Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar amach leis na rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha a dhéantar chun tacú le feirmeoirí faoi chomhbheartas talmhaíochta (CBT) AE. Íoctar na híocaíochtaí sin ina n–iomláine ar choinníoll go gcomhlíonann feirmeoirí caighdeáin bhunúsacha maidir leis an gcomhshaol, an t–athrú aeráide, dea–bhail talmhaíochta agus comhshaoil talún, sláinte phoiblí, sláinte ainmhithe, sláinte phlandaí agus leas ainmhithe — rud ar a dtugtar tras–chomhlíonadh. Leagtar síos rialacha maidir le tras–chomhlíonadh i Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (féach an achoimre).
Le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009, ina raibh na seanrialacha lenar rialaíodh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí a athraíodh i ndiaidh an athchóirithe a rinneadh ar CBT in 2013. Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 a bhain le hearnáil an chadáis leis freisin.
In 2017, ghlac AE Rialachán (AE) 2017/2393, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus reachtaíocht eile a bhaineann le CBT:
In 2020, ghlac AE Rialachán leasaitheach (AE) 2020/2220, ina leagtar síos rialacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022.
PRÍOMHPHOINTÍ
Íoctar íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí trí scéimeanna tacaíochta i ngach tír AE.
Ní mór do thíortha AE sciar áirithe dá leithdháileadh mhaoinithe CBT a chaitheamh ar scéimeanna tacaíochta éigeantacha, faoi mar a thuairiscítear thíos.
Íocaíochtaí caighdeánacha in aghaidh an heicteáir. D’fhonn tacaíocht a leithdháileadh ar bhealach níos cothromaí, bhí ar gach tír AE bogadh i dtreo íocaíochta aonfhoirmí ón 2015 (“íocaíocht bhunúsach le haghaidh feirmeoirí”).
Íocaíochtaí glasa in aghaidh an heicteáir. Le bronnadh ar fheirmeoirí a urramaíonn cleachtais a bheidh chun leasa na haeráide agus an chomhshaoil (30% den leithdháileadh maoinithe náisiúnta).
Íocaíocht d’fheirmeoirí óga in aghaidh an heicteáir. Le haghaidh feirmeoirí atá faoi bhun 40 bliain d’aois, atá a mbunú féin mar cheann na feirme den chéad uair, suas le 5 bliana sula bhfaigheann siad tacaíocht; beidh an íocaíocht seo ar fáil le haghaidh tréimhse suas le 5 bliana.
Tá roinnt scéimeanna tacaíochta roghnacha ann freisin. Féadfaidh tíortha AE a roghnú:
tacú le feirmeacha níos lú trí mhéideanna níos airde a íoc lar na chéad heicteár (“íocaíocht athdháilte”);
íocaíochtaí breise a bhronnadh i leith limistéar a bhfuil srianta nádúrtha leo;
méideanna teoranta a bhronnadh i leith tacaíochta a bhaineann le táirgeadh (’tacaíocht chúpláilte’ — íocaíochtaí atá ceangailte le barra áirithe nó le cineálacha beostoic áirithe) chun cuidiú le hearnálacha talmhaíochta ina dtíortha féin a bhfuil deacracht acu;
scéim shimplithe a tháirgeadh le haghaidh feirmeoirí beaga — íocaíocht bhliantúil suas le €1,250.
Ón ar aghaidh, tháinig na rialacha nua atá le fáil i Rialachán leasaitheach (AE) 2017/2393 chun feidhme agus áirítear an méid seo a leanas leo.
I bprionsabal, ní raibh ach feirmeoirí gníomhacha (feirmeoirí a bhfuil a ngníomhaíocht talmhaíochta suntasach) in ann tacaíocht dhíreach a fháil. Mar sin féin, d’éirigh an riarachán ródhian ó thaobh na hoibre i roinnt thíortha AE. Go sonrach, measadh go raibh éilitheoirí a raibh aerfoirt, seirbhísí iarnróid, oibreacha uisce, seirbhísí eastáit réadaigh agus ionaid bhuana spóirt agus áineasa á n–oibriú acu neamhghníomhach seachas sa chás gur chruthaigh siad a mhalairt. Tá feidhmiú an chlásail sin roghnach anois le haghaidh thíortha AE.
Rinneadh roinnt gnéithe de na rialacha a bhaineann le híocaíochtaí glasa a shimpliú, go háirithe maidir le ceanglais éagsúlaithe barr.
Cuireadh leis an sainmhíniú ar fhéarthailte buana:
féadfaidh tíortha AE a chinneadh crainn áirithe a tháirgeann beatha ainmhithe i bhféarthailte buana i gcás inarb iad féara agus foráiste luibheach eile a bhíonn líonmhaire ann i gcónaí, i gcuid dá gcríoch nó ina gcríoch go léir a chur san áireamh;
féadfaidh siad talamh nár treabhadh ná nár úsáideadh le haghaidh uainíocht barr ar feadh 5 bliana nó níos mó a mheas mar chritéar chun féarthailte buana a aicmiú.
Is féidir le feirmeoirí óga rochtain níos éasca a fháil ar na híocaíochtaí uile do na 5 bliana.
Soiléirítear freagrachtaí thíortha AE maidir leis an gcaoi a ndéanann an tacaíocht chúpláilte an táirgeadh a theorannú.
Cuireadh leis na cineálacha limistéar ar díol spéise iad ó thaobh na héiceolaíochta de (limistéir ina ndírítear ar an éiceolaíocht) chun limistéir ina bhfásann cineálacha plandaí amhail Miscanthus agus Silphium perfoliatum, agus le haghaidh talamh a fhágtar bán i gcomhair plandaí a bheidh chun leasa pailnithe.
Rialacha idirthréimhseacha i gcomhair na mblianta 2021 agus 2022
Ceadaítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/2220, a glacadh i Nollaig 2020, go leanfar de na rialacha faoi chreat CBT 2014-2020 a chur i bhfeidhm agus áirithítear leis leanúnachas na n–íocaíochtaí le feirmeoirí agus tairbhithe tacaíochta eile ó CERT agus ó CETFT in 2021 agus 2022, go dtí dáta chur chun feidhme an chreata nua. Is é is aidhm leis an idirthréimhse aistriú rianúil chuig tréimhse cláraithe nua a áirithiú le haghaidh tairbhithe.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ón .
Tá feidhm ag na rialacháin a tugadh isteach leis an leasú a rinneadh ar Rialachán (AE) 2017/2393 ón .
Tá feidhm ag na rialacháin a tugadh isteach le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/2220 ón .
Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear rialacha le haghaidh íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreat an chomhbheartais talmhaíochta lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, , lgh. 608-670)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoracha 98/56/CE, 2000/29/CE agus 2008/90/CE ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 178/2002, (CE) Uimh. 882/2004 agus (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Cinntí 66/399/CCE, 76/894/CCE agus 2009/470/CE ón gComhairle (IO L 189, , lgh. 1-32)
Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, , lgh. 487–548)
Rialachán (AE) Uimh 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le maoiniú, bainistíocht agus faireachán an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Rialachán Uimh. 165/94, Rialachán (CE) Uimh. 2799/98, Rialachán (CE) Uimh. 814/2000, Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO L 347, , lgh. 549-607)
Rialachán (AE) Uimh 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 (IO L 347, , lgh. 671-854)
Rialachán (AE) Uimh. 1310/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos roinnt forálacha idirthréimhseacha maidir le tacaíocht le haghaidh forbairt tuaithe faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní agus a leithdháileadh maidir leis an mbliain 2014 agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir lena n–iarratas sa bhliain 2014 (IO L 347, , lgh. 865-883)