Roghnaigh na gnéithe turgnamhacha is mian leat a thriail

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

    Cásdlí JURE

    Is é atá i gceist le JURE ná dlínse, aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála.

    Sa rannán seo tá breithiúnais ábhartha maidir le comhar breithiúnach leanúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála a thug na cúirteanna seo a leanas:

    • cúirteanna i stáit chonarthacha Choinbhinsiún Lugano (Ballstáit an Aontais, an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis), agus
    • * an Ríocht Aontaithe ina measc, go dtí deireadh na hidirthréimhse ar an 31.12.2020, dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

    • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

    Tá breithiúnais na gcúirteanna náisiúnta ar fáil ina mbunteangacha amháin, ach:

    • d’fhéadfadh achoimre i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis a bheith ag gabháil le cuid acu freisin (má tá ceann curtha ar fáil ag an tír lena mbaineann).
    • Tá uirlis aistriúcháin uathoibríoch ar fáil lenar féidir breithiúnais agus achoimrí ar bhreithiúnais a aistriú go gach teanga oifigiúil den Aontas Eorpach.

    Conas cuardach a dhéanamh sa rannán seo

    Tá uirlisí cuardaigh le fáil ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo.

    • Faoi Chásdlí JURE a chuardach déanfar thú a atreorú chuig cuardach casta ina bhfuil an iliomad roghanna cuardaigh. Ní dhéanfar cuardaigh ach laistigh de réimse cuardaigh an rannáin “Cásdlí JURE”.
    • Leis an gcuardach dar teideal Na foilseacháin is déanaí gheobhaidh tú rochtain ar gach doiciméad a foilsíodh sa rannán seo le 14 lá anuas.