52008PC0820




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 3.12.2008

COIM(2008) 820 leagan deireanach

2008/0243 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát

(Athmhúnlú)

{SEC(2008) 2962} {SEC(2008) 2963}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA

- Forais agus cuspóirí an togra

Is athmhúnlú é an togra seo ar Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (dá ngairtear Rialachán Bhaile Átha Cliath anseo feasta)[1].Mar aon le rannchuidithe a fuarthas ó gheallsealbhóirí éagsúla mar fhreagra ar phróiseas comhairliúcháin an Pháipéir Uaine[2], sainaithníodh i dTuarascáil Mheastóireachta an Choimisiúin i dtaobh chóras Bhaile Átha Cliath arna eisiúint an 6 Meitheamh 2007 (dá ngairtear an "Tuarascáil Mheastóireachta ar chóras Bhaile Átha Cliath" anseo feasta) [3] líon áirithe easnamh a bhaineann den chuid is mó le héifeachtúlacht an chórais arna bhunú ag forálacha reatha reachtacha agus leis an leibhéal cosanta a thugtar d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta atá faoi réir nós imeachta Bhaile Átha Cliath. Is mian leis an gCoimisiún, dá bhrí sin, Rialachán Bhaile Átha Cliath a leasú d'fhonn, ar an gcéad dul síos, éifeachtúlacht an chórais a neartú agus ar an dara dul síos, chun a áirithiú go ndéileálfar go cuimsitheach le riachtanais na n-iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta faoin nós imeachta um fhreagracht a chinneadh. Thairis sin, i gcomhréir leis an bPlean Beartais maidir le Tearmann[4], tá an togra dírithe ar dhéileáil le cásanna a chuireann brú faoi leith ar acmhainneacht glactha agus ar chórais tearmainn na mBallstát, mar aon le cásanna ina bhfuil leibhéal neamh-leordhóthanach cosanta le haghaidh iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

Faoi mar a fhógraítear sa Phlean Beartais ar Thearmann, tá an togra seo ina chuid den chéad phacáiste tograí a bhfuil sé mar aidhm acu leibhéal comhchuibhithe níos airde agus caighdeáin cosanta níos fearr a áirithiú le haghaidh an Chórais Eorpaigh Tearmainn. . Glactar é ag an am céanna le hathmhúnlú Rialachán Eurodac [5] agus le hathmhúnlú na Treorach um Choinníollacha Glactha[6]. Sa bhliain 2009, beartóidh an Coimisiún an Treoir um Cháilíocht[7] agus an Treoir um Nósanna Imeachta Tearmainn[8] a leasú. Ina theannta sin, sa chéad ráithe den bliain 2009, beartóidh an Coimisiún go mbunófar Oifig Eorpach um Thacaíocht Tearmainn a fhéachfaidh le cúnamh praiticiúil a sholáthar do na Ballstáit maidir le cinntí a dhéanamh ar éilimh tearmainn. Soláthróidh an Oifig Tacaíochta freisin cúnamh do na Ballstáit atá ag ionramháil le brú faoi leith ar a gcóras náisiúnta tearmainn féin, go háirithe de bharr shuíomh an Bhallstáit ó thaobh tíreolaíochta de, chun ceanglas reachtaíocht an Chomhphobail a chomhlíonadh trí shaineolas sonrach agus tacaíocht phraiticiúil a sholáthar.

- Comhthéacs ginearálta

I limistéar gan rialuithe ag teorainneacha inmheánacha na mBallstát, bhí gá le meicníocht chun an fhreagracht i dtaobh iarratas ar thearmann arna dtaisceadh sna Ballstáit a chinneadh d'fhonn, ar an gcéad dul síos, rochtain éifeachtúil ar na nósanna imeachta chun stádas dídeanaí a ráthú agus d'fhonn chun nach ndéanfar dochar don chuspóir maidir le hiarratais ar thearmann a phróiseáil go tapa agus ar an dara dul síos, d'fhonn cosc a chur le mí-úsáid nósanna imeachta tearmainn i bhfoirm iarratas iolrach ar thearmann arna gcur isteach ag an duine céanna i roinnt Ballstát agus é mar aidhm aige nó aici síneadh a chur lena thréimhse nó lena tréimhse sna Ballstáit.

Bhí socruithe maidir le freagracht a chinneadh i dtaobh iarratais ar thearmann a mheas mar chuid de Choinbhinsiún idir-rialtasach Schengen i dtús báire, ach cuireadh ina n-áit Coinbhinsiún lena gcinntear cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann arna dtaisceadh i gceann de Bhallstáit an Chomhphobail Eorpaigh, dá ngairtear "Coinbhinsiún Bhaile Átha Cliath"[9]. Chun tacú le feidhmiú Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, glacadh Rialachán 2725/2000/CE ón gComhairle an 11 Nollaig 2000 maidir le bunú Eurodac (córas a úsáidtear ar fud an Chomhphobail chun méarloirg iarrthóirí tearmainn a chur i gcomparáid), dá ngairtear "Rialachán Eurodac" anseo feasta[10].

Chun Airteagal 63(1)(a) de Chonradh ón CE, a d'éiligh ionstraim dhlíthiúil an Chomhphobail a chur in áit Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, a chur chun feidhme agus chun freagra a thabhairt ar an mian curtha in iúl le conclúidí na Comhairle Eorpaí in Tampere, mí Dheireadh Fómhair 1999, glacadh Rialachán Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra 2003.

Meastar gurb é Rialachán Bhaile Átha Cliath céad bhunchloch an Chórais Eorpaigh Tearmainn. Rinne sé feabhsú suntasach ar Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear roinnt nuálaíochtaí, agus bhí sé bunaithe ar na bunphrionsabail chéanna, go háirithe gur chóir freagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratas a bheith den chuid is mó ar an mBallstát a raibh an bhaint is mó aige le hiontráil an iarratasóra i gcríocha na mBallstát agus le cónaí an iarratasóra iontu, ach roinnt eisceachtaí ceaptha ar mhaithe le haontacht an aonaid teaghlaigh a chosaint.

D'iarr Clár na Háige ar an gCoimisiún an mheastóireacht ar na hionstraimí dlí maidir le tearmann a bhain leis an gcéad chéim a chur i gcrích agus ionstraimí agus bearta an dara céim a chur faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa d'fhonn iad a ghlacadh roimh dheireadh na bliana 2010. Baineadh de thátal as an Tuarascáil Mheastóireachta ar chóras Bhaile Átha Cliath gur baineadh amach, den chuid is mó, príomhchuspóirí an chórais, go háirithe i dtaobh bunú meicníochta soiléire agus inoibrithe chun freagracht maidir le hiarratais ar thearmann a chinneadh, ach go bhfuil ábhair imní fós ann a bhaineann le cur i bhfeidhm praiticiúil an chórais agus le héifeachtúlacht an chórais araon. Thairis sin, sainaithníodh sna freagraí ar an bPáipéar Uaine líon suntasach easnamh sa chosaint a thugtar d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a mbaineann Rialachán Bhaile Átha Cliath leo.

Dá bhrí sin, is freagra é an togra seo maidir le Rialachán Bhaile Átha Cliath a leasú ar iarraidh Chlár na Háige agus dírítear ann ar dhéileáil leis na heasnaimh arna sainaithint i gcur chun feidhme Rialachán Bhaile Átha Cliath.

Thairis sin, tá sé mar aidhm ag an togra comhchuibheas le forbairtí in acquis tearmainn an AE a áirithiú, go háirithe leis an Treoir um Nósanna Imeachta Tearmainn, leis an Treoir um Cháilíocht agus le Treoir 2003/9/CE ón gComhairle maidir le caighdeáin íosta i ndáil le glacadh le hiarrthóirí tearmainn (dá ngairtear "an Treoir um Choinníollacha Glactha" anseo feasta)[11].

Áirítear sa Mheasúnú Iarmharta, atá mar iarscríbhinn leis an togra seo, anailís mhionsonraithe ar na fadhbanna arna sainaithint i dtaobh an Rialacháin seo agus ar an ullmhúchán a rinneadh ar mhaithe lena athbhreithniú, sainaithint agus measúnú ar fhoroghanna beartais agus sainaithint agus measúnú ar an rogha tosaíochta beartais.

- Na forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Áirítear i "córas Bhaile Átha Cliath" Rialacháin Bhaile Átha Cliath agus Eurodac agus na Rialacháin cur chun feidhme a bhaineann leo: Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gComhairle an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír (dá ngairtear "Rialachán cur chun feidhme Bhaile Átha Cliath" anseo feasta)[12] agus Rialachán (CE) Uimh. 407/2002 ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 lena leagtar síos rialacha áirithe chun Rialachán (CE) Uimh. 2725/2000 a chur chun feidhme maidir le bunú Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtúil Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath.[13]

Chuir an Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-oiriúnaítear roinnt ionstraimí atá faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 251 den Chonradh do Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE maidir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú,[14] roinnt forálacha de chuid Rialachán Bhaile Átha Cliath in oiriúint don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú.

Corpraítear sa togra seo iad.

- Comhchuibheas le beartais eile

Tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán le Conclúidí na Comhairle Eorpaí in Tampere na bliana 1999 agus le Clár na Háige, 2004, maidir le bunú an Chórais Eorpaigh Tearmainn. Luíonn sé go hiomlán freisin le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe maidir leis an gceart chun tearmainn agus le cosaint sonraí pearsanta.

COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA

Thug an Coimisiún faoi chur chuige a raibh dhá chuid leis maidir le meastóireacht a dhéanamh ar chóras Bhaile Átha Cliath: meastóireacht theicniúil agus meastóireacht beartais. Bhí an mheastóireacht theicniúil (an Tuarascáil Mheastóireachta ar chóras Bhaile Átha Cliath) bunaithe ar réimse leathan aighneachtaí ó na Ballstáit, lena n-áirítear freagraí ar cheistneoir mionsonraithe arna chur amach ag an gCoimisiún i mí Iúil 2005, ar phléití rialta le linn cruinnithe saineolaithe agus ar staidreamh. Tá measúnú cúramach déanta freisin ar aighneachtaí ó gheallsealbhóirí eile, go háirithe geallsealbhóirí ó Ardchoimisinéir na Náisiún Aontaithe um Dhídeanaithe (UNHCR) agus eagraíochtaí um "sochaí shibhialta". D'fheidhmigh an comhairliúchán a bhí bunaithe ar an bPáipéar Uaine maidir le todhchaí an Chórais Eorpaigh Tearmainn mar mheastóireacht beartais. Áiríodh sa fhreagra ar an gcomhairliúchán poiblí seo 89 aighneacht ó réimse leathan geallsealbhóirí. Sholáthair na saincheisteanna a ardaíodh agus na moltaí a rinneadh le linn an chomhairliúcháin bunús le haghaidh ullmhúchán an Phlean Beartais maidir le Tearmann, ina leagtar amach plean le haghaidh na mblianta atá ag teacht agus ina liostaítear na bearta atá le beartú ag an gCoimisiún d'fhonn an dara céim den Chóras Eorpach Tearmainn a chur i gcrích, lena n-áirítear inter alia an togra i dtaobh Rialachán Bhaile Átha Cliath a leasú.

An 5 Márta 2008, phléigh seirbhísí an Choimisiúin go neamhfhoirmiúil leagan amach ginearálta an togra seo leis na Ballstáit sa Choiste um Inimirce agus Tearmann. Ina theannta sin, eagraíodh cruinnithe de shaineolaithe freisin idir mí Dheireadh Fómhair 2007 agus mí Iúil 2008 le cleachtóirí na mBallstát, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus UNHCR, dlíodóirí, breithiúna agus Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa chun a gcuid tuairimí a fháil maidir le feabhsuithe atá de dhíth ar Rialachán Bhaile Átha Cliath.

Tháinig sé chun solais le linn an phróisis chomhairliúcháin go bhfuil formhór na mBallstát i bhfábhar bunphrionsabail Rialachán Bhaile Átha Cliath a choinneáil ach aithnítear an gá gnéithe áirithe a fheabhsú, gnéithe a bhaineann le héifeachtacht an Rialacháin go háirithe. Ar an taobh eile, déanann go leor eagraíochtaí um an tsochaí shibhialta agus UNHCR argóint ar son cur chuige iomlán éagsúil bunaithe ar fhreagracht a shannadh ag brath ar an áit a dhéantar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. De bharr easpa tola polaitiúla i dtaobh athrú dá leithéid, áfach, éilítear go ndéileálfar níos fearr laistigh den Rialachán le riachtanas cosanta iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta. I dtuarascáil ar an meastóireacht i dtaobh chóras Bhaile Átha Cliath[15] arna glacadh an 2 Meán Fómhair 2008, mhol Parlaimint na hEorpa roinnt feabhsuithe ar an gcóras reatha agus formhór acu dírithe ar an gcosaint.

Cuirtear san áireamh sa togra ón gCoimisiúin na hábhair imní a chuir na páirtithe leasmhara ar fad in iúl. Cé go mbeartaíonn an Coimisiún go cumhdófar bunphrionsabail Rialachán Bhaile Átha Cliath, meastar go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le déileáil leis na hábhair imní a bhaineann le héifeachtacht agus le cosaint araon sa togra reatha.

EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

- Achoimre ar an mbeart atá beartaithe

Is é príomhaidhm an togra éifeachtacht an chórais a neartú agus caighdeáin cosanta níos airde a áirithiú le haghaidh daoine a thagann faoi réir "nós imeachta Bhaile Átha Cliath". Ag an am céanna, tá sé mar aidhm ag an togra cuidiú chun déileáil níos fearr le cásanna a chuireann brú faoi leith ar áiseanna glactha agus ar chórais tearmainn na mBallstát.

Caomhnaítear sa togra na bunphrionsabail chéanna is atá i Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath, eadhon go mbíonn freagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta den chuid is mó ar an mBallstát a raibh an bhaint is mó aige le hiontráil an iarratasóra i gcríocha na mBallstát nó le cónaí an iarratasóra iontu, faoi réir eisceachtaí a ceapadh ar mhaithe le haontacht an aonaid teaghlaigh a chosaint.

Thairis sin, caomhnaítear ann ar an iomlán tréithe na hionstraime ina leagtar amach go bunúsach oibleagáidí na mBallstát i leith a chéile agus forálacha lena rialáiltear oibleagáidí na mBallstát i leith iarrthóirí tearmainn atá faoi réir nós imeachta Bhaile Átha Cliath a áireamh a mhéad go bhfuil tionchar ag na forálacha sin ar dhul chun cinn na nósanna imeachta idir na Ballstáit nó go bhfuil gá leo chun comhchuibheas le hionstraimí eile tearmainn a áirithiú. Beartaítear, áfach, go bhfeabhsófar na coimircí nós imeachta atá ann cheana chun leibhéal níos airde cosanta a áirithiú agus freisin go n-áireofar coimircí dlíthiúla nua chun freagra níos fearr a thabhairt ar riachtanais shonracha na ndaoine atá faoi réir nós imeachta Bhaile Átha Cliath, agus iarracht a dhéanamh bearna ar bith ina gcuid cosanta a sheachaint.

Tugann an togra aghaidh ar na saincheisteanna seo a leanas:

1. Raon feidhme an Rialacháin agus comhchuibheas le acquis tearmainn

Leathnaítear sa togra raon feidhme chur i bhfeidhm an Rialacháin d'fhonn iarratasóirí ar chosaint choimhdeach (agus tairbhithe cosanta coimhdí) a áireamh. Meastar go bhfuil an modhnú seo riachtanach d'fhonn comhchuibheas a áirithiú le acquis an AE, eadhon leis an Treoir um Cháilíocht lena dtugtar isteach an choincheap dhlíthiúil um chosaint choimhdeach. Thairis sin, cuireann an togra an téarmeolaíocht agus na sainmhínithe arna n-úsáid sa Rialachán ar chomhréim leis an téarmeolaíocht agus leis na sainmhínithe atá in ionstraimí tearmainn eile.

2. Éifeachtacht an chórais

Beartaítear roinnt modhnuithe d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmíonn an nós imeachta um fhreagracht a chinneadh go rianúil, go háirithe na modhnuithe seo a leanas:

- Bunaítear teorainneacha ama i dtaobh iarrataí ar ghabháil ar ais agus laghdaítear ar an teorainn ama ar fhreagra a thabhairt ar iarrataí faisnéise; tugtar isteach teorainn ama i dtaobh iarrataí ar chúiseanna daonchairdiúla agus soiléirítear gur féidir iarrataí ar chúiseanna daonchairdiúla a dhéanamh am ar bith. Is é aidhm na modhnuithe seo a áirithiú go mbeidh an nós imeachta um fhreagracht a chinneadh níos éifeachtaí agus níos tapúla;

- Tá soiléiriú déanta ar na clásail um scor freagrachta go háirithe maidir leis na cúinsí faoina gcuirfear i bhfeidhm an scor, an Ballstát ar a bhfuil an dualgas cruthúnais agus na hiarmhairtí a bhaineann le scor freagrachta. Tá sé mar aidhm ag an soiléiriú seo cur i bhfeidhm níos comhionainne an Rialacháin a áirithiú agus na héagsúlachtaí sa léiriú ag na Ballstáit a d'fhéadfadh cinneadh an Bhallstáit atá freagrach a dhéanamh níos casta nó moill a chur air a laghdú.

- Tá soiléiriú déanta ar na cúinsí agus na nósanna imeachta a bhaineann leis na clásail lánroghnacha (na clásail dhaonchairdiúla agus cheannasachta) a chur i bhfeidhm agus an aidhm inter alia cur i bhfeidhm níos comhionainne agus níos éifeachtaí an Rialacháin ag na Ballstáit a áirithiú. Cuirtear sonraí na modhnuithe a rinneadh ar na clásail seo faoi phointe 4;

- Tá rialacha maidir le haistrithe curtha leis, i.e. maidir le haistrithe earráideacha agus costais aistrithe. Cuirtear leis foráil nua i dtaobh faisnéise ábhartha a roinnt sula gcuirtear aistrithe i gcrích (tugtar na sonraí faoi phointe 5) d'fhonn, inter alia , comhar a éascú idir na Ballstáit maidir leis na socruithe praiticiúla a bhaineann le haistrithe;

- Tá síneadh curtha leis an meicníocht um réiteach díospóide atá ann cheana, arna foráil faoi láthair ag Rialachán cur chun feidhme Bhaile Átha Cliath le haghaidh éagsúlachtaí idir Ballstáit ar chur i bhfeidhm an chlásail dhaonchairdiúil amháin, d'fhonn ábhair dhíospóide ar chur i bhfeidhm an Rialacháin ina iomláine a chlúdach;

- Chun go bhféadfaidh na húdaráis gach eolas is gá a bhailiú d'fhonn an Ballstát atá freagrach a shainaithint agus d'fhonn an t-iarratasóir a chur ar an eolas ó bhéal faoi chur i bhfeidhm an Rialacháin, más gá, cuirtear isteach foráil maidir le hagallamh éigeantach a eagrú. Díríonn sé seo ar éifeachtacht an chórais a mhéadú tríd an gcur i bhfeidhm a éascú, mar aon le coimircí leordhóthanacha a sholáthar do na hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta.

3. Coimircí dlíthiúla le haghaidh na ndaoine a thagann faoi réir nós imeachta Bhaile Átha Cliath

D'fhonn na coimircí dlíthiúla le haghaidh iarratasóirí ar chosaint a neartú agus chun cur ar a gcumas a gcearta a chosaint níos fearr, tugtar isteach leis an togra seo na modhnuithe seo a leanas:

- Déantar an t-inneachar, an fhoirm agus an teorainn ama a bhaineann le faisnéis a sholáthar d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a shonrú níos mine sa Rialachán. Thairis sin, déantar foráil sa togra do ghlacadh bileoige coitinne faisnéise a úsáidfear ar fud na mBallstát. Déanfar feasacht iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i dtaobh an nós imeachta um fhreagracht a chinneadh a mhéadú ach iad a chur ar an eolas faoi impleachtaí Rialachán Bhaile Átha Cliath agus d'fhéadfadh sé seo inter alia cabhrú chun feiniméan na ngluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú;

- Leagtar síos an ceart achomhairc i gcoinne cinnidh aistrithe, mar aon le hoibleagáid na n-údarás inniúil a chinneadh cé acu ar chóir forfheidhmiú an chinnidh a chur ar fionraí nó nár chóir agus a n-oibleagáid cead a thabhairt don duine lena mbaineann fanacht ar an gcríoch go dtí go ndéanfar an cinneadh. Thairis sin, déantar soiléiriú ar an gceart chun cúnaimh dlíthiúil agus/nó ionadaíochta agus an ceart chun cúnaimh teanga nuair is gá, agus déantar an próiseas fógartha a shoiléiriú d'fhonn ceart níos éifeachtaí chun leigheas a lorg a áirithiú.

- Cuirtear san áireamh foráil nua lena meabhraítear an bunphrionsabal nár chóir duine a choinneáil toisc go bhfuil sé nó sí ag lorg cosanta idirnáisiúnta agus ar an gcúis sin amháin. Dearbhaítear leis an bprionsabal seo aquis an AE maidir le coinneáil, go háirithe an Treoir um Nósanna Imeachta Tearmainn agus áirithítear leis freisin go gcomhlíonfar Cairt um Cheart Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ionstraimí idirnáisiúnta a bhaineann le cearta an duine, amhail an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in Aghaidh Céastóireachta agus in Aghaidh Íde nó Pionóis eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach. Thairis sin, chun a áirithiú nach bhfuil coinneáil iarrthóirí tearmainn faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath treallach, beartaítear cúiseanna sonracha teoranta le haghaidh coinneáil dá leithéid. Ní mór caitheamh mar an gcéanna leis na hiarrthóirí tearmainn ar fad atá á gcoinneáil, arna rialú faoin dtogra lena leasaítear an Treoir um Choinníollacha Glactha, agus é seo a chur i bhfeidhm i dtaobh cásanna faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath freisin. Mar atá sa togra lena leasaítear an Treoir um Choinníollacha Glactha, cuirtear cás speisialta na mionaoiseach agus na mionaoiseach neamhthionlactha san áireamh trí rialacha sonracha a leagan síos ina dtaobh. Ós rud é nach mbaineann an fhoráil seo ach leis na cúiseanna teoranta i dtaobh daoine a thagann faoi réir nós imeachta Bhaile Átha Cliath a choinneáil, luíonn sé le réasún go n-áireofar í sa Rialachán seo seachas sa togra lena leasaítear an Treoir um Choinníollacha Glactha;

- Déantar roinnt forálacha a shoiléiriú d'fhonn urraim do phrionsabal na rochtana éifeachtúla ar an nós imeachta tearmainn a ráthú.

4. Aontacht an aonaid teaghlaigh, an clásal ceannasachta agus an clásal daonchairdiúil

D'fhonn ceart chun aontachta an aonaid teaghlaigh a neartú agus chun idirghníomhaíochtaí leis na clásail cheannasachta agus na clásail dhaonchairdiúla agus eatharthu a shoiléiriú, beartaítear an méid seo a leanas:

- An ceart chun aontachta an aonaid teaghlaigh a leathnú chun baill teaghlaigh ar tairbhithe cosanta coimhdí iad agus a bhfuil cónaí orthu i mBallstát eile a áireamh.

- Athaontú gaolta cleithiúnacha (i.e. gaol atá i gcleithiúnas iarratasóra nó iarratasóir atá i gcleithiúnas gaoil) agus athaontú mionaoiseach neamhthionlactha le gaolta atá in ann aire a thabhairt dóibh a dhéanamh éigeantach. Go bunúsach, cuirfear é seo i gcrích trí na forálacha reatha a bhaineann leis an dá shaincheist seo a bhogadh ón gclásal daonchairdiúil agus iad a chur isteach faoi na critéir um fhreagracht cheangailteach a chinneadh;

- An sainmhíniú ar "baill teaghlaigh" a leathnú a mhéad a bhaineann le mionaoisigh, d'fhonn cosaint níos fearr ar "leas an linbh" a áirithiú;

- An fhéidearthacht a eisiamh go gcuirfí iarratasóir lena mbaineann ceann de chritéir um aontacht an aonaid teaghlaigh tráth an iarratais is déanaí ar ais, ar an gcoinníoll nach bhfuil an chéad chinneadh i dtaobh an iarratais déanta ag an mBallstát inar taisceadh an chéad iarratas. Is é an aidhm a áirithiú go háirithe gur féidir leis an mBallstát a bhfuil an t-iarrthóir tearmainn ar a chríoch eilimintí féideartha nua maidir le staid theaghlach an iarrthóra tearmainn a chur san áireamh, i gcomhréir leis na hoibleagáidí arna leagan síos sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint;

- Ar mhaithe le soiléireacht, tugtar na "clásail cheannasachta" agus na "clásail dhaonchairdiúla" le chéile faoin gCaibidil chéanna, ar a dtugtar "clásail lánroghnacha" agus déantar athbhreithniú orthu. Beartaítear "clásail cheannasachta" a úsáid ar chúiseanna daonchairdiúla agus atruacha den chuid is mó. Maidir leis na cúinsí a bhaineann leis an "clásal daonchairdiúil" a chur i bhfeidhm, beartaítear go coinneofar clásal ginearálta lena gceadófar do na Ballstáit an clásal daonchairdiúil a úsáid i gcás ina gcúiseodh cur i bhfeidhm beacht na gcritéar ceangailteach scaradh ball teaghlaigh nó gaolta eile;

- Déantar roinnt gnéithe eile den nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm na gclásal lánroghnach a shoiléiriú freisin. D'fhonn a áirithiú nach gcuirtear an clásal ceannasachta i bhfeidhm i gcoinne leas an iarratasóra, caomhnaítear an oibleagáid maidir le toiliú an iarratasóra a fháil.

5. Mionaoisigh neamhthionlactha agus grúpaí leochaileacha eile

D'fhonn leas na mionaoiseach neamhthionlactha a chur san áireamh ar bhealach níos fearr le linn nós imeachta Bhaile Átha Cliath, déantar sa togra raon feidhme na forála atá ann cheana maidir le mionaoisigh neamhthionlactha a leathnú agus a shoiléiriú agus leagtar síos a thuilleadh coimircí cosanta:

- Cuirtear leis foráil nua lena dtugtar aghaidh ar ráthaíochtaí le haghaidh mionaoiseach ina mínítear inter alia na critéir is gá do na Ballstáit a chur san áireamh agus leas an linbh á mheasúnú acu agus ina sonraítear an ceart chun ionadaíochta;

- Leathnaítear an chosaint a thugtar do mhionaoisigh neamhthionlactha chun athaontú a cheadú, ní hamháin athaontú leis an teaghlach núicléach ach freisin le gaolta eile atá i láthair i mBallstát eile a d'fhéadfadh aire a thabhairt dóibh, mar a luaitear thuas. Tá sé soiléirithe tuilleadh gurb é an Ballstát atá freagrach nuair nach bhfuil ball teaghlaigh nó gaol eile ann, an Ballstát inar thaisc an t-iarratasóir a iarratas nó a hiarratas is déanaí, más chun a leasa atá sé.

Maidir le cosaint na ngrúpaí leochaileacha laistigh de nós imeachta Bhaile Átha Cliath go ginearálta:

Agus é mar phríomhaidhm leanúnachas a áirithiú sa chosaint a thugtar d'iarratasóirí faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath atá faoi réir cinntí aistrithe chuig an mBallstát freagrach, áirítear sa togra meicníocht ar mhalartú faisnéise ábhartha idir na Ballstáit sula gcuirtear aistrithe i gcrích.

6. Brú faoi leith nó leibhéal neamh-leordhóthanach cosanta

D'fhonn a chinntiú, i gcásanna ina gcuirtear brú faoi leith ar Bhallstáit áirithe a bhfuil acmhainneacht theoranta glactha agus ionsúite acu, nach gcuireann aistrithe faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath le hualach na mBallstát sin, cuirtear nós imeachta nua sa Rialachán lena gceadaítear aistrithe faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath chuig an mBallstát atá freagrach a chur ar fionraí. Féadfar nós imeachta dá leithéid a úsáid freisin i gcásanna ina mbíonn ábhar imní go bhféadfadh sé bheith mar thoradh ar aistrithe faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath nach dtairbheoidh na hiarratasóirí de chaighdeáin leordhóthanacha cosanta sa Bhallstát atá freagrach, go háirithe maidir le coinníollacha glactha agus rochtain ar an nós imeachta tearmainn.

- Ceartúcháin teanga

Níor mhór ceartúchán teanga amháin a chur isteach i leagan Iodáilise an togra seo, eadhon in Airteagal 3(3), áit ar cuireadh an focal "tríú" isteach roimh "tír". Cuirtear leis seo an leagan Iodáilise d'Airteagal 3(3) de Rialachán Uimh. 343/2003/CE i gcomhréim le leaganacha eile den Rialachán sin sna teangacha éagsúla agus tá gá leis d'fhonn baol míthuisceana ar an Airteagal sin a chosc.

Féadfar ceartúcháin teanga eile a dhéanamh i leaganacha eile den Rialachán sna teangacha éagsúla.

- Bunús dlí

Leasaítear leis an togra seo Rialachán 343/2004/CE agus úsáidtear an bunús dlí céanna leis an ngníomh sin, eadhon an chéad mhír, pointe (1)(a) d'Airteagal 63 de Chonradh CE.

Níl Teideal IV den Chonradh infheidhme i gcás na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann, ach amháin má chinneann an dá thír sin a mhalairt, i gcomhréir leis na forálacha arna leagan amach sa Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann arna gceangal leis na Conarthaí.

Tá an Ríocht Aontaithe agus Éire faoi cheangal Rialachán 343/2003/CE tar éis dóibh fógra a thabhairt gur mhian leo bheith páirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin sin, bunaithe ar an bPrótacal thuasluaite. Níl éifeacht ag seasamh na mBallstát seo maidir le Rialachán 343/2003 ar a rannpháirtíocht fhéideartha i ndáil leis an Rialachán leasaithe.

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus 2 den Phrótacal ar sheasamh na Danmhairge arna ceangal leis na Conarthaí, níl an Danmhairg páirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi réir chur i bhfeidhm an Rialacháin ná faoina cheangal. Ós rud é go gcuireann an Danmhairg Rialachán reatha Bhaile Átha Cliath i bhfeidhm, tar éis cinnidh idirnáisiúnta a cuireadh i gcrích leis an CE in 2006[16], de réir Airteagal 3 den chomhaontú sin, cuirfear an Coimisiún ar an eolas faoi chinneadh na tíre sin cé acu an gcuirfear inneachar an Rialacháin leasaithe chun feidhme nó nach gcuirfear.

- Iarmhairt an togra ar thríú tíortha a bhfuil baint acu le córas Bhaile Átha Cliath

Ag an am céanna le comhlachas roinnt tríú tíortha le acquis Schengen, chuir an Comhphobal i gcrích, nó tá an Comhphobal i mbun an méid sin a dhéanamh, roinnt comhaontuithe a bhaineann le comhlachas na dtíortha le acquis Bhaile Átha Cliath/ Eurodac freisin.

-an comhaontú lena dtugtar an Íoslainn agus an Iorua i gcomhlachas, arna chur i gcrích in 2001[17];

-an comhaontú lena dtugtar an Eilbhéis i gcomhlachas, arna chur i gcrích an 28 Feabhra 2008[18];

-an comhaontú lena dtugtar Lichtinstéin i gcomhlachas, arna shíniú an 28 Feabhra 2008[19];

D'fhonn cearta agus oibleagáidí a chruthú idir an Danmhairg – a bhfuil comhlachas aici le acquis Bhaile Átha Cliath/ Eurodac trí chomhaontú idirnáisiúnta de réir mar a míníodh thuas – agus na tíortha comhlachaithe arna lua thuas, tá dhá ionstraim eile curtha i gcrích idir an Comhphobal agus na tíortha comhlachaithe[20].

I gcomhréir leis na trí chomhaontú a luaitear thuas, glacfaidh na tíortha comhlachaithe le acquis Bhaile Átha Cliath/ Eurodac agus le forbairt an acquis gan eisceacht. Níl siad páirteach i nglacadh gnímh ar bith lena leasaítear acquis Bhaile Átha Cliath nó lena gcuirtear leis (an togra seo san áireamh dá bhrí sin) ach ní mór dóibh fógra a thabhairt don Choimisiún laistigh de thréimhse shonraithe ama maidir leis an gcinneadh a dhéantar cé acu an nglacfar le hinneachar an ghnímh sin nó nach glacfar, nuair a bheidh sé faofa ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa. Mura nglacann an Iorua, an Íoslainn, an Eilbhéis ná Lichtinstéin le gníomh lena leasaítear nó lena gcuirtear le acquis Bhaile Átha Cliath/ Eurodac , cuirfear an clásal 'gilitín' i bhfeidhm agus cuirfear deireadh leis na comhaontuithe sin, ach amháin má chinneann an Comhchoiste nó an Coiste Measctha arna bhunú ag na comhaontuithe a mhalairt d'aontoil.

- Prionsabal na coimhdeachta

Tugtar le Teideal IV de Chonradh ón CE maidir le víosaí, tearmann, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine, cumhachtaí áirithe don Chomhphobal Eorpach maidir leis na cúrsaí seo. Ní mór na cumhachtaí seo a fheidhmiú de réir Airteagal 5 de Chonradh ón CE, i.e. murar féidir agus a mhéid nár féidir leis na Ballstáit cuspóirí an bhirt bheartaithe a bhaint amach go sásúil agus, dá bhrí sin, go n-éireodh níos fearr leis an gComhphobal na cuspóirí a bhaint amach mar gheall ar scála nó tionchar an bhirt bheartaithe.

Is é Airteagal 63 (1)(a) de Chonradh CE an bunús reatha dlí le beart an Chomhphobail maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as iarratas ar thearmann arna chur isteach i gceann de na Ballstát ag náisiúnach tríú tír.

De bharr thréithe tras-náisiúnta na bhfadhbanna a bhaineann le tearmann go ginearálta, tá sé oiriúnach go mbeartóidh an AE réitigh ar na saincheisteanna arna sainaithint mar fhadhbanna maidir le cur i bhfeidhm Rialachán Bhaile Átha Cliath laistigh de chreat an Chórais Eorpaigh Tearmainn. Cé gur baineadh amach leibhéal suntasach comhchuibhithe sa Rialachán a glacadh in 2003, tá deis ann fós le haghaidh birt ón AE chun a áirithiú go bhfuil córas Bhaile Átha Cliath níos éifeachtaí agus níos cosantaí.

- Prionsabal na comhréireachta

Rinneadh sa mheasúnú iarmharta ar leasú Rialachán Bhaile Átha Cliath measúnú cúramach ar gach rogha maidir le déileáil leis na fadbhanna sainaitheanta d'fhonn cothromaíocht a bhaint amach idir costais agus sochair, agus baineadh de thátal as nach mbeadh sé iomarcach dá roghnófaí beart an AE arna mholadh sa togra seo chun an chuspóir i dtaobh na fadhbanna sin a réiteach a bhaint amach.

- Iarmhairt ar chearta bunúsacha

Rinneadh an togra seo faoi réir grinnscrúdú d'fhonn a áirithiú go luíonn forálacha an togra go hiomlán le cearta bunúsacha mar phrionsabail ghinearálta an Chomhphobail agus an dlí idirnáisiúnta araon. Cuireadh béim faoi leith ar an ngá leis na coimircí dlíthiúla agus na coimircí nós imeachta a neartú le haghaidh daoine atá faoi réir nós imeachta Bhaile Átha Cliath agus chun cur ar a gcumas a gcearta a chosaint níos fearr agus freisin ar an ngá le hurraim níos mó a áirithiú do cheart aontachta an aonaid teaghlaigh agus chun cás grúpaí leochaileacha a fheabhsú, go háirithe cás na mionaoiseach neamhthionlactha d'fhonn déileáil níos fearr lena riachtanais speisialta.

Beidh iarmhairt láidir dhearfach ag áirithiú leibhéal níos airde cosanta le haghaidh na ndaoine atá faoi réir nós imeachta Bhaile Átha Cliath i gcás iarrthóirí tearmainn ó thaobh ceart bunúsach de. Má chuirtear iarrthóirí tearmainn níos mó ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a gcearta agus a n-oibleagáidí laistigh de, ar an gcéad dul síos cuirfidh sé ar a gcumas a gcearta a chosaint níos fearr agus ar an dara dul síos, cabhróidh sé le líon na saorghluaiseachtaí a laghdú mar beidh fonn níos mó ar iarrthóirí tearmainn an córas a chomhlíonadh. Méadófar ar éifeachtacht an chirt chun leighis bhreithiúnaigh , tríd na rudaí seo a leanas go háirithe: an ceart achomhairc i gcoinne cinnidh aistrithe a leagan síos agus an ceart gan bheith aistrithe go dtí go ndéantar cinneadh maidir leis an ngá chun forfheidhmiú an aistrithe a chur ar fionraí; foráil go mbronnfar tréimhse réasúnta ama ar dhuine a dtugtar fógra maidir le cinneadh aistrithe dó nó di chun leigheas a lorg; an ceart chun cúnaimh dhlíthiúil agus/nó ionadaíochta a leagan amach. Neartófar prionsabal na rochtana éifeachtúla ar an nós imeachta tearmainn , atá mar chuid den cheart chun tearmainn , trí oibleagáid an Bhallstáit atá freagrach a shoiléiriú i dtaobh measúnú iomlán a dhéanamh ar riachtanais chosanta iarrthóirí tearmainn arna n-aistriú chuige faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath. Neartófar an ceart chun saoirse agus saorghluaiseachta ach foráil a dhéanamh nach gceadófar coinneáil daoine faoi nós imeachta Bhaile Átha Cliath ach amháin i gcás eisceachtúil, arna fhorordú faoin Rialachán, agus má tá sé i gcomhréir le prionsabal an riachtanais agus le prionsabal na comhréireachta. Ní mór cás na mionaoiseach nach gceadaítear a gcoinneáil ach i gcás a leasa a áireamh, ach níor chóir mionaoisigh neamhthionlactha a choinneáil riamh.

Neartófar go mór ceart chun aontachta an aonaid teaghlaigh, go háirithe trí raon feidhme an Rialacháin a leathnú chun iarrthóirí agus tairbhithe cosanta coimhdí a áireamh, trí athaontú gaolta cleithiúnacha a dhéanamh éigeantach agus trí chosc a chur ar iarratasóir lena mbaineann ceann de chritéir um aontacht an aonaid teaghlaigh a chur ar ais, faoi réir coinníollacha áirithe. Ní hamháin go ndéanfaidh na coimircí seo foráil do chaighdeán méadaithe cosanta le haghaidh iarrthóirí tearmainn, ach cuirfidh siad go mór le líon na ngluaiseachtaí tánaisteacha a laghdú toisc go gcuirfear san áireamh níos fearr cás pearsanta gach iarrthóra tearmainn le linn an phróisis lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach.

Ar deireadh, déileálfar ar bhealach níos leordhóthanaí leis na cásanna sonracha a bhaineann le grúpaí leochaileacha go háirithe trí chearta mionaoiseach neamhthionlactha a neartú trí, inter alia , prionsabal leas an linbh a shainmhíniú níos fearr agus trí mheicníocht ar mhalartú faisnéise ábhartha a leagan amach, go háirithe maidir le bail sláinte an duine atá le haistriú, agus í mar phríomhaidhm leanúnachas a áirithiú sa chosaint agus sna cearta a thugtar don duine sin.

Beidh sé d'oibleagáid ar na Ballstáit forálacha an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus lánurraim á tabhairt do na cearta bunúsacha. Déantar foráil do cheanglas monatóireachta agus meastóireachta sa Rialachán. Clúdóidh an mhonatóireacht seo na forálacha sin a bhfuil tionchar acu ar chearta bunúsacha freisin.

2008/0243 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe do phointe (1)(a) den chéad mír d'Airteagal 63 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[21],

Ag féachant don tuairim ó Choiste na Réigiún[22],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[23],

De bharr an méid seo a leanas:

1. Déanfar roinnt athruithe substainteacha ar Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 ón gComhairle an 18 Feabhra 2003 lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír[24] i gceann de na Ballstáit. Ar mhaithe le soiléireacht, ba chóir an Rialachán sin a athmhúnlú.

2. Comhbheartas maidir le tearmann, lena n-áirítear Comhchóras Eorpach Tearmainn, is dlúthpháirt é de chuspóir an Aontais Eorpaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais a bhunú de réir a chéile, a bheidh ar fáil dóibh siúd a bhfuil orthu, de bharr cúinsí áirithe, cosaint sa Chomhphobal a iarraidh go dlisteanach.

3. D'aontaigh an Chomhairle Eorpach, ag a cruinniú speisialta in Tampere an 15 agus an 16 Deireadh Fómhair 1999, saothrú chun Comhchóras Eorpach Tearmainn a bhunú, bunaithe ar Choinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le Stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967, a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go huileghabhálach, ag áirithiú ar an gcuma sin nach seoltar aon duine ar ais chuig géarleanúint, i.e. ag cloí le prionsabal an neamh-refoulement. I dtaca leis seo, agus gan difear a dhéanamh do na critéir freagrachta a leagtar síos sa Rialachán seo, meastar gur tíortha sábháilte do náisiúnaigh tríú tír iad na Ballstáit toisc prionsabal an neamh-refoulement a bheith á urramú acu.

4. Baineadh de thátal as Tampere chomh maith gur chóir modh soiléir agus inoibrithe a bheith ar áireamh sa chóras seo, sa ghearrthéarma, chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann .

5. Ba chóir go mbeadh an modh sin bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus cothrom, do na Ballstáit agus do na daoine i gceist araon. Ba chóir, go háirithe, go bhféadfaí dá thairbhe a chinneadh go tapa cé acu Ballstát atá freagrach, d'fhonn rochtain éifeachtúil ar na nósanna imeachta chun stádas cosanta idirnáisiúnta a chinneadh agus chun nach ndéanfar dochar don chuspóir iarratais ar chosaint idirnáisiúnta a phróiseáil go tapa.

6. Táthar tar éis an chéad chéim a chur i gcrích trí Chomhchóras Eorpach Tearmainn a chruthú, céim ar cheart, san fhadtéarma, nós imeachta comhchoiteann agus stádas aonfhoirmeach tearmainn dóibh siúd dá dtabharfar tearmann, a bheidh bailí ar fud an Aontais, a chruthú. Ghlac an Chomhairle Eorpach an 4 Samhain 2004 Clár na Háige lena leagtar síos na cuspóirí atá le cur chun feidhme i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais sa tréimhse 2005-2010. Ar an gcuma seo, d'iarr Clár na Háige ar an gCoimisiún Eorpach meastóireacht ar ionstraimí dlí na chéad chéime a chríochnú agus ionstraimí agus bearta an dara céim a chur faoi bhráid na Comhairle agus Parlaimint na hEorpa d'fhonn iad a ghlacadh roimh 2010.

7. I bhfianaise thorthaí na meastóireachtaí a rinneadh, is iomchuí, ag an tráth seo, bunphrionsabail Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a dhaingniú, ag déanamh na feabhsuithe is gá san am céanna, i bhfianaise taithí, chun éifeachtúlacht an chórais a neartú agus an chosaint a thugtar d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta faoin nós imeachta seo a fheabhsú.

8. D'fhonn cóir chomhionann do gach iarratasóir agus gach tairbhí cosanta idirnáisiúnta a áirithiú, mar aon le comhsheasmhacht le acquis tearmainn an AE atá ann cheana, go háirithe le Treoir 2004/83/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 i dtaobh caighdeáin íosta maidir le cáilíocht agus stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu ar shlí eile agus inneachar na cosanta a thugtar[25], is cuí raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chun iarratasóirí ar chosaint choimhdeach agus daoine a bhfuil cosaint choimhdeach acu a chuimsiú.

9. D'fhonn cóir chomhionann do gach iarrthóir tearmainn a áirithiú, ba chóir go mbeadh feidhm ag Treoir [.../.../CE] an ... lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn[26] maidir leis an nós imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach mar a rialaítear faoin Rialachán seo.

10. I gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh 1989 agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba chóir do Bhallstáit tús áite a thabhairt do leas an linbh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.Ina theannta sin, ba chóir ráthaíochtaí sonracha nós imeachta do mhionaoisigh neamhthionlactha a leagan síos de bharr a leochaileachta.

11. I gcomhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba chóir do Bhallstáit tús áite a thabhairt d'urramú aontacht an aonaid teaghlaigh agus an Rialachán seo á chur i bhfeidhm acu.

12. Is féidir a áirithiú, mar thoradh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ó bhaill aon teaghlaigh amháin ag Ballstát amháin a phróiseáil le chéile, go scrúdaítear na hiarratais go críochnúil agus go bhfuil na cinntí a dhéantar ina leith seasmhach agus nach scartar baill aon teaghlaigh amháin.

13. D'fhonn a áirithiú go n-urramófar ina iomláine prionsabal aontachta an aonaid teaghlaigh agus do leas an linbh a áirithiú, ba chóir do ghaol cleithiúnachta idir iarratasóir agus a theaghlach nó a teaghlach sínte mar gheall ar thoircheas nó máithreachas, ar a sláinte nó a n-aois mhór, a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach. Nuair is mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, ba chóir gaol atá in ann aire a thabhairt dó nó di agus atá i láthair ar chríoch Ballstáit eile a bheith ina chritéar freagrachta ceangailteach freisin.

14. Ba chóir go mbeadh aon Bhallstát in ann maolú ar na critéir freagrachta, go háirithe ar chúiseanna daonchairdiúla agus atruacha, agus scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh leis nó le Ballstát eile, fiú mura bhfuil freagracht air an scrúdú sin a dhéanamh faoi na critéir cheangailteacha atá leagtha síos sa Rialachán, ar choinníoll go n-aontaíonn an Ballstát lena mbaineann agus an t-iarratasóir leis sin.

15. Níor mhór agallamh pearsanta a eagrú chun go bhféadfaí a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus, nuair is gá, chun go gcuirfí iarratasóirí ar an eolas ó bhéal maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

16. I gcomhréir, go háirithe, le hAirteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ba chóir coimircí dlíthiúla agus an ceart leigheas éifeachtúil a fháil i ndáil le cinntí a bhaineann le haistrithe chuig an mBallstát freagrach a bhunú chun cosaint éifeachtúil chearta na ndaoine i gceist a áirithiú.

17. I gcomhréir le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, ba chóir go gcuimseodh an leigheas éifeachtúil scrúdú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus scrúdú ar an staid dhlíthiúil agus fhíorasach sa Bhallstát a n-aistrítear an t-iarratasóir chuige d'fhonn a áirithiú go n-urramaítear an dlí idirnáisiúnta.

18. Ba cheart iarrthóirí tearmainn a choinneáil i gcomhréir leis an mbunphrionsabal nár chóir go gcoimeádfaí duine faoi choinneáil ar an gcúis go bhfuil sé ag lorg cosanta idirnáisiúnta agus ar an gcúis sin amháin. Ba cheart, go háirithe, iarrthóirí tearmainn a choinneáil i gcomhréir le hAirteagal 31 de Choinbhinsiún na Ginéive agus sna himthosca eisceachtúla arna sainiú go rí-shoiléir agus faoi na ráthaíochtaí a fhorordaítear i dTreoir [.../.../CE] [lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn]. Thairis sin, ba chóir úsáid coinneála chun críche aistrithe chuig an mBallstát atá freagrach a bheith teoranta agus faoi réir phrionsabal na comhréireachta maidir leis na modhanna a úsáidtear agus an cuspóir atá á shaothrú.

19. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 ón gCoimisiún an 2 Meán Fómhair 2003 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaobh chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 na gComhairle[27], féadfar aistrithe chuig an mBallstát atá freagrach a dhéanamh ar bhonn deonach, trí bhithín imeachta faoi mhaoirseacht nó faoi choimhdeacht. Ba chóir do Bhallstáit aistrithe deonacha a chur chun cinn agus a áirithiú go ndéantar aistrithe faoi mhaoirseacht nó faoi choimhdeacht ar bhealach daonnachtúil, agus cearta bunúsacha agus dignit an duine á n-urramú go hiomlán.

20. I ngeall ar limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina ráthaítear saorghluaiseacht daoine i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh a bheith á chruthú de réir a chéile agus beartais Chomhphobail maidir le coinníollacha iontrála agus fanachta náisiúnach tríú tír a bheith á mbunú, lena n-árítear iarrachtaí chun teorainneacha seachtracha a bhainistiú le chéile, is gá cothromaíocht a bhaint amach i measc na gcritéar freagrachta i meon dlúthpháirtíochta.

21. D'fhéadfadh cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcásanna áirithe, ualaí breise a chruthú do Bhallstáit agus iad ag ionramháil cáis fhíor-phráinnigh a chuireann brú fíor-throm ar a n-acmhainneacht glactha, a gcóras tearmainn nó a mbonneagar. Sna cásanna sin, is gá nós imeachta éifeachtach a leagan síos ionas go bhféadfaí aistrithe chuig an mBallstát i gceist a chur ar fionraí go sealadach agus ionas go bhféadfaí cúnamh airgeadais a sholáthar, i gcomhréir le hionstraimí airgeadais an AE atá ann cheana. Is féidir, ar an gcuma sin, trí aistrithe Bhaile Átha Cliath a fhionraí go sealadach rannchuidiú le leibhéal dlúthpháirtíochta níos airde leis na Ballstáit atá ag ionramháil le brú faoi leith ar a gcóras tearmainn, de bharr go háirithe a suímh gheografaigh nó mar gheall ar a staid dhéimeagrafach.

22. Ba cheart an mheicníocht seo chun aistrithe a fhionraí a chur i bhfeidhm freisin nuair a mheasann an Coimisiún nach bhfuil leibhéal na cosanta d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát áirithe i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail maidir le tearmann, go háirithe maidir le coinníollacha glactha agus le rochtain ar an nós imeachta tearmainn, d'fhonn a áirithiú go bhfuil leibhéal cosanta leordhóthanach ag gach iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta i ngach Ballstát.

23. Beidh feidhm ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[28] i leith próiseáil sonraí pearsanta ag na Ballstáit agus an Rialacháin seo á chur i bhfeidhm.

24. Áiritheoidh malartú sonraí pearsanta a bhaineann le hiarratasóirí, sonraí a bheidh le haistriú sula ndéanstar t-aistriú féin gur féidir leis na húdaráis inniúla tearmainn cúnamh leordhóthanach a thabhairt d'iarratasóirí agus leanúnachas a áirithiú maidir leis an gcosaint agus na cearta a thugtar dóibh. Ba chóir foráil speisialta a dhéanamh d'fhonn cosaint sonraí a bhaineann le hiarratasóirí a bhfuil baint acu leis an gcás seo a áirithiú, i gcomhréir le Treoir 95/46/CE.

25. Is féidir cur i bhfeidhm an Rialacháin a éascú, agus a éifeachtúlacht a neartú, trí shocruithe déthaobhacha idir Ballstáit chun cumarsáid idir ranna inniúla a fheabhsú, teorainneacha ama do nósanna imeachta a laghdú nó próiseáil iarrataí ar ghabháil ar láimh nó ar ghabháil ar ais a shimpliú, nó nósanna imeachta chun aistrithe a chur i gcrích a bhunú.

26. Ba chóir leanúnachas a áirithiú idir an córas lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 agus an córas arna bhunú leis an Rialachán seo. Ar an gcuma chéanna, ba chóir comhchuibeas a áirithiú idir an Rialachán seo agus Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil].

27. Ba chóir go n-éascódh feidhmiú chóras EURODAC, mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uiimh. [.../...] [maidir le bunú "EURODAC" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil] agus go n-éascódh go háirithe cur chun feidhme Airteagail 6 agus 10 atá ar áireamh ann cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

28. Ba chóir go n-éascófaí cur i bhfeidhm an Rialacháin seo trí bhíthin oibriú an Córas Faisnéise Víosaí, mar a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS – Visa Information System ) agus malartú sonraí idir Ballstáit ar víosaí gearrfhanachta[29] agus go háirithe cur chun feidhme Airteagail 21 agus 22 atá ar áireamh ann.

29. Maidir leis an gcaoi ina gcaitear le daoine a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, tá Ballstáit faoi cheangal ag oibleagáidí faoi ionstraimí dlí idirnáisiúnta ar páirtithe iontu iad.

30. Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[30].

31. Ba chóir, go háirithe, an Coimisiún a chumasú chun na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme na bhforálacha maidir le mionaoisigh neamhthionlactha agus le gaolta cleithiúnacha a athaontú, agus chun na critéir is gá chun aistrithe a dhéanamh a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad agus eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caifear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

32. Le Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 glacadh na bearta is gá chun Rialachán (CE) Uimh. 343/2003 a chur chun feidhme. Ba chóir forálacha áirithe Rialacháin (CE) Uimh. 1560/2003 a chorprú sa Rialachán seo, ar mhaithe le soléireacht nó toisc gur féidir leo freastal ar chuspóir ginearálta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, do na Ballstáit agus na hiarrthóirí tearmainn lena mbaineann, go mbeadh meicníocht ghinearálta ann chun réiteach a fháil i gcásanna ina bhfuil easaontas idir Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm forála den Rialachán seo. Is ceart, dá bharr sin, an mheicníocht dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 maidir le díospóidí a bhaineann leis an gclásal daonchairdiúil a réiteach a chorprú sa Rialachán seo agus a raon feidhm a chuimsiú faoin Rialachán seo ina iomláine.

33. Is gá go ndéanfar meastóireacht go tráthrialta chun go mbeidh monatóireacht éifeachtúil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

34. Urramaíonn an Rialachán na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh[31]. Féachann an Rialachán seo, ach go háirithe, le hurramú iomlán an chirt chun tearmainn a áirithítear le hAirteagal 18 a chinntiú agus le cur i bhfeidhm Airteagail 1, 4, 7, 24 agus 47 den Chairt sin a chur chun cinn agus ní mór é a chur i bhfeidhm dá réir.

35. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an bhirt atá beartaithe a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon critéir agus meicníochtaí a bhunú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBallstát atá freagrach as iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát a scrúdú, agus soláthar iomchuí táirgí míochaine tréidliachta a áirithiú, agus gur féidir é seo a dhéanamh níos fearr, de bharr scála agus éifeachtaí, ag leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, de réir phrionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

ÁBHAR AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo:

(a) ciallaíonn "náisiúnach tríú tír" aon duine nach saoránach den Aontas de réir bhrí Airteagal 17(1) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus ar duine é nach mbaineann leas as ceart chun saorghluaiseachta an Chomhphobail, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(5) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[32].

(b) ciallaíonn "iarratas ar chosaint idirnáisiúnta" iarratas ar chosaint idirnáisiúnta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(g) de Threoir 2004/83/CE;

(c) ciallaíonn "iarratasóir" nó "iarrthóir tearmainn" náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta déanta aige, nach bhfuil cinneadh críochnaitheach déanta ina leith fós;

(d) ciallaíonn "scrúdú ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta" aon scrúdú ar, nó cinneadh nó rialú, a bhaineann le hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, arna dhéanamh ag na húdaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2005/85/CE ón gComhairle[33], ach amháin nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus Treoir 2004/83/CE;

(e) ciallaíonn "tarraingt siar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta" na bearta trína gcuireann an t-iarratsóir deireadh leis na nósanna imeachta arna dtionscnamh nuair a thíolaic sé nó sí a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta, i gcomhréir le Treoir 2005/85/CE, go sainráite nó go neamhinste;

(f) ciallaíonn "duine dá dtugtar cosaint idirnáisiúnta" náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a aithnítear mar dhuine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(a) de Threoir 2004/83/CE ón gComhairle, de dhíth air nó uirthi;

(g) ciallaíonn "mionaoiseach" náisiúnach tríú tír nó duine gan stát faoi bhun 18 mbliana;

(h) ciallaíonn "mionaoiseach neamhthionlactha" mionaoiseach a shroicheann críoch na mBallstát gan tionlacan duine fásta atá freagrach as nó aisti, de réir dlí nó de réir nós, agus chomh fada agus nach dtógtar faoi chúram an duine sin iad; cuirtear san áireamh mionaoisigh a fhágtar i riocht neamhthionlactha tar éis dóibh iontráil i gcríoch Ballstát;

(i) ciallaíonn "baill teaghlaigh", sa mhéid is a raibh ann cheana don teaghlach sa tír thionscnaimh, na baill seo a leanas de theaghlach an iarratasóra atá i láthair i gcríoch na mBallstát:

(i) céile an iarrthóra tearmainn nó a chomhpháirtí no a compháirtí neamhphósta, a bhfuil caidreamh buan eatarthu, i gcás ina ndéileáltear i reachtaíocht nó i gcleachtas an Bhallstáit atá i gceist le lánúineacha neamhphósta i slí is inchomparáide leis an gcaoi ina ndéileáltear le lánúineacha pósta faoina dhlí maidir le heachtrannaigh;

(ii) leanaí mionaoiseacha na lánúineacha dá dtagraítear i bpointe (i), nó an iarratasóra, ar choinníoll nach bhfuil siad pósta agus is cuma ar rugadh nó nach rugadh iad de phósadh nó is cuma ar uchtaíodh iad mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta;

(iiii) leanaí mionaoiseacha pósta na lánúineacha dá dtagraítear i bpointe (i), nó an iarratasóra, is cuma ar rugadh nó nach rugadh iad de phósadh nó is cuma ar uchtaíodh iad mar a shainmhínítear faoin dlí náisiúnta, i gcás inarb é a leas cónaí leis an iarratasóir;

(iv) athair, máthair nó caomhnóir an iarratasóra i gcás gur mionaoiseach an t-iarratasóir agus nach bhfuil sé nó sí pósta, nó gur mionaoiseach é nó í atá pósta nó phósta ach gurb é a leas cónaí lena athair nó lena hathair, lena mháthair nó lena máthair nó lena chaomhnóir nó lena caomhnóir;

(v) siblíní mionaoiseacha neamhphósta an iarratasóra, i gcás gur mionaoiseach nach bhfuil pósta é an t-iarratasóir, nó gur mionaoiseach pósta an t-iarrathóir nó gur mionaoisigh phósta a shiblíní nó a siblíní ach gurb é leas duine nó níos mó ná duine amháin acu cónaí le chéile;

(j) ciallaíonn "doiciméad cónaithe" aon údarú arna eisiúint ag údaráis Ballstáit lena n-údaraítear do náisiúnach tríú tír nó do dhuine gan stát fanacht ina chríoch, agus na doiciméid a thacaíonn leis an údarú fanacht sa chríoch faoi shocruithe sealadacha cosanta nó go dtí nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na cúinsí a chuireann bac ar ordú aistrithe a chur i gcrích, ach amháin víosaí agus údaruithe cónaithe arna n-eisiúint i rith na tréimhse is gá chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach mar a leagtar síos sa Rialachán seo nó i rith scrúdaithe ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta nó ar iarratas ar chead cónaithe;

(k) ciallaíonn "víosa" údarú nó cinneadh Ballstáit atá riachtanach chun idirthuras a dhéanamh tríd an mBallstát sin nó chun iontráil sa Bhallstát sin nó i roinnt Ballstát ar feadh tréimhse beartaithe fanachta. Déanfar cinneadh maidir leis an saghas víosa a bheidh i gceist de réir na sainmhínithe seo a leanas:

(i) ciallaíonn "víosa fadfhanachta" údarú nó cinneadh Ballstáit atá riachtanach chun iontráil ar feadh tréimhse beartaithe fanachta níos faide ná trí mhí sa Bhallstát sin;

(ii) ciallaíonn "víosa gearrfhanachta" údarú nó cinneadh Ballstáit atá riachtanach chun iontráil ar feadh tréimhse beartaithe fanachta sa Bhallstát sin nó i líon Ballstát ar feadh tréimhse nach faide ina iomláine ná trí mhí;

(iii) ciallaíonn "víosa idirthurais" údarú nó cinneadh Ballstáit le haghaidh iontrála chun idirthuras a dhéanamh trí chríoch an Bhallstáit sin nó trí chríoch roinnt Ballstát, ach amháin idirthuras ag aerfort;

(iv) ciallaíonn "víosa idirthurais aerfoirt" údarú nó cinneadh a ligeann do náisiúnach tríú tír atá faoi réir an cheanglais seo go sonrach gabháil trí limistéar idirthurais aerfoirt, gan rochtain a fháil ar chríoch náisiúnta an Bhallstáit i gceist, i rith stad nó aistrithe idir dhá chuid d'eitilt idirnáisiúnta;

(l) ciallaíonn "riosca éalaithe" go bhfuil cúiseanna ann i gcás aonair, atá bunaithe ar chritéir oibiachtúla a shainítear sa dlí, chun a chreidiúint go n-éalódh iarratasóir nó náisiúnach tríú tír nó duine gan stát atá faoi réir cinnidh maidir le haistriú.

CAIBIDIL II

PRIONSABAIL GHINEARÁLTA AGUS COIMIRCÍ

Airteagal 3

Rochtain ar an nós imeachta chun iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a scrúdú

1. Déanfaidh na Ballstáit scrúdú ar aon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh ag náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a chuireann iarratas isteach ar chríoch aon Bhallstáit acu, lena n-áirítear ag an teorainn nó sna limistéir idirthurais. Déanfaidh Ballstát amháin scrúdú ar an iarratas, ar Ballstát é a thabharfar le fios sna critéir atá leagtha amach i gCaibidil III den Rialachán seo go bhfuil sé freagrach.

2. I gcás nach féidir Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a aimniú bunaithe ar na critéir atá liostaithe sa Rialachán seo, beidh an chéad Bhallstát inar taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta freagrach as scrúdú a dhéanamh air.

3. Coimeádfaidh aon Bhallstát an ceart iarrthóir tearmainn a chur chuig tríú tír shábháilte, faoi réir na rialacha agus na gcoimircí atá leagtha síos i dTreoir 2005/85/CE.

Airteagal 4

Ceart chun faisnéise

1. Chomh luath is a thaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát cur i bhfeidhm an Rialacháin seo in iúl don iarrthóir tearmainn, agus cuirfidh siad in iúl go háirithe:

(a) cuspóirí an Rialacháin seo agus na h-iarmhairtí a bhaineann le hiarratas eile a thaisceadh i mBallstát eile;

(b) na critéir chun freagracht a shannadh agus a n-ordlathas;

(c) an nós imeachta ginearálta agus na teorainneacha ama a bhfuil ar na Ballstáit cloí leo;

(d) na torthaí a d'fhéadfadh a bheith ar an nós imeachta agus a n-iarmhairtí;

(e) gur féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne cinnidh aistrithe;

(f) gur féidir leis na húdaráis inniúla a shonraí nó a sonraí a mhalartú chun na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus chuige sin amháin;

(g) go bhfuil ceart rochtana aige nó aici ar shonraí a bhaineann leis nó léi, agus go bhfuil sé de cheart aige nó aici a iarraidh go gceartófaí aon sonraí míchruinne a bhaineann leis nó léi, nó go scriosfaí aon sonraí a bhaineann leis nó léi a próiseáladh go neamhdhleathach, lena n-áirítear an ceart faisnéis a fháil faoi nósanna imeachta chun na cearta sin a fheidhmiú agus faoi shonraí teagmhála na nÚdarás Náisiúnta Cosanta Sonraí, a éistfidh éilimh a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.

2. Cuirfear an t-eolas dá dtagraítear i mír 1 ar fáil i scríbhinn i dteanga a shíltear le réasún go bhfuil an t-iarratasóir in ann í a thuiscint. Bainfidh Ballstáit úsáid as an mbileog choiteann arna tarraingt suas de bhun mhír 3 chun na críche sin.

Nuair is iomchuí ar mhaithe le tuiscint cheart an iarratasóra, cuirfear an t-eolas ar fáil ó bhéal, ag an agallamh a bheidh déanta de bhun Airteagal 5.

Cuirfidh Ballstáit an t-eolas ar fáil i slí a bheidh cuí d'aois an iarratasóra.

3. Tarraingeofar suas bileog choiteann ina mbeidh ar a laghad an t-eolas dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

Airteagal 5

Agallamh pearsanta

1. Tabharfaidh an Ballstát a bheidh ag cur an phróisis i gcrích chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach faoin Rialachán seo deis do na hiarratasóirí agallamh pearsanta a dhéanamh le duine atá cáilithe faoin dlí náisiúnta chun an t-agallamh sin a dhéanamh.

2. Is ar mhaithe leis an bpróiseas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a éascú a bheidh an t-agallamh pearsanta, go háirithe chun a chur ar chumas an iarratasóra eolas a thabhairt atá ábhartha agus a bhfuil gá leis chun an Ballstát atá freagrach a aithint i gceart agus ar mhaithe le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur in iúl don iarratasóir ó bhéal.

3. Déanfar an t-agallamh pearsanta go tráthúil tar éis thaisceadh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta agus, ar aon nós, sula ndéanfar aon chinneadh an t-iarratasóir a aistriú chuig an mBallstát atá freagrach de bhun Airteagal 25(1).

4. Déanfar an t-agallamh pearsanta i dteanga a shíltear le réasún go bhfuil an t-iarratasóir in ann í a thuiscint agus ina bhfuil sé in ann cumarsáid a dhéanamh. Nuair is iomchuí, roghnóidh Ballstáit ateangaire a bheidh in ann cumarsáid chuí idir an t-iarratasóir agus an duine a dhéanfaidh an t-agallamh pearsanta a áirithiú.

5. Déanfar an t-agallamh pearsanta faoi choinníollacha a áiritheoidh rúndacht chuí.

6. Cuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an t-agallamh pearsanta tuairisc ghearr i scríbhinn i dtoll a chéile ina mbeidh an príomheolas a thug an t-iarratasóir ag an agallamh agus cuirfidh sé cóip den tuairisc sin ar fáil don iarratasóir. Gabhfaidh an tuairisc le haon chinneadh aistrithe de bhun Airteagal 25(1).

Airteagal 6

Ráthaíochtaí do mhionaoisigh

1. Tabharfaidh Ballstáit tús áite do leas an linbh maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh ionadaí ionadaíocht thar ceann an mhionaoisigh neamhthionlactha, nó go gcuideoidh ionadaí leis an mionaoiseach neamhthionlactha maidir le gach nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Féadfaidh an t-ionadaí seo a bheith mar an gcéanna leis an ionadaí dá dtagraítear in Airteagal 23 de Threoir [.../.../CE] [lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn].

3. Agus leas an linbh á mheasúnú, comhoibreoidh na Ballstáit go dlúth agus cuirfidh siad, go háirithe, na tosca seo a leanas san áireamh:

(a) na féidearthachtaí chun teaghlaigh a athaontú;

(b) dea-bhail agus forbairt shóisialta an mhionaoisigh, ag cur san áireamh go háirithe cúlra eitneach, creidimh, cultúrtha agus teanga an mhionaoisigh;

(c) cúinsí slándála agus sábháilteachta, go háirithe nuair atá riosca ann gur íospartach gáinnéala é an leanbh;

(d) tuairimí an mhionaoisigh, i gcomhréir lena aois nó a lena haois agus lena aibíocht nó lena haibíocht.

4. Bunóidh na Ballstáit nósanna imeachta sa reachtaíocht náisiúnta chun teacht ar na baill teaghlaigh nó gaolta eile mionaoiseach neamhthionlactha atá i láthair sna Ballstáit. Tosóidh siad ag lorg ball teaghlaigh an mhionaoisigh neamhthionlactha nó gaolta eile chomh luath agus is féidir, tar éis dó an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisceadh agus a leas á chosaint acu.

5. Cuirfear oiliúint chuí maidir le sainriachtanais mionaoiseach ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 33 a dhéileálann le h-iarratais a bhaineann le mionaoisigh neamhthionlactha.

CAIBIDIL III

CRITÉIR CHUN A CHINNEADH CÉ ACU BALLSTÁT ATÁ FREAGRACH

Airteagal 7

Ordlathas na gcritéar

1. Cuirfear na critéir chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i bhfeidhm san ord ina leagtar síos sa Chaibidil seo iad.

2. Déanfar cinneadh maidir leis an mBallstát atá freagrach i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos sa Chaibidil seo bunaithe ar an staid ina raibh cúrsaí nuair a thaisc an t-iarrthóir tearmainn a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta le Ballstát den chéad uair.

3. De mhaolú ó mhír 2, chun go n-urramófar prionsabal aontachta an aonaid teaghlaigh agus leas an linbh, déanfar cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos in Airteagal 8 go dtí 12 bunaithe ar an staid ina raibh cúrsaí nuair a thaisc an tiarrthóir tearmainn a iarratas nó a hiarratas is déanaí ar chosaint idirnáisiúnta. Beidh feidhm ag an mír seo ar choinníoll nach mbeidh iarratais a cuireadh isteach roimhe sin fós faoi réir céad chinnidh a rinneadh maidir leis an tsubstaint fós.

Airteagal 8

Mionaoisigh neamhthionlactha

1. Nuair is mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir, is é an Ballstát ina mbeidh ball dá theaglach nó dá teaghlach i láthair go dleathach a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é seo.

2. Nuair is mionaoiseach neamhthionlactha an t-iarratasóir a bhfuil gaol atá i láthair go dleathach i mBallstát eile aige nó aici atá in ann aire a thabhairt dó nó di, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é seo.

3. Nuair a bheidh baill teaghlaigh an iarratasóra nó a ghaolta eile nó a gaolta eile i láthair go dleathach i níos mó ná Ballstát amháin, déanfar cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas bunaithe ar leas an mhionaoisigh.

4. Nuair nach mbeidh ball teaghlaigh nó gaol eile i láthair, is é an Ballstát lenar thaisc an mionaoiseach a iarratas nó a hiarratas is déanaí ar chosaint idirnáisiúnta a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chun leasa an mhionaoisigh é seo.

5. Glacfaidh an Coimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme mhír 2 agus 3. Glacfar na bearta sin, a cheaptar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 40(3).

Airteagal 9

Baill teaghlaigh ar daoine iad ar tugadh cosaint idirnáisiúnta dóibh

Nuair atá ball teaghlaigh, is cuma ar bunaíodh nó nár bunaíodh an teaghlach cheana sa tír thionscnaimhag an iarrthóir tearmainn, ar tugadh cead dó nó di cónaí mar dhuine dar deonaíodh cosaint idirnáisiúnta i mBallstát, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

Airteagal 10

Baill teaghlaigh ar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta iad

Má tá ball teaghlaigh i mBallstát ag an iarrthóir tearmainn nach raibh a iarratas ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát sin fós faoi réir céad chinnidh a rinneadh maidir leis an tsubstaint, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, ar choinníoll gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn.

Airteagal 11

Gaolta cleithiúnacha

1. I gcás ina bhfuil an t-iarrthóir tearmainn ag brath ar chúnamh ó ghaol mar gheall ar thoircheas nó leanbh nuabhreithe, breoiteacht throm, éislinn throm nó seanaois, nó i gcás ina bhfuil gaol ag brath ar chúnamh ón iarrthóir tearmainn ar na cúiseanna céanna, is é an Ballstát a bheidh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas an Ballstát a shíltear is iomchuí chun iad a choinneáil le chéile nó iad a athaontú, ar choinníoll go raibh naisc teaghlaigh ann sa tír thionscnaimh agus gur chuir na daoine lena mbaineann a mian in iúl i scríbhinn. Agus cinneadh á dhéanamh cé acu Ballstát is iomchuí, cuirfear san áireamh leas na ndaoine lena mbaineann, amhail cumas taistil an chleithiúnaí.

2. Glacfaidh an Coimisiún na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme mhír 1. Glacfar na bearta sin, a cheaptar le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 40(3).

Airteagal 12

Nós imeachta teaghlaigh

I gcás ina dtaiscfidh roinnt ball teaghlaigh iarratais ar chosaint idirnáisiúnta sa Bhallstát céanna ag an am céanna, nó ar dhátaí sách gar dá chéile chun go bhféadfaí na nósanna imeachta chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a chur i gcrích ag an am céanna, agus i gcás inar scarfaí óna chéile iad mar thoradh ar chur i bhfeidhm na gcritéar atá leagtha síos sa Rialachán seo, déanfar cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach bunaithe ar na forálacha seo a leanas:

(a) beidh an fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta na mball teaghlaigh ar fad ar an mBallstát a léiríonn na critéir a fhreagracht as an méid is mó ball teaghlaigh a ghabháil ar láimh;

(b) sa chás nach féidir é sin a dhéanamh, beidh freagracht ar an mBallstát a léiríonn na critéir a fhreagracht as scrúdú a dhéanamh ar iarratas an duine is sine acu.

Airteagal 13

Eisiúint doiciméad cónaithe nó víosaí

1. I gcás ina bhfuil doiciméad cónaithe atá bailí ag an iarrthóir tearmainn, beidh an Ballstát a d'eisigh an doiciméad freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2. I gcás ina bhfuil víosa atá bailí ag an iarrthóir tearmainn, beidh an Ballstát a d'eisigh an víosa freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, murar eisíodh an víosa agus é ag gníomhú ar son Ballstáit eile nó ar údarú scríofa ó Bhallstát eile. Sa chás sin, beidh an dara Ballstát freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. I gcás ina dtéann Ballstát i gcomhairle le húdarás lárnach Ballstáit eile, go háirithe ar chúiseanna slándála, ní údarú scríofa a bheidh i bhfreagra an dara Ballstát ar an gcomhairliúchán de réir bhrí na forála seo.

3. I gcás ina bhfuil níos mó ná doiciméad cónaithe amháin atá bailí ag an iarrthóir tearmainn nó víosa eisithe ag Ballstáit éagsúla, glacfaidh na Ballstáit freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta san ord seo a leanas:

(a) an Ballstát a d'eisigh an doiciméad cónaithe a thugann ceart don tréimhse chónaithe is faide nó, nuair is ionann na tréimhsí bailíochta, an Ballstát a d'eisigh an doiciméad cónaithe leis an dáta éaga is déanaí;

(b) an Ballstát a d'eisigh an víosa leis an dáta éaga is déanaí i gcás ina bhfuil na víosaí éagsúla den chineál céanna;

(c) nuair is cineálacha éagsúla víosaí iad, an Ballstát a d'eisigh an víosa leis an tréimhse bailíochta is faide, nó, nuair is ionann na tréimhsí bailíochta, an Ballstát a d'eisigh an víosa leis an dáta éaga is déanaí.

4. I gcás nach bhfuil ach doiciméad cónaithe amháin nó níos mó a d'éag níos lú ná dhá bhliain roimhe i seilbh an iarrthóra tearmainn nó víosa amháin nó níos mó a d'éag níos lú ná sé mhí roimhe agus a chuir ar a chumas nó a cumas dul isteach i gcríoch Ballstáit, beidh feidhm ag míreanna 1, 2 agus 3 chomh fada is nach bhfuil an t-iarratasóir tar éis críocha na mBallstát a fhágáil.

I gcás ina bhfuil doiciméad cónaithe amháin nó níos mó a d'éag níos mó ná dhá bhliain roimhe nó víosa amháin nó níos mó a d'éag níos mó ná sé mhí roimhe i seilbh an iarrthóra tearmainn, agus a chuir ar a chumas nó ar a cumas dul isteach i gcríoch Ballstáit agus nach bhfuil sé tar éis críocha na mBallstát a fhágáil, beidh an Ballstát ina dtaiscfear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta freagrach.

5. Ní chuirfear cosc le freagracht a chur ar an mBallstát a d'eisigh é ar an mbonn gur eisíodh doiciméad cónaithe nó víosa bunaithe ar chéannacht bhréagach nó ghlactha nó ar thaisceadh doiciméad a bhí góchumtha, bréagach nó neamhbhailí. Ní bheidh, áfach, an Ballstát a eiseoidh an doiciméad cónaithe nó víosa freagrach más féidir leis a shuíomh gur rinneadh an chalaois tar éis don doiciméad nó don víosa a bheith eisithe.

Airteagal 14

Iontráil agus/nó fanacht

1. I gcás ina suífear, bunaithe ar chruthúnas nó ar fhianaise imthoisceach mar a shainmhínítear sa dá liosta atá luaite in Airteagal 22(3), lena n-áirítear na sonraí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán [.../.../CE] [maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil], go bhfuil iarrthóir tearmainn tar éis an teorainn a thrasnú go neamhrialta isteach i mBallstát ar talamh, ar muir nó san aer, tagtha ó thríú thír, beidh an Ballstát ar tháinig sé nó sí isteach ann sa chaoi sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Beidh deireadh leis an bhfreagracht seo 12 mhí i ndiaidh don trasnú teorann neamhrialta tarlú.

2. I gcás nach féidir freagracht a chur ar Bhallstát nó nach féidir freagracht a chur air a thuilleadh i gcomhréir le mír 1, agus i gcás ina shuífear, bunaithe ar chruthúnas nó ar fhianaise imthoisceach mar a shainmhínítear sa dá liosta atá luaite in Airteagal 22(3) í, go bhfuil cónaí ar an iarrthóir tearmainn - a tháinig isteach i gcríocha na mBallstát go neamhrialta nó nach féidir na dálaí inar tháinig sé isteach a shuíomh - le tréimhse leanúnach ar a laghad cúig mhí i mBallstát sular thaisc sé an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Más rud é go raibh cónaí ar an iarratasóir ar feadh tréimhsí ar a laghad cúig mhí i go leor Ballstát, beidh an Ballstát is déanaí ina raibh cónaí ar an iarratasóir freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 15

Iontráil a bhfuil gá le víosa tarscaoilte ina leith

1. Má iontráileann náisiúnach tríú tír nó duine gan stát i gcríoch Ballstáit ina dtarscaoiltear an gá víosa a bheith aige nó aici, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

2. Níl feidhm ag an bprionsabal atá leagtha síos i mír 1, má thaisceann an náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta i mBallstát eile, ina dtarscaoiltear freisin an gá víosa a bheith aige nó aici chun teacht isteach sa chríoch. Sa chás seo, beidh an dara Ballstát freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Airteagal 16

Iarratas i limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt

I gcás ina dtaiscfidh náisiúnach tríú tír nó duine gan stát iarratas ar chosaint idirnáisiúnta i limistéar idirthurais idirnáisiúnta aerfoirt Ballstáit, beidh an Ballstát sin freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

CAIBIDIL IV

CLÁSAIL LÁNROGHNACHA

Airteagal 17

Clásail lánroghnacha

1. De mhaolú ó Airteagal 3(1), féadfaidh gach Ballstát, go háirithe ar chúiseanna daonchairdiúla agus atruacha, cinneadh a dhéanamh scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh leis ag náisiúnach tríú tír nó ag duine gan stát, fiú mura bhfuil sé freagrach as scrúdú a dhéanamh faoi na critéir atá leagtha síos sa Rialachán seo, ar choinníoll go n-aontaíonn an t-iarrthóir leis sin.

Sa chás sin, beidh an Ballstát sin ina Bhallstát atá freagrach de réir bhrí an Rialacháin seo agus glacfaidh sé na hoibleagáidí a ghabhann leis an bhfreagracht sin air féin. Nuair is infheidhme, cuirfidh sé an Ballstát a bhí freagrach roimhe ar an eolas maidir leis an mBallstát a bheidh i mbun an phróisis chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach nó an Ballstát a iarraidh air an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais, ag baint úsáide as an ngréasán cumarsáide leictreonaí 'Dublinet', a bunaíodh faoi Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003 .

Cuirfidh an Ballstát a bheidh freagrach i gcomhréir leis an mír seo in iúl in EURODAC gur ghlac sé freagracht de bhun Airteagal 17(6) de Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil].

2. Féadfaidh an Ballstát ina dtaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta agus a bheidh i mbun an phróisis chun a chinneadh cé acu Ballstát freagrach, nó féadfaidh an Ballstát freagrach, ag aon am, iarraidh ar Bhallstát eile iarratasóir a ghabháil ar láimh chun baill teaghlaigh a thabhairt le chéile, chomh maith le gaolta eile, ar chúiseanna daonchairdiúla bunaithe go háirithe ar chúinsí a bhaineann le cursaí teaglaigh nó ar chúinsí chultúrtha, fiú i gcás nach bhfuil an dara Ballstát seo freagrach faoi na critéir atá leagtha síos in Airteagal 8 go dtí 12 den Rialachán seo. Caithfidh na daoine lena mbaineann a chur i scríbhinn go n-aontaíonn siad leis sin.

Beidh gach ábhar i seilbh an Bhallstáit a dhéanfaidh an t-iarraidh ar áireamh san iarraidh ar ghabháil ar láimh ionas go bhféadfaidh an Ballstát a n-iarrtar air an duine a ghabháil ar láimh an cás a mheasúnú.

Déanfaidh an Ballstát a n-iarrfar orthu gabháil ar láimh aon seiceálacha is gá chun na cúiseanna daonchairdiúla a luaifear a shuíomh, agus tabharfaidh sé cinneadh maidir leis an iarraidh laistigh de dhá mhí ón dáta a fuair sé an t-iarraidh. Luafaidh cinneadh ag diúltú don iarratas na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe.

I gcás ina nglacfaidh an Ballstát a n-iarrfar orthu gabháil ar láimh leis an iarraidh, aistreofar freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas chuige.

CAIBIDIL V

OIBLEAGÁIDÍ AN BHALLSTÁIT ATÁ FREAGRACH

Airteagal 18

Oibleagáidí an Bhallstiát atá freagrach

1. Beidh sé d'oibleagáid ar an mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta faoin Rialachán seo:

(a) iarrthóir tearmainn atá tar éis iarratas a thaisceadh i mBallstát eile a ghabháil ar láimh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 21, 22 agus 28;

(b) iarratasóir a bhfuil a iarratas á scrúdú agus a rinne iarratas i mBallstát eile nó atá i gcríoch Ballstáit eile gan doiciméad cónaithe a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 23, 24 agus 28;

(c) iarrthóir atá tar éis iarratas a bhí á scrúdú a tharraingt siar agus iarratas a thaisceadh i mBallstát eile a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 23, 24 agus 28;

(d) náisiúnach tríú tír nó duine gan stát a bhfuil a iarratas nó a hiarratas diúltaithe agus a thaisc iarratas i mBallstát eile nó atá i gcríoch Ballstáit eile gan doiciméad cónaithe a ghabháil ar ais, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 23, 24 agus 28;

2. Déanfaidh an Ballstát atá freagrach, i ngach cás dá dtagraítear i mír 1 (a) go dtí (d), scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc an t-iarratasóir, nó cuirfidh sé deireadh le scrúdú, ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a thaisc an tiarrthóir, de réir bhrí Airteagal 2 (d). I gcás ina scoirfidh an Ballstát den iarratas a scrúdú tar éis don iarratasóir é a tharraingt siar, cúlghairfidh sé an cinneadh sin agus críochnóidh sé an scrúdú ar an iarratas, de réir bhrí Airteagal 2 (d).

Airteagal 19

Scor na bhfreagrachtaí

1. I gcás ina n-eiseoidh Ballstát doiciméad cónaithe don iarratasóir, aistreofar na hoibleagáidí arna sainiú in Airteagal 18(1), chuig an mBallstát sin.

2. Scoirfidh na hoibleagáidí arna sainiú in Airteagal 18 (1), i gcás ina mbeidh an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas in ann a shuíomh, nuair a iarrfar air iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) a gabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais, gur fhág an duine i gceist críoch na mBallstát ar feadh ar a laghad trí mhí, mura bhfuil doiciméad cónaithe bailí arna eisiúint ag an mBallstát freagrach i seilbh an duine i gceist.

Breathnófar ar iarratas arna thaisceadh tar éis na hasláithreachta sin mar iarratas nua as a n-eascraíonn nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

3. Tiocfaidh deireadh leis na hoibleagáidí arna sainiú in Airteagal 18(1)(c) agus (d), i gcás ina bhféadfaidh an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas a shuíomh, i gcás ina n-iarrfar air iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) a ghabháil ar ais, go bhfuil an duine i gceist tar éis críoch na mBallstát a fhágáil i gcomhlíonadh le cinneadh maidir le filleadh nó ordú aistrithe a d'eisigh sé tar éis tharraingthe siar nó diúltaithe an iarratais.

Breathnófar ar iarratas arna thaisceadh tar éis aistrithe a bheith curtha i gcrích mar iarratas nua as a n-eascraíonn nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

CAIBIDIL VI

NÓSANNA IMEACHTA UM GHABHÁIL AR LÁIMH AGUS GABHÁIL AR AIS

ROINN I: Seoladh an Nós Imeachta

Airteagal 20

Seoladh an Nós Imeachta

1. Cuirfear tús leis an bpróiseas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach faoin Rialachán seo chomh luath agus a thaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le Ballstát.

2. Measfar go bhfuil iarratas ar chosaint idirnáisiúnta taiscthe chomh luath is a gheobhaidh údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann foirm arna tíolacadh ag an iarratasóir nó tuarascáil arna cur i dtoll i chéile ag na húdaráis. Nuair nach dtaiscfear iarratas i scríbhinn, ba chóir go mbeadh an tréimhse idir rún a chur in iúl agus ullmhú tuarascála chomh gearr agus is féidir.

3. Chun críocha an Rialacháin seo, ní fhéadfar idirdhealú a dhéanamh idir cás mionaoisigh atá i dtionlacan an iarrthóra tearmainn agus a chomhlíonann an sainmhíniú ar bhall teaghlaigh atá leagtha síos in Airteagal 2, pointe (i) agus cás a thuismitheora nó a chaomhnóra agus beidh sé faoin mBallstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta an tuismitheora nó an chaomhnóra sin déileáil le cás an mhionaoisigh, fiú murar mionaoiseach é féin an t-iarratasóir tearmainn, ar choinníoll gurb é seo a leas. Caitear mar an gcéanna le leanaí a rugadh tar éis don iarratasóir tearmainn iontráil i gcríoch na mBallstát, gan gá le nós imeachta nua a thionscnamh chun freagracht a ghlacadh thar a gceann.

4. I gcás ina dtaiscfidh iarratasóir atá i láthair i gcríoch Ballstáit eile iarratas ar chosaint idirnáisiúnta le húdaráis inniúla Ballstáit, déanfaidh an Ballstát ina bhfuil an t-iarratasóir i láthair ar a chríoch cinneadh cé acu Ballstát atá freagrach. Cuirfidh an Ballstát a fuair an t-iarratas an dara Bhallstát ar an eolas gan mhoill agus ansin, chun críocha an Rialacháin seo, breathnófar ar an mBallstát sin mar an Ballstát lenar taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta.

Cuirfear an t-aistriú seo in iúl i scríbhinn don iarratasóir agus cuirfear an dáta a rinneadh é in iúl.

5. Gabhálfar ar ais iarrthóir tearmainn a bheidh i láthair i mBallstát eile agus a thaiscfidh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ann tar éis dó a chéad iarratas a thaisceadh i mBallstát eile a tharraingt siar le linn an phróisis chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagail 23, 24 agus 28, ag an mBallstát lenar taisceadh an t-iarratas sin ar chosaint idirnáisiúnta ar an gcéad dul síos, d'fhonn an próiseas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a chríochnú.

Tiocfaidh deireadh leis an oibleagáid seo i gcás ina bhféadfaidh an Ballstát a iarrfar air an próiseas chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach a chríochnú a shuíomh gur fhág an t-iarrthóir tearmainn críocha na mBallstát idir an dá linn ar feadh tréimhse ar a laghad trí mhí nó go bhfuair sé nó sí doiciméad cónaithe ó Bhallstát eile.

Breathnófar ar iarratas taiscthe tar éis na hasláithreachta sin mar iarratas nua as a n-eascraíonn nós imeachta nua chun a chinneadh cé acu Ballstát atá freagrach.

Roinn II: Nósanna imeachta maidir le h-iarrataí ar ghabháil ar láimh

Airteagal 21

Iarraidh ar ghabháil ar láimh a thíolacadh

1. I gcás ina measfaidh Ballstát lenar taisceadh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta go bhfuil Ballstát eile freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas, féadfaidh sé, chomh tapa agus is féidir agus ar aon nós laistigh de thrí mhí ón dáta a taisceadh an t-iarratas de réir bhrí Airteagal 20(2), iarraidh ar an mBallstát eile an t-iarratasóir a ghabháil ar láimh.

I gcás nach ndéanfar iarraidh ar ghabháil ar láimh laistigh de thrí mhí, beidh freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ar an mBallstát lenar taisceadh an t-iarratas.

2. Féadfaidh an Ballstát a dhéanann an t-iarraidh freagra práinneach a iarraidh i gcásanna inar taisceadh an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta tar éis cead do theacht isteach nó fanacht a bheith diúltaithe, tar éis gabhála i leith fanachta neamhdhleathaigh nó tar éis ordú aistrithe a bheith tugtha nó curtha i gcrích agus/nó i gcás ina mbeidh an t-iarrthóir tearmainn faoi choinneáil.

Cuirfidh an t-iarraidh in iúl na cúiseanna ar a bhfuil gá le freagra práinneach agus an tréimhse ina mbeifear ag súil le freagra. Seachtain ar a laghad a bheidh sa tréimhse seo.

3. Sa dá chás, déanfar an tiarratas chun go nglacfadh Ballstát eile freagracht ag baint úsáide as foirm chaighdeánach agus lena gcuirfear san áireamh cruthúnas nó fianaise imthoisceach mar a shainmhínítear iad sa dá liosta atá luaite in Airteagal 22(3) agus/nó eilimintí ábhartha ó ráiteas an iarratasóra ar thearmann, ag cur ar chumas údarás an Bhallstáit a iarrfar air freagracht a ghlacadh a dheimhniú an bhfuil sé freagrach bunaithe ar na critéir atá leagtha síos sa Rialachán seo.

Glacfar na rialacha maidir le hiarratais a ullmhú agus na nósanna imeachta chun iarratais a tharchur i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

Airteagal 22

Freagra a thabhairt ar iarraidh ar ghabháil ar láimh

1. Déanfaidh an Ballstát a n-iarrfar orthu freagracht a ghlacadh aon seiceálacha is gá chun na cúiseanna daonnúla a luaifear a shuíomh, agus tabharfaidh sé cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de dhá mhí ón dáta a fuair sé an tiarratas.

2. Le linn an nóis imeachta chun cinneadh a ghlacadh maidir leis an mBallstát freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna bhunú leis an Rialachán seo, bainfear úsáid as eilimintí cruthúnais agus fianaise imthoiscigh.

3. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2) bunófar dhá liosta a ndéanfar athbhreithniú tréimhsiúil air, ag léiriú na n-eilimintí cruthúnais agus fianaise imthosicigh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas:

(a) Cruthúnas:

(i) Tagraíonn sé seo do chruthúnas foirmeálta lena nglactar cinneadh maidir le freagracht de bhun an Rialacháin seo, chomh fada is nach mbréagnaíonn cruthúnas a mhalairt é.

(ii) Cuirfidh na Ballstáit múnlaí de na cineálacha éagsúla doiciméad riaracháin ar fáil don Choiste dá bhforáiltear in Airteagal 40, i gcomhréir leis an dtíopeolaíocht atá leagtha síos sa liosta foirmeálta cruthúnas.

(b) Fianaise imthoisceach:

(i) Tagraíonn sé seo d'eilimintí táscacha atá, cé gur féidir iad a bhréagnú, leordhóthanach, i gcásanna áirithe, de réir an luacha fianaise a thugtar dóibh.

(ii) Déanfar a luach fianaise, i ndáil le freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, a mheasúnú de réir gach cáis ar leith.

4. Ní rachaidh an ceanglas cruthúnais seo thar a bhfuil riachtanach chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gceart.

5. Muna bhfuil cruthúnas foirmeálta ann, admhóidh an Ballstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh a freagracht má tá an fhianaise imthoisceach soiléir, infhíoraithe agus mionsonraithe go leor chun freagracht a shuíomh.

6. I gcás ina mbeidh an Ballstát a dhéanann an tiarratas tar éis práinn a phléadáil, i gcomhréir le forálacha Airteagal 21(2), déanfaidh an Ballstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh a seacht ndícheall cloí leis an teorainn ama a iarraidh. I gcásanna eisceachtúla, ina bhféadfar a thaispeáint go bhfuil an scrúdú ar iarraidh ar ghabháil ar láimh thar ceann iarratasóra thar a bheith casta, féadfaidh an Ballstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh a fhreagra a thabhairt tar éis an teorann ama a iarraidh, ach é sin a dhéanamh laistigh de mhí ar aon chaoi. Sa chásanna sin caithfidh an Ballstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh a chinneadh freagra a thabhairt don Bhallstát a dhéanann an tiarratas laistigh de thréimhse atá níos faide ná an teorainn ama a iarraidh i dtosach.

7. Is ionann neamhghníomh laistigh den tréimhse dhá mhí a luaitear i mír 1 agus den tréimhse mhí amháin a luaitear i mír 6 agus glacadh leis an iarratas, agus gabhfaidh oibleagáid freagracht a ghlacadh thar ceann an duine leis sin, lena gcuirtear san áireamh an oibleagáid foráil a dhéanamh do shocruithe chuí i gcomhair teachta.

Roinn III: Nósanna imeachta maidir le hiarratais um thógáil ar ais

Airteagal 23

Iarratas um thógáil ar ais a thaisceadh

1. I gcás ina measfaidh Ballstát, a raibh iarratas ar chosaint idirnáisiúnta taiscthe leis ina dhiaidh nó a bhfuil iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) ag fanacht ar a chríoch gan doiciméad cónaithe, go bhfuil Ballstát eile freagrach i gcomhréir le hAirteagal 20(5) agus Airteagal 18(1)(b), (c) agus (d), féadfaidh sé a iarraidh ar an mBallstát eile sin an duine sin a thógáil ar ais.

2. I gcás iarratais ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh, déanfar an tiarratas an duine i gceist a thógáil ar ais chomh tapa agus is féidir agus ar aon chaoi laistigh de dhá mhí ón toradh EURODAC a fháil, de bhun Airteagal 6(5) de Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil].

Má tá an tiarratas iarratasóir a thógáil ar ais a thaisc iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh bunaithe ar fhianaise seachas sonraí faighte ón gcóras EURODAC, cuirfear ar aghaidh é chuig an mBallstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh laistigh de thrí mhí ón dáta a taisceadh an tiarratas ar chosaint idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 20(2).

3 I gcás nach dtaiscfear iarratas ar chosaint idirnáisiúnta ina dhiaidh, agus ar eagla go gcinnfeadh an Ballstát a dhéanann an tiarratas cuardach a dhéanamh sa chóras EURODAC i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [maidir le bunú "EURODAC" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil], déanfar an tiarratas an duine i gceist a thógáil ar ais chomh tapa agus is féidir agus ar aon chaoi laistigh de dhá mhí tar éis an toradh EURODAC a fháil, de bhun Airteagal 13(4) den Rialachán sin.

Má tá an tiarratas an duine i gceist a thógáil ar ais bunaithe ar fhianaise seachas sonrái faighte ón gcóras EURODAC, cuirfear ar aghaidh é chuig an mBallstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh laistigh de thrí mhí ón dáta a fhaigheann an Ballstát a dhéanann an tiarratas amach go bhféadfaidh Ballstát eile a bheith freagrach as an duine i gceist.

4. I gcás nach ndéanfar iarratas iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) a thógáil ar ais laistigh de na tréimhsí atá leagtha síos i mír 2 agus 3, beidh an freagracht as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta leis an mBallstát lenar taisceadh an tiarratas ina dhiaidh nó a bhfuil an duine ag fanacht ina chríoch gan doiciméad cónaithe.

5. Déanfar an tiarratas iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) a thógáil ar ais ag baint úsáide as foirm chaighdeánach agus lena gcuirfear san áireamh cruthúnas nó fianaise imthoisceach agus/nó eilimintí ábhartha ó ráitis an duine, ag cur ar chumas údarás an Bhallstáit a n-iarrfar air freagracht a ghlacadh an bhfuil sé freagrach.

Glacfar na rialacha i leith fianaise agus cruthúnais agus a léiriú, agus maidir le hiarratais a ullmhú agus na nósanna imeachta chun iarratais a thraschur i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

Airteagal 24

Freagra a thabhairt ar iarraidh ar ghabháil ar láimh

1. Déanfaidh an Ballstát a n-iarrfar air freagracht a ghlacadh na seiceálacha is gá agus tabharfaidh sé cinneadh maidir leis an iarratas an duine i gceist a thógáil ar ais chomh tapa agus is féidir agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná mí ón dáta a fuair sé an tiarratas. Nuair atá an tiarratas bunaithe ar shonraí faighte ón gcóras Eurodac, laghdaítear an teorainn ama seo go dtí coicís.

2. Is ionann neamhghníomh laistigh den tréimhse mhí nó choicís a luaitear i mír 1 agus glacadh leis an iarratas, agus gabhfaidh oibleagáid an duine i gceist a thógáil ar ais leis sin, lena gcuirtear san áireamh an oibleagáid foráil a dhéanamh do shocruithe chuí i gcomhair teachta.

Roinn IV: Coimircí nóis imeachta

Airteagal 25

Cinneadh aistrithe a fhógairt

1. I gcás ina n-aontóidh an Ballstát a n-iarrfar air freagracht a ghlacadh thar ceann iarratasóra nó duine eile dá dtagaítear in Airteagal 18(1)(d) nó iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) a thógáil ar ais é sin a dhéanamh, cuirfidh an Ballstát a dhéanann an tiarratas in iúl don duine i gceist an cinneadh é nó í a aistriú chuig an mBallstát freagrach agus, nuair is infheidhme, nach ndéanfaidh sé scrúdú ar a iarratas nó a hiarratas ar chosaint idirnáisiúnta. Cuirfear an fógra sin i scríbhinn, i dteanga a bhfuil an tiarratasóir ceaptha le réasún a bheith in ann í a thuiscint agus laistigh de thréimhse nach faide ná cúig lá oibre déag ón dáta a fuarthas an freagra ón mBallstát a iarraidh air freagracht a ghlacadh.

2. Leagfaidh an cinneadh dá dtagraítear i mír 1 amach na forais ar a bhfuil sé bunaithe, lena gcuirtear san áireamh tuairisc ar na príomhchéimeanna sa nós imeachta as a dtáinig an cinneadh. Beidh eolas ann ar na leigheasanna dlí atá ar fáil agus na teorainneacha ama is infheidhme chun na leigheasanna sin a fháil, chomh maith le heolas ar dhaoine nó entitis a fhéadfaidh cúnamh dlí sonrach agus/nó ionadaíocht a chur ar fáil don duine. Beidh sonraí ann ar an teorainn ama chun an aistriú a chur i gcrích agus beidh, más gá, eolas ann ar an áit inar chóir don duine i gceist láithriú, agus an dáta, má tá sé nó sí ag taisteal go dtí an Ballstát freagrach, as a acmhainní nó a hacmhainní féin. Leagfar síos na teorainneacha ama chun an aistriú a chur i gcrích sa chaoi is go mbeidh achar ama réasúnta ag an duine leigheas a fháil i gcomhréir le hAirteagal 26.

Airteagal 26

Leigheasanna

1. Beidh ceart ag an iarratasóir nó ag duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) chun leighis bhreithiúnaigh éifeachtúil, i bhfoirm achomhairc nó athbhreithnithe, i bhfíric agus i ndlí, ar an gcinneadh aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 25, os comhair cúirte nó binse.

2. Déanfaidh na Ballstáit foráil do thréimhse réasúnta ina bhféadfaidh an duine lena mbaineann a cheart nó a ceart chun leighis breithiúnaigh éifeachtúil de bhun mhír 1 a fheidhmiú.

3. I gcás achomhairc nó athbhreithnithe i leith an chinnidh aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 25, glacfaidh an túdarás dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ag gníomhú ex-officio, cinneadh chomh tapa agus is féidir agus ar aon chaoi tráth nach déanaí ná seacht lá oibre ó achomhairc nó athbhreithniú a bheith taiscthe, is cuma an nó nach féidir leis an duine i gceist fanacht i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann fad a bheifear ag fanacht ar thoradh a achomhairc nó a hachomhairc nó a athbhreithnithe nó a hathbhreithnithe.

4. Ní chuirfear aon aistriú i gcrích sula nglacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh cinneadh gan cead a thabhairt don duine i gceist fanacht i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann fad a bheifear ag fanacht ar thoradh a achomhairc nó a hachomhairc nó a athbhreithnithe nó a hathbhreithnithe, in iúl na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe.

5. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag an duine i gceist ar chúnamh dlí agus/nó ionadaíocht agus, nuair is gá, cúnamh teanga.

6. Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonfar cúnamh dlí agus/nó ionadaíocht saor i gcás nach mbeidh an duine i gceist in acmhainn íoc as na costais.

Leagfar síos sa dlí náisiúnta nósanna imeachta do rochtain ar chúnamh dlí agus/nó ionadaíocht.

Roinn V: Coinneáil chun críche na haistrithe

Airteagal 27

Coinneáil

1. Ní chuirfidh na Ballstáit duine faoi choinneáil ar an gcúis amháin gur iarratasóir ar chosaint idirnáisiúnta é nó í i gcomhréir le Treoir 2005/85/CE.

2. Gan dochar d'Airteagal 8(2) de Treoir [.../.../CE] [lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn], nuair is gá, bunaithe ar mheasúnú aonair gach cáis agus muna féidir bearta eile nach bhfuil chomh comhéigeantacha a chur i bhfeidhm go héifeachtúil, féadfaidh na Ballstáit iarrthóir tearmainn nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d), atá faoi réir cinnidh aistrithe chuig an mBallstát freagrach, a choinneáil, chuig áit áirithe ach amháin má tá priacal suntasach ann go n-éalódh sé nó sí.

3. Agus cur i bhfeidhm beart eile nach bhfuil chomh comhéigeantach á measúnú chun críocha mír 2, cuirfidh na Ballstáit roghanna seachas coinneáil san áireamh amhail tuairisciú rialta chuig na n-údarás, ráthaíocht airgeadais a thaisceadh, oibleagáid fanacht in áit ainmnithe nó bearta eile chun an priacal éalaithe a chosc.

4. Ní fhéadfar coinneáil de bhun mhír 2 a chur i bhfeidhm ach amháin ón am a chuirfear cinneadh aistrithe chuig an mBallstát freagrach in iúl don duine lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 25, go dtí go n-aistreofar an duine sin chuig an mBallstát freagrach.

5. Ordófar coinneáil de bhun mhír 2 don tréimhse is giorra agus is féidir. Ní bheidh sé níos faide ná an tréimhse is gá le réasún chun na nósanna imeachta riaracháin a chomhlíonadh atá riachtanach chun aistriú a chur i gcrích.

6. Ordóid údaráis bhreithiúnacha coinneáil de bhun mhír 2. I gcásann práinneacha is féidir le húdaráis riaracháin í a ordú, agus sa chás sin deimhneoidh údaráis bhreithiúnacha an tordú coinneála laistigh de 72 uair ó thús na coinneála. I gcás ina bhfaighfidh an túdarás breithiúnach amach go bhfuil coinneáil neamhdhleathach, scaoilfear an duine i gceist láithreach.

7. Ordófar coinneáil de bhun mhír 2 i scríbhinn le cúiseanna i bhfíric agus i ndlí, ag sonrú go háirithe na cúiseanna ar bunús leis an dtuairim go bhfuil priacal tábhachtach ann go n-éalódh an duine i gceist, chomh maith leis an tréimhse a mhairfidh sí.

Cuirfear in iúl láithreach cúiseanna na coinneála, an tréimhse atá beartaithe don choinneáil agus na nósanna imeachta atá leagtha síos sa dlí náisiúnta chun dul i gcoinne an ordaithe coinneála, i dteanga a bhfuil siad ceaptha le réasún a bheith in ann a thuiscint, do dhaoine faoi choinneáil.

8. I gcás gach duine faoi choinneáil de bhun mhír 2, déanfaidh údarás breithiúnach athbhreithniú ar an gcoinneáil leanúnach ag eatraimh réasúnacha, ar iarraidh sin ón duine i gceist nó ex-officio. Ní dhéanfar riamh coinneáil a fhadú go míchuí.

9. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ar chúnamh dlí agus/nó ionadaíocht saor i gcásanna coinneála de bhun mhír 2 nuair nach mbeidh an duine i gceist in acmhainn íoc as na costais.

Leagfar síos sa dlí náisiúnta nósanna imeachta do rochtain ar chúnamh dlí agus/nó ionadaíocht sa chásanna sin.

10. Ní chuirfear mionaoisigh faoi choinneáil muna chun a leasa é sin, mar atá forordaithe in Airteagal 7 den Rialachán seo agus i gcomhréir le scrúdú ar a gcás aonair i gcomhréir le hAirteagal 11(5) de Threoir [.../...] [lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn].

11. Ní chuirfear mionaoisigh neamhthionlactha riamh faoi choinneáil.

12. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil an leibhéal céanna coinníollacha glactha d'iarratasóirí faoi choinneáil ag iarrthóirí tearmainn atá faoi choinneáil i gcomhréir leis an Airteagal seo is atá leagtha síos go háirithe in Airteagal 10 agus 11 de Threoir [.../.../CE] [lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn].

Roinn VI: Aistrithe

Airteagal 28

Ríomh na dteorainneacha ama

1. Déanfar aistriú an iarratasóra nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) ón mBallstát a dhéanann an tiarratas chun go nglacfaí freagracht chuig an mBallstát freagrach a chur i gcrích i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit a dhéanann an tiarratas, tar éis comhairliúcháin leis na Ballstáit lena mbaineann, chomh luath agus is féidir, agus ar a dhéanaí laistigh de shé mhí tar éis do Bhallstát eile glacadh leis an iarratas freagracht a ghlacadh thar ceann an duine i gceist nó an duine i gceist a thógáil ar ais nó laistigh de shé mhí ón gcinneadh deireanach maidir le hachomharc nó athbhreithniú i gcás ina dtabharfar éifeacht fionraíochta i gcomhréir le hAirteagal 26(3).

Más gá, tabharfar don iarrthóir tearmainn laisser passer den dearadh a ghlac an Ballstát a dhéanann an tiarratas i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

Cuirfidh an Ballstát freagrach in iúl an Ballstát a dhéanann an tiarratas, mar is iomchuí, gur tháinig an duine i gceist isteach slán sábháilte nó nár láithrigh sé nó sí sa teorainn ama a bhí beartaithe.

2. I gcás nach gcuirfear an aistriú i gcrích laistigh den teorainn ama sé mhí, bainfear a oibleagáidí freagracht a ghlacadh thar ceann an duine i gceist nó an duine i gceist a thógáil ar ais den Bhallstát freagrach agus cuirfear freagracht ansin ar an mBallstát a dhéanann an tiarratas. Féadfar an teorainn ama seo a fhadú suas go dtí bliain amháin ar a mhéid más rud é narbh fhéidir an aistriú a chur i gcrích toisc an duine i gceist a bheith i bpríosún nó suas go dtí ocht mí déag ar a mhéid ma éalaíonn an duine i gceist.

3. Má tharlaíonn sé gur aistríodh duine go hearráideach nó gcuirtear cinneadh aistrithe ar neamhní ar achomharc tar éis don aistriú a bheith curtha i gcrích, tógfaidh an Ballstát a chuir an aistriú i gcrích an duine sin ar ais láithreach.

4. Féadfaidh an Coimisiún rialacha forlíontacha a ghlacadh maidir le haistrithe a thabhairt i gcrích. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 40(3).

Airteagal 29

Costas na n-aistrithe

1. Íocfaidh an Ballstát a dhéanann an aistriú as na costais is gá chun iarratasóir nó duine eile dá dtagraítear in Airteagal 18(1)(d) a aistriú chuig an mBallstát freagrach.

2. I gcás ina gcaifear an duine i gceist a chur ar ais chuig Ballstát, de bharr aistrithe earráidigh nó cinnidh aistrithe curtha ar neamhní ar achomharc tar éis don aistriú a bheith tugtha i gcrích, beidh an Ballstát a thug an aistriú i gcrích i dtús báire freagrach as na costais chun an duine i gceist a aistriú ar ais ina chríoch.

3. Ní bheidh ar dhaoine a bheidh le haistriú de bhun an Rialacháin seo íoc as costais na n-aistrithe sin.

4. Féadfar rialacha forlíontacha maidir le hoibleagáid an Bhallstáit a chuireann an duine ar aghaidh íoc as costais na n-aistrithe a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

Airteagal 30

Malartú faisnéise ábhartha sula gcuirfear aistrithe i gcrích

1. I gcás gach aistrithe, cuirfidh an Ballstát a dhéanann an aistriú an Ballstát a thógann an duine ar an eolas má tá an duine i gceist in inmhe chuig an aistriú. Ní aistreofar ach amháin daoine a bheidh in inmhe chuig an aistriú.

2. Cuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an aistriú in iúl don mBallstát freagrach aon sonraí phearsanta is iomchuí a bhaineann leis an iarratasóir a bheidh le haistriú, sonraí a bheidh ábhartha agus nach mbeidh iomarcach d'fhonn ach amháin a áirithiú go bhfuil na húdaráis tearmainn inniúla sa Bhallstát freagrach in ann cúnamh leordhóthanach a chur ar fáil don iarratasóir, lena gcuirtear san áireamh cúram leighis is gá a sholáthar, agus d'fhonn leanúnachas a áirithiú sa chosaint agus sna cearta a thugtar leis an Rialachán seo agus le Treoir [.../.../CE] [lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn]. Cuirfear an t-eolas sin in iúl go luath agus ar a dhéanaí seacht lá oibre sula dtabharfar aistriú i gcrích, seachas nuair a thagann an tAire ar an eolas níos déanaí.

3. Déanfaidh Ballstáit ach go háirithe an t-eolas seo a leanas a mhalartú:

(a) sonraí teagmhála ball teaghlaigh nó gaolta eile sa Bhallstát is faighteoir, nuair is infheidhme;

(b) i gcás mionaoiseach, eolas maidir lena leibhéal oideachais;

(c) eolas a bhaineann le haois an iarratasóra;

(d) aon eolas eile a mheasann an Ballstát a sheolann a bheith riachtanach chun cearta agus riachtanais speisialta an iarratasóra i gceist.

4. D'fhonn amháin cúram nó cóireáil a sholáthar, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas, daoine aosta, mná torracha, mionaoisigh agus daoine a d'fhulaing céastóireacht, éagnú nó foirmeacha tromchúiseacha eile foréigin siceolaí, fisicigh nó gnéis, tarchuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an aistriú eolas faoi aon riachtanais speisialta a bheidh ag an iarratasóir le haistriú, eolas a fhéadfaidh, i gcásanna áirithe, faisnéis maidir le staid fhisiceach agus mheabhrach sláinte an iarratasóra le haistriú. Áiritheoidh an Ballstát freagrach go gcomhlíonfar na riachtanais speisialta sin go sásúil, lena gcuirtear san áireamh aon chúram leighis riachtanach a d'fhéadfaí gá a bheith leis.

5. Ní tharchuirfidh an Ballstát a dhéanfaidh an aistriú aon eolas atá luaite i mír 4 chuig an mBallstát freagrach ach amháin tar éis toiliú sainráite an iarrthóra nó a ionadaí nó a hionadaí a fháil nó nuair is gá seo, chun leas an duine nó duine eile a chosaint i gcás nach mbeidh sé nó sí ábalta go fisiciúil nó go dleathach a thoiliú nó a toiliú a thabhairt. Chomh luath is a bheidh an aistriú tugtha i gcrích, scriosfaidh an Ballstát a dhéanfaidh an aistriú an t-eolas seo láithreach.

6. Ní dhéanfaidh ach gairmí sláinte a bheidh, sa dlí náisiúnta nó faoi rialacha bunaithe ag comhlachtaí náisiúnta inniúla, faoi réir oibleagáid na rúndachta gairmiúla, sonraí phearsanta sláinte a phróiseáil, nó ní dhéanfaidh iad a phróiseáil ach duine eile a bheidh faoi réir oibleagáid comhréirigh rúndachta. Gheobhaidh na gairmithe sláinte seo agus na daoine a bhfaighfidh agus a phróiseálfaidh an t-eolas seo oiliúint leighis chuí chomh maith le hoiliúint maidir le próiseáil chuí sonraí phearsanta íogaire a bhaineann le sláinte.

7. Ní mhalartófar sonraí faoin Airteagal seo ach amháin idir na húdaráis arna gcur in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33 ag baint úsáide as an ngréasán cumarsáide leictreonaí arna bhunú fao Airteagal 18 de Rialachán CE (Uimh.) 1560/2003. Freisin, sonróidh na húdaráis a dtabharfar fógra daoibh de réir Airteagal 33 den Rialachán seo na gairmithe sláinte a bheidh údaraithe an t-eolas atá luaite i mír 4 a phróiseáil. Ní bhainfear úsáid as na sonraí a mhalartófar ach amháin chun na críoch atá leagtha síos i mír 2 agus 4 den Airteagal seo.

8. D'fhonn malartú faisnéise idir Ballstáit a éascú, glacfar foirm chaighdeánach chun na sonraí is gá a thraschur de bhun an Airteagail seo agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 40(2).

9. Beidh feidhm ag na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 32(8) go dtí (12) maidir le malartú faisnéise de bhun an Airteagail seo.

Roinn VII: Fionraí shealadach na n-aistrithe

Airteagal 31

1. I gcás ina mbeidh Ballstát ag ionramháil cáis fíor-práinnigh a chuireann ualach fíor-throm ar a chumas glactha, córas tearmainn nó bonneagar, agus nuair a d'fhéadfadh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo chuig an mBallstát sin cur leis an ualach sin, féadfaidh an Ballstát sin a iarraidh go gcuirfí ar fionraí na haistrithe sin.

Beidh an tiarratas dírithe chuig an gCoimisiún. Sonróidh sé na forais ar a bhfuil sé bunaithe agus beidh san iarratas ach go háirithe:

(a) cur síos mionsonraithe ar an gcás rí-phráinneach a chuireann ualach fíor-throm ar ar chumas glactha, córas tearmainn nó bonneagar an Bhallstáit a dhéanann an tiarratas, lena gcuirtear san áireamh staidrimh ábhartha agus fianaise tacaíochta;

(b) réamhmheas cuí-réasúnaithe ar an gcaoi inar dóigh go dtiocfaidh forbairt ar an staid seo sa ghearrthéarma;

(c) míniú cuí-réasúnaithe ar an ualach breise a d'fhéadfadh aistriú iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar chumas glactha, córas tearmainn nó bonneagar an Bhallstáit a dhéanann an tiarratas, lena gcuirtear san áireamh staidrimh ábhartha agus fianaise tacaíochta.

2. Nuair a mheasfaidh an Coimisiún nach mbeadh leibhéal na cosanta d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail i ngeall ar an staid ina bhfuil cúrsaí, go háirithe le Treoir [.../.../CE] lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn agus le Treoir 2005/85/EC, féadfaidh sé a chinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 4, go gcuirfí ar fionraí gach aistriú iarratasóirí i gcomhréir leis an Rialachán seo chuig an mBallstát i gceist.

3. Nuair a mheasfaidh Ballstát nach mbeadh leibhéal na cosanta d'iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta i gcomhréir le reachtaíocht an Chomhphobail i ngeall ar an staid ina bhfuil cúrsaí, go háirithe le Treoir [.../.../CE] lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn agus le Treoir 2005/85/EC, féadfaidh sé a iarraidh, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 4, go gcuirfí ar fionraí gach aistriú iarratasóirí i gcomhréir leis an Rialachán seo chuig an mBallstát i gceist.

Beidh an t-iarraidh dírithe chuig an gCoimisiún. Sonróidh sí na forais ar a bhfuil sí bunaithe agus cuimseoidh sí go háirithe eolas mionsonraithe ar an gcás sa Bhallstát lena mbaineann, gur cosúil ón méid sin go mb'fhéidir nach bhfuil comhréireacht le reachtaíocht an Chomhphobail, go háirithe Treoir [.../.../CE] lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn agus le Treoir 2005/85/EC.

4. Tar éis iarraidh a fháil de bhun mhír 1 nó 3, nó as a stuaim féin de bhun mhír 2, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur cheart gach aistriú iarratasóirí chuig an mBallstát i gceist i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fionraí. Glacfar an cinneadh sin chomh luath agus is féidir agus ar aon chaoi ar a dhéanaí mí tar éis iarraidh a fháil. Cuirfear in iúl leis an gcinneadh aistrithe a chur ar fionraí na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe agus beidh san áireamh ach go háirithe:

(a) scrúdú ar na dálaí ábhartha go léir sa Bhallstát a bhféadfaí aistrithe chuige a chur ar fionraí;

(b) scrúdú ar an dtionchair a d'fhéadfadh a bheith ag fionraí aistrithe ar Bhallstáit eile;

(c) an dáta ar a bhfuil sé beartaithe go mbeidh éifeacht ag fionraí na n-aistrithe;

(d) aon choinníollacha ar leith a ghabhann leis an bhfionraí sin.

5. Cuirfidh an Coimisiún in iúl don Chomhairle agus do na Ballstáit an cinneadh gach aistriú iarratasóirí chuig an mBallstát i gceist i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur ar fionraí. Is féidir le haon Bhallstát cinnneadh an Choimisiúin a tharchur chuig an gComhairle laistigh de mí amháin ón bhfógra a fháil. Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú dó trí thromlach cáilithe, cinneadh difiriúil a ghlacadh laistigh de mí amháin ó dháta tharchurtha Ballstáit.

6. Tar éis don Choimisiún cinneadh a ghlacadh aistrithe chuig Ballstát a chur ar fionraí, beidh na Ballstáit eile ina mbeidh na hiarratasóirí ar cuireadh a n-aistrithe ar fionraí i láthair, freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar chosaint idirnáisiúnta na ndaoine sin.

Cuirfear san áireamh sa chinneadh aistrithe chuig Ballstát a chur ar fionraí an gá cosaint mionaoiseach agus aontachas an teaglaigh a áirithiú.

7. Caithfidh cinneadh aistrithe chuig Ballstát de bhun mhír 1 údar a thabhairt gur deonaíodh cúnamh do na bearta éigeandála atá leagtha síos in Airteagal 5 de Cinneadh Uimh. 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[34], tar éis iarrata ar chúnamh ón mBallstát sin.

8. Féadfar aistrithe a chur ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná sé mhí. I gcás ina mbeidh cúiseanna na mbeart fós ann tar éis sé mhí, ar iarraidh ón mBallstát i gceist dá dtagraítear i mír 1 nó as a stuaim féin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a gcur i bhfeidhm a fhadú ar feadh tréimhse eile sé mhí. Beidh feidhm ag mír 5.

9. Ní fhéadfar a thuiscint as aon rud san Airteagal seo go mbeidh cead ag na Ballstáit maolú óna n-oibleagáidí ginearálta gach beart is cuí a ghlacadh, bíodh sé sin ginearálta nó sonrach, chun a áirithiú go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí a eascraíonn as reachtaíocht an Chomhphobail maidir le tearmann, go háirithe as an Rialachán seo, as Treoir [.../.../CE] lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmainn, agus ó Treoir 2005/85/CE.

CAIBIDIL VII

COMHAR RIARACHÁIN

Airteagal 32

Roinnt an eolais

1. Cuirfidh gach Ballstát in iúl d'aon Bhallstát a iarrfaidh sin sonraí phearsanta a bhaineann leis an iarrthóir tearmainn, sonraí atá cuí, ábhartha agus nach bhfuil iomarach chun:

(a) cinneadh a ghlacadh maidir leis an mBallstát freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(b) scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(c) aon oibleagáid a eascraíonn as an Rialachán seo a chur chun feidhme.

2. Ní fholóidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 ach:

(a) sonraí phearsanta an iarrthóra agus, nuair is iomchuí, baill a theaghlaigh (ainm iomlán agus, nuair is iomchuí, sean-ainm; leasainmneacha nó ainmneacha bréige; náisiúntacht, i láthair na huaire agus cheana; dáta breithe agus ionad breithe);

(b) céannacht agus páipéir taistil (tagairtí, bailíocht, dáta eisithe, údarás eisithe, ionad eisithe, etc.);

(c) eolas eile is gá chun céannacht an iarrthóra a dheimhniú, lena gcuirtear san áireamh méarloirg arna bpróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [maidir le bunú "EURODAC" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil];

(d) áiteanna cónaithe agus agus cúrsaí taistil;

(e) doiciméid cónaithe nó víosaí arna n-eisiúint ag Ballstáit;

(f) an áit inar thaisceadh an tiarratas;

(g) an dáta ar ar thaisceadh aon iarratas ar chosaint idirnáisiúnta cheana, an dáta ar ar thaisceadh an tiarratas láithreach, an staid ag a bhfuil cúrsaí agus an cinneadh a glacadh, más rud é gur glacadh cinneadh.

3. Thairis sin, ar choinníoll gur gá leis don scrúdú ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta, féadfaidh an Ballstát freagrach iarraidh ar Bhallstát eile é a chur ar an eolas maidir leis na forais ar a bhfuil iarratas an iarrthóra tearmainn bunaithe agus, nuair is infheidhme, forais aon chinnidh glactha i leith an iarrthóra. Féadfaidh an Ballstát diúltú freagra a thabhairt ar an t-iarraidh arna taisceadh leis, más dóigh go ndéanfaí dochar do leas an Bhallstáit nó do chosaint saoirsí agus ceart bunúsach an duine i gceist nó daoine eile trín eolas sin a thabhairt. Ar aon nós, beidh páirtiú na faisnéise a iarraidh faoi réir cheadú scríofa an iarrthóra ar chosaint idirnáisiúnta, faighte ag an mBallstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh. Sa chás seo, caifear fios a bheith ag an iarratasóir cén fhaisnéis atá sé nó sí á ceadú.

4. Ní sheolfar aon iarraidh ar fhaisnéis ach i gcomthéacs iarratais aonair ar chosaint idirnáisiúnta. Beidh na forais ar a bhfuil sé bunaithe leagtha amach agus, nuair is í an aidhm a bheidh leis fiosrú lena fháil amach an bhfuil critéar ar dóigh go gcuirfeadh sé freagracht ar an mBallstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh, sonróidh sé an fhianaise, lena gcuirtear san áireamh faisnéis ábhartha ó fhoinsí iontaofacha ar na bealaigh agus na modhanna a mbaineann iarrthóirí tearmainn leas astu chun iontráil i gcríocha na mBallstát, nó cuid shonrach agus infhíoraithe ráiteas an iarrthóra ar a bhfuil sí bunaithe. Tuigtear nach leor inti féin an fhaisnéis ábhartha sin ó fhoinsí iontaofacha chun freagracht agus inniúlacht Ballstáit a chinneadh faoin Rialachán seo, ach d'fhéadfadh sé rannchuidiú le meastóireacht sonraí eile maidir leis an iarrthóir tearmainn.

5. Beidh ar an mBallstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh freagra a thabhairt laistigh de cheithre sheachtain. Beidh call cuí le haon mhoill ar an bhfreagra. Má tharlaíonn sé go gcuireann taighde a dhéanann an Ballstát a iarrfar air freagracht a ghlacadh faisnéis ar fáil a léiríonn go bhfuil sé freagrach, ní féidir leis an mBallstát sin dul in éag na teorann ama dá bhforáiltear in Airteagal 21 agus 23 a agairt mar údar le diúltú d'iarraidh freagracht a ghlacadh thar ceann duine nó duine a ghabháil ar ais a chomhlíonadh.

6. Malartófar faisnéis ar iarraidh ó Bhallstát agus ní fhéadfar faisnéis a mhalartú ach amháin idir údaráis ar chuir gach Ballstát a aimnigh iad é sin in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 33(1).

7. Ní fhéadfar úsáid a bhaint as na sonraí a mhalartaífear ach amháin chun na críoch atá leagtha síos i mír 1. I ngach Ballstát, ní fhéadfar an t-eolas sin, ag brath ar an gcineál eolais atá i gceist agus cumhachtaí an údaráis a fhaigheann an t-eolas, a chur in iúl ach amháin do na húdaráis agus na cúirteanna agus na binsí a mbeidh sé de chúram orthu:

(a) cinneadh a ghlacadh maidir leis an mBallstát freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(b) scrúdú a dhéanamh ar an iarratas ar chosaint idirnáisiúnta;

(c) aon oibleagáid a eascraíonn as an Rialachán seo a chur chun feidhme.

8. Áiritheoidh an Ballstát a chuireann an fhaisnéis ar aghaidh go mbeidh sí chruinn agus cothrom le dáta. Má thagann sé chun solais gur chuir an Ballstát sin faisnéis ar aghaidh atá míchruinn nó nár chóir í a chur ar aghaidh, cuirfear na Ballstáit a fhaigheann an fhaisnéis ar an eolas láithreach. Beidh sé de cheangal orthu an fhaisnéis sin a cheartú nó a dhéanamh sa chaoi is go scriosfar í.

9. Beidh sé de cheart ag an iarrthóir tearmainn fógra a fháil, ar iarraidh, faoi aon sonraí a phróiseálfar a bhaineann leis nó léi.

Má fhaigheann sé nó sí amach gur próiseáladh an fhaisnéis seo de shárú ar an Rialachán seo nó ar Threoir 95/46/CE, go háirithe toisc go bhfuil sí neamhiomlán nó míchruinn, tá sé i dteideal a éileamh go gceartófaí nó go scriosfaí í.

Cuirfidh an t-údarás a cheartóidh nó a scriosfaidh na sonraí, mar is iomchuí, an Ballstát a thraschuirfidh nó a gheobhaidh an fhaisnéis ar an eolas.

Beidh sé de cheart ag an iarrthóir tearmainn caingean a thabhairt nó gearán a chur faoi bhráid údaráis inniúla nó chúirteanna an Bhallstáit sin a dhiúltaigh ceart rochtana ar na sonraí nó ceart chun sonraí a bhain leis nó léi a cheartú nó a scriosadh.

10. I ngach Ballstát lena mbaineann, coimeádfar taifead, sa chomhad aonair don duine i gceist agus/nó i gclár, ar thraschur agus fáil na faisnéise a mhalartófar.

11. Coimeádfar na sonraí a mhalartófar ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na gcríoch dá malartófar iad.

12. I gcás nach bpróiseálfar na sonraí go huathoibríoch nó nach bhfuil siad á gcur isteach i gcomhad, nó nach bhfui rún é sin a dhéanamh, glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an tAirteagal seo trí bhíthin seiceálacha éifeachtúla.

Airteagal 33

Údaráis inniúla agus acmhainní

1. Cuirfidh gach Ballstát in iúl don Choimisiún gan mhoill na húdaráis shonracha a bheidh freagrach as na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán agus aon leasuithe air, a chomhlíonadh. Áiritheoidh siad go bhfuil na hacmhainní is gá ag na húdaráis sin chun a gcúraimí a chur i gcrích agus go háirithe chun freagra a thabhairt laistigh de na teorainneacha ama atá forordaithe ar iarrataí ar fhaisnéis, iarrataí chun go nglacfaí freagracht thar ceann iarrthóirí tearmainn agus iarrataí chun go ngabhálfaí iarrthóirí tearmainn ar ais.

2. Foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite na n-údarás dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcás ina ndéanfar leasuithe air, foilseoidh an Coimisiún liosta comhdhlúite nuashonraithe uair sa bhliain.

3. Gheobhaidh na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 an oiliúint chuí maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

4. Bunófar rialacha maidir le sruthanna sábháilte tarchuir leictreonaí a bhunú idir na húdaráis atá luaite i mír 1 chun iarrataí, freagraí agus gach comhfhreagras scríofa a tharchur agus chun a áirithiú go bhfaigheann seoltóirí cruthúnas leictreonach arna seachadach go huathoibríoch, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 40(2).

Airteagal 34

Socruithe riaracháin

1. Féadfaidh Ballstáit, ar bhonn déthaobhach, socruithe riaracháin a bhunú eatarthu féin i ndáil le sonraí praiticiúla chur chun feidhme an Rialacháin seo, d'fhonn a chur i bhfeidhm a éascú agus a éifeachtúlacht a mhéadú. D'fhéadfaí baint a bheith ag na socruithe sin le:

(a) malartú oifigigh idirchaidrimh;

(b) simpliú na nósanna imeachta agus giorrú ar na teorainneacha ama a bhaineann le tarchur agus scrúdú ar iarrataí ar iarrthóirí tearmainn a ghabháil ar láimh nó a ghabháil ar ais;

2. Cuirfear na socruithe dá dtagraítear i mír 1 in iúl don Choimisiún. Ceadóidh an Coimisiún na socruithe dá dtagraítear i mír 1(b), tar éis dó a fhíorú nach sáraíonn siad an Rialachán seo.

CAIBIDIL VIII

Idir-réiteach

Airteagal 35

Idir-réiteach

1. I gcás nach mbeidh na Ballstáit in ann díospóid maidir le haon cheist a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a réiteach, féadfaidh siad leas a bhaint as an nós imeachta idir-réitigh dá bhforáiltear i mír 2.

2. Tionscnófar an nós imeachta idir-réitigh le hiarraidh ó cheann de na Ballstáit sa díospóid chuig Cathaoirleach an Choiste arna bhunú le hAirteagal 40. Trí úsáid an nós imeachta idir-réitigh a aontú, gabhfaidh na Ballstáit i gceist an réiteach a bheidh molta a chur san áireamh go lánmhaith.

Ceapfaidh Cathaoirleach an Choiste tríur bhall den Choiste, a dhéanfaidh ionadaíocht do na trí Bhallstát nach bhfuil baint acu leis an gceist. Gheobhaidh siad argóintí na bpáirtithe i scríbhinn nó ó bhéal agus, tar éis plé, molfaidh siad réiteach laistigh de mhí amháin, tar éis vóta a chaitheamh nuair is gá.

Beidh Cathaoirleach an Choiste, nó a ionadaí, i gceannas ar an bplé. Féadfaidh sé a thuairim a chur in iúl ach ní fhéadfaidh sé vóta a chaitheamh.

Cibé go nglacann na páirtithe leis nó go ndiúltaíonn siad dó, beidh an réiteach a bheidh beartaithe deireanach agus neamh-inchúlghairthe.

CAIBIDIL IX

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA DEIREANACHA

Airteagal 36

Pionóis

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go bhféadfar pionóis, a bheidh éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach, a fhorchur as aon mhí-úsáid a bhaint as sonraí a phróiseálfar i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear pionóis riaracháin agus/nó pionóis choiriúla i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Airteagal 37

Bearta idirthréimhseacha

I gcás ina dtaiscfear iarratas tar éis an dáta atá luaite sa dara mír d'Airteagal 44, cuirfear san áireamh na heachtraí ar dóigh go gcuirfí freagracht ar Bhallstát faoin Rialachán seo dá mbarr, fiú dá mba rud é gur tharla siad roimh an dáta sin, ach amháin na heachtraí atá luaite in Airteagal 14(2).

Airteagal 38

Ríomh na dteorainneacha ama

Déanfar aon achar ama a fhorordaítear sa Rialachán seo a ríomh mar seo a leanas:

(a) nuair a ríomhfar tréimhse a shonraítear i laethanta, seachtainí nó míonna ón am ag a dtarlaíonn eachtra nó ag a ndéantar beart, ní ríomhfar an lá ar a dtarlaíonn an eachtra sin nó ar a ndéantar an beart sin laistigh den tréimhse a bheidh i gceist;

(b) críochnóidh tréimshe a shonraítear i seachtainí nó míonna ag deireadh cibé lá sa tseachtain nó sa mhí dheiridh gurb ionann é agus an lá céanna den tseachtain nó gurb é an dáta céanna agus an lá ar tharla an eachtra nó a rinneadh an beart óna ríomhfar an tréimhse. Más rud é, i dtréimhse a shonraítear i míonna, nach lá sa mhí dheiridh é an lá ar chóir don tréimhse críochnú, críochnóidh an tréimhse nuair a thiocfaidh deireadh le lá deiridh na míosa sin;

(c) beidh Satharn, Domhnach agus laethanta saoire oifigiúla in aon cheann de na Ballstáit lena mbaineann san áireamh sna teorainneacha ama.

Airteagal 39

Raon feidhme críche

Chomh fada is a bhaineann sé le Poblacht na Fraince, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin i ndáil lena críoch Eorpach.

Airteagal 40

Coiste

1. Beidh coiste de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse atá leagtha síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 41

Monatóireacht agus meastóireacht

Ar a dhéanaí ar a laghad trí bliana tar éis an dáta atá luaite sa chéad mhír d'Airteagal 44, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, molfaidh sé na leasuithe is gá. Cuirfidh na Ballstáit ar aghaidh chuig an gCoimisiún gach eolas is cuí chun an tuarascáil sin a ullmhú, ar a dhéanaí sé mhí sula dtéann an teorainn ama sin in éag.

Tar éis dó an tuarascáil sin a thaisceadh, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo ag an am céanna is a chuirfidh sé tuarascálacha ar chur chun feidhme an chórais Eurodac dá bhforáiltear in Airteagal 28 de Rialachán (CE) Uimh. [.../...] [maidir le bunú "Eurodac" chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm go héifeachtúil].

Airteagal 42

Staidreamh

I gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[35], cuirfidh na Ballstáit in iúl don Chomisiún (Eurostat), staidreamh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus Rialachán (CE) Uimh. 1560/2003.

Airteagal 43

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) 343/2003.

Aisghairtear Airteagail 11(1), 13, 14 agus 17 de Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh. 1560/2003.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe nó do na hAirteagail aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.

Airteagal 44

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chosaint idirnáisiúnta arna dtaisceadh ón gcéad lá den séu mhí tar éis a theacht i bhfeidhm agus, ón dáta sin, beidh feidhm aige maidir le haon iarraidh ar ghabháil ar láimh iarrthóirí tearmainn nó iarrthóirí tearmainn a thógáil ar ais, is cuma cén dáta a taisceadh an tiarratas. Glacfar cinneadh maidir leis an mBallstát freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh roimh an dáta sin i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 343/2003.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán […]

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán […]

ROINN I

RIALACHÁN AISGHAIRTHE (DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 43)

Rialachán (CE) Uimh. 343/2003

(OJ L 50, 25.2.2003)

Ach amháin Airteagail 11(1), 13, 14 agus 17 de Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh. 1560/2003.

(OJ L 222, 5.9.2003)

IARSCRÍBHINN II

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) 343/2003 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 | Airteagal 1 |

Airteagal 2(a) | Airteagal 2(a) |

Airteagal 2(b) | Deleted |

Airteagal 2(c) | Airteagal 2(b) |

Airteagal 2(d) | Airteagal 2(c) |

Airteagal 2(e) | Airteagal 2(d) |

Airteagal 2(f) | Airteagal 2(e) |

Airteagal 2(g) | Airteagal 2(f) |

- | Airteagal 2(g) |

Airteagal 2(h) to (k) | Airteagal 2(h) to (k) |

- | Airteagal 2(l) |

Airteagal 3(1) | Airteagal 3(1) |

Airteagal 3(2) | Airteagal 17(1) |

Airteagal 3(3) | Airteagal 3(3) |

Airteagal 3(4) | Airteagal 4(1), réamhrá |

- | Airteagal 4(1)(a) to (g) |

- | Airteagal 4(2) and (3) |

Airteagal 4 (1) to (5) | Airteagal 20 (1) to (5) |

- | Airteagal 20 (5), an tríú fomhír |

- | Airteagal 5 |

- | Airteagal 6 |

Airteagal 5(1) | Airteagal 7(1) |

Airteagal 5(2) | Airteagal 7(2) |

- | Airteagal 7(3) |

Airteagal 6, an chéad mhír | Airteagal 8(1) |

- | Airteagal 8(3) |

Airteagal 6, an dara mír | Airteagal 8(4) |

Airteagal 7 | Airteagal 9 |

Airteagal 8 | Airteagal 10 |

Airteagal 9 | Airteagal 13 |

Airteagal 10 | Airteagal 14 |

Airteagal 11 | Airteagal 15 |

Airteagal 12 | Airteagal 16 |

Airteagal 13 | Airteagal 3(2) |

Airteagal 14 | Airteagal 12 |

Airteagal 15(1) | Airteagal 17(2), an chéad fho-mhír |

Airteagal 15(2) | Airteagal 11(1) |

Airteagal 15(3) | Airteagal 8(2) |

Airteagal 15(4) | Airteagal 17(2), an ceathrú fho-mhír |

Airteagal 15(5) | Airteagals 8(5) agus Airteagal 11(2); |

Airteagal 16(1)(a) | Airteagal 18(1)(a) |

Airteagal 16(1)(b) | Airteagal 18(2) |

Airteagal 16(1)(c) | Airteagal 18(1)(b) |

Airteagal 16(1)(d) | Airteagal 18(1)(c) |

Airteagal 16(1)(e) | Airteagal 18(1)(d) |

Airteagal 16(2) | Airteagal 19(1) |

Airteagal 16(3) | Airteagal 19(2), an chéad fho-mhír |

- | Airteagal 19(2), an dara fo-mhír |

Airteagal 16(4) | Airteagal 19(3) |

Airteagal 19(3), an dara fo-mhír |

Airteagal 17 | Airteagal 21 |

Airteagal 18 | Airteagal 22 |

Airteagal 19(1) | Airteagal 25(1) |

Airteagal 19(2) | Airteagal 25(2) agus Airteagal 26(1) |

- | Airteagal 26(2) go dtí (6) |

Airteagal 19(3) | Airteagal 28(1) |

Airteagal 19(4) | Airteagal 28(2) |

- | Airteagal 28(3) |

Airteagal 19(5) | Airteagal 28(4) |

Airteagal 20(1), réamhrá | Airteagal 23(1) |

- | Airteagal 23(2) |

- | Airteagal 23(3) |

- | Airteagal 23(4) |

Airteagal 20(1)(a) | Airteagal 23(5), an chéad fho-mhír |

Airteagal 20(1)(b) | Airteagal 24(1) |

Airteagal 20(1)(c) | Airteagal 24(2) |

Airteagal 20(1)(d) | Airteagal 28(1), an chéad fho-mhír |

Airteagal 20(1)(e) | Airteagal 25(1), (2), Airteagal 26(1), Airteagal 28(1), an dara agus an tríú fho-mhír; |

Airteagal 20(2) | Airteagal 28(2) |

Airteagal 20(3) | Airteagal 23(5), an dara fo-mhír |

Airteagal 20(4) | Airteagal 28(4) |

- | Airteagal 27 |

- | Airteagal 29 |

- | Airteagal 30 |

- | Airteagal 31 |

Airteagal 21(1) to (9) | Airteagal 32(1) go dtí (9) an chéad go dtí an tríú fho-mhír |

Airteagal 32(9) an ceathrú fho-mhír |

Airteagal 21(10) to (12) | Airteagal 32(10) go dtí (12) |

Airteagal 22(1) | Airteagal 33(1) |

- | Airteagal 33(2) |

- | Airteagal 33(3) |

Airteagal 22(2) | Airteagal 33(4) |

Airteagal 23 | Airteagal 34 |

Airteagal 24(1) | Scriosta |

Airteagal 24(2) | Airteagal 37 |

Airteagal 24(3) | Scriosta |

Airteagal 25(1) | Airteagal 38 |

Airteagal 25(2) | Scriosta |

Airteagal 26 | Airteagal 39 |

Airteagal 27(1), (2) | Airteagal 40 (1), (2) |

Airteagal 27(3) | Scriosta |

Airteagal 28 | Airteagal 41 |

Airteagal 29 | Airteagal 44 |

- | Airteagal 35 |

- | Airteagal 36 |

- | Airteagal 42 |

- | Airteagal 43 |

Rialachán (CE) 1560/2003 | An Rialachán seo |

Airteagal 11(1) | Airteagal 11(1) |

Airteagal 13(1) | Airteagal 17(2), an chéad fho-mhír |

Airteagal 13(2) | Airteagal 17(2), an dara fo-mhír |

Airteagal 13(3) | Airteagal 17(2), an tríú fho-mhír |

Airteagal 13(4) | Airteagal 17(2), an ceathrú fho-mhír |

Airteagal 14 | Airteagal 35 |

Airteagal 17(1) | Airteagals 9, 10, 17(2), an chéad fho-mhír |

Airteagal 17(2) | Airteagal 32(3) |

[1] IO L 50, 25.2.2003, lch 1

[2] Páipéar Uaine maidir le todhchaí an Chórais Eorpaigh Tearmainn, COIM(2007) 301.

[3] Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Pharlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le meastóireacht ar chóras Bhaile Átha Cliath COIM(2007) 299 leagan deireanach, SEC(2007) 742. Tá "córas Bhaile Átha Cliath" dírithe ar chinneadh a dhéanamh maidir le cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar thearmann arna thaisceadh ar chríoch ceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír. Áirítear ann Rialacháin Bhaile Átha Cliath agus Eurodac.

[4] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir leis an "Plean Beartais maidir le Tearmann: Cur chuige Comhtháite maidir le Cosaint ar fud an AE" an 17 Meitheamh 2008, COIM(2008) 360, COIM(2008), 360.

[5] Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bunú Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid ar mhaithe le Rialachán (CE) Uimh. […/…] a chur i bhfeidhm go héifeachtúil [lena mbunaítear na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarratas ar chosaint idirnáisiúnta arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit ag náisiúnach tríú tír nó duine gan stát], COIM(2008) 825.

[6] Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos caighdeáin íosta maidir le glacadh le hiarrthóirí tearmann, COIM(2008) 815.

[7] Treoir 2004/83/CE ón gComhairle i dtaobh caighdeáin íosta maidir le cáilíocht agus stádas náisiúnach tríú tíortha nó daoine gan stát mar dhídeanaithe nó mar dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu ar shlí eile agus inneachar na cosanta a thugar, IO L 304, 30.9.2004, lch 12.

[8] Treoir 2005/85/CE maidir le caighdeáin íosta i dtaobh nósanna imeachta sna Ballstáit maidir le stádas dídeanaí a thabhairt agus a tharraingt siar, IO L 326, 13.12.2005, lch 13.

[9] IO C 254, 19.8.1997, lch 1. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 1997 le haghaidh an dá Stát sínithe dhéag a bhí ann ag an tús, an 1 Deireadh Fómhair 1997 le haghaidh na hOstaire agus na Sualainne, agus an 1 Eanáir 1998 le haghaidh na Fionlainne.

[10] IO L 316, 15.12.2000, lch 1.

[11] IO L 31, 6.2.2003, lch 18.

[12] IO L 222, 5.9.2003, lch 3.

[13] IO L 62, 5.3.2002, lch 1.

[14] IO L 304, 14.11.2008, lch 80.

[15] P6_TA-PROV(2008)0385

[16] An comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Ríocht na Danmhairge maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh sa Danmhairg nó i mBallstát ar bith eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus Eurodac chun méarloirg a chur i gcomparáid d'fhonn chur i bhfeidhm éifeachtúil Choinbhinsiún Bhaile Átha Cliath, IO L 66, 8.3.2006, lch 38.

[17] An comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit nó san Íoslainn nó san Iorua, IO L 93, 3.4.2001, lch 40.

[18] An comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilbhéise maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear an Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit nó san Eilbhéis, IO L 53, 27.2.2008, lch 5.

[19] An Protócal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilbhéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus an Eilbhéis maidir leis na critéir agus na meicníochtaí lena gcinntear cé acu Ballstát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit nó san Eilbhéis (COIM(2006)754, conclúid ar feitheamh).

[20] An Prótacal idir an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilbhéise agus Prionsacht Lichtinstéin arna cheangal leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hÉilbhéise maidir leis na critéir agus na meichníochtaí lena gcinntear cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit nó san Eilbhéis (2006/0257 CNS arna chur i gcríoch an 24.10.2008, foilsiú san IO ar feitheamh) agus Prótacal an Chomhaontaithe idir an Comhphobal, Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis na critéir agus na meichníochtaí lena gcinntear cé acu Stát atá freagrach as scrúdú a dhéanamh ar iarraidh ar thearmann arna thaisceadh i gceann de na Ballstáit, san Íoslainn nó san Iorua (IO L 57, 28.2.2006, lch 16).

[21] IO C […], […], lch.[…].

[22] IO C […], […], lch.[…].

[23] IO C […], […], lch.[…].

[24] IO L 50, 25.2.2003, lch.1.

[25] IO L 304, 30.9.2004, lch. 12.

[26] IO L […], […], lch. […].

[27] IO L 222, 5.9.2003, lch. 3.

[28] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[29] IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

[30] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[31] IO C 364, 18.12.2000, lch. 1.

[32] IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

[33] IO L 326, 13.12.2005, lch. 13.

[34] IO L 144, 06.06.2007, lch 1.

[35] IO L 199, 31.07.2007, lch. 23.