Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ráthaíocht don Aos Óg

ACHOIMRE AR:

Moladh maidir le droichead chuig poist — An Ráthaíocht don Aos Óg a Athneartú

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

  • Tá sé mar aidhm aige tacú níos fearr le fostaíocht don aos óg ar fud an Aontais trí scéimeanna náisiúnta lena mbeidh bearta a thabharfaidh bealach do dhaoine óga i dtreo comhtháthú seasmhach sa mhargadh saothair.
  • Tagann sé in ionad Mholadh ón gComhairle an maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ráthaíocht don Aos Óg

Bunaíodh Ráthaíocht don Aos Óg in 2013 chun a chinntiú, laistigh de 4 mhí ó bheith dífhostaithe nó oideachas foirmiúil a fhágáil, go bhfaigheann gach duine óg faoi bhun 25 bliana d’aois tairiscint ar ardchaighdeán maidir le:

  • fostaíocht;
  • oideachas leantach;
  • printíseacht; nó
  • socrúchán oibre.

An ráthaíocht a athneartú

Treisíonn an moladh Ráthaíocht don Aos Óg tríd an méid seo a leanas:

  • tiomantas thíortha an Aontais a athdhearbhú chun scéimeanna náisiúnta a chur ar bun trínar féidir le daoine óga tairiscint fostaíochta, oideachais, socrúcháin oibre nó printíseachta a fháil laistigh de thréimhse 4 mhí de bheith dífhostaithe nó oideachas foirmiúil a fhágáil;
  • an teorainn aoise a leathnú do dhaoine óga spriocdhírithe ó 25 bliana d’aois go dtí 29 mbliana d’aois agus foráil a dhéanamh do chuimsiú níos fearr daoine ó ghrúpaí leochaileacha, amhail NEETanna (nach bhfuil san oideachas, i bhfostaíocht ná in oiliúint), mná óga agus daoine faoi mhíchumas.

Treoirlínte

Cuirfear Ráthaíocht don Aos Óg chun feidhme trí bhearta tacaíochta ar leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, ar bhonn treoirlínte áirithe.

  • Mapáil: spriocghrúpaí a shainaithint, na seirbhísí atá ar fáil, riachtanais scileanna agus daoine óga atá i mbaol de bheith NEET.
  • For-rochtain: feachtais faisnéise spriocdhírithe i measc daoine óga agus teagmháil a dhéanamh le NEETanna.
  • Ullmhú: próifíliú níos fearr chun riachtanais agus freagraí, comhairleoireacht agus treoir a mheaitseáil, agus scileanna digiteacha agus scileanna tábhachtacha eile a fheabhsú.
  • Tairiscint: dreasachtaí fostaíochta, cáilíocht agus cothromas, agus tacaíocht iar-shocrúcháin.

Cumasóirí trasghearrtha

Chun éifeachtacht a uasmhéadú, sainaithnítear leis an moladh roinnt príomhfhachtóirí.

  • Comhpháirtíochtaí a shlógadh: ar fud gach leibhéal rialtais agus idir soláthraithe um Ráthaíocht don Aos Óg agus páirtithe leasmhara eile amhail fostóirí, institiúidí oideachais agus oiliúna, comhpháirtithe sóisialta agus seirbhísí don obair óige.
  • Bailiú sonraí agus faireachán ar scéimeanna a fheabhsú: comhroinnt níos leithne na sonraí maidir le rianú, próifíliú agus obair leantach idir comhpháirtithe um Ráthaíocht don Aos Óg a spreagadh chun tacaíocht a fheabhsú.
  • An úsáid iomlán agus is fearr a bhaint as cistí: áirítear leis sin:

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh ón gComhairle an maidir le Droichead chuig Poist — lena dTreisítear Ráthaíocht don Aos Óg agus a thagann in ionad Mholadh ón gComhairle an maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú (IO C 372, , lgh. 1-9)

nuashonrú is deireanaí

Top