This document is an excerpt from the EUR-Lex website
I dteachtaireacht, a eisíodh i mí Iúil 2019, leagtar amach treoirphlean gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh — tionscnaimh nithiúla atá grúpáilte de réir trí théama.
Cuireann an teachtaireacht le creat chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sistéamacha ar an smacht reachta in aon cheann de na Ballstáit, a ghlac an Coimisiún in 2014. Tá an creat sin comhlántach le nósanna imeachta um shárú a seoladh nuair a sáraíodh dlí an Aontais agus le nós imeachta Airteagal 7 CAE, lena gceadaítear, ag an gceann is déine, cearta vótála a chur ar fionraí sa Chomhairle i gcás ina ndéanann Ballstát sárú tromchúiseach leanúnach ar luachanna an Aontais. Leagtar amach freisin an chaoi a dtéann an Coimisiún i mbun idirphlé leis an mBallstát lena mbaineann chun géarú na mbagairtí sistéamacha ar an smacht reachta a chosc. Agus a mheasúnú ar an gcás á ullmhú aige, is féidir leis an gCoimisiún leas a bhaint as saineolas institiúidí eile de chuid an Aontais agus as saineolas eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.
Ag eascairt as an treoirphlean a leagtar amach in 2019, mar chuid den timthriall athbhreithnithe bliantúil ar an smacht reachta, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla maidir ar an smacht reachta in 2020, 2021 agus 2022. Is é cuspóir an timthrialla an smacht reachta a chur chun cinn sna Ballstáit uile agus dúshláin a chosc ó theacht chun cinn nó ó dhoimhniú. Dírítear i ngach tuarascáil ar cheithre phríomhghné:
Tá caibidil do gach Ballstát i ngach ceann de na tuarascálacha agus déantar anailís ar fhorbairtí nua sa tréimhse tuairiscithe mar aon leis an obair leantach ar na dúshláin agus ar na forbairtí a sainaithníodh sa tuarascáil roimhe seo. Ag tosú le tuarascáil 2022, chuir an Coimisiún moltaí faoi bhráid na mBallstát.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 2 (IO C 202, , lch. 17).
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 7 (sean-Airteagal 7 CAE) (IO C 202, , lgh. 19-20).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An smacht reachta laistigh den Aontas a neartú: Treoirphlean gníomhaíochta (COM(2019) 343 final, ).
nuashonrú is deireanaí