This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Conas a chaith an tAontas Eorpach a bhuiséad in 2012 (nós imeachta um urscaoileadh)
Déanann an tAontas Eorpach (AE) foráil bhuiséid i gcomhair raon leathan beartas amhail fás agus fostaíocht, talmhaíocht agus forbairt réigiúnach, taighde agus oideachas agus tacaíocht do thíortha atá i mbéal forbartha.
GNÍOMH
Cinneadh 2014/544/AE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Aibreán 2014 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2012, Cuid III - an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
ACHOIMRE
CAD É NÓS IMEACHTA UM URSCAOILEADH BHUISÉAD AN AONATIS EORPAIGH?
Déanann an tAontas Eorpach (AE) foráil bhuiséid i gcomhair raon leathan beartas amhail fás agus fostaíocht, talmhaíocht agus forbairt réigiúnach, taighde agus oideachas agus tacaíocht do thíortha atá i mbéal forbartha.
Téann os cionn 90 % den bhuiséad i gcomhair beartais dá leithéid a mhaoiniú agus cuireann na tíortha AE formhór na dtionscadal i bhfeidhm go díreach faoi mhaoirseacht an Choimisiúin (“comhbhainistíocht”).
Chun cur chun feidhme ceart bhuiséad AE a chinntiú, cuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tús le próiseas (urscaoileadh) trína scrúdaíonn siad cuntais AE agus tuairim na Cúirte Iniúchóirí arna cur in iúl ina tuarascáil bhliantúil nó i dtuarascálacha speisialta.
An próiseas um urscaoileadh
Ar bhonn iniúchtaí neamhspleácha, dréachtaíonn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) tuarascáil bhliantúil maidir leis na tionscadail arna maoiniú ag buiséad AE. Áirítear sa tuarascáil ráiteas urrúis, saintuairim CIE maidir le hiontaofacht chuntais AE agus dlíthiúlacht agus rialtacht na n-íocaíochtaí a dhéantar le tairbhithe deiridh chistí AE.
Is í Parlaimint na hEorpa (PE) an t-údarás um urscaoileadh sa chomhthéacs sin. Is ionann an t-urscaoileadh agus an chéim dheiridh i dtimthriall buiséid agus rialú daonlathach chur chun feidhme bhuiséad AE. Lena chinneadh an t-urscaoileadh a dheonú don Choimisiún, “scaoileann” Parlaimint na hEorpa, ag feidhmiú ar mholadh ón gComhairle, an Coimisiún óna fhreagracht as bainistíocht bhuiséad AE ar feadh bliain airgeadais.
CUR CHUN FEIDHME BHUISÉAD AE 2012
In 2012, caitheamh €138.6 billiún ó bhuiséad AE.
Déantar príomhchatagóirí chaiteachas AE a rangú trí “cheannteideal” a bhaineann le raon sainbheartas de chuid AE: fás inbhuanaithe (lena n-áirítear caiteachas maidir le taighde & oideachas - Cistí Struchtúracha do réigiúin bheagfhorbartha AE), talmhaíocht (lena n-áirítear íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí), saoránacht agus cosaint teorann, gníomh seachtrach AE (lena n-áirítear ionstraimí um chomhoibriú) agus caiteachas riaracháin d’institiúidí AE.
Beartais a dtéann ráta tromchúiseach earráidí i gcion orthu
Is ionann an ráta earráidí domhanda do chaiteachas ó bhuiséad AE 2012 agus thart ar 4.8 % (3.9 % in 2011). Ní tomhas calaoise, neamhéifeachtúlachta nó cur amú a bhaineann le caiteachas é an ráta earráidí, ach is meastachán é ar an airgead nárbh cheart a íoc amach toisc nár úsáideadh é de réir na reachtaíochta.
Is iad forbairt tuaithe, an comhshaol, iascach agus an tsláinte an réimse caiteachais is mó ina mbíonn earráidí, le ráta earráidí measta de 7.9 %, agus beartas réigiúnach, fuinneamh agus iompar ina dhiaidh sin le ráta earráidí 6.8 %.
Bhí tionchar ag an méid seo a leanas ar bhuiséad AE 2012 chomh maith:
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach:
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Cinneadh 2014/544/AE, Euratom: |
- |
- |
ACHTANNA GAOLMHARA
Cumarsáid ón gComhairle chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCúirt Iniúchóirí - cuntais chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh - an Bhliain airgeadais 2012 (COM(2013)570 final an 26 Iúil 2013).
Tuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí maidir le cur chun feidhme an bhuiséid i ndáil leis an mbliain airgeadais 2012, mar aon le freagraí na n-institiúidí (IO C 331, 14. 11. 2013, lgh. 1-260).
Nuashonraithe 16.02.2015