This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Foghlaim ar feadh an tsaoil — inniúlachtaí lárnacha
ACHOIMRE AR:
Moladh 2006/962/CE ar inniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil
CAD IS AIDHM LEIS A MOLADH?
Spreagtar rialtais AE ann ionas go mbeidh teagasc agus foghlaim inniúlachtaí lárnacha ina gcuid dá straitéisí d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Sainaithnítear ocht n-inniúlacht lárnacha sa mholadh atá ríthábhachtach do gach duine i sochaí eolasbhunaithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cumarsáid a dhéanamh i máthairtheanga: an cumas coincheapa, smaointe, mothúcháin, fíricí agus tuairimí a chur in iúl agus a léirmhíniú ó bhéal agus i scríbhinn araon.
Cumarsáid a dhéanamh i dteanga choigríche: mar atá thuas, ach áirítear scileanna idirghabhála leis (i.e. achoimriú, athinsint, ateangaireacht nó aistriúchán) agus tuiscint idirchultúrtha.
Inniúlacht mhatamaiticiúil, eolaíoch agus theicneolaíoch: máistreacht mhaith ar uimhríocht, tuiscint ar an domhan nádúrtha agus an cumas eolas agus teicneolaíocht a chur i bhfeidhm ar riachtanais an duine mar a fheictear iad (amhail cógas, iompar nó cumarsáid).
Inniúlacht dhigiteach: úsáid mhuiníneach agus chriticiúil as teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide le haghaidh na hoibre, caitheamh aimsire agus cumarsáide.
Ag foghlaim chun foghlama: an cumas foghlaim an duine féin a bhainistiú go héifeachtach, ar bhonn aonair nó i ngrúpaí.
Inniúlachtaí sóisialta agus sibhialta: an cumas a bheith rannpháirteach go héifeachtach agus go stuama i saol sóisialta agus oibre duine agus dul i mbun rannpháirtíocht ghníomhach agus dhaonlathach, go háirithe i sochaithe atá níos éagsúla ná riamh.
Braistint tionscnaíochta agus fiontraíochta: an cumas gníomh a dhéanamh de smaointe trí chruthaitheacht, nuálaíocht agus tógáil rioscaí chomh maith leis an gcumas tionscadail a phleanáil agus a bhainistiú.
Feasacht agus léiriú cultúrtha: an cumas an tábhacht chruthaitheach atá le smaointe, taithí agus mothúcháin a léirthuiscint i raon meán amhail ceol, litríocht agus físealaíona agus taibhealaíona.
CÚLRA
I ndomhan atá ag éirí níos domhandaithe i gcónaí, teastaíonn raon leathan scileanna ó dhaoine aonair chun dul in oiriúint don timpeallacht atá ag athrú de shíor ionas go n-éireoidh leo. Dearadh an chéad chlár foghlama ar feadh an tsaoil chun deiseanna foghlama a thairiscint do dhaoine ag aon chéim dá saol.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Moladh 2006/962/CE ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 ar inniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil (IO L 394, 30.12.2006, lgh. 10-18)
Nuashonraithe 10.10.2016