This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Treoir 89/108/CEE maidir le hearraí bia mear-reoite mar bhia don duine
Leagtar síos léi rialacha AE maidir le mear-reo, pacáistiú, lipéadú agus iniúchadh earraí bia mear-reoite.
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go gcomhlíonann an trealamh a úsáidtear le haghaidh earraí mear-reoite an treoir agus ní mór dóibh seiceálacha randamacha a dhéanamh ar theocht na dtáirgí.
Tá cumhachtaí tugtha don Choimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh maidir le sampláil agus maidir le monatóireacht a dhéanamh ar theocht sna modhanna iompair, sa stórais agus sa stóráil.
Tá feidhm léi ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin maidir le trádáil táirgí a chomhlíon an treoir seo. B’éigean do thíortha AE cosc a chur ar thrádáil earraí nár chomhlíon an treoir seo faoin .
Treoir 89/108/CEE ón gComhairle an maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia mear-reoite mar bhia don duine (IO L 40, , lgh. 34-37)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 89/108/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí