Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo
Doiciméad 22024D0183
Decision of the EEA Joint Committee No 173/2021 of 11 June 2021 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2024/183]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 173/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/183]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 173/2021 an 11 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/183]
IO L, 2024/183, 1.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/183/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
I bhfeidhm
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/183 |
1.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 173/2021
an 11 Meitheamh 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/183]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2127 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/541 ón gCoimisiún maidir le coibhéis an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le malartuithe formheasta agus oibreoirí margaidh aitheanta i Singeapór i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas le pointe 31bazzh (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/541 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘, arna leasú le:
|
— |
32020 D 2127: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2127 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 (IO L 426, 17.12.2020, lch. 65).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2127 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 12 Meitheamh 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Meitheamh 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Clara GANSLANDT
(1) IO L 426, 17.12.2020, lch. 65.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/183/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)