Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Caibidlíochtaí NA ar an aeráid: Prótacal Kyoto — an chéad tréimhse gealltanais

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2002/358/CE maidir le formheas Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus maidir le comhlíonadh comhpháirteach na ngealltanas faoi sin

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH?

Tugtar formheas dlíthiúil AE maidir le Prótacal Kyoto leis — comhaontú faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (UNFCCC) — agus dearbhú go n-urramódh AE agus na 15 thír a bhí ina mbaill ann nuair a glacadh an reachtaíocht (“15-AE”) na gealltanais a rinne siad maidir lena n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 8 % i gcomparáid le leibhéil 1990 do AE ina iomláine.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Toisc go raibh grúpaí tíortha ábalta a spriocanna a chomhlíonadh i gcomhpháirt faoi Phrótacal Kyoto, rinneadh an laghdú foriomlán 8 % don Aontas Eorpach agus do thíortha AE a mhiondealú ina spriocanna náisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí, agus saincheapadh iad de réir rachmas coibhneasta gach tíre ag an am.
  • Leagtar amach sa chinneadh teorainneacha nó laghduithe astaíochtaí do “15-AE” idir 2008 agus 2012. Is iad sin:
    • go laghdóidh AE leibhéil na n-astaíochtaí foriomlána go dtí 92 %;
    • go laghdóidh ocht dtír astaíochtaí, go dtí idir 72 % (Lucsamburg) agus 94 % (an Ísiltír);
    • go mbeadh cead ag cúig thír iad a mhéadú, go dtí idir 104 % (an tSualainn) agus 127 % (an Phortaingéil);
    • go gcoinneoidh dhá thír (an Fhrainc agus an Fhionlainn) ag na leibhéil reatha iad (100 %).
  • Socraíodh spriocanna aonair comhchosúla do thíortha a chuaigh isteach in AE i ndiaidh Prótacal Kyoto a ghlacadh — seachas an Chipir agus Málta, nach bhfuil spriocanna ar bith acu.
  • Chomhlíon AE agus tíortha AE a ngealltanais faoi chéad tréimhse gealltanais Phrótacal Kyoto (2008-2012).
  • Chun an bhearna a dhúnadh idir deireadh chéad tréimhse Kyoto agus tús comhaontaithe dhomhanda nua in 2020, d’aontaigh 37 dtír forbartha agus AE le dara tréimhse. Glacadh na socruithe do 2013-2020 ag comhdháil Doha maidir leis an athrú aeráide i Nollaig 2012.

CÚLRA

Bhí Prótacal Kyoto, go dtí comhdháil Pháras maidir leis an athrú aeráide i Nollaig 2015, ar an t-aon chomhaontú domhanda a bhí ceangailteach ó thaobh dlí chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Arna ghlacadh i Nollaig 1997, tá gealltanais ann ó náisiúin tionsclaithe rannpháirteacha le hiomlán a n-astaíochtaí de shé ghás ceaptha teasa (dí-ocsaíd charbóin, meatán, ocsaíd nítriúil, hidreafluaracarbón, sárfhluaracarbón agus heicseafluairíd sulfair) a laghdú 5 % ar an meán thar an gcéad tréimhse gealltanais (2008-2012) i gcomparáid le leibhéil 1990.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tháinig sé i bhfeidhm an 2 Bealtaine 2002.

CÚLRA

“1ú tréimhse gealltanais Kyoto (2008-12)” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

GNÍOMH

Cinneadh (AE) 2002/358/CE ón gComhairle an 25 Aibreán 2002 maidir le formheas, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, leasú Doha ar Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus maidir le comhlíonadh comhpháirteach na ngealltanas faoi sin (IO L 130, 15.5.2002, lgh. 1-3)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2015/1339 ón gComhairle an 13 Iúil 2015 maidir le conclúid, thar ceann an Aontais Eorpaigh, leasú Doha ar Phrótacal Kyoto a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus maidir le comhlíonadh comhpháirteach na ngealltanas faoi sin (IO L 207, 4.8.2015, lgh. 1-5)

Nuashonraithe 08.02.2016

Top