Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Tá sé mar aidhm leis ardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas Eorpach (AE), go háirithe trí sceimhlitheoireacht agus radacú, coireacht eagraithe agus coireacht thromchúiseach, agus cibearchoireacht a chosc agus a chomhrac.
an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (féach an achoimre) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1147;
an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (féach an achoimre), arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1148 mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha.
Tá an CSI á rialú leis an Rialachán maidir le Forálacha Coiteanna (Rialachán (AE) 2021/1060 — féach an achoimre)
Cuspóirí
Tá trí chuspóir shonracha leis an CSI:
malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha AE agus laistigh dóibh a fheabhsú agus a éascú agus, más cuí, le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
comhar trasteorann a fheabhsú agus a threisiú, lena n–áirítear oibríochtaí comhpháirteacha, idir údaráis inniúla i ndáil le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach agus eagraithe lena mbaineann gné thrasteorann; agus
cabhrú le hacmhainn Bhallstáit AE a threisiú chun coireacht, sceimhlitheoireacht agus radacú a chosc agus a chomhrac agus cabhrú leo teagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna slándála a bhainistiú.
Buiséad agus leithdháileadh cistí
Tá buiséad de EUR 1.931 billiún leis an CSI don tréimhse idir an agus an , an tréimhse atá luaite leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Tá an tsuim airgid leithdháilte mar seo a leanas:
EUR 1.352 billiún le haghaidh clár de chuid na mBallstát;
EUR 579 milliún le haghaidh na “saoráide téamaí” — a úsáidfear le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha, gníomhaíochtaí bainistíochta dírí ar leibhéal AE agus cúnamh éigeandála.
Ní mór do Bhallstát éilimh íocaíochta a chur ar fáil a chlúdaíonn 10 % ar a laghad dá leithdháileadh tosaigh cláir ionas go mbeidh sé incháilithe le haghaidh leithdháileadh breise faoina chlár nuair a dhéantar an t–athbhreithniú meántéarma in 2024.
Ní mór do na Ballstáit 10 % ar a laghad dá n–acmhainní cláir a leithdháileadh ar chuspóirí sonracha a bhaineann le malartú faisnéise agus comhar trasteorann.
Gníomhaíochtaí
Tacaíonn an CSI le raon leathan gníomhaíochtaí, lena n–áirítear:
bunú, oiriúnú agus cothabháil córas TFC agus oiliúint agus tástáil ghaolmhar, mar aon le hidir–inoibritheacht agus cáilíocht sonraí a fheabhsú;
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhm dhlí agus chuspóirí beartais AE sna Ballstáit i réimsí na gcóras faisnéise slándála;
oideachas agus oiliúint a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha agus do ghníomhaireachtaí riaracháin.
Níl gníomhaíochtaí atá teoranta don ord poiblí a choimeád ar an leibhéal náisiúnta agus gníomhaíochtaí chun críocha míleata nó cosanta incháilithe.
Ceannach trealaimh agus tacaíocht oibríochtúil
Tá srianta áirithe curtha leis an rialachán ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as an leithdháileadh:
is féidir suas le 35 % a úsáid chun trealamh nó modhanna iompair a cheannach nó chun tógáil saoráidí a bhaineann le slándáil a mhaoiniú;
is féidir suas le 20 % a úsáid chun tacú le húdaráis phoiblí cúraimí a chur i gcrích agus seirbhísí a chur ar fáil a sholáthraíonn seirbhís phoiblí don Aontas Eorpach.
Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L , lgh. 94-131).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, , lgh. 1-47).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/1147 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, , lgh. 48-93).
Conclúidí ón gComhairle maidir le leanúint go buan le Timthriall Beartais AE le haghaidh coireacht idirnáisiúnta eagraithe agus thromchúiseach: EMPACT 2022 + (Comhairle an Aontais Eorpaigh, ).