Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár an Mhargaidh Aonair

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/690 lena mbunaítear clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n–áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), do réimse na bplandaí, na n–ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis aidhmeanna, buiséad, rialachas agus rialacha um maoiniú chéad chlár an mhargaidh inmheánaigh aonair chomhtháite. Tugtar le chéile leis sin gníomhaíochtaí a maoiníodh roimhe seo faoi shé chlár ar leith. Beidh sé ar siúl ó 2021 go 2027.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas na haidhmeanna ginearálta leis an gclár:

  • feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe chun an pobal, tomhaltóirí agus gnóthais, go háirithe FBManna, a chosaint agus a chumhachtú trí
    • dlí AE a fhorfheidhmiú, rochtain ar an margadh a éascú agus caighdeáin a leagan síos
    • sláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus leas ainmhithe a chur chun cinn
    • forbairt inbhuanaithe a urramú agus leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí a áirithiú
    • comhar a fheabhsú idir údaráis náisiúnta, an Coimisiún Eorpach agus gníomhaireachtaí díláraithe AE;
  • staidreamh Eorpach ardchaighdeáin, inchomparáide, tráthúla agus iontaofa a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh chun
    • taca a chur faoi dhearadh, faoi fhaireachán agus faoi mheastóireacht bheartais AE
    • cuidiú leis an bpobal, lucht déanta beartas, údaráis, gnólachtaí, an saol acadúil agus na meáin cinntí feasacha a dhéanamh
    • cuidiú leis na grúpaí thuas páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas daonlathach.

Baintear na haidhmeanna foriomlána sin amach trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:

  • an margadh inmheánach a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe maidir leis an aistriú digiteach, bacainní neamhdhleathacha (EUR 452 mhilliún thar an tréimhse 7 mbliana) a chosc agus a bhaint agus a áirithiú nach féidir ach táirgí sábháilte agus comhlíontacha a thairiscint lena ndíol (EUR 106 mhilliún);
  • iomaíochas agus inbhuanaitheacht FBManna a neartú, lena n–áirítear cineálacha éagsúla tacaíochta, deiseanna nua gnó a chur chun cinn agus luachshlabhraí tionsclaíocha a fhorbairt (EUR 1 bhilliún);
  • feidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí chaighdeáin ardchaighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta (EUR 221 mhilliún);
  • leasanna tomhaltóirí agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí a chur chun cinn, lena n–áirítear i seirbhísí airgeadais (EUR 200 mhilliún);
  • cur le hardleibhéal sláinte agus sábháilteachta do dhaoine, d’ainmhithe agus do phlandaí ar fud an bhiashlabhra, lena n–áirítear galair ainmhithe agus lotnaidí plandaí a dhíothú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac agus táirgeadh agus tomhaltas bia inbhuanaithe a fhorbairt (EUR 1.7 billiún);
  • staidreamh Eorpach ar ardchaighdeán a fhorbairt, a tháirgeadh, a scaipeadh agus a chur in iúl (EUR 552 mhilliún).

Is é EUR 4 208 041 000 milliún (praghsanna reatha) an buiséad 7 mbliana chun an clár a chur chun feidhme. Féadfar suas le 5 % den bhuiséad a úsáid chun críocha teicniúla agus riaracháin éagsúla, amhail ullmhú, faireachán, rialú, iniúchadh, meastóireacht agus úsáid líonraí teicneolaíochta faisnéise.

Féadfaidh tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad páirt a ghlacadh sa chlár faoi réir coinníollacha áirithe. Áirítear leo sin ceart na hOifige Eorpaí Frith–Chalaoise (OLAF) chun imscrúduithe a dhéanamh, lena n–áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, chun airgeadas an Aontais Eorpaigh a chosaint.

In Airteagal 8 agus Iarscríbhinn I (plandaí, ainmhithe, bia agus beatha) agus Iarscríbhinn II (staidreamh Eorpach) leagtar amach an iliomad gníomhaíochtaí atá incháilithe i leith maoinithe faoi chuspóirí ginearálta agus sonracha an chláir.

Eintitis dhlítheanacha1 beidh siad incháilithe do mhaoiniú má tá an méid seo a leanas fíor ina leith:

  • tá siad bunaithe i mBallstát AE nó tá siad nasctha le tír nó críoch thar lear, nó i dtír nach tír den Aontas Eorpach í a bhaineann leis an gclár;
  • cruthaíodh iad faoi dhlí AE nó is eagraíocht idirnáisiúnta iad;
  • tá siad bunaithe i dtír nach tír den Aontas Eorpach í nach mbaineann leis an gclár, ach a bhfuil gníomhaíochtaí i gcomhréir lena chuspóirí.

In Airteagal 10 leagtar amach na heintitis a fhéadfaidh deontas a fháil gan gairm ar thograí. Tá a réimse idir údaráis náisiúnta faireachais margaidh agus an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais agus Bureau Européen des Unions de Consommateurs.

Sonraítear an méid seo a leanas i rialacha um chómhaoiniú:

  • i gcúinsí áirithe féadfar suas le 100 % de na costais incháilithe a chlúdach faoin gclár. I gcásanna eile, tá an raon idir 50 % agus 95 %;
  • féadfar maoiniú a fháil i gcomhair gníomhaíochtaí ó chlár an mhargaidh aonair agus ó chistí eile AE ar an gcoinníoll nach gclúdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna.

Maidir leis an gCoimisiún:

Aisghairtear leis an reachtaíocht Rialachán (AE) Uimh. 99/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013, Rialachán (AE) Uimh. 254/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ón .

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Is é an margadh aonair cnámh droma gheilleagar an Aontais Eorpaigh. Cuireann sé le fás, iomaíochas agus poist, agus soláthraíonn sé rogha níos fearr agus praghsanna níos ísle do thomhaltóirí.

Tá sé mar aidhm leis an gclár a chur ar chumas an phobail, tomhaltóirí, gnólachtaí agus na n–údarás poiblí ar fud an Aontais Eorpaigh lántairbhe a bhaint as na deiseanna atá á dtairiscint.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Eintiteas dlítheanach: duine aonair, cuideachta nó eagraíocht a bhfuil cearta agus oibleagáidí dlí acu.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2021/690 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Clár don mhargadh inmheánach, d’iomaíochas fiontar, lena n–áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, do réimse na bplandaí, na n–ainmhithe, an bhia agus na beatha, agus don staidreamh Eorpach (Clár an Mhargaidh Aonair) agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 99/2013, (AE) Uimh. 1287/2013, (AE) Uimh. 254/2014 agus (AE) Uimh. 652/2014 (IO L 153, , lgh. 1-47)

nuashonrú is deireanaí

Top