Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32024R0910R(01)

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/910 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid agus ábhar na faisnéise a bheidh le cur in iúl i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIeanna), cuideachtaí bainistíochta GCUI, malartú faisnéise idir údaráis inniúla maidir le litreacha fógraí trasteorann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún (IO L 910, 25.3.2024)

OJ L, 2024/90215, 27.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/910/corrigendum/2024-03-27/oj (GA)

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/910/corrigendum/2024-03-27/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/910

27.3.2024

Ceartúchán ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/910 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2023 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáid agus ábhar na faisnéise a bheidh le cur in iúl i ndáil le gníomhaíochtaí trasteorann ag gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUIeanna), cuideachtaí bainistíochta GCUI, malartú faisnéise idir údaráis inniúla maidir le litreacha fógraí trasteorann, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 584/2010 ón gCoimisiún

(Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh L, 2024/910, an 25 Márta 2024)

Ar leathanach 6, in Iarscríbhinn I, cuid 1, roinn 1, 4ú tábla, críochnóta (1):

in ionad:

‘(1)

Sonraigh pointe teagmhála aonair chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirear rialála is infheidhme a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 agus in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ón gCoimisiún. Féadfaidh gurb ionann an pointe teagmhála sin agus an pointe teagmhála a ainmnítear laistigh den chuideachta bainistíochta, nó pointe teagmhála laistigh de thríú páirtí ceaptha.’

léitear:

‘(1)

Sonraigh pointe teagmhála aonair chun an sonrasc a tharchur nó chun aon táille nó muirear rialála is infheidhme a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1156 agus in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2019 lena n-éascaítear dáileadh trasteorann gnóthas comhinfheistíochta agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 345/2013, (AE) Uimh. 346/2013 agus (AE) Uimh. 1286/2014 (IO L 188, 12.7.2019, lch. 55) agus Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/955 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme le haghaidh chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2019/1156 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na foirmeacha, na teimpléid, na nósanna imeachta agus na socruithe teicniúla le haghaidh na bhfoilseachán agus na bhfógraí maidir le rialacha, táillí agus muirir mhargaíochta, agus lena sonraítear an fhaisnéis atá le cur in iúl chun an bunachar sonraí lárnach maidir le margaíocht trasteorann CIManna agus GCUInna a chruthú agus a chothabháil, chomh maith leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta le haghaidh faisnéis den sórt sin a chur in iúl (IO L 211, 15.6.2021, lch. 30). Féadfaidh gurb ionann an pointe teagmhála sin agus an pointe teagmhála a ainmnítear laistigh den chuideachta bainistíochta, nó pointe teagmhála laistigh de thríú páirtí ceaptha.’.

Ar leathanach 17, in Iarscríbhinn III, cuid 2, rannóg 3, 4ú tábla, críochnóta (1):

in ionad:

léitear:

‘(1)

Treoir 2010/43/AE ón gCoimisiún an 1 Iúil 2010 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais eagraíochtúla, coinbhleachtaí leasa, iompar gnó, bainistiú riosca agus inneachar an chomhaontaithe idir taiscí agus cuideachta bainistíochta (IO L 176, 10.7.2010, lch. 42).’.

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/910/corrigendum/2024-03-27/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top