Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Bunaítear leis Fís Eorpach — an clár réime um thaighde agus um nuálaíocht, (an “clár”) le haghaidh thréimhse an chreata airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, agus leagtar síos leis a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh. Leis an rialachán:
deimhnítear an creat lena rialaítear tacaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) do thaighde agus nuálaíocht (T & N) i gcomhthéacs na gcuspóirí eolaíocha agus teicneolaíocha atá le baint amach agus na tosaíochtaí ábhartha, léirítear dul na ngníomhaíochtaí sin agus socraítear an t–uasmhéid foriomlán agus na rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht airgeadais AE sa chlár réimse agus na scaireanna faoi seach i ngach gníomhaíocht dá ndéantar soláthar;
leagtar amach na rialacha maidir le rannpháirtíocht gnóthas, ionad taighde agus ollscoileanna agus leagtar síos na rialacha lena rialaítear scaipeadh na dtorthaí taighde.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cur Chun Feidhme
Cuirtear an clár chun feidhme trí bhíthin:
an clár sonrach arna bhunú le Cinneadh (AE) 2021/764 (féach an achoimre);
an clár sonrach maidir le taighde cosanta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/697 (féach an achoimre).
Cuspóirí
Is é an cuspóir ginearálta leis an gclár, tionchar eolaíoch, teicneolaíoch, eacnamaíoch agus sochaíoch ó infheistíochtaí AE sa taighde agus nuálaíocht a sholáthar chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
boinn eolaíocha agus theicneolaíochta an Aontais Eorpaigh a neartú agus iomaíochas a chothú i ngach Ballstát AE, lena n–áirítear a thionscal;
tosaíochtaí straitéiseacha AE a bhaint amach agus cur le comhlíonadh a chuspóirí agus a bheartas;
Uasmhéadaítear leis an gclár, dá réir sin, breisluach AE trí dhíriú ar na cuspóirí agus gníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtúil ag gníomhú dóibh féin, ach seachas sin i gcomhar lena chéile.
Tá na cuspóirí sonracha seo a leanas leis an gclár chomh maith:
barr feabhais eolaíochta a fhorbairt, a chothú agus a chur chun cinn agus, tacú le heolas bunaidh feidhmeach nua ar ardchaighdeán maidir le scileanna, teicneolaíochtaí agus réitigh a chruthú agus a leathadh, tacú le hoiliúint agus soghluaisteacht taighdeoirí, tallann ar gach leibhéal a mhealladh agus cur le rannpháirtíocht iomlán dhaoine oilte AE i ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin gclár;
eolas a chruthú, tionchar an taighde agus na nuálaíochta a neartú maidir le beartais AE a fhorbairt, a chur chun feidhme agus tacú leo agus tacú le rochtain ar réitigh nuálacha i dtionscal na hEorpa agus lena nglacadh, go háirithe i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide, agus dul i ngleic le dúshláin shochaíocha dhomhanda, lena n–áirítear an t–athrú aeráide agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe;
gach cineál nuálaíochta a chothú, forbairt theicneolaíoch, taisealbhadh agus eolas agus aistriú eolais agus teicneolaíochta a éascú, agus soláthar agus saothrú réiteach nuálach a neartú;
soláthar an chláir a bharrfheabhsú ag féachaint le tionchar agus mealltacht an limistéir Eorpaigh taighde a neartú agus a mhéadú, rannpháirtíocht bunaithe ar bharr feabhais ó na Ballstáit uile, sa chlár a chothú, lena n–áirítear tíortha nach bhfuil ag déanamh chomh maith maidir le cúrsaí taighde agus nuálaíocht, agus naisc chomhoibríocha sa taighde agus nuálaíocht Eorpach a éascú.
Struchtúr agus buiséad
Tá an clár deartha mar a leanas, le buiséad iomlán EUR 95.5 billiún ag praghsanna reatha (lena n–áirítear EUR 5.4 billiún ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh).
An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT).
Cuid — Rannpháirtíocht a leathnú agus an limistéar Eorpach taighde a neartú
Leis na comhpháirteanna seo:
rannpháirtíocht a leathnú agus barr feabhais a scaipeadh;
an córas Eorpach taighde agus nuálaíochta a athchóiriú agus a fheabhsú.
Misin
Is ionann misin agus punanna de ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta atá bunaithe ar bharr feabhais agus spreagtha ag tionchair ar fud na ndisciplíní agus na n–earnálacha, a bhfuil sé beartaithe leo:
sprioc intomhaiste a bhaint amach, laistigh d’achar ama socraithe, nach bhféadfaí iad a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí aonair;
tionchar a imirt ar an tsochaí agus ar chinnteoireacht trí eolaíocht agus trí theicneolaíocht;
bheith ábhartha le haghaidh cuid shuntasach de dhaonraí AE agus réimse leathan shaoránaigh AE.
Sainaithnítear cúig réimse le haghaidh misin fhéideartha sa ghníomh dlí seo:
oiriúnú don athrú aeráide, lena n–áirítear bunathrú sochaíoch
ailse
aigéin, farraigí agus uiscí cósta agus intíre sláintiúla
cathracha aeráidneodracha agus cliste
sláinte agus bia ithreach.
Tá bord tiomnaithe misin le gach réimse misin, a chuireann comhairle ar an gCoimisiún maidir le misin shonracha a shainiú, a dhearadh agus a chur chun feidhme.
Comhpháirtíochtaí Eorpacha
Rinneadh tírdhreach cuíchóirithe de na trí chineál comhpháirtíochtaí Eorpacha (cómhaoinithe, comhchláraithe agus institiúidithe) a chruthú ina dtiomnaíonn an tAontas Eorpach, údaráis náisiúnta agus an earnáil príobháideach do thacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí taighde agus nuálaíochta.
An Chomhairle Nuálaíochta Eorpach
Cruthaíodh an CNE mar ionad ilfhreastail a bhainistítear go lárnach chun gníomhaíochtaí faoi Cholún III “An Eoraip Nuálach” a bhaineann leis an CNE a chur chun feidhme. Díríonn an CNE go príomha ar nuálaíocht cheannródaíoch agus shuaiteach, ag díriú go háirithe ar nuálaíocht lena gcruthaítear margaí, agus ag tacú le gach cineál nuálaíochta, lena n–áirítear nuálaíocht incriminteach.
Rannpháirtíocht tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad
Tá Fís Eorpach oscailte do rannpháirtíocht eintitis dhlítheanacha ó aon áit ar domhan, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sna rialacha, agus i gcás inarb infheidhme mar aon le coinníoll breise ar bith ar leibhéal an chláir oibre / na gairme.
Tá rannpháirtíocht sa chlár i bhfoirm comhlachas tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad oscailte do:
tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a bhfuil cumas maith acu san eolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht agus atá tiomnaithe do gheilleagar margaidh oscailte ar bhonn rialacha.
Rialacha maidir le rannpháirtíocht
Leagtar amach rialacha éagsúla sa rialachán, amhail incháilitheacht i leith rannpháirtíochta agus maoinithe, rialacha agus prionsabail eiticiúla, agus urrúis is infheidhme ar ghníomhaíochtaí indíreacha arna maoiniú faoin gclárú. Is iad seo a leanas samplaí de chuid díobh sin:
féadfaidh eintiteas dlítheanach ar bith páirt a ghlacadh agus maoiniú a fháil má chomhlíonann sé na coinníollacha incháilitheachta faoi rialacha Fhís Eorpach, mar aon le coinníollacha breise ar bith eile sa chlár oibre / sa ghairm;
ní mór ábhar na ngairmeacha ar thograí a chuimsiú sa chlár oibre;
féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht maoinithe comhghairm ar thograí le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a eisiúint, lena n–áirítear a n–eagraíochtaí nó a ngníomhaireachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis dhlítheanacha sheachbhrabúsacha;
rialacha maidir le seiceálacha acmhainne airgeadais;
an próiseas maidir le tograí a mheasúnú, lena n–áirítear na critéir roghnúcháin agus dhámhachtana — déanann coiste neamhspleách saineolaithe na tograí a mheasúnú, bunaithe ar bharr feabhais, ar thionchar, ar cháilíocht agus ar éifeachtúlacht an chur chun feidhme;
féadfaidh iarratasóirí athbhreithniú meastóireachta a iarraidh má cheapann siad nár cuireadh an nós imeachta meastóireachta i bhfeidhm mar is ceart;
oibleagáidí i ndáil le leas a bhaint as na torthaí agus iad a scaipeadh, lena n–áirítear eolaíocht oscailte.
Measúnú, measúnú tionchair agus faireachán an chláir
Déanann an Coimisiún measúnú agus faireacháin ar Fhís Eorpach chun an dul chun cinn maidir le cuspóirí an chláir a mheas.
Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha rannpháirtíochta agus scaipthe, agus lena n–aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, , lgh. 1-68)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2021/819 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú) (IO L 189, , lgh. 61-90)
Cinneadh (AE) 2021/764 ón gComhairle an lena mbunaítear an Clár Sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2013/743/AE (IO L 167I, , lgh. 1-80)
Rialachán (AE) Uimh. 2021/697 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear an Ciste Eorpach Cosanta agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2018/1092 (IO L 170, , lgh. 149-177)
Rialachán (Euratom) Uimh. 2021/765 ón gComhairle an lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach le haghaidh na tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena n–aisghairtear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167I, , lgh. 81-100)
Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (OJ L 433I, , lgh. 23-27)
Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433I, , lgh. 11-22)
Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (OJ L 193, , lgh. 1-222)