Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E/PRO/16

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÓTACAL (Uimh. 16) MAIDIR LE FORÁLACHA ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS AN DANMHAIRG

IO C 202, 7.6.2016, p. 287–287 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/pro_16/oj

   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/287


PRÓTACAL (Uimh. 16)

MAIDIR LE FORÁLACHA ÁIRITHE A BHAINEANN LEIS AN DANMHAIRG

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG FÉACHAINT DO Bhunreacht na Danmhairge ina bhfuil forálacha a fhéadfaidh a thabhairt reifreann a bheith intuigthe sa Danmhairg sula dtarscaoilfidh an Danmhairg a maolú,

ÓS RUD É gur chuir rialtas na Danmhairge in iúl don Chomhairle an 3 Samhain 1993 nach raibh sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

1.

Ag féachaint don fhógra a thug Rialtas na Danmhairge don Chomhairle an 3 Samhain 1993, beidh maolú ag an Danmhairg. Is é éifeacht an mhaolaithe go mbeidh airteagail uile agus forálacha uile na gConarthaí agus Reacht an CEBC agus BCE a dhéanann tagairt do mhaolú infheidhme ar an Danmhairg.

2.

Maidir leis an maolú a aisghairm, ní thionscnófar an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 140 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ach amháin arna iarraidh sin don Danmhairg.

3.

I gcás stádas an mhaolaithe a aisghairm, ní bheidh forálacha an Phrótacail seo infheidhme a thuilleadh.


Top