Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cionta mótarthráchta — faisnéis a mhalartú idir tíortha

ACHOIMRE AR:

Threoir (AE) 2015/413 – faisnéis a mhalartú maidir le cionta mótarthráchta

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Leagtar síos sa treoir seo rialacha chun saoirse ó phionós tiománaithe eachtracha a laghdú, tiománaithe a dhéanann cionta dainséaracha mótarthráchta, trí éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú faisnéise ag na húdaráis phóilíneachta i dtíortha éagsúla an Aontais Eorpaigh (AE) chun ciontóirí a shainaithint.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir leis na cionta seo a leanas:

  • tiomáint róghasta.
  • mainnigh crios sábhála a úsáid.
  • mainnigh stopadh ag solas tráchta.
  • tiomáint ar meisce.
  • tiomáint faoi thionchar drugaí.
  • mainnigh clogad sábháilteachta a úsáid.
  • lána coiscthe (e.g. lána bua) a úsáid,
  • fón póca nó gléas cumarsáide eile a úsáid agus tú ag tiomáint.

Ní mór do gach tír rochtain ar a sonraí náisiúnta cláraithe feithiclí a chur ar fáil d’aon tír eile a bhfuil imscrúdú á dhéanamh aici ar chion a rinneadh ar bhóithre na tíre sin. Cuirfidh sé sin ar chumas na tíre a bhfuil imscrúdú á dhéanamh aici feithiclí agus úinéirí nó úsáideoirí na bhfeithiclí a shainaithint.

Má chinneann an tír inar tharla an cion beart breise a dhéanamh, ní mór don tír sin scéala a chur chuig an gciontóir féideartha agus na hiarmhairtí dlíthiúla a chur in iúl dó nó di, i litir ina sonraítear:

  • nádúr an chion;
  • suíomh, dáta agus am an chion;
  • an dlí a sáraíodh agus an pionós;
  • (más iomchuí) an gléas a úsáideadh chun an cion a aimsiú.

Chun monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an tsocraithe sin, ní mór do gach tír tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún faoi mhí na Bealtaine 2016 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, ina dtabharfar mionsonraí faoi na cuardaigh a dhéantar agus faoi líon na litreacha fógraíochta a sheoltar amach ina dhiaidh sin.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an .

Bhí ar na tíortha AE an treoir a ionchorprú ina ndlí náisiúnta faoin . Cuireadh an spriocdháta sin ar atráth go dtí an do na tíortha seo a leanas: an Danmhairg, Éire agus an Ríocht Aontaithe (1).

CÚLRA

Cuireadh an treoir roimhe seo a bhain leis an tsaincheist seo, Treoir 2011/82/AE, ar ceal ag an gCúirt Bhreithiúnais AE in 2014 toisc go raibh bonn mícheart dlíthiúil léi.

GNÍOMH

Treoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena ndéantar éascaíocht ar mhalartú trasteorann faisnéise maidir le cionta mótarthráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre (IO L 68, , lgh. 9-25)

nuashonrú is deireanaí

(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an ann.

Top