Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Bunaítear leis an Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach. Beidh an clár sin i bhfeidhm ar feadh thréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Aontais Eorpaigh (AE) ó 2021 go 2027. Leagtar amach ann an méid seo a leanas maidir leis an gclár:
cuspóirí ginearálta agus sonracha
méid, foirmeacha agus rialacha mhaoiniú AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Is iad príomhchuspóirí an rialacháin seo ná:
tacú le hardchaighdeán de shábháilteacht núicléach, le cosaint ar radaíocht agus le cur i bhfeidhm coimircí ábhair núicléach go héifeachtúil agus go héifeachtach i dtíortha nach tíortha AE iad;
tógáil ar ghníomhaíochtaí AE laistigh de reachtaíocht ábhartha de chuid an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Euratom);
an trédhearcacht a spreagadh maidir le cinntí a bhaineann le cúrsaí núicléacha i dtíortha nach tíortha AE iad.
Is iad cuspóirí sonracha na hionstraime ná:
Cultúr éifeachtach maidir le sábháilteacht núicléach agus cosaint ar radaíocht a chur chun cinn leis na caighdeáin cur chun feidhme is airde agus le feabhsúchán leanúnach;
an bainistiú slán sábháilte de bhreosla spíonta agus dramhaíl radaighníomhach agus díchoimisiúnú iar-shuíomhanna núicléacha agus iar-mhonarchana;
coimircí ábhair núicléach éifeachtúil agus éifeachtach i dtíortha nach tíortha AE iad.
Is é EUR 300 milliún (praghsanna reatha) an buiséad 7 mbliana chun an clár a chur chun feidhme. Féadfaidh é seo a úsáid i gcomhair:
deontas
conarthaí sóláthair phoiblí i gcomhair seirbhísí nó soláthairtí
soláthraíonn siad an creat i gcomhair comhoibriú idir AE agus tíortha nach tíortha AE iad agus réigiúin nach réigiúin AE iad;
spriocanna AE a chur in iúl ar shlí atá ar aon dul lena thosaíochtaí féin, le riachtanais agus gníomhaíochtaí a chomhpháirtithe, agus le cúrsaí idirnáisiúnta;
an breisluach de thionscnaimh a mhíniú agus conas a sheachnaíonn siad dúbláil le cláir eile;
réimsí tosaíochta a leagan amach maidir le maoiniú, cuspóirí faoi leith, torthaí ionchasacha agus táscairí feidhmíochta;
tá siad bunaithe ar phlé le tíortha comhpháirtíochta agus geallsealbhóirí ábhartha.
Na cláir ilbhliantúla, tar éis dul i gcomhairle le Grúpa Rialtóirí na hEorpa um Shábháilteacht Núicléach agus, nuair is gá, athbhreithniú a dhéanamh orthu — agus uasdátú a dhéanamh orthu más gá — 4 bliana ar a laghad tar éis glacadh leo;
pleananna gníomhaíochta bliantúla bunaithe ar na cláir ilbhliantúla agus ar bhearta speisialta agus tacaíochta, a shonraíonn na cuspóirí do gach tír nach tír AE í nó réigiún nach réigiún AE é, na
Spriocanna, nósanna imeachta bainistíochta agus na tionscadail le maoiniú
tráthchlár táscach, torthaí ionchasacha agus príomhghníomhaíochtaí
Na critéir incháilitheachta le haghaidh maoiniú ón Ionstraim:
tugann siad tús áite do dhaoine agus eintitis ó thíortha (aontacha, ar iarrthóirí iad agus iarrthóirí ionchasacha iad) atá incháilithe chun chur isteach ar bhallraíocht AE agus do na comharsana is giorra dó in oirthear agus deisceart na hEorpa i mbeartas comharsanachta na hEorpa agus caibidlíocht maidir le méadú;
ligeann siad d’eagraíochtaí idirnáisiúnta agus d’eintitis dhlítheanacha bunaithe i liosta fada de thíortha páirt a ghlacadh i soláthar poiblí, nósanna imeachta maidir le bronnadh deontas agus gradam.
I gcás tíortha nach tíortha AE iad agus ar mian leo comhoibriú le AE, caithfidh:
glacadh go hiomlán leis na bunphrionsabail sábháilteachta sonraithe i gcaighdeáin sábháilteachta de chuid na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach;
cloí le prionsabal na trédhearcachta agus le fáisnéis phoiblí.
Cuireann an rialachán in iúl go soiléir nach ag iarraidh an fuinneamh núicléach a chur chun cinn atá AE agus é ag obair i gcomhar maidir le sábháilteacht agus slándáil núicléach.
Comhoibriú faoin rialachán:
spriocanna:
údaráis rialála maidir le sábháilteacht núicléach agus eagraíochtaí tacaíochta teicniúla
gníomhaireachtaí náisiúnta i bhfeighil bainistiú sábháilte de dhramhaíl radaighníomhach
geallsealbhóirí náisiúnta atá freagrach as míniú a thabhairt agus smacht a choimeád ar ábhar núicléach
oibritheoirí de stáisiúin cumhachta núicléiche;
clúdaíonn sé:
nósanna imeachta creat rialála agus córais a neartú
socruithe éifeachtacha a chur ar bun chun cosc a chur ar thionóiscí le hiarmhairtí raideolaíocha
bainistiú sábháilte de bhreosla spíonta agus de dhramhaíl radaighníomhach a fhorbairt agus a chur chun feidhme
tacú le bearta cosanta praiticiúla a laghdaíonn rioscaí a bhaineann le radaíocht d’oibrithe agus don phobal
straitéisí a cheapadh maidir le stáisiúin núicléacha a dhíchoimisiúnú, seansuíomhanna a dhéanamh sábháilte agus ábhar agus rudaí radaighníomhacha a aisghabháil, fiú más san fharraige atá siad
córas rialála a chruthú chun coimircí núicléacha a chur chun feidhme
pearsanra a chur faoi oiliúint
trealamh a thabhairt d’oibrithe i stáisiúin núicléacha i gcásanna eisceachtúla agus nuair atá údar maith acu leis.
Tá na bearta monatóireachta chun tionchar na hionstraime a mheas bunaithe ar na táscairí seo a leanas:
achtanna dlí agus rialála ullmhaithe;
dearadh, coincheap nó staidéir féidearthachta chun na caighdeáin is airde de shábháilteacht núicléach a bhaint amach;
torthaí de shábháilteacht núicléach, de chosaint radaigníomhach agus de bhearta éifeachtacha maidir le coimircí a fheabhsú.
An Ionstraim:
Caithfidh sé bheith ar aon dul leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda, arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/947 (féach an achoimre), le gníomhaíochtaí chomhbheartas eachtrach agus slándála AE agus le beartais agus cláir ábhartha eile;
d’fhéadfadh sé tacaíocht airgid a fháil ó chláir AE eile, ar an gcoinníoll nach gclúdaíonn na ranníocaíochtaí na costais chéanna;
Aon áit a dtáirgtear fuinneamh núicléach, caithfear an próiseas iomlán, lena n-áirítear fáil réidh le dramhaíl radaighníomhach agus stáisiúin núicléacha a dhíchoimisiúnú, a dhéanamh ar bhealach slán sábháilte.
Tá an-taithí ag AE sa réimse seo agus úsáideann sé an taithí seo chun cabhrú le tíortha eile chun na caighdeáin sábháilteachta is airde a bhaint amach.
Cumasc: deontais theoranta a úsáid chun leas a bhaint as maoiniú ó institiúidí agus ón earnáil phríobháideach d’fhonn tionchar forbartha de thionscadail infheistíochta a mhéadú.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (Euratom) 2021/948 ón gComhairle ar lena mbunaítear Ionstraim Eorpach um Chomhar Idirnáisiúnta maidir le Sábháilteacht Núicléach lena gcomhlánaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta — an Eoraip Dhomhanda ar bhonn an Chonartha ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (Euratom) Uimh. 237/2014 (IO L 209, , lgh. 79-90)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach (IO C 210, , lgh. 1-24)