Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Blastáin bia

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 maidir le blastáin le húsáid i mbianna agus ar bhianna

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN SEO?

  • Leagtar síos ann ceanglais ghinearálta maidir le húsáid shábháilte blastán1 i mbia.
  • Áirítear ann freisin ceanglais áirithe maidir le lipéadú, mar shampla, nach mór áird a thabhairt orthu.
  • Tá liosta ann, in iarscríbhinn, de bhlastáin atá ceadaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní bheidh riosca sábháilteachta do thomhaltóirí (bunaithe ar fhianaise eolaíochta atá ar fáil) ag baint le blastáin ná ní chuirfidh siad tomhaltóirí amú.
  • Sainmhínítear sa rialachán cad is blastáin ann, substaintí blaistithe, ullmhóidí blaistithe, blastáin deataigh, blastáin próisis theirmigh, réamhtheachtaithe blais agus comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu mar shampla.
  • Níl feidhm leis an reachtaíocht i gcás substaintí nach bhfuil ach blas milis (e.g. siúcra), salainn (e.g. salann) nó goirt orthu go heisiach, nó bia amh nó meascáin mar spíosraí agus/nó luibheanna úra, triomaithe nó reoite, nó taenna agus insiltí. Is ionann substaintí a úsáidtear chun blas milis a chur ar bhianna is milseoirí arb ionann iad is catagóir sonrach de bhreiseáin bia.
  • Leagtar amach ann freisin na cineálacha blastán a chaithfidh teacht faoi phróiseas measúnachta agus ceadaithe agus cinn nach gcaithfidh.
  • Ghlac an AE le liosta de shubstaintí blaistithe ceadaithe an . Níl cead ach na substaintí blaistithe sin a úsáid i mbia agus ar bhia san AE agus a dhíol san AE. Déantar an liosta sin a nuashonrú go tréimhsiúil.
  • Áirítear sa rialachán freisin liosta de 15 shubstaint atá ann go nádúrtha agus ar cúis imní iad ó thaobh na tocsaineolaíochta. Áirítear orthu sin eistriogóil, meantafúrán, meitileoganól, aigéad hidricianach agus cúmairín agus ní cheadaítear iad a chur amhlaidh i mbia. Leagtar amach uasleibhéil i dtaobh substaintí áirithe atá go nádúrtha i mbia. D’fhéadfadh siad a bheith i mbianna áirithe mar bhianna traidisiúnta nó i ndeochanna meisciúla nó neamh-mheisciúla.
  • Maidir le lipéadú, chomh maith le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bia a chur ar fáil do thomhaltóirí ar lipéadú a chomhlíonadh ní mór do bhlastáin a dhíoltar ó ghnó go gnó nó leis an bpobal rialacha sonracha a chomhlíonadh. Tá na rialacha sonracha maidir le lipéadú blastán ar bhia agus i mbia atá le díol leis an bpobal agus ó ghnó go gnó i gceist sa dá rialachán.
  • Ní féidir an téarma “nádúrtha” a úsáidchun cur síos a dhéanamh ar bhlastán ach amháin maidir le substaintí a eascraíonn díreach ó ábhar ainmhí nó glasraí.
  • Ní mór d’oibreoirí gnó bia (táirgeoirí blastán nó allmhaireoirí nó usáideoirí blastán mar an tionscal bia) tuairisciú chuig an gCoimisiún Eorpach ar na méideanna atá curtha acu i mbianna le tréimhse 12 mhí, má iarrtar sin orthu.
  • Ní mór do tháirgeoir nó úsáideoir blastán aon fhaisnéis eolaíochta nó theicniciúil a bhfuil siad ar an eolas faoi nó teacht acu uirthi agus a mbeadh tionchar aici ar mheasúnú sábháilteachta an bhlastáin a chur in iúl don Choimisiún.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Blastáin: substaintí a úsáidtear chun boladh agus blas a chur ar bhia nó boladh agus blas bia a athrú. Cinntítear le rialacha agus caighdeáin aonfhoirmeacha AE nach mbeidh aon riosca do shláinte an duine ag baint leo agus gur féidir iad a úsáid i dtíortha uile an AE.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, , lgh 34-50)

Ionchorpraíodh na leasuithe agus na hathruithe i ndiaidh a chéile a rinneadh ar Iarscríbhinní Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top