EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Trasuí ar an leibhéal náisiúnta

Sa rannán seo féadfaidh tú teacht ar na bearta a ghlac na Ballstáit chun gníomhartha de chuid an Aontais – treoracha den chuid is mó – a thrasuí sa dlí náisiúnta. Féadfaidh tú teidil a chuardach agus, má tá siad ar fáil, téacsanna na mbeart a chuardach, chomh maith le heolas maidir leis na dátaí a tugadh fógra, aitheantóirí náisiúnta na ngníomhartha agus naisc chuig an ngníomh de chuid an Aontais a trasuíodh.

Déantar nuashonrú ar an rannán seo gach seachtain.

Conas cuardach a dhéanamh sa rannán seo.

Ar an taobh clé den leathanach seo, féadfaidh tú rochtain a fháil ar uirlisí cuardaigh.

  • Faoi Bearta náisiúnta trasuite a chuardach, déantar thú a atreorú chuig cuardach casta ina bhfuil an iliomad roghanna cuardaigh. Ní dhéanfar cuardaigh ach laistigh de réimse cuardaigh an rannáin “bearta náisiúnta trasuite”.
  • Sa rannán Foilsithe le déanaí, tugtar rochtain duit ar na doiciméid go léir a foilsíodh sa rannán sin le 14 lá anuas.

Chun forbhreathnú a fháil ar na bearta náisiúnta trasuite a ghlac na Ballstáit i leith treoir shonrach, téigh go dtí leathanach na treorach agus cliceáil ar “bearta náisiúnta trasuite” sa roghchlár ar chlé.

Tá uirlis aistriúcháin uathoibríoch ar fáil lenar féidir teideal na mbeart náisiúnta, mar aon leis an téacs más ann dó, a aistriú go gach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach.