Na vyhľadanie „presného slovného spojenia“ použite úvodzovky. K vyhľadávanému výrazu pripojte hviezdičku (*) s cieľom nájsť jeho varianty (transp*, 32019R*). Použite otáznik (?) namiesto jedného znaku vo vami vyhľadávanom výraze s cieľom nájsť jeho varianty (napríklad „pora?iť“ poskytne výsledky ako poradiť, poraziť, poraniť).
In 2012, chomhaontaigh an tAontas Eorpach (AE) rialacha úra chun an scéim seo a athdhíriú, agus tá siad i bhfeidhm ó bhí 1971 ann. Déantar an córas níos trédhearcaí agus níos intuartha leo do thíortha is tairbhithe, go háirithe i bhfianaise na bpatrún trádála domhanda a bhfuil athrú tagtha orthu le deich mbliana anuas. Dírítear sa scéim anois ar na tíortha is mó gátar.
Ní áirítear sa rialachán tíortha a bhfuil fabhair acu cheana féin faoi chomhaontuithe saorthrádála leis an AE, nó faoi shocruithe uathrialacha leis an AE (de ghnáth sealadach, go dtí go dtabharfar comhaontuithe níos cuimsithí, níos fadtéarmaí i gcrích leis an AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
Faoi scéim AE um fhabhair tharaife ghinearálaithe (GSP) íocann tíortha i mbéal forbartha taraifí níos ísle ar a n-onnmhairí chuig AE. Cuidíonn sé sin le borradh a chur faoina ngeilleagar.
Trí shraith den scéim
GSP caighdeánach. Déantar taraifí maidir le hearraí a allmhairítear ó thír i mbéal forbartha a laghdú nó a chur ar fionraí. Eisceacht: níl feidhm aige seo má tá an tír aicmithe ag an mBanc Domhanda mar thír ardioncaim nó ard-mheánioncaim ar feadh 3 bliana as a chéile díreach sula dtugann AE liosta na dtíortha is tairbhithe cothrom le dáta.
GSP+ (scéim dreasachta). Taraifí níos ísle fiú do thíortha a dhaingnigh agus a chuir i bhfeidhm 27 coinbhinsiún idirnáisiúnta sonrach faoina gcumhdaítear cearta daonna agus oibre, an comhshaol agus dea-rialachas.
Féadfaidh AE na taraifí níos ísle a chur ar fionraí ar chúiseanna amhail:
sáruithe ar na príomhphrionsabail i gcoinbhinsiún i dtaca le cearta daonna agus oibre;
cleachtais trádála mhíchothroma;
easnaimh thromchúiseacha i rialuithe custaim (e.g. onnmhairiú drugaí nó drugaí faoi bhealach);
Níl na coinbhinsiúin ábhartha ioncorpraithe a thuilleadh i ndlí náisiúnta tíre is tairbhí de GSP+ (ná níl an dlí sin á chur chun feidhme go héifeachtach).
Scor de réir mar a fhorbraíonn tír
D’fhéadfadh roinnt tíortha a bheith bocht ach d’fhéadfadh siad tionscail onnmhairithe ard-iomaíocha a fhorbairt fós. Nuair a tharlaíonn sé sin, ní theastaíonn fabhair uathu níos mó chun dul i bhfód go rathúil ar mhargaí AE.
Faoin scéim GSP dá bhrí sin, aistarraingítear fabhair ó thíortha ina bhfuil earnálacha táirgí iomaíocha ar bhonn sásra “grádúcháin”.
Níos cobhsaí agus níos intuartha
Cuireann GSP nua tuilleadh cobhsaíochta agus intuarthachta ar fáil d’allmhaireoirí agus d’onnmhaireoirí, toisc go maireann sé 10 mbliana anois (seachas 3 bliana san am a chuaigh thart).
Tá a fhios ag onnmhaireoirí – sa chás go ndéantar athruithe i liosta na dtairbhithe – go mbeidh idirthréimhsí 1 bhliain ar a laghad i gceist. Tá a fhios ag tíortha anois nach féidir iad a bhaint de na liostaí tairbhí ach amháin má liostaíonn na Náisiúin Aontaithe iad mar thíortha ardioncaim nó ard-mheánioncaim 3 bliana as a chéile.
Srianta sealadacha ar allmhairí
Féadfaidh an tAontas bearta cosanta (srianta sealadacha) a chur i bhfeidhm má bhíonn allmhairí ó thíortha is tairbhithe ina gcúis le deacracht thromchúiseach do tháirgeoir de chuid an Aontais, nó má tá baol ann go gcruthóidh siad an deacracht sin. Féadfaidh sé bearta faireachais a chur i bhfeidhm maidir le táirgí feirme chomh maith. Ní dhearnadh ceann ar bith de na bearta sin ó thús na scéime.
Liosta na dtíortha is tairbhithe
Tá Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 á leasú trí ghníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe chun liosta na dtíortha a thairbhíonn d’fhabhair tharaife faoi GSP+ a thabhairt cothrom le dáta. Féach an leagan comhdhlúite is déanaí.
Rialachán (CE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le cur chun feidhme na scéime um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (IO L 303, , lgh. 1-82).
Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 155/2013 gCoimisiún an lena mbunaítear rialacha a bhaineann leis an nós imeachta chun an socrú speisialta dreasachta um fhorbairt inbhuanaithe agus dea-rialachas a dheonú faoi Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe (IO L 48 an , lgh. 5-7).
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1083/2013 gCoimisiún an lena mbunaítear rialacha a bhaineann leis an nós imeachta maidir le fabhair tharaife a tharraingt siar ar bhonn sealadach agus beart cosanta ginearálta a ghlacadh faoi Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe (IO L 293 an , lgh. 16-21).
Rialachán (AE) Uimh. 607/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/97 ón gComhairle lena n-aistarraingítear rochtain Maenmar/Bhurma ar fhabhair taraife ghinearálaithe go sealadach (IO L 181, , lgh. 13-14).