This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Soláthraítear an méid seo a leanas sa treoir:
Déantar lipéadú OGM agus comhairliúchán poiblí éigeantach. Tá sé d’oibleagáid ag an gCoimisiún Eorpach dul i gcomhairle leis na coistí eolaíocha inniúla maidir le ceist ar bith a bhaineann le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol.
Ní mór cláir a bhunú chun faisnéis ar mhodhnuithe géiniteacha in OGManna mar aon lena suíomh a thaifeadadh. Tá rialacha ar oibriú na gclár sin leagtha amach i gCinneadh 2004/204/CE.
Ní mór don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir leis na OGManna a cuireadh ar an margadh agus achoimre de na bearta a rinne tíortha AE chun an treoir seo a chur chun feidhme a fhoilsiú gach 3 bliana.
Cé gur féidir le tíortha AE leis an treoir seo scaoileadh OGManna a chuireann sláinte an duine agus an comhshaol i mbaol a shrianadh nó a thoirmeasc, leasaítear í le Treoir (AE) 2015/412 lenar féidir le tíortha AE OGManna a thoirmeasc nó a shrianadh, nuair atá na OGManna sin údaraithe nó faoi údarú ag leibhéal AE, ar fhorais níos leithne. Áirítear leis na forais sin a bhféadfadh tíortha AE a úsáid pleanáil bhaile agus tíre, talamhúsáid, tionchair shocheacnamaíocha, beartas cómhaireachtála3 agus poiblí.
Bunaítear freisin leis an treoir leasaitheach sraith de spriocdhátaí agus freagrachtaí a rialaíonn na cinntí a dhéantar maidir le scóip gheografach an údaraithe a choigeartú, lena n–áirítear an ceart chun diúltú a bheith páirteach bunaithe ar chúinsí nua oibiachtúla.
Ón , ní mór do thíortha AE ina saothraítear OGManna bearta a thabhairt isteach i limistéir teorann dá gcríocha a bhfuil sé mar aidhm acu aon éilliú trasteorann a d’fhéadfadh a tharlú chuig tíortha AE in aice leo, ina bhfuil cosc ar shaothrú na OGManna sin, a sheachaint, ach amháin mura bhfuil gá lena leithéid de bhearta i gcomhthéacs dálaí geografacha ar leith.
Tá feidhm leis ón . Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin .
Níl sa treoir seo ach cuid amháin de roinnt codanna tábhachtacha de chreat dlíthiúil an AE maidir le OGManna. Is iad na codanna tábhachtacha eile treoracha agus rialacháin (ina ndírítear ar cheisteanna amhail bia géinmhodhnaithe nó gluaiseachtaí trasteorann OGManna) a oibrítear chun sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol a chosaint, chun nósanna imeachta comhchuibhithe a chur i bhfeidhm, agus chun inrianaitheacht OGManna a chuirtear ar an margadh a chinntiú.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Treoir 2001/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n–aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle — Dearbhú ón gCoimisiún (IO L 106, , lgh. 1-39)
Tá leasuithe comhleanúnacha a rinneadh ar Threoir 2001/18/CE curtha isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí