Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Saoráid do dhídeanaithe sa Tuirc

ACHOIMRE AR:

Cinneadh C(2015) 9500 ón gCoimisiún — Saoráid do Dhídeanaithe don Tuirc

Cinneadh C(2016) 855 ón gCoimisiún — lena leasaítear Cinneadh C(2015) 9500

Cinneadh C(2017) 2293 ón gCoimisiún — Saoráid do Dhídeanaithe don Tuirc

Cinneadh C(2018) 1500 ón gCoimisiún lena leasaítear Cinneadh C(2015) 9500 — ranníocaíocht leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ?

  • Is é aidhm Chinneadh C(2015) 9500 cuidiú leis an Tuirc plé le hinsreabhadh na ndídeanaithe1 atá ina thoradh ar an ngéarchéim sa tSiria, agus an Tuirc ina céad tír fáiltithe agus idirthurais d’imircigh mar gheall ar a suíomh geografach. Bunaítear an tSaoráid do Dhídeanaithe don Tuirc (an “tSaoráid”) leis.
  • Leasaítear Cinneadh C(2015) 9500 le Cinneadh C(2016) 855, ag soiléiriú raon feidhme na ngníomhaíochtaí, seachas cabhair dhaonnúil, a ndéanfaidh an tSaoráid iad a chomhordú, chomh maith le ról agus oibriú choiste stiúrtha na Saoráide. Déantar roinnt na leithdháiltí a mhodhnú leis freisin idir buiséad ginearálta an AE agus ranníocaíochtaí na dtíortha AE.
  • Leasaítear Cinneadh C(2015) 9500 le Cinneadh C(2017) 2293, ag soiléiriú nach bhfuil aon ús dlite ar íocaíocht mhall ag tír AE maidir le ranníocaíocht leis an tSaoráid.
  • Leasaítear Cinneadh C(2015) 9500 le Cinneadh C(2018) 1500, ag deonú tráinse bhreise de €3 bhilliún don tSaoráid de réir mar atá luaite i ráiteas an AE-na Tuirce i Márta 2016.

PRÍOMHPHOINTÍ CHINNEADH 2015

  • Chun cuidiú leis an Tuirc tabhairt faoi riachtanais dhaonnúla agus forbartha láithreach na ndídeanaithe, a bpobal óstach, na n–údarás náisiúnta agus áitiúla déantar meicníocht chomhordúcháin a bhunú: an tSaoráid do Dhídeanaithe.
  • Is é cuspóir na Saoráide chun a chinntiú go ndéantar gníomhaíochtaí arna maoiniú le ranníocaíochtaí airgeadais ó thíortha AE agus ó bhuiséad ginearálta an AE a chomhordú agus a shruthlíniú go ceart.
  • Is ionann an buiséad atá socraithe don tSaoráid agus €3 bhilliún, lena gcuimsítear:
    • €0.5 billiún ó bhuiséad ginearálta an AE; agus
    • €2.5 billiún i bhfoirm ranníocaíochtaí ó thíortha AE mar ioncam sannta seachtrach.2, de réir an mhiondealaithe atá leagtha amach san iarscríbhinn leis an gcinneadh agus bunaithe ar an Eochair Ollioncaim Náisiúnta3.
  • Déanann an Coimisiún Eorpach an tSaoráid a chomhordú trí thosaíochtaí a shocrú le haghaidh acmhainní a leithdháileadh.
  • Tá an tSaoráid faoi cheannas coiste stiúrtha a sholáthraíonn treoir straitéiseach Tá an coiste sin comhdhéanta de bheirt ionadaí ón gCoimisiún agus ionadaí ó gach tír AE, chomh maith le hionadaí na Tuirce mar chomhairleoir. Tá an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcoiste agus soláthraíonn sé an rúnaíocht dá chuid.
  • Tá an Coimisiún freagrach as an tSaoráid a bhainistiú i gcomhréir leis an reachtaíocht AE ábhartha lena soláthraítear an bunús dlí leis na gníomhaíochtaí faoi seach agus a bhfeidhmiú.

Leasuithe in 2016, 2017 agus 2018

Leasaíodh an cinneadh in 2016 le Cinneadh C/2016/855:

  • Athainmnítear an mheicníocht “an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc”.
  • Soiléirítear na cineálacha beart do dhídeanaithe leis a d’fhéadfadh a bheith comhordaithe tríd an tSaoráid. Áirítear leo sin:
    • cabhair dhaonnúil;
    • oideachas;
    • an tsláinte,
    • tacaíocht shocheacnamaíoch;
    • bainistíocht imirce; agus
    • bonneagar bardasach.
  • Déantar ról agus feidhmiú an choiste stiúrtha a mhionsonrú a thuilleadh.
  • Déantar buiséad na Saoráide a athbhreithniú mar a leanas:
    • laistigh den bhuiséad €3 bhilliún, déantar cion na ranníocaíochta ó bhuiséad ginearálta an AE a mhéadú go haon trian;
    • déantar cion na dtíortha AE a laghdú go €2 bhilliún;
    • tá miondealú na ranníocaíochtaí idir tíortha AE bunaithe ar an Eochair Ollioncaim Náisiúnta a úsáideadh do bhuiséad 2015 (rinneadh an iarscríbhinn a scriosadh).

Ós rud é go ndearnadh tagairt sa chinneadh fós do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme le buiséad ginearálta an AE, leasaíodh an cinneadh don dara huair in 2017 le Cinneadh C(2017) 2293. Soiléirítear an méid a leanas leis:

  • Is ranníocaíochtaí deonacha iad ranníocaíochtaí na dtíortha AE agus, neamhchosúil le cás acmhainní féin an AE (.i. príomhfhoinsí ioncaim bhuiséad an AE), níl siad comhfhreagrach d’oibleagáid réamhbheitheach;
  • mar eisceacht ó na rialacha airgeadais is infheidhme le buiséad ginearálta an AE, níl aon ús dlite as íocaíocht mhall ag tír AE maidir le ranníocaíocht leis an tSaoráid.

In 2018, leasaíodh an cinneadh arís mar thoradh ar thiomantas ón AE i ráiteas AE-na Tuirce 2016 chun €3 bhilliún bhreise a shlógadh faoin tSaoráid do Dhídeanaithe, faoi choinníollacha áirithe, mar bhíothas ar tí an €3 bhilliún a leithdháileadh ar dtús a úsáid ina iomláine. Leanfaí an patrún dáilte céanna leis an dara tráinse sin — chun leanúnachas obair na Saoráide a chinntiú don tréimhse 2018-2019 — (.i. €2 bhilliún ó thíortha AE agus €1 bhilliún ó bhuiséad an AE).

Tuarascálacha

Foilsíonn an Coimisiún tuarascálacha maidir le hoibríochtaí na Saoráide.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ?

  • Tá Cinneadh C(2015) 9500 i bhfeidhm ón .
  • Tá Cinneadh C(2016) 855 i bhfeidhm ón .
  • Tá Cinneadh C(2017) 2293 i bhfeidhm go cúlghabhálach ón , d’fhonn na ranníocaíochtaí a rinne tíortha AE cheana féin a chlúdach.
  • Tá Cinneadh C(2018) 1500 i bhfeidhm ón .

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Dídeanaithe: daoine ar a gcuirtear iallach a dtír a fhágáil agus dídean a chuardach ó choinbhleachtaí, foréigean, sáruithe ar chearta an duine, géarleanúintí agus tubaistí nádúrtha.
  2. Ioncam Sannta Seachtrach: cistí nach bhfuil ina gcuid de bhuiséad an AE agus a thagann go leithleach ó na páirtithe atá rannpháirteach sa tSaoráid.
  3. Eochair Ollioncaim Náisiúnta: maitrís ina bhfuil sonraí faoi Ollioncam Náisiúnta na dtíortha as a mbaintear úsáid chun comhroinnt dualgas chóir a chinneadh.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh C(2018)1500 ón gCoimisiún an maidir leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc lena leasaítear Cinneadh C(2015) 9500 ón gCoimisiún maidir leis an ranníocaíocht don tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (IO C 106, , lgh. 4-6)

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Pharlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — An Dara Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (COM (2018) 91 críochnaitheach, )

Cinneadh C(2017) 2293 ón gCoimisiún an maidir leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc lena leasaítear Cinneadh C(2015) 9500 ón gCoimisiún an (IO C 122, , lgh. 4-5)

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Pharlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — An Chéad Tuarascáil Bhliantúil AE maidir leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc (COM (2017) 130 críochnaitheach, )

Cinneadh C(2016) 855 ón gCoimisiún an maidir leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc, lena leasaítear Cinneadh C(2015) 9500 ón gCoimisiún an (IO C 60, , lgh. 3-6)

Cinneadh C(2015) 9500 ón gCoimisiún an maidir le gníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát a chomhordú trí mheicníocht chomhordúcháin — an tSaoráid do Dhídeanaithe don Tuirc (IO C 407, , lgh. 8-13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh C(2015) 9500 a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top