Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fuinneamh inathnuaite

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2018/2001 lena gcuirtear chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Bunaítear léi comhchóras chun fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite1 a chur chun cinn ar fud na n–earnálacha éagsúla. Maidir leis, go sonrach:
    • sprioc cheangailteach an Aontais Eorpaigh (AE) a shocrú dá sciar sa mheascán fuinnimh in 2030;
    • féintomhaltas a rialáil den chéad uair; agus
    • rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le foinsí inathnuaite a úsáid i leictreachas, téamh agus fuarú, agus iompar san AE.
  • Tá sé mar aidhm léi úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a mhéadú chun an t–athrú aeráide a chomhrac, ár gcomhshaol a chosaint agus spleáchas an Aontais ar fhuinneamh a laghdú, agus cur le ceannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch an Aontais agus cruthú post agus fás, lena n–áirítear i limistéir thuaithe agus iargúlta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Fuinneamh inathnuaite

Leasuithe 2023

  • Tá a rialacha fuinnimh tugtha cothrom le dáta ag an Aontas Eorpach mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip agus dá phacáiste “oiriúnach do 55”, a bhfuil sé mar aidhm leis a áirithiú go mbeidh na rialacha sin ag teacht leis an gcuspóir i ndáil le haeráidneodracht 2050 agus lena chuspóir laghdú 55% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990.
  • Leasaíodh na rialacha sin chomh maith chun an plean REPowerEUa chur chun feidhme, a bhfuil sé mar aidhm leis spleáchas an Aontais ar ola agus ar ghás na Rúise a laghdú.
  • Leasaíodh an treoir le Treoir (AE) 2023/2413.

Áirítear leis an treoir:

  • rialacha maidir le tacaíocht airgeadais cost–éifeachtúil agus mhargadhbhunaithe le haghaidh leictreachais ó fhoinsí inathnuaite;
  • cosaint scéimeanna tacaíochta ó athruithe lena gcuirtear tionscadail atá ann cheana i mbaol;
  • sásraí comhair idir Ballstáit AE, agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha;
  • rialacha a chuidíonn le feithiclí leictreacha agus ceallraí solúbthacht a chur ar fáil dár gcóras fuinnimh trí leictreachas inathnuaite a ionchur san eangach nuair is gá;
  • rialacha lenar féidir le tomhaltóirí a leictreachas féin a tháirgeadh, ina n–aonar nó mar chuid de phobail fuinnimh inathnuaite, gan srianta míchuí;
  • nósanna imeachta ceadaithe le haghaidh tionscadail fuinnimh inathnuaite;
  • ceanglais neartaithe maidir le tacú le bithmhais agus í a úsáid le haghaidh fuinnimh, chun an riosca a bhaineann le táirgeadh bithfhuinnimh neamh–inbhuanaithe a laghdú.

Spriocanna

  • Sprioc cheangailteach fhoriomlán de 42,5% faoi 2030 don sciar d’fhoinsí inathnuaite ídiú fuinnimh foriomlán an Aontais, agus méadú táscach breise 2,5% curtha leis chun sprioc 45% a bhaint amach.
  • Maidir leis an earnáil iompair, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh idir:
    • sprioc cheangailteach de laghdú 14,5% ar an déine gás ceaptha teasa in iompar ó úsáid foinsí inathnuaite faoi 2030; nó
    • sciar cheangailteach de 29% ar a laghad d’fhoinsí inathnuaite laistigh den ídiú deiridh fuinnimh san earnáil iompair faoi 2030.
  • Maidir leis an earnáil thionsclaíoch:
    • méadú táscach bliantúil ar úsáid fuinnimh inathnuaite de 1,6%;
    • ní foláir go dtiocfaidh 42% den hidrigin a úsáidtear sa tionscal ó bhreoslaí inathnuaite de thionscnamh neamh–bhitheolaíoch faoi 2030 agus 60% faoi lár 2035.
  • Maidir leis an earnáil foirgnimh agus maidir leis an earnáil téimh agus fuaraithe:
    • sprioc tháscach de sciar fuinnimh inathnuaite 49% ar a laghad i bhfoirgnimh in 2030;
    • méadú de réir a chéile ar spriocanna inathnuaite le haghaidh téimh agus fuaraithe de 0,8% in aghaidh na bliana ar an leibhéal náisiúnta go dtí 2026 agus 1,1% ó 2026 go 2030.

Gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

  • B’éigean Treoir (AE) 2018/2001 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin .
  • Ní mór an chuid is mó de na rialacha a tugadh isteach le Treoir leasaitheach (AE) 2023/2413 a thrasuí faoin , cé go gcaithfear an chuid is mó de na rialacha maidir leis na nósanna imeachta ceadaithe a thrasuí faoin .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite. Fuinneamh ó fhoinsí neamhiontaise inathnuaite amhail fuinneamh gaoithe, gréine (teirmeach agus fótavoltach), aeraiteirmeach, geoiteirmeach, hidriteirmeach, teasa thimpeallaigh, tonnta agus fuinneamh aigéin eile, hidreachumhacht, bithmhais, gás ó líonadh talún, gás ó ghléasra cóireála séarachta agus bithghásanna.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, , lgh. 82–209).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2018/2001 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2023/2413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001, Rialachán (AE) 2018/1999 agus Treoir 98/70/CE a mhéid a bhaineann le fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle (IO L, 2023/2413, ).

nuashonrú is deireanaí

Top