Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ceanglais maidir le sábháilteacht innealra

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2023/1230 maidir le hinnealra

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach le Rialachán (AE) 2023/1230, ar leibhéal an Aontais Eorpaigh (AE), rialacha maidir le hinnealra, táirgí gaolmhara1 agus innealra atá críochnaithe go páirteach, chun ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú d’oibrithe agus do shaoránaigh an Aontais.
  • Áirithítear leis chomh maith, maidir leis na gnéithe a chumhdaítear leis an rialachán, saorghluaiseacht innealra chomhlíontaigh, táirgí gaolmhara agus innealra atá críochnaithe go páirteach laistigh den mhargadh aonair.
  • Is i bhfoirm rialacháin atá sé chun léirmhíniú níos haonfhoirmí ar na coincheapa lárnacha a áirithiú agus aisghairfear leis Treoir 2006/42/CE agus cuirfear in aonad na treorach sin é ón i leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cuimsítear leis an rialachán seo innealra agus na táirgí gaolmhara seo a leanas:

  • innealra idirmhalartaithe,
  • comhpháirteanna sábháilteachta,
  • gabhálais ardaithe,
  • slabhraí, téada agus caolrabhaisc,
  • gléasanna inbhainte traiseolta mheicniúil.

Gairtear “innealra nó táirgí gaolmhara” ar an méid thuas anseo feasta.

Tá feidhm aige freisin maidir le hinnealra atá críochnaithe go páirteach.

Níl feidhm ag an rialachán maidir le réimsí éagsúla, lena n–áirítear modhanna aeriompair, iompair d’uisce agus iompair d’iarnród, ach amháin i gcás innealra atá suite ar na modhanna iompair sin.

Oibleagáidí na n–oibreoirí eacnamaíocha

Cuimsítear leis an rialachán liosta d’oibleagáidí monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí.

Ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta agus toimhde na comhréireachta

  • Agus innealra nó táirgí gaolmhara a chumhdaítear leis an rialachán á gcur ar an margadh nó á gcur i seirbhís, ní mór do mhonaróirí a áirithiú go ndearnadh iad a dhearadh agus a thógáil i gcomhréir leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán.
  • Agus innealra atá críochnaithe go páirteach a chumhdaítear leis an rialachán á chur ar an margadh, ní mór do mhonaróirí a áirithiú go ndearnadh é a dhearadh agus a thógáil i gcomhréir leis na ceanglais sláinte agus sábháilteachta riachtanacha ábhartha atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán.
  • Le caighdeáin chomhchuibhithe dheonacha (atá luaite in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh)) nó sonraíochtaí comhchoiteanna (atá foilsithe san Iris Oifigiúil), foráiltear, má chuirtear i bhfeidhm iad, toimhde na comhréireachta do na ceanglais fhíor–riachtanacha chomhfhreagracha.
  • Féadfaidh an Coimisiún Eorpach sonraíochtaí comhchoiteanna a bhunú, trí ghníomhartha cur chun feidhme, i gcás inar comhlíonadh coinníollacha áirithe.

Nósanna imeachta um measúnú comhréireachta

  • Leis an rialachán, féadfar an nós imeachta um rialú táirgthe inmheánach (féinmheasúnú) a chur i bhfeidhm chun comhréireacht leis na ceanglais fhíor–riachtanacha is infheidhme maidir le formhór na dtáirgí a léiriú (cé is moite do na cinn atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I).
  • Go sonrach, maidir leis na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I, ní mór cloí le nós imeachta um measúnú comhréireachta2 lena mbaineann comhlacht faoina dtugtar fógra; i gcás táirgí atá liostaithe i gCuid B den iarscríbhinn sin; féadfar cloí leis an nós imeachta um rialú táirgthe inmheánach (“féinmheasúnú”), áfach, i gcás ina ndéantar na táirgí a dhearadh agus a thógáil i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha (atá luaite san Iris Oifigiúil) nó leis na sonraíochtaí comhchoiteanna ábhartha (atá foilsithe san Iris Oifigiúil), má bhaineann siad go sonrach leis an gcatagóir táirge sin agus má chumhdaítear leo na ceanglais fhíor–riachtanacha ábhartha go léir.
  • Féadfaidh an Coimisiún liosta na gcatagóirí in Iarscríbhinn I a mhodhnú trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar shonraí agus ar fhaisnéis ábhartha.

Marcáil CE, dearbhú comhréireachta AE, faisnéis sábháilteachta agus treoracha sábháilteachta: innealra nó táirgí gaolmhara

  • I gcás inar léiríodh go gcomhlíonann innealra nó táirgí gaolmhara a chumhdaítear faoin rialachán na ceanglais is infheidhme, ní mór don mhonaróirí dearbhú comhréireachta AE3 a dhréachtú ansin agus marcáil CE a ghreamú de (faoi Chinneadh Uimh. 768/2008/EC).
  • Ní mór dearbhú comhréireachta AE agus treoracha maidir le húsáid (ina gcuimsítear an fhaisnéis sábháilteachta freisin) a chur ar fáil do gach innealra nó táirge gaolmhar. Féadfar dearbhú comhréireachta AE agus treoracha úsáide (ina gcuimsítear an fhaisnéis sábháilteachta freisin) a sholáthar i bhformáid dhigiteach. Má sholáthraítear iad i bhformáid dhigiteach, ní mór don mhonaróir oibleagáidí sonracha a chomhlíonadh. Maidir le hinnealra nó táirgí gaolmhara le haghaidh úsáid neamhthráchtála, ní mór an fhaisnéis sábháilteachta atá riachtanach chun é a chur i seirbhís agus chun é a úsáid ar bhealach sábháilte a sholáthar i bhformáid páipéir, áfach. Beidh custaiméirí fós ábalta a iarraidh go soláthrófar na treoracha úsáide dóibh i bhformáid pháipéir saor in aisce.

Dearbhú AE um ionchorprú agus treoracha cóimeála: innealra atá críochnaithe go páirteach

  • I gcás ina léireofar go bhfuil na ceanglais fhíor–riachtanacha ábhartha á gcomhlíonadh ag innealra atá críochnaithe go páirteach agus a chumhdaítear leis an rialachán, ní mór do na monaróirí dearbhú AE um ionchorprú a dhréachtú.
  • Ní mór an dearbhú AE um ionchorprú agus na treoracha cóimeála, a fhéadfar a sholáthar i bhformáid dhigiteach, a sholáthar le gach cineál innealra atá críochnaithe go páirteach a chumhdaítear leis an rialachán. Má sholáthraítear iad i bhformáid dhigiteach, ní mór don mhonaróir oibleagáidí sonracha a chomhlíonadh. Beidh an duine a ionchorpróidh an t–innealra atá críochnaithe go páirteach fós ábalta a iarraidh go gcuirfear treoracha cóimeála i bhformáid páipéir ar fáil dó nó di saor in aisce.

Modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh

Le Rialachán leasaitheach (AE) 2024/2748, féachtar le cur isteach ar an margadh inmheánach a sheachaint i gcás éigeandála (amhail paindéim nó tubaiste nádúrtha) trína áirithiú, a luaithe is a dhéanfar modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh, mar atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2024/2747 (an Gníomh um Éigeandáil agus Athléimneacht an Mhargaidh Inmheánaigh), a ghníomhachtú trí ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh, gur féidir earraí agus seirbhísí ainmnithe atá ábhartha i gcás géarchéime4 a chur ar an margadh chomh tapa agus is féidir.

Le Rialachán leasaitheach (AE) 2024/2748, cuirtear caibidil le Rialachán (AE) 2023/1230 ina sonraítear an dóigh a mbeadh feidhm ag na nósanna imeachta éigeandála sin. Leis an gcaibidil nua:

  • ceanglaítear ar chomhlachtaí um measúnú comhréireachta tús áite a thabhairt d'iarratais ar chomhréireacht táirgí atá ábhartha don chosaint thar na cinn maidir le táirgí nach bhfuil;
  • ceadaítear do Bhallstáit AE, ar bhonn eisceachtúil agus i gcás ina bhfuil iarratas a bhfuil údar leis ann, táirgí gaolmhara agus innealra atá críochnaithe go páirteach chur ar an margadh a údarú go sealadach gan na gnáth–nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a chur i gcrích, i gcás go bhfuil rannpháirtíocht comhlachta dá dtugtar fógra éigeantach agus go bhféadfaidh siad a áirithiú go gcomhlíonfar gach ceanglas riachtanach;
  • ceadaítear d’údaráis inniúla na mBallstát glacadh leis go gcloíonn innealra, táirgí gaolmhara agus innealra atá críochnaithe go páirteach a mhonaraítear i gcomhréir le caighdeáin AE, le caighdeáin náisiúnta ábhartha is infheidhme nó le caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme arna bhforbairt ag comhlacht creidiúnaithe idirnáisiúnta um chaighdeánú, atá aitheanta ag an gCoimisiún Eorpach mar a bheith oiriúnach chun comhréireacht a bhaint amach agus leibhéal cosanta atá comhionann leis an gcosaint a chuirtear ar fáil leis na caighdeáin chomhchuibhithe a áirithiú, leis na ceanglais riachtanacha ábhartha;
  • tugtar an deis don Choimisiún leo sonraíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh, ar a bhféadfaidh na monaróirí brath chun leas a bhaint as toimhde na comhréireachta leis na ceanglais riachtanacha is infheidhme (beidh gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos na sonraíochtaí comhchoiteanna sin fós infheidhme ar feadh thréimshe mhód éigeandála an mhargaidh inmheánaigh).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2023/1230 ón . Tá feidhm ag na hairteagail seo a leanas ó na dátaí a luadh, áfach:

  • Airteagal 26 go hAirteagal 42 ón ;
  • Airteagal 50(1) ón ;
  • Airteagal 6(7) agus Airteagail 48 agus 52 ón ;
  • Airteagal 6(2) go (6), (8) agus (11), Airteagal 47 agus Airteagal 53 (3) ón .

Beidh feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2024/2748 ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Táirgí gaolmhara. Cumhdaítear leis an téarma sin trealamh inmhalartaithe, comhpháirteanna sábháilteachta, gabhálais ardaithe, slabhraí, téada agus caolrabhaisc, gléasanna inbhainte traiseolta mheicniúil.
  2. Measúnú comhréireachta. An próiseas trína ndearbhaítear go gcomhlíonann táirge na ceanglais riachtanacha um próiseas, seirbhís, córas, duine nó comhlacht.
  3. Dearbhú comhréireachta AE maidir le cineál. Dearbhú cineál-chomhréireachta AE: dearbhaíonn monaróir go bhfuil na fearais i gcomhréir leis an gcineál faoi mar a thuairiscítear sa dearbhú cineál-chomhréireachta AE agus go bhfuil ceanglais riachtanacha an rialacháin seo (comhartha CE) á gcomhlíonadh acu.
  4. Earraí agus seirbhísí a bhaineann leis an gcosaint. Earraí nó seirbhísí atá neamh–ionadacha, neamh–inéagsúlaithe nó riachtanach chun feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha nó gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chothabháil d’fhonn feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus a shlabhraí soláthair a áirithiú, a mheastar a bheith riachtanach chun freagairt do ghéarchéim agus atá liostaithe i ngníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gComhairle.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2023/1230 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le hinnealra agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 73/361/CEE ón gComhairle (IO L 165, , lgh. 1–102).

Tá leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2023/1230 ionchorpraithe sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is déanaí ar

Top