Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rochtain oscailte ar an idirlíon agus cumarsáid laistigh den Aontas

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/2120 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tugtar isteach leis rialacha chun cóir chomhionann agus neamh-idirdhealaitheach do thrácht idirlín (neodracht idirlín) idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a chosaint.
  • Leagtar síos leis rialacha comhchoiteanna freisin chun a áirithiú nach ngearrtar praghsanna iomarcacha ar thomhaltóirí as cumarsáid idirphearsanta uimhirbhunaithe1 a dhéanamh ó Bhallstát a sholáthraí baile go dtí aon uimhir sheasta nó mhóibíleach i mBallstát eile, agus socraíonn sé muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas2.
  • Leasaíodh an méid seo a leanas leis freisin:

PRÍOMHPHOINTÍ

Rochtain oscailte ar an idirlíon

Ceanglaítear ar sholáthraithe idirlín caitheamh go cothrom le gach trácht agus seirbhísí rochtana idirlín á soláthar acu:

  • gan idirdhealú, gan srian nó gan cur isteach; agus
  • beag beann ar:
    • an seoltóir agus an faighteoir;
    • an t-ábhar ar a bhfaighfear rochtain nó a dháilfear; nó
    • na feidhmchláir nó na seirbhísí a úsáidfear.

Tá cead ag soláthraithe bearta bainistíochta tráchta réasúnta a úsáid, ach ní foláir go mbeidh na bearta sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus nach mbeidh siad bunaithe ar bhreithnithe tráchtála.

Ní foláir nach ndéanfar monatóireacht leis na bearta bainistíochta tráchta ar ábhar sonrach agus ní foláir nach mbeidh siad i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Tá cosc ar bhearta a théann níos faide ná bainistíocht tráchta réasúnta den sórt sin (mar shampla, bacadh nó toirmeasc), ach amháin le haghaidh líon teoranta cásanna arna sainiú sa rialachán.

Ceadaítear comhaontuithe maidir le seirbhísí a éilíonn leibhéal sonrach cáilíochta, ar choinníoll nach gcuirtear rochtain ar an idirlíon ina n-ionad agus nach laghdaíonn siad infhaighteacht ná cáilíocht na seirbhísí rochtana ar an idrlíon. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse rochtana idirlín custaiméirí a chur ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:

  • an chaoi a bhféadfadh cleachtais bainistithe tráchta agus seirbhísí eile difear a dhéanamh do cháilíocht na rochtana ar an idirlíon;
  • an luas idirlín a bhíonn ar fáil de ghnáth agus na nósanna imeachta gearáin atá ar fáil d’úsáideoirí i gcás neamhchomhlíonta.

Muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas

  • Ón , aon phraghas miondíola (gan CBL a áireamh) a ghearrtar ar thomhaltóirí as cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas, tá uasteorainn €0.19 in aghaidh an nóiméid le haghaidh glaonna agus €0.06 in aghaidh na teachtaireachta SMS leis.
  • Mar sin féin, féadfaidh soláthraithe cumarsáide taraif mhalartach a thairiscint do chumarsáid idirnáisiúnta, lena n-áirítear cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas, ina ngearrtar taraif éagsúil ar thomhaltóirí ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas ná mar a ghearrfadh siad gan rogha den sórt sin, agus tá saoirse ag tomhaltóirí an taraif sin a roghnú. D’fhéadfadh sé gur sampla de phacáiste den sórt sin taraif lena n-áirítear muirear €0.30/nóiméad le haghaidh glaonna laistigh den Aontas agus glaonna a dhéantar i dtreo tíortha nach bhfuil sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ní mór don soláthraí tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi na buntáistí a chaillfí sula roghnóidís an taraif mhalartach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe. Seirbhís cumarsáide idirphearsanta a nascann le huimhir nó le huimhreacha, nó lenar féidir cumarsáid a dhéanamh le huimhir nó le huimhreacha i bpleananna uimhrithe náisiúnta nó idirnáisiúnta atá sannta go poiblí.
  2. Cumarsáid rialáilte laistigh den Aontas. Aon seirbhís cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a thosaíonn i mBallstát sholáthraí baile an tomhaltóra agus a chríochnaíonn ag aon uimhir sheasta nó shoghluaiste de phlean uimhrithe náisiúnta Ballstáit eile, agus a ghearrtar go hiomlán nó go páirteach bunaithe ar thomhaltas iarbhír.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, , lgh. 1-18).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2015/2120 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top