EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Reachtaíocht an Aontais

Sa rannán seo is féidir teacht ar na príomhchineálacha gníomhartha dlí de chuid an Aontais: rialacháin, treoracha, cinntí, moltaí agus tuairimí. Is féidir doiciméid áirithe eile a eisíonn institiúidí nó comhlachtaí an Aontais a chuardach freisin (mar shampla teachtaireachtaí ón gCoimisiún Eorpach, tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa).

Tá anailís mhéith dlí agus naisc chuig faisnéis ábhartha (bailíocht na ngníomhartha, dátaí a dteacht i bhfeidhm, nósanna imeachta gaolmhara, léirmhínithe ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais, agus go leor nithe eile) ag gabháil leis na doiciméid sin.

Conas cuardach a dhéanamh sa rannán seo

Tá roinnt uirlisí cuardaigh le fáil ar thaobh na láimhe clé den leathanach seo.

  • Faoi Gníomhartha dlí a chuardach déanfar thú a atreorú chuig cuardach casta ina bhfuil an iliomad roghanna cuardaigh. Ní dhéanfar cuardaigh ach laistigh de réimse cuardaigh an rannáin ‘Gníomhartha dlí’. Ar bharr na foirme cuardaigh tá an rogha ann na nithe seo a leanas a dhéanamh: (i) do chuardach a theorannú go reachtaíocht atá i bhfeidhm; (ii) do chuardach a theorannú go bunghníomhartha; nó (iii) gan ceartúcháin a chur san áireamh.

    Trí chliceáil ar ‘Eile’ sa chluaisín ‘Tagairt an Doiciméid’ is féidir leat rogha a dhéanamh as réimse leathan cineálacha doiciméad.

  • Tá gach doiciméad de chuid an rannáin seo le fáil san Eolaire ar ghníomhartha dlí agus iad eagraithe i 20 príomhréimse agus roinnt foréimsí.
  • Leis an gcuardach dar teideal Na foilseacháin is déanaí gheobhaidh tú rochtain ar gach doiciméad a foilsíodh sa rannán seo le 14 lá anuas.
  • Le Gníomhartha dlí – staitisticí cuirtear ar fáil figiúirí bliantúla agus míosúla maidir le gníomhartha dlí, ar figiúirí iad is féidir a shórtáil de réir roinnt critéar.