(h) calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile dá dtagraítear in Airteagal 29 a bhrath agus a chomhrac.

2.  Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla go léir laistigh dá gcríoch a d’ainmnigh siad i gcomhréir le mír 1. Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

Airteagal 27

Faireachán

1.  Áiritheoidh na Ballstáit maidir leis na gníomhaíochtaí go léir a dhéanann comhlachtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha agus atá faoina bhfreagracht a bhaineann le hoiliúint, le measúnuithe inniúlachtaí, agus le teastais cháilíochta de chuid an Aontais, le leabhair thaifid seirbhíse agus le logleabhair a eisiúint agus a nuashonrú, go ndéantar faireachán leanúnach orthu trí chóras caighdeán cáilíochta chun a áirithiú go mbainfear amach cuspóirí na Treorach seo.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go sainítear go soiléir na cuspóirí oiliúna agus na caighdeáin ábhartha inniúlachtaí a bheidh le baint amach, agus go sainaithnítear na leibhéil eolais agus scileanna a mbeidh measúnú agus scrúdú le déanamh orthu i gcomhréir leis an Treoir seo.

3.  Áiritheoidh na Ballstáit ag féachaint do na beartais, na córais, na rialuithe agus na hathbhreithnithe inmheánacha maidir le dearbhú cáilíochta a bhunaítear chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sainithe, go gcumhdaítear an méid seo a leanas i réimsí chur i bhfeidhm na gcaighdeán cáilíochta:

(a) teastais cháilíochta, leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair de chuid an Aontais a eisiúint, a athnuachan, a fhionraí agus a tharraingt siar;

(b) gach cúrsa agus clár oiliúna;

(c) scrúduithe agus measúnuithe arna seoladh ag gach Ballstát nó faoina n-údarás; agus

(d) na cáilíochtaí agus an taithí a éilítear ar oiliúnóirí agus ar scrúdaitheoirí.

Airteagal 28

Meastóireacht

1.  Faoin 17 Eanáir 2037 agus ar a laghad gach 10 mbliana ina dhiaidh sin, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh comhlachtaí neamhspleácha measúnú ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le hinniúlachtaí a fháil agus a mheasúnú agus le riaradh na dteastas cáilíochta de chuid an Aontais, na leabhar taifid seirbhíse agus na logleabhair.

2.  Áiritheoidh na Ballstáit go ndéantar torthaí na meastóireachtaí a dhéanfaidh na comhlachtaí neamhspleácha sin a dhoiciméadú go cuí agus a chur in iúl do na húdaráis inniúla lena mbaineann. Más gá, glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun aon easnaimh arna sainaithint ag an measúnú neamhspleách a leigheas.

Airteagal 29

Calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a chosc

1.  Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí chun calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a chosc lena mbaineann teastais cháilíochta de chuid an Aontais, leabhair thaifid seirbhíse, logleabhair, teastais leighis agus cláir dá bhforáiltear sa Treoir seo.

2.  Déanfaidh na Ballstáit faisnéis ábhartha a mhalartú leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile maidir le deimhniú daoine a bhfuil baint acu le hárthaigh a oibriú, lena n-áirítear faisnéis maidir le teastais a fhionraí agus a tharraingt siar. Á dheanamh sin dóibh, cloífear go hiomlán leis na prionsabail maidir le cosaint sonraí pearsanta atá leagtha síos i Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 30

Pionóis

Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar bhearta náisiúnta arna nglacadh de bhun na Treorach seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.



CAIBIDIL 5

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

An tarmligean a fheidhmiú

1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus (4), in Airteagal 21(2), in Airteagal 23(6) agus in Airteagal 25(1) agus (2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 16 Eanáir 2018. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear san Airteagal seo a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 32

Caighdeáin CESNI agus Gníomhartha Tarmligthe

Déanfar tagairt i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Treoir seo, ach amháin iontu sin atá bunaithe ar Airteagal 25, do na caighdeáin a bhunaigh CESNI ar choinníoll:

(a) go bhfuil na caighdeáin sin ar fáil agus cothrom le dáta;

(b) go gcomhlíonann na caighdeáin sin aon cheanglais infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní;

(c) nach gcuireann athruithe ar phróiseas cinnteoireachta CESNI leasa an Aontais i mbaol.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh do chaighdeáin eile nó tagairt a dhéanamh dóibh.

I gcás ina ndéantar tagairt i ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Treoir seo do chaighdeáin, áireoidh an Coimisiún téacs iomlán na gcaighdeán sin sna gníomhartha tarmligthe sin, agus déanfaidh sé an tagairt ábhartha nó tabharfaidh sé cothrom le dáta í agus déanfaidh sé dáta a curtha i bhfeidhm a iontráil in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 33

Nós imeachta coiste

1.  Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin. Na tagairtí don choiste a bunaíodh de bhun Airteagal 7 de Threoir 91/672/CEE, a aisghairtear leis an Treoir seo, forléireofar iad mar thagairtí don choiste a bhunaítear leis an Treoir seo.

2.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh.

3.  I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás ina bhfuiltear chun tuairim an choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den teorainn ama leis an tuairim sin a thabhairt, go gcinneann cathaoirleach an choiste amhlaidh.

Airteagal 34

Caighdeáin CESNI agus Gníomhartha Cur Chun Feidhme

Nuair a bheidh na gníomhartha cur chun feidhme sin dá dtagraítear in Airteagal 11(3), in Airteagal 18(3) agus in Airteagal22(4) á nglacadh aige, déanfaidh an Coimisiún tagairt do na caighdeáin a bhunaigh CESNI, agus socróidh sé dáta a gcurtha i bhfeidhm, ar choinníoll:

(a) go bhfuil na caighdeáin sin ar fáil agus cothrom le dáta;

(b) go gcomhlíonann na caighdeáin sin aon cheanglais is infheidhme a leagtar amach sna hIarscríbhinní;

(c) nach gcuireann athruithe ar phróiseas cinnteoireachta CESNI leasa an Aontais i mbaol.

I gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh do chaighdeáin eile nó tagairt a dhéanamh dóibh.

I gcás ina ndéantar tagairt i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh faoin Treoir seo do chaighdeáin, áireoidh an Coimisiún téacs iomlán na gcaighdeán sin sna gníomhartha cur chun feidhme sin.

Airteagal 35

Athbhreithniú

1.  Déanfaidh an Coimisiún an Treoir seo a mheasúnú mar aon leis na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa Treoir seo, agus cuirfidh sé torthaí na meastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tráth nach déanaí ná 17 Eanáir 2030.

2.  Faoin 17 Eanáir 2020, déanfaidh gach Ballstát an fhaisnéis is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar mheastóireacht na Treorach seo a chur ar fáil don Choimisiún, i gcomhréir leis na treoirlínte a sholáthraíonn an Coimisiún i gcomhairliúchán leis na Ballstáit maidir le faisnéis a bhailiú, formáid agus ábhar.

Airteagal 36

Céimniú isteach

1.  Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 17(1) agus (4), 21(2), 23(6) agus 25(1) agus (2) faoin 17 Eanáir 2020.

Tráth nach déanaí ná 24 mhí tar éis ghlacadh na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 25(2), bunóidh an Coimisiún an bunachar sonraí dá bhforáiltear san Airteagal sin.

2.  Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 11(3), Airteagal 18(3) agus Airteagal 22(4) faoin17 Eanáir 2020.

Airteagal 37

Aisghairm

Déantar Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE a aisghairm le héifeacht ón 18 Eanáir 2022.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 38

Forálacha idirthréimhseacha

1.   ►C1  I dtaca le teastais do mháistrí báid, arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 96/50/CE agus leis na teastais dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Threoir 96/50/CE, chomh maith le ceadúnais loingseoireachta de chuid na Réine dá dtagraítear in Airteagal 1(5) de Threoir 96/50/CE, a eisíodh tráth is túisce ná 18 Eanáir 2022, beidh siad bailí ar uiscí intíre an Aontais a raibh siad bailí ina leith roimh an dáta sin, ar feadh tréimhse nach faide ná 10 mbliana tar éis an dáta sin. ◄

Roimh 18 Eanáir 2032, eiseoidh an Ballstát a d’eisigh na teastais dá dtagraítear sa chéad fhomhír do mháistrí báid a bhfuil na teastais sin ina seilbh acu i gcomhréir leis an tsamhail a fhorordaítear leis an Treoir seo, arna iarraidh sin dóibh, teastas cáilíochta de chuid an Aontais nó teastas mar a thagraítear dó in Airteagal 10(2), ar an gcoinníoll go gcuireann an máistir báid fianaise shásúil dhoiciméadach ar fáil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 11(1).

2.  Agus teastais cháilíochta de chuid an Aontais á n-eisiúint acu i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit teidlíochtaí a deonaíodh roimhe sin a choimirciú, a mhéid is féidir, go háirithe maidir leis na teastais ar leith dá dtagraítear in Airteagal 6.

3.  Baill den chriú, seachas máistrí báid, a shealbhaíonn teastas cáilíochta arna eisiúint ag Ballstát roimh 18 Eanáir 2022, nó a shealbhaíonn cáilíocht a aithnítear i mBallstát amháin nó níos mó, féadfaidh siad fós a bheith ag brath ar an teastas nó ar an gcáilíocht sin ar feadh 10 mbliana ar a mhéad tar éis an dáta sin. Le linn na tréimhse sin, féadfaidh na baill sin den chriú a bheith ag brath i gcónaí ar Threoir 2005/36/CE chun go dtabharfaidh údaráis eile de chuid na mBallstát aitheantas dá gcáilíocht. Roimh dhul in éag na tréimhse sin, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais nó ar theastas i gcur i bhfeidhm Airteagal 10(2) a chur faoi bhráid údarás inniúil a eisíonn teastais den sórt sin, ar choinníoll go soláthróidh na baill sin den chriú fianaise shásúil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 11(1).

I gcás ina ndéanfaidh baill den chriú dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo iarratas ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais nó ar theastas dá dtagraítear in Airteagal 10(2), áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar teastas cáilíochta ina bhfuil na ceanglais inniúla cosúil leis na ceanglais atá sa teastas a bhfuil teastas nua le cur ina áit nó níos ísle ná na ceanglais sin. Ní eiseofar teastas ina bhfuil na ceanglais níos airde ná na ceanglais atá sa teastas a bhfuil teastas nua le cur ina áit ach i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a) i gcomhair teastais cháilíochta an Aontais mar bhádóir: 540 lá d’am loingseoireachta, lena n-áirítear 180 lá ar a laghad de loingseoireacht intíre;

(b) i gcomhair teastais cháilíochta an Aontais mar bhádóir inniúil: 900 lá d’am longseoireachta, lena n-airítear 540 lá ar a laghad de loingseoireacht intíre;

(c) i gcomhair teastais cháilíochta an Aontais mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach: 1 080 lá d’am longseoireachta, lena n-áirítear 720 lá ar a laghad de loingseoireacht intíre.

Léireofar an taithí loingseoireachta le leabhar taifid seirbhíse, le logleabhar nó le cruthúnas eile.

D’fhéadfaí íostréimhsí an ama loingseoireachta mar a leagtar amach i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den dara fomhír den mhír seo a laghdú 360 lá d’am longseoireachta ar a mhéad i gcás ina bhfuil dioplóma ag an iarratasóir, ar dioplóma é atá aitheanta ag an údarás inniúil agus lena ndeimhnítear oiliúint speisialaithe an iarratasóra sa loingseoireacht intíre ina bhfuil obair phraiticiúil loingseoireachta. Ní fhéadfaidh laghdú na híostréimhse dul thar fhad na hoiliúna speisialaithe.

4.  Leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair a eiseofar roimh 18 Eanáir 2022 a eisíodh i gcomhréir le rialacha seachas na rialacha sin a leagtar amach sa Treoir seo, féadfaidh siad leanúint de bheith ag feidhmiú ar feadh uastréimhse 10 mbliana tar éis 18 Eanáir 2022.

▼C1

5.  De mhaolú ar mhír 3, baill den chriú de chuid bád farantóireachta a bhfuil teastais náisiúnta ina seilbh acu nach dtagann faoi raon feidhme Threoir 96/50/CE agus a eisíodh roimh 18 Eanáir 2022, beidh na teastais sin fós bailí, ar feadh tréimhse 20 bliain ar a mhéad tar éis an dáta sin, maidir leis na huiscebhealaí intíre sin de chuid an Aontais a raibh siad bailí ina leith roimh an dáta sin.

▼B

Roimh dhul in éag na tréimhse sin, féadfaidh na baill sin den chriú iarratas a chur faoi bhráid údarás inniúil a eisíonn teastais den sórt sin ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais nó ar theastas dá dtagraítear in Airteagal 10(2), ar choinníoll go soláthróidh siad fianaise shásúil dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 11(1). Beidh feidhm ag an dara fomhír agus ag an tríú fomhír de mhír 3 den Airteagal seo dá réir.

6.  De mhaolú ar Airteagal 4(1), go dtí 17 Eanáir 2038, féadfaidh na Ballstáit a cheadú do mháistrí báid a mbíonn longa farraige á seoladh acu a bhíonn ag feidhmiú ar uiscebhealaí sonracha intíre teastas inniúlachta do mháistrí a bheith acu a eisíodh i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún STCW, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas:

(a) déantar an ghníomhaíocht loingseoireachta intíre seo ag tús nó ag deireadh turais iompair mhuirí; agus

(b) tá teastais aitheanta dá dtagraítear sa mhír seo ag an mBallstát le 5 bliana anuas ar a laghad ar 16 Eanáir 2018.

Airteagal 39

Trasuí

1.  Déanfaidh na Ballstáit na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh faoin 17 Eanáir 2022. Cuirfidh siad an méid sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na bearta sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an tslí leis an tagairt sin a dhéanamh.

2.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh sé d’oibleagáid ar Bhallstát, i gcás ina mbíonn gach duine dá dtagraítear in Airteagal 4(1), in Airteagal 5(1) agus in Airteagal 6 ag oibriú go heisiach ar uiscebhealaí intíre nach bhfuil nasctha le gréasán inseolta Ballstáit eile, bearta a thabhairt i bhfeidhm, ach amháin na bearta sin a bheidh riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 7, Airteagal 8 agus Airteagal 10 maidir le haitheantas do theastais cháilíochta agus don leabhar taifid seirbhíse, Airteagal 14(2) agus (3) maidir le fionraithe, an dara fomhír d’Airteagal 22(1) agus (2), pointe (d) d’Airteagal 26(1) i gcás inarb infheidhme, pointe (e) agus pointe (h) d’Airteagal 26(1), Airteagal 26(2), Airteagal 29 maidir le calaois a chosc, Airteagal 30 maidir le pionóis agus Airteagal 38 seachas mír 2 den Airteagal sin maidir le forálacha idirthréimhseacha. Tabharfaidh an Ballstát sin na bearta sin i bhfeidhm faoin 17 Eanáir 2022.

Ní fhéadfaidh an Ballstát sin teastais cháilíochta de chuid an Aontais a eisiúint ná cláir oiliúna ná ionsamhlóirí a fhormheas go dtí go mbeidh na forálacha a bheidh fágtha sa Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme aige agus é a bheith curtha in iúl don Choimisiún aige go ndearna sé amhlaidh.

3.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh sé d’oibleagáid ar Bhallstát, i gcás ina ndéanfar gach duine a dhíolmhú de bhun Airteagal 2(3), bearta a thabhairt i bhfeidhm, ach amháin na bearta sin a bheidh riachtanach chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 10 maidir le haitheantas do theastais cháilíochta agus don leabhar taifid seirbhíse, le hAirteagal 38 maidir le haitheantas do theastais bhailí, chomh maith le hAirteagal 15. Tabharfaidh an Ballstát sin na bearta sin i bhfeidhm faoin 17 Eanáir 2022.

Ní fhéadfaidh an Ballstát sin teastais cháilíochta ón Aontas a eisiúint ná cláir oiliúna ná ionsamhlóirí a fhormheas go dtí go mbeidh na forálacha a bheidh fágtha sa Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme aige agus é a bheith curtha in iúl don Choimisiún aige go ndearna sé amhlaidh.

4.  De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ní bheidh sé de cheangal ar Bhallstát an Treoir seo a thrasuí fad is nach bhfuil loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre indéanta go teicniúil ar a gcríoch.

Ní fhéadfaidh an Ballstát sin teastais cháilíochta de chuid an Aontais a eisiúint ná cláir oiliúna ná ionsamhlóirí a fhormheas go dtí go mbeidh na forálacha den Treoir seo trasuite agus curtha chun feidhme aige agus é a bheith curtha in iúl don Choimisiún acu go ndearna sé é sin.

5.  Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 40

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 41

Seolaithe

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.




IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS ÍOSTA MAIDIR LE hAOIS, COMHLÍONADH RIARACHÁIN, INNIÚLACHT AGUS AM LOINGSEOIREACHTA

Na ceanglais íosta maidir leis na cáilíochtaí don chriú deice a leagtar amach san Iarscríbhinn seo, is é an tuiscint atá le baint astu gur leibhéal ardaitheach cáilíochtaí iad, cé is moite de na cáilíochtaí a bheidh ag máirnéalaigh deice agus ag printísigh a mheastar a bheith ar an leibhéal céanna.

1.   Cáilíochtaí don chriú deice ar an leibhéal iontrála

1.1.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar mhairnéalach deice

Gach iarratasóir ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais:

 beidh sé 16 bliana d’aois ar a laghad;

 beidh bunoiliúint sábháilteachta críochnaithe aige de réir ceanglais náisiúnta.

1.2.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar phrintíseach

Gach iarratasóir ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais:

 beidh sé 15 bliana d’aois ar a laghad;

 beidh comhaontú printíseachta sínithe aige lena ndéantar foráil do chlár oiliúna formheasta dá dtagraítear in Airteagal 19.

2.   Cáilíochtaí don chriú deice ar an leibhéal oibríochtúil

2.1.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar bhádóir

Gach iarratasóir ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais:

(a)

 

 beidh sé 17 mbliana d’aois ar a laghad;

 beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige, dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár é a bhfuil ré 2 bhliain ar a laghad aige, agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

 beidh am loingseoireachta de 90 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin;

 

(b)

 

 beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

 beidh éirithe leis i measúnú inniúlachta de chuid údaráis riaracháin, dá dtagraítear in Airteagal 18, leis na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fhíorú;

 beidh am loingseoireachta de 360 lá ar a laghad carntha aige, nó beidh am loingseoireachta de 180 lá ar a laghad carntha aige má fhéadfaidh an t-iarratasóir cruthúnas a sholáthar freisin go bhfuil taithí oibre 250 lá ar a laghad faighte ag an iarratasóir ar long farraige mar bhall den chriú deice;

 

(c)

 

 ‒ beidh taithí oibre 5 bliana ar a laghad aige roimh dó a bheith cláraithe ar chlár oiliúna formheasta, nó beidh taithí oibre 500 lá ar a laghad aige ar long farraige mar bhall den chriú deice roimh dó clárú ar chlár oiliúna formheasta, nó beidh clár gairmoiliúna 3 bliana ar a laghad críochnaithe aige, roimh dó a bheith cláraithe i gclár oiliúna formheasta;

 beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár é a raibh ré 9 mí aige, agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

 beidh am loingseoireachta de 90 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin.

2.2.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar bhádóir inniúil

Gach iarratasóir ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais:

(a)

 

 beidh am loingseoireachta de 180 lá ar a laghad carntha aige agus é cáilithe chun bheith mar bhádóir lena linn;

 

(b)

 

 beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár a raibh ré 3 bliana ar a laghad aige, agus inar cumhdaíodh ar na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

 beidh am loingseoireachta 270 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin.

2.3.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach

Gach iarratasóir ar dheimhniú cáilíochta de chuid an Aontais:

(a)

 

 beidh am loingseoireachta de 180 lá ar a laghad carntha aige agus é cáilithe chun a bheith mar bhádóir inniúil lena linn;

 beidh teastas oibreora raidió aige;

 

(b)

 

 beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár é a raibh ré 3 bliana ar a laghad aige, agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

 beidh am loingseoireachta 360 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin;

 beidh teastas oibreora raidió aige;

 

(c)

 

 beidh 500 lá ar a laghad de thaithí oibre aige mar mháistir muirí;

 beidh éirithe leis i measúnú inniúlachta de chuid údaráis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 18 leis na caighdeáin inniúlachta don leibhéal oibríochtúil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fhíorú;

 beidh teastas oibreora raidió aige.

3.   Cáilíochtaí don chriú deice ar leibhéal na bainistíochta

3.1.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar mháistir báid

Gach iarratasóir ar dheimhniú cáilíochta de chuid an Aontais:

(a)

 

 beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

 beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár a raibh ré 3 bliana ar a laghad aige agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

 beidh am loingseoireachta 360 lá ar a laghad carntha aige, é faighte aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin nó tar éis dó an clár sin a thabhairt chun críche.

 beidh teastas oibreora raidió aige;

 

(b)

 

 beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

 beidh teastas cáilithe de chuid an Aontais mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach nó teastas mar fhear stiúrach nó mar bhean stiúrach arna aithint i gcomhréir le hAirteagal 10(2) nó (3) aige nó aici;

 beidh am loingseoireachta 180 lá ar a laghad carntha aige;

 beidh éirithe leis i measúnú inniúlachta de chuid údaráis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 18, leis na caighdeáin inniúlachta don leibhéal bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fhíorú;

 beidh teastas oibreora raidió aige;

 

(c)

 

 beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

 beidh am loingseoireachta 540 lá ar a laghad carntha aige, nó beidh am loingseoireachta 180 lá ar a laghad carntha aige, má fhéadfaidh an t-iarratasóir cruthúnas a sholáthar freisin go bhfuil taithí oibre 500 lá ar a laghad faighte ag an iarratasóir ar long farraige mar bhall den chriú deice;

 beidh éirithe leis i measúnú inniúlachta de chuid údaráis riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 18 leis na caighdeáin inniúlachta don leibhéal bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a fhíorú.

 beidh teastas oibreora raidió aige;

 

(d)

 

 beidh taithí oibre 5 bliana ar a laghad aige roimh dó a bheith cláraithe i gclár oiliúna formheasta, nó beidh taithí oibre 500 lá ar a laghad aige ar long farraige mar bhall den chriú deice, roimh dó clárú i gclár oiliúna formheasta, nó beidh clár gairmoiliúna 3 bliana ar a laghad críochnaithe aige roimh dó clárú i gclár oiliúna formheasta;

 beidh clár oiliúna formheasta críochnaithe aige dá dtagraítear in Airteagal 19, ar clár é a bhfuil ré 1 bhliain go leith ar a laghad aige, agus inar cumhdaíodh na caighdeáin inniúlachta don leibhéal bainistíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn II;

 beidh am loingseoireachta 180 lá ar a laghad carntha aige mar chuid den chlár oiliúna formheasta sin agus 180 lá ar a laghad tar éis dó an clár sin a thabhairt chun críche;

 beidh teastas oibreora raidió aige;

3.2.   Ceanglais íosta le haghaidh údaruithe sonracha i gcomhair teastais cháilíochta de chuid an Aontais mar mháistir báid

3.2.1.   Uiscebhealaí de chineál muirí

Déanfaidh gach iarratasóir an méid seo a leanas:

 comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta le haghaidh seoltóireacht a dhéanamh ar uiscebhealaí de chineál muirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.2.2.   Radar

Déanfaidh gach iarratasóir an méid seo a leanas:

 comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta le haghaidh seoltóireacht a dhéanamh le cabhair ó radar a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

3.2.3.   Gás nádúrtha leachtaithe

Déanfaidh gach iarratasóir an méid seo a leanas:

 teastas cáilíochtaí de chuid an Aontais mar shaineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) dá dtagraítear in alt 4.2 a bheith aige.

3.2.4.   Conbhuanna móra

Beidh am loingseoireachta 720 lá ar a laghad carntha ag gach iarratasóir, lena n-áirítear 540 lá ar a laghad agus é cáilithe chun bheith mar mháistir báid agus 180 lá ar a laghad agus conbhua mór á stiúradh aige.

4.   Cáilíochtaí le haghaidh oibríochtaí sonracha

4.1.   Ceanglais íosta do dheimhniú do shaineolaí ar loingsiú paisinéirí

Gach iarratasóir ar an gcéad teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar loingsiú paisinéirí, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

 beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

 comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta le haghaidh saineolaithe ar loingsiú paisinéirí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Gach iarratasóir ar athnuachan ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar loingsiú paisinéirí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:

 éireoidh leis i scrúdú nua riaracháin nó críochnóidh sé clár oiliúna formheasta nua i gcomhréir le hAirteagal 17(2).

4.2.   Ceanglais íosta do dheimhniú mar shaineolaí ar GNL

Gach iarratasóir ar an gcéad teastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar GNL, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

 beidh sé 18 bliana d’aois ar a laghad;

 comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta do shaineolaithe ar GNL a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Gach iarratasóir ar athnuachan ar theastas cáilíochta de chuid an Aontais mar shaineolaí ar GNL, beidh an méid seo a leanas fíor ina leith:

(a) beidh an t-am loingseoireachta seo a leanas carntha aige ar bord árthaigh agus GNL in úsáid ann mar bhreosla:

 ar a laghad 180 lá le linn na 5 bliana roimhe sin; nó

 ar a laghad 90 lá le linn na bliana roimhe sin;

 

(b) comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta do shaineolaithe ar GNL a leagtar amach in Iarscríbhinn II.




IARSCRÍBHINN II

CEANGLAIS BHUNRIACHTANACHA INNIÚLACHTA

1.   Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta ar an leibhéal oibríochta

1.1.   Loingseoireacht

▼C1

Cabhróidh an bádóir leis an árthach a bhainistiú agus árthach á ainliú agus á láimhseáil ar uiscebhealaí intíre. Beidh an bádóir in ann déanamh amhlaidh ar gach cineál uiscebhealaí agus i ngach cineál calafort. Go háirithe, beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

▼B

 cúnamh a thabhairt chun an t-árthach a ullmhú don seoltóireacht, chun a áirithiú go mbeidh turas sábháilte ann sna himthosca go léir;

 cuidiú le hoibríochtaí múrála agus ancaireachta;

 cabhrú le seoladh agus le hainliú an árthaigh ar bhealach atá sábháilte agus tíosach ar muir.

1.2.   Árthaí a oibriú

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 cuidiú le bainistiú an árthaigh chun oibriú an árthaigh a rialú agus maidir le cúram na ndaoine atá ar bord;

 trealamh an árthaigh a úsáid.

1.3.   Láimhseáil lasta, stuáil agus iompar paisinéirí

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 cuidiú le bainistiú an árthaigh maidir le lastas a ullmhú agus a stuáil agus maidir le faireachán a dhéanamh ar an lastas sin agus oibríochtaí i ndáil le luchtú agus díluchtú ar bun;

 cuidiú le bainistiú an árthaigh chun seirbhísí a sholáthar do phaisinéirí;

 cúnamh díreach a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le ceanglais agus treoracha oiliúna Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 );

1.4.   Innealtóireacht mhuirí agus innealtóireacht leictreach, leictreonach agus rialaithe

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 cuidiú le bainistiú an árthaigh san innealtóireacht mhuirí, leictreach, leictreonach agus rialaithe chun an tsábháilteacht theicniúil ghinearálta a áirithiú;

 obair chothabhála a dhéanamh ar threalamh muirí, leictreach agus leictreonach agus ar threalamh innealtóireachta rialaithe chun an tsábháilteacht theicniúil ghinearálta a áirithiú.

1.5.   Cothabháil agus deisiú

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 cuidiú le bainistiú an árthaigh chun an t-árthach, a fheistí agus a threalamh a chothabháil agus a dheisiú.

1.6.   Cumarsáid

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 cumarsáid a dhéanamh go ginearálta agus go gairmiúil, lena n-áirítear an cumas leas a bhaint as frásaí cumarsáide caighdeánaithe i gcásanna ina mbeadh fadhbanna cumarsáide;

 bheith sóisialta.

1.7.   Sláinte agus sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil

Beidh an bádóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 cloí le rialacha oibre sábháilte, tuiscint a bheith aige ar a thábhachtaí atá rialacha sláinte agus sábháilteachta agus ar a thábhachtaí atá an comhshaol;

 a aithint a thábhachtaí atá oiliúint maidir le sábháilteacht ar bord agus gníomhú láithreach i gcás éigeandála;

 réamhchúram a ghlacadh chun dóiteán a chosc agus an trealamh um chomhrac dóiteáin a úsáid mar is ceart;

 dualgais a chomhlíonadh, agus aird á tabhairt ar a thábhachtaí atá sé an comhshaol a chosaint.

2.   Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta le haghaidh inniúlachtaí ar an leibhéal bainistíochta

2.0.   Maoirseacht

Beidh an máistir báid in ann:

 baill eile den chriú deice a threorú agus na tascanna a chuireann siad i gcríoch a mhaoirsiú, mar a thagraítear i Roinn 1 den Iarscríbhinn seo, agus beidh an cumas leordhóthanach ann na cúraimí sin a chomhlíonadh.

2.1.   Loingseoireacht

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 turas ar uiscebhealaí intíre a phleanáil agus loingseoireacht a sheoladh ar na huiscebhealaí sin, lena n-áirítear an cumas chun an chonair seoltóireachta is loighciúla, is eacnamaíche agus is éiceolaíche a roghnú chun cinn scríbe an luchtaithe agus an díluchtaithe a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar na rialacháin tráchta is infheidhme agus sraith rialacha is infheidhme a comhaontaíodh maidir le loingseoireacht intíre;

 eolas a chur i bhfeidhm faoi na rialacha is infheidhme maidir le foirniú árthaí, lena n-áirítear eolas maidir le ham scíthe agus comhdhéanamh na mball foirne atá ar an deic;

 seoladh agus ainliú a dhéanamh, agus oibriú sábháilte an árthaigh á áirithiú sna dálaí go léir ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear in imthosca ina mbíonn ard-dlús tráchta nó i gcás ina bhfuil earraí contúirteacha á n-iompar ag árthaí eile agus eolas bunúsach de dhíth faoin gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Uiscebhealaí Intíre (ADN);

 freagairt a thabhairt ar éigeandálaí loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre.

2.2.   Árthaí a oibriú

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 eolas faoi longthógáil agus modhanna tógála i ndáil le huiscebhealaí intíre a chur i bhfeidhm maidir le hoibriú cineálacha éagsúla árthaí agus eolas bunúsach a bheith aige faoi na ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, dá dtagraítear i dTreoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 );

 rialú agus faireachán a dhéanamh ar an trealamh éigeantach mar a luaitear i dteastas infheidhme an árthaigh é.

2.3.   Láimhseáil lasta, stuáil agus iompar paisinéirí

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 a phleanáil agus a áirithiú go ndéanfar lastais a luchtú, a stuáil, a dhaingniú, a dhíluchtú agus go dtabharfar aire dóibh ar bhealach sábháilte le linn an turais;

 cobhsaíocht an árthaigh a phleanáil agus a áirithiú;

 iompar sábháilte paisinéirí agus an cúram a thabharfar dóibh a phleanáil agus a áirithiú le linn an turais, lena n-áirítear cúnamh díreach a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le ceanglais agus le treoracha oiliúna Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh 1177/2010.

2.4.   Innealtóireacht mhuirí agus innealtóireacht leictreach, leictreonach agus rialaithe

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 sreabhadh oibre na hinnealtóireachta muirí agus na hinnealtóireachta leictrí, leictreonaí agus rialaithe a phleanáil;

 faireachán a dhéanamh ar na príomhinnill agus ar innealra cúnta agus trealamh cúnta;

 córas caidéil agus córas rialaithe caidéil an árthaigh a phleanáil agus treoracha a thabhairt i ndáil leo;

 a eagrú go ndéanfar feistí leictriteicniúla an árthaigh a úsáid, a chur i bhfeidhm, a chothabháil agus a dheisiú ar bhealach sábháilte;

 cothabháil agus deisiú sábháilte feistí teicniúla a rialú.

2.5.   Cothabháil agus deisiú

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 cothabháil shábháilte agus deisiú sábháilte an árthaigh agus a threalaimh a eagrú.

2.6.   Cumarsáid

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 acmhainní daonna a bhainistiú, a bheith freagrach go sóisialta, agus cúram a dhéanamh d’eagrú an tsreabhaidh oibre agus na hoiliúna ar bord an árthaigh;

 dea-chumarsáid a áirithiú i gcónaí, lena n-áirítear frásaí cumarsáide caighdeánaithe a úsáid in imthosca ina mbeadh fadhbanna cumarsáide;

 timpeallacht oibre ar bord a chothú atá go breá cothrom agus sóisialta.

2.7.   Sláinte agus sábháilteacht, cearta paisinéirí agus cosaint an chomhshaoil

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 faireachán a dhéanamh ar na ceanglais dlí is infheidhme agus bearta a ghlacadh chun sábháilteacht anama a áirithiú;

 sábháilteacht agus slándáil a chothabháil do na daoine atá ar bord, lena n-áirítear cúnamh díreach a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le ceanglais agus le treoracha oiliúna Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh 1177/2010;

 pleananna éigeandála agus rialaithe damáiste a chur ar bun agus cásanna éigeandála a bhainistiú;

 a áirithiú go gcomhlíontar na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil.

3.   Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta d’údaruithe sonracha

3.1.   Seoltóireacht ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 oibriú le cairteacha agus le léarscáileanna atá cothrom le dáta, le fógraí do scipéirí agus do mhairnéalaigh agus le foilseacháin eile a bhaineann go sonrach le huiscebhealaí de chineál muirí;

 leas a bhaint as tagraí taoide, sruthanna, tréimhsí agus timthriallta taoide, am na sruthanna taoide agus na taoidí agus athruithe ar fud inbhir;

 leas a bhaint as SIGNI (Signalisation de voies de Navigation Intérieure) agus IALA (Comhlachas Idirnáisiúnta na nÁiseanna Mara le haghaidh Loingseoireachta agus na nÚdarás Tithe Solais) le haghaidh loingseoireacht shábháilte ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí.

3.2.   Loingseoireacht radair

Beidh an máistir báid in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh i ndáil le loingseoireacht le cúnamh ó radar sula n-imítear;

 na híomhánna radair a léirmhíniú agus an fhaisnéis a sholáthraítear le radar a anailísiú;

 trasnaíocht de thionscnaimh éagsúla a laghdú;

 loingsiú a dhéanamh tríd an radar, agus an tsraith rialacha comhaontaithe is infheidhme maidir le loingseoireacht intíre á cur i gcuntas, i gcomhréir leis na rialacháin lena sonraítear na ceanglais chun loingsiú a dhéanamh trí radar (amhail ceanglais foirnithe nó ceanglais theicniúla do shoithí);

 cúinsí sonracha a láimhseáil, amhail dlús tráchta, mainneachtain feistí, staideanna contúirteacha.

4.   Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta d’oibríochtaí sonracha

4.1.   Saineolaí ar loingsiú paisinéirí

Beidh gach iarratasóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 úsáid trealaimh tarrthála ar bord soithí paisinéirí a eagrú;

 treoracha sábháilteachta a chur i bhfeidhm agus na bearta is gá a dhéanamh chun paisinéirí i gcoitinne a chosaint, go háirithe i gcás éigeandála (e.g. aslonnú, damáiste, imbhualadh, dul i dtalamh, dóiteán, pléascadh nó staideanna eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le scaoll), lena n-áirítear cúnamh díreach a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcomhréir le ceanglais agus le treoracha oiliúna d’Iarscríbhinn IV de Rialachán (AE) Uimh 1177/2010;

 cumarsáid a dhéanamh i mBéarla bunúsach;

 na ceanglais ábhartha de Rialachán (AE) Uimh 1177/2010 a chomhlíonadh.

4.2.   Saineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL)

Beidh gach iarratasóir in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

 a áirithiú go gcomhlíonfar an reachtaíocht agus na caighdeáin is infheidhme maidir le hárthaí a úsáideann GNL mar bhreosla, agus go gcomhlíonfar rialacháin sláinte agus sábháilteachta ábhartha eile freisin;

 bheith ar an eolas faoi phointí sonracha airde a bhaineann le GNL, na rioscaí a aithint agus iad a bhainistiú;

 na córais a bhaineann go sonrach le GNL a oibriú ar bhealach sábháilte;

 a áirithiú go ndéanfar seiceáil rialta ar chóras GNL;

 a bheith ar an eolas faoin gcaoi a ndéantar oibríochtaí buncaeireachta GNL ar mhodh sábháilte, rialaithe;

 córas GNL a ullmhú le haghaidh chothabháil an árthaigh;

 cásanna éigeandála a láimhseáil a bhaineann le GNL.




IARSCRÍBHINN III

CEANGLAIS BHUNRIACHTANACHA MAIDIR LE DEA-SHLÁINTE

Ciallaíonn dea-shláinte, arb éard atá ann folláine fhisiceach agus mheabhrach, nach mbeidh aon ghalar ná aon mhíchumas ag gabháil don duine atá ag obair ar bord árthaigh a d’fhágfadh nach mbeadh sé in ann:

 na cúraimí a dhéanamh is gá chun árthach a fheidhmiú;

 na dualgais a shanntar dó a dhéanamh tráth ar bith; nó

 na dálaí mórthimpeall air a thuiscint mar is ceart.

Leis an scrúdú, cumhdófar go háirithe géire amhairc agus éisteachta, feidhmeanna luadracha, an staid néaraishíciatrach agus riochtaí cardashoithíocha.




IARSCRÍBHINN IV

CEANGLAIS IS INFHEIDHME



Tábla A

Ábhar, Airteagal

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

Scrúduithe praiticiúla, Airteagal 17(4)

[CESNI …]

[___]

Ionsamhlóirí a fhormheas, Airteagal 21(2)

 

 

Saintréithe agus coinníollacha úsáide clár, Airteagal 25(2)

 

 



Tábla B

Mír

Ceanglas bunriachtanach inniúlachta

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

1

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta ar an leibhéal oibríochta

[CESNI …]

[___]

2

Ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta le haghaidh inniúlachtaí ar an leibhéal bainistíochta

3

Ceanglais bhunriachtanacha le haghaidh inniúlacht d’údaruithe sonracha

 

 

3.1

Seoltóireacht ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí

 

 

3.2

Loingseoireacht radair

 

 

4

Ceanglais bhunriachtanacha le haghaidh inniúlacht d’oibríochtaí sonracha

 

 

4.1

Saineolaí ar loingsiú paisinéirí

 

 

4.2

Saineolaí ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL)

 

 



Tábla C

Ceanglais bhunriachtanacha maidir le dea-shláinte

Ceanglais chomhréireachta

Tús an iarratais

Scrúdú dea-shláinte

[CESNI …]

[___]



( 1 ) Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lch. 13).

( 2 ) Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le híosleibhéal traenála maraithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33).

( 3 ) Treoir 2005/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haithint fhrithpháirteach teastas maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus lena leasaítear Treoir 2001/25/CE (IO L 255, 30.9.2005, lch. 160).

( 4 ) Treoir 2014/112/AE ón gComhairle an 19 Nollaig 2014 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Eorpach a bhaineann le gnéithe áirithe i ndáil le heagrú ama oibre san iompar ar uiscebhealaí intíre, arna thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach Báirse (EBU), ag an Eagraíocht Eorpach Scipéirí (ESO) agus ag Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) (IO L 367 23.12.2014, lch. 86).

( 5 ) Rialachán (AE) Uimh. 1177/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le cearta paisinéirí agus iad ag taisteal ar muir agus ar uiscebhealaí intíre agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 (IO L 334, 17.12.2010, lch. 1).

( 6 ) Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lch. 118).”;

Top