Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha sonracha maidir le táirgeadh orgánach, agus lipéadú agus rialú táirgí orgánacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) 889/2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh orgánach, lipéadú agus rialú táirgí orgánacha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Is gníomh cur chun feidhme é lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le rialú táirgeadh orgánach, lipéadú agus rialú táirgí orgánacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an rialachán maidir leis na táirgí a leanas (dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 maidir le táirgeadh agus lipéadú táirgí orgánacha — féach an achoimre) a thagann ón talmhaíocht, lena n–áirítear dobharshaothrú:
    • táirgí talmhaíochta beo nó neamhphróiseáilte;
    • táirgí talmhaíochta próiseáilte lena n–úsáid mar bhia;
    • beatha ainmhithe;
    • ábhar iomadaithe* fásúil agus síolta le haghaidh saothraithe;
    • giostaí a úsáidtear mar bhia nó mar bheatha.
  • Maidir le beostoc, ní chumhdaítear ann ach ainmhithe bó den speiceas buaibheach lena n–áirítear bubalus agus bíosún, equidae, mucach, caorach, gabhair, éanlaithe (mar atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 889/2008) agus beacha.
  • Le haghaidh táirgí dobharshaothraithe, ní bhaineann sé ach le speicis éisc, crústach, eicínideirmeach agus moileasc atá liostaithe in Iarscríbhinn XIIIa (sa leagan comhdhlúite de Rialachán (CE) Uimh. 889/2008).
  • Ní mheasfar gur táirgí orgánacha iad táirgí ó fhiach nó ó iascaireacht.

Táirgeadh, próiseáil, pacáistiú, iompar agus stóráil táirgí orgánacha

Rialaítear leis na rialacha, ina gcuimsítear freisin galair a chosc agus cóireáil tréidliachta, na réimsí a leanas.

  • Táirgeadh plandaí
    • bainistiú agus leasú ithreach;
    • bainistiú lotnaidí, galar agus fiailí;
    • tá rialacha speisialta i bhfeidhm maidir le beacáin;
    • tá cosc ar tháirgeadh hidreaponach.
  • Táirgeadh feamainne
    • oiriúnacht an mheáin uiscigh agus an phlean bainistíochta inbhuanaithe;
    • bailiú inbhuanaithe feamainne fiáine;
    • saothrú feamainne;
    • bearta frith–thruaillithe agus glanadh trealaimh agus áiseanna táirgthe.
  • Táirgeadh beostoic
    • tionscnamh ainmhithe orgánacha agus neamhorgánacha;
    • tithíocht agus cleachtais feirmeoireachta, lena n–áirítear rialacha sonracha do mhamaigh, d’éanlaith chlóis agus do bheachaireacht;
    • rochtain ar an aer oscailte;
    • dlús stocála;
    • tá cosc ar tháirgeadh beostoic gan talamh;
    • táirgeadh beostoic orgánaigh agus neamhorgánaigh ag an am céanna;
    • ainmhithe a bhainistiú, cruálacht agus fulaingt a sheachaint.
  • Beatha
    • beatha óna ngabháltas féin agus ó fhoinsí eile;
    • beatha a chomhlíonann riachtanais chothaithe ainmhithe;
    • beatha atá i mbun tiontaithe (i.e. le linn na tréimhse a bhfuil dáileachtaí talún á n–athrú ó stádas neamhorgánach go stádas orgánach);
    • táirgí agus substaintí áirithe a úsáid i mbeatha.
  • Táirgeadh ainmhithe dobharshaothraithe
    • oiriúnacht an mheáin uiscigh agus an phlean bainistíochta inbhuanaithe;
    • táirgeadh comhuaineach ainmhithe dobharshaothraithe orgánacha agus neamhorgánacha;
    • tionscnamh ainmhithe dobharshaothraithe orgánacha;
    • tionscnamh agus bainistíocht ainmhithe dobharshaothraithe neamhorgánacha;
    • cleachtais feirmeoireachta dobharshaothraithe;
    • rialacha sonracha maidir le córais choimeádta uisceacha;
    • bainistíocht ainmhithe dobharshaothraithe;
    • tá cosc ar hormóin a úsáid i bpórúchán.
  • Beatha le haghaidh iasc, crústach, eicínideirmeach
    • Rialacha ginearálta a dhíríonn ar shláinte ainmhithe, ar cháilíocht an táirge, agus ar thionchar íseal ar an gcomhshaol;
    • rialacha sonracha maidir le hainmhithe dobharshaothraithe feoiliteacha, ainmhithe óga orgánacha, agus moilisc (oisrí san áireamh).
  • Táirgí leasaithe agus próiseáilte
    • rialacha maidir le táirgí a bhuanú agus maidir le beatha agus bia próiseáilte a tháirgeadh;
    • táirgí agus substaintí áirithe a úsáid i bpróiseáil bia;
    • comhábhair neamhorgánacha áirithe de thionscnamh talmhaíochta a úsáid i bpróiseáil bia;
    • rialacha sonracha maidir le feamainn, agus fíonóireacht.
  • Bailiú, pacáistiú, iompar agus stóráil.

Tá rialacha breise ann maidir le:

  • táirgí ó dháileachtaí talún atá á dtiontú ó stádas neamhorgánach go stádas orgánach;
  • srianta aeráide, geografacha nó struchtúracha, lena n–áirítear rialacha maidir le teaghrán agus táirgeadh comhthreomhar agus maidir le beachaireacht;
  • do-úsáidteacht ionchur ó fheirm orgánach;
  • an úsáid a bhaintear as táirgí agus substaintí ar leith i bpróiseáil;
  • imthosca turraingeacha;
  • an bunachar sonraí síolta;
  • lipéadú, lena n–áirítear lógó, trádmharcanna agus ceanglais shainiúla um tháirgeadh orgánach an Aontais Eorpaigh maidir le beatha;
  • sáruithe agus malartú faisnéise;
  • maoirseacht ag údaráis inniúla;
  • sonraí orgánacha sa phlean rialaithe náisiúnta ilbhliantúil agus sa tuarascáil bhliantúil.

Rialuithe

Cumhdaítear i rialacha rialaithe ceanglais shonracha maidir le táirgí plandaí, feamainn, beostoc, beachaireacht agus dobharshaothrú, agus áirítear orthu an méid seo a leanas:

  • freagrachtaíoibreora;
  • cigireachtaí bliantúla ag údaráis rialaithe;
  • doiciméadú agus cuntais;
  • rochtain ar shaoráidí;
  • allmhairithe táirgí orgánacha ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
  • aonaid a úsáideann conarthaí le tríú páirtithe;
  • aonaid a ullmhaíonn beatha.

Tarchur faisnéise

Soláthraíonn tíortha AE faisnéis staidrimh don Choimisiún Eorpach maidir le táirgeadh orgánach roimh an 1 Iúil gach bliain.

Aisghairmeacha

Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (CEE) Uimh. 207/93, Rialachán (CE) Uimh. 223/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1452/2003.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2009.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ábhar iomadaithe: codanna de phlandaí agus gach ábhar plandúil, lena n–áirítear fréamhstoic, atá beartaithe le haghaidh síolrú, atáirgeadh agus táirgeadh glasraí. I measc na samplaí tá bleibíní, riosóim, etc.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i ndáil le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lgh. 1–84)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189 an 20.7.2007, lgh. 1-23)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 17.06.2020

Top