Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gáinneáil ar fhiadhúlra — Plean gníomhaíochta AE

ACHOIMRE AR:

Theachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach (COM(2016) 87 final) — Plean Gníomhaíochta AE i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?

  • Leagtar amach inti treoirphlean chun troid i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra (i.e. cruinniú, iompar agus dáileadh neamhdhleathach ainmhithe agus a ndíorthach) in AE agus ar leibhéal domhanda araon.
  • Féachtar inti le húsáid a bhaint as gach modh taidhleoireachta, trádála agus comhar forbartha AE chun stop a chur le gníomhaíocht atá ar cheann de na gníomhaíochtaí coiriúla is brabúsaí ar domhan anois.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear sa phlean gníomhaíochta 32 beart a bheidh le comhlíonadh ag AE idir 2016 agus 2020, agus le cur i gcrích ag gach ceann de 28 dtír AE. Dírítear ann ar 3 phríomhghné:

  • 1.

    Cosc ar gháinneáil agus an soláthar agus an t-éileamh ar tháirgí fiadhúlra neamhdhleathacha a laghdú. Mar shampla:

    • an Coimisiún Eorpach chun treoirlínte a eisiúint a bhfuil sé mar aidhm acu onnmhairiú ábhar eabhair ó AE a chur ar fionraí. Ní eiseoidh tíortha AE, ina dhiaidh sin, ach deimhnithe trádála intíre AE ach amháin d’ábhair eabhair ársa ar bhonn na gcritéar atá sainithe sna treoirlínte;
    • áiritheoidh an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais um Ghnóthaí Eachtracha agus Beartas Slándála go n-áireofar tagairtí do gháinneáil ar fhiadhúlra i mbeartas AE agus in uirlisí i gcoinne éilithe (go háirithe mar chuid de na cainteanna le príomh-thíortha nach bhfuil in AE a fhaigheann tacaíocht bhuiséadach AE).
  • 2.

    Cur chun feidhme níos fearr ar rialacha reatha agus troid i gcoinne na coireachta eagraithe ar bhealach níos éifeachtaí. Mar shampla:

    • féachfaidh an Coimisiún, Europol agus Eurojust le comhar feabhsaithe a bhaint amach i measc tíortha AE maidir le cásanna de gháinneáil trasteorann ar fhiadhúlra;
    • tacóidh an Coimisiún, an tArdionadaí agus tíortha AE le forbairt acmhainní i dtaca le forghníomhú an dlí i bpríomhthíortha foinseacha agus margaidh, lena n-áirítear forfheidhmiú laistigh de láithreáin faoi chosaint.
  • 3.

    Comhar a neartú idir tíortha tionscnaimh, cinn scríbe agus idirthurais. Mar shampla:

    • féachfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí le tacaíocht mhéadaithe, níos éifeachtaí a bheidh níos dírithe go straitéiseach a chur ar fáil do thíortha i mbéal forbartha d’fhonn dul i ngleic le gáinneáil;
    • in éineacht le tíortha AE, déanfaidh an Coimisiún agus an tArdionadaí idirphlé a chur ar bun le príomhthíortha foinseacha, idirthurais agus margaidh, lena n-áirítear le pobail áitiúla tuaithe, an tsochaí shibhialta agus leis an earnáil phríobháideach.

CÚLRA

Tá gáinneáil ar fhiadhúlra ar cheann de na gníomhaíochtaí coiriúla is brabúsaí ar fud an domhain. Bíonn éifeachtaí tromchúiseacha aige ar an mbithéagsúlacht agus bíonn tionchar diúltach aige ar an smacht reachta i ngeall ar na dlúthnaisc atá aige le héilliú. Tá ról méadaitheach aige maidir le grúpaí mílíste agus sceimhlitheoireachta a mhaoiniú.

Is ceann scríbe é AE, agus réigiún foinseach agus idirthurais le haghaidh na gáinneála ar fhiadhúlra. Ar na cúiseanna sin go léir, tá ról tábhachtach aige chun an trádáil neamhdhleathach sin a dhíothú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Cur Chuige AE maidir le Gáinneáil ar Fhiadhúlra a Chomhrac ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta AE i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra (COM(2016) 87 final an 26.2.2016)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin: Anailís agus fianaise mar thaca le plean gníomhaíochta AE i gcoinne na gáinneála ar fhiadhúlra a ghabhann leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Plean Gníomhaíochta AE i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra (SWD(2016) 38 final an 26.2.2016)

Comhar le hearnálacha gnó i gcoinne na trádála neamhdhleathaí ar fhiadhúlra a neartú — An Tuarascáil Deiridh. Tuarascáil le haghaidh Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil CE, 13 Samhain 2015.

Nuashonraithe 02.05.2016

Top