EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomhaíocht dhomhanda chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus forbairt a dhéanamh ar bhealach inbhuanaithe iar-2015

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2015) 44 final) — Comhpháirtíocht dhomhanda d’fhonn deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus le haghaidh forbairt inbhuanaithe tar éis 2015

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Léirítear go sonrach i dteachtaireacht an Choimisiúin conas a d’fhéadfadh an tAontas Eorpach (AE), tíortha AE agus tíortha eile rannchuidiú leis an iarracht idirnáisiúnta chun Clár Oibre 2030 a chur i bhfeidhm trí thograí a chur ar aghaidh faoin tslí inar cheart don phobal idirnáisiúnta a ghníomhaíocht a eagrú chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh.
  • Leagtar amach tuairimí an Choimisiúin Eorpaigh inti maidir le comhpháirtíocht dhomhanda nua chun deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus borradh a chur faoin bhforbairt inbhuanaithe i gcomhthéacs na gcaibidlíochtaí idir-rialtasacha a mbeidh Clár Oibre Ghníomhaíochta Addis Ababa agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe mar thoradh orthu.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugann an Coimisiún tuairisc ar na prionsabail uileghabhálacha agus ar na comhpháirteanna is gá le haghaidh na comhpháirtíochta domhanda a bheidh ag teastáil chun Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur i bhfeidhm (sular nglacadh leis ag Cruinniú Mullaigh NA i mí Mheán Fómhair 2015).

Prionsabail

D’éiligh an Coimisiún go mbeadh an chomhpháirtíocht dhomhanda bunaithe ar luachanna uilíocha amhail

  • cearta an duine,
  • dea-rialachas agus riail an dlí,
  • tacaíocht le haghaidh institiúidí daonlathacha,
  • cuimsitheacht,
  • neamh-idirdhealú, agus
  • comhionannas inscne.

Comhpháirteanna

Ina theanna sin, ba cheart don chomhpháirtíocht;

  • 1.

    timpeallacht beartais a chabhródh le cur chun feidhmeChlár Oibre 2030 a chur chun cinn trí chleachtais, gníomhaíochtaí agus acmhainní ar an leibhéal idirnáisiúnta agus náisiúnta;

  • 2.

    inniúlachtaí breise agus inniúlachtaí nua a fhorbairt i dtíortha comhpháirtíochta agus scileanna a fheabhsú a dhíríonn ar acmhainní daonna agus ar phróisis le haghaidh pleanála, bainistíochta agus faireacháin;

  • 3.

    a áirithiú go slógtar acmhainní náisiúnta poiblí go héifeachtach agus ar bhealach inbhuanaithe;

  • 4.

    rannchuidiú le sprioc NA 0.7 % den Ollioncam Náisiúnta a chaomhnú chun Cúnamh Forbraíochta Oifigiúla (ODA) a mhaoiniú agus díriú ar ranníocaíochtaí a fháil ó thíortha ard-mheánioncaim agus ó gheilleagair atá ag teacht chun cinn (amhail An tSín agus An Bhrasaíl);

  • 5.

    trádáil a fheabhsú mar thoisc thábhachtach le haghaidh fás cuimsitheach inbhuanaithe agus forbairt inbhuanaithe trí Chomhaontuithe maidir le Trádáil a Éascú;

  • 6.

    úsáid a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil le heolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht, mar shampla, chun cabhrú le daoine éalú ón mbochtaineacht, tomhaltas inbhuanaithe a chur chun cinn nó leochaileacht i leith tubaistí a laghdú;

  • 7.

    an earnáil phríobháideach sa bhaile agus go hidirnáisiúnta a spreagadh chun infheistiú i gcórais fuinnimh agus taistil inbhuanaithe agus éifeachtacha, agus infreastruchtúir dhigiteacha;

  • 8.

    leas a bhaint as na héifeachtaí dearfacha a bhaintear le himirce a cheadóidh imircigh dhleathacha níos mó den airgead a thuilleann siad a choimeád agus a scileanna agus a gcáilíochtaí a aithint;

  • 9.

    faireachán agus measúnú níos fearr a dhéanamh ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun a áirithiú go mbeidh prionsabail amhail trédhearcacht, cuimsitheacht, sofhreagracht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht, lena n-áirítear a ghnéithe airgeadais, mar bhonn agus thaca fúthu.

Ba chuid de sheasamh idirbheartaíochta AE na tograí seo le haghaidh na comhdhála um Maoiniú Forbraíochta in Addis Ababa i mí Iúil 2015 agus Chruinniú Mullaigh NA i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair 2015 a raibh glacadh Chlár Oibre 2030 mar thoradh orthu. D’eascair Conclúidí na Comhairle as teachtaireacht an Choimisiúin i mí na Bealtaine 2015.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Comhpháirtíocht Dhomhanda maidir le Díothú na Bochtaineachta agus Forbairt Inbhuanaithe tar éis 2015 (COM(2015) 44 final, 5.2.2015)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Saol maith do chách: deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus todhchaí inbhuanaithe a thabhairt do shaol an lae amárach (COM(2013) 92 final, 27.2.2013)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Saol maith do chách: ón bhfís go comhghníomhaíocht (COM(2014) 335 final, 2.6.2014)

Nuashonraithe 08.12.2016

Top