Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí

Treoir (AE) 2017/2108 lena leasaítear Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi caighdeáin aonfhoirmeacha sábháilteachta a thabhairt isteach maidir le beathaí agus maoin daoine ar longa paisinéirí agus ar árthaí mórluais, amhail duillárthaigh, a úsáidtear i dturais intíre in uiscí AE (i.e. idir calafoirt sa tír chéanna AE).

Cé go raibh sí beartaithe ar dtús mar chódú ar Threoir 98/18/CE, cinneadh Treoir 1998 a athmhúnlú ina ionad sin. Dá réir sin aisghairtear Treoir 98/18/CE le Treoir 2009/45/AE agus cuirtear in ionad na Treorach sin í.

In 2017, i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir faoi thionscnamh an chláir um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (ar a dtugtar REFIT), glacadh Treoir (AE) 2017/2108. Leasaítear léi Treoir 2009/45/CE agus soiléirítear agus simplítear léi na rialacha agus caighdeáin maidir le longa paisinéirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an reachtaíocht seo maidir le soithí paisinéirí atá déanta as cruach nó as ábhar coibhéiseach agus maidir le hárthaí mórluais.

Aicmiú soithí paisinéirí agus limistéir oibríochta

Déantar soithí paisinéirí a roinnt ina 4 aicme (A, B, C agus D) de réir na limistéar mara inar féidir iad a oibriú.

Foilsíonn tíortha AE liosta de na limistéir mhara agus de na haicmí soithigh lena mbaineann, lena n–áirítear tréimhsí teoranta ar bith, i mbunachar sonraí atá ar fáil go poiblí.

Ceanglais theicniúla sábháilteachta

Leagtar amach ceanglais theicniúla mhionsonraithe sa reachtaíocht maidir leis na bearta sábháilteachta nach mór do shoithí iad a urramú, amhail:

  • tógáil;
  • cobhsaíocht;
  • innealra;
  • earraí leictreacha;
  • cosaint ar dhóiteáin agus tarrtháil.

Féadfaidh údaráis náisiúnta ceanglais sábháilteachta bhreise a iarraidh má cheapann siad go dteastaíonn sin de réir sainchúinsí áitiúla.

Cigireachtaí agus deimhnithe sábháilteachta

  • Déantar cigireacht ar gach soitheach paisinéirí atá cláraithe i dtír AE sula gcuirtear i seirbhís é agus uair amháin sa bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin.
  • Tugtar deimhniú bliantúil um shábháilteacht long paisinéirí i leith gach soithigh phaisinéirí a chomhlíonann na caighdeáin sábháilteachta.
  • Ní mór d’údaráis náisiúnta pionóis a chur i bhfeidhm atá “éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach” maidir le sárú ar bith ar na caighdeáin sábháilteachta.

Eisiaimh

Níl feidhm ag an reachtaíocht maidir le cineálacha éagsúla soithí, amhail:

  • longa cogaidh;
  • longa adhmaid bunúsacha;
  • longa paisinéirí stairiúla bunaidh nó macasamhlacha;
  • luaimh ina gcoinnítear 12 phaisinéir nó níos lú;
  • soithí nach n–úsáidtear ach i gcalafoirt amháin.

Treoir Leasaitheach (AE) 2017/2108

Leis an treoir leasaitheach seo:

  • eisiatar ó raon feidhme Threoir 2009/45/CE
    • gach árthach atá ann cheana agus gach árthach nua atá níos gairide ná 24 mhéadar — a bheidh faoi réir caighdeáin sábháilteachta arna sainiú go náisiúnta (i mí na Bealtaine 2018, chuir an Coimisiún Eorpach togra i láthair chun rialacha sábháilteachta le haghaidh longa paisinéirí níos lú ná 24 mhéadar ar fad a chomhordú)
    • soithí cothabhála amach ón gcósta ina n–iompraítear oibrithe chuig suiteálacha amach ón gcósta agus uathu agus báid freastail a úsáidtear chun níos mó ná 12 duine a aistriú ó long paisinéirí go dtí an cósta agus ar ais ón gcósta
    • árthaí áineasa, agus báid thraidisiúnta agus báid seoil má tá siad feistithe le tiomáint mheicniúil bhreise;
  • simplítear sainmhínithe limistéar mara C agus D;
  • aicmítear longa paisinéirí (A, B, C agus D) ag brath ar an limistéar mara inar féidir iad a oibriú;
  • ceanglaítear go gcloífidh longa a tógadh in alúmanam roimh an lena gceanglais faoin . Má tá níos mó ná 60 long paisinéirí de chóimhiotail alúmanaim ag tír AE a bhfuil a bratach ar foluain acu an , áfach, d’fhéadfadh sé go ndíolmhófaí léi soithí alúmanaim paisinéirí aicmí B, C agus D ón treoir ar feadh 12 bhliain ina dhiaidh sin, ar an gcoinníoll nach gcuirfear a leibhéil sábháilteachta i mbaol;
  • ceanglaítear go n–iompróidh gach long paisinéirí atá ann cheana nó gach long paisinéirí úr deimhniú sábháilteachta loinge paisinéirí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm le Treoir 2009/45/CE ón . Leasaíodh Treoir 98/18/CE (agus a leasuithe ina dhiaidh sin) le Treoir 2009/45/CE agus cuireadh in ionad na Treorach sin í.

Tháinig Treoir (AE) 2017/2108 i bhfeidhm an agus caithfear í a chur i bhfeidhm i dtíortha AE ón .

CÚLRA

Ní mór do shoithí a úsáidtear le haghaidh turais intíre in uiscí AE na bunchaighdeáin sábháilteachta a chomhlíonadh chun beatha a bpaisinéirí agus a gcriúnna a chosaint. Rinneadh na caighdeáin sin a neartú go mór ón am a ndeachaigh an bád farantóireachta Estonia go tóin poill i Muir Bhailt in 1994.

Is é Treoir 2009/45/CE an ionstraim reachtaíochta AE is fairsinge sa réimse um shábháilteacht soithí paisinéirí. Tá sé forlíonta le rialacha AE sonracha maidir le longa paisinéirí róró (rolladh ann/rolladh as) agus árthaí mórluais, agus clárú na ndaoine ar bord long.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (athmhúnlú) (IO L 163, , lgh. 1-140)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/45/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2017/2108 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Treoir 2009/45/CE maidir le rialacha agus caighdeáin sábháilteachta do longa paisinéirí (IO L 315, , lgh. 40-51)

nuashonrú is deireanaí

Top