Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gníomh seachtrach AE chun dul i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe

ACHOIMRE AR:

Chomhtheachtaireacht -– JOIN(2015) 40 final – Géarchéim na ndídeanaithe san Eoraip: ról ghníomh seachtrach an AE

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN CHOMHTHEACHTAIREACHT SEO?

  • Déantar cur síos sa chomhtheachtaireacht seo ar na bearta atá á nglacadh ag an Aontas Eorpach (AE), lasmuigh dá chríoch féin, chun dul i ngleic le géarchéim na ndídeanaithe. Tugtar tús áite do na tionscnaimh a théann i gcion ar an bpointe ar shreafaí imirce. Caithfear gníomhú san fhadtéarma, áfach, chun dul i ngleic leis na príomhchúiseanna.
  • Is cuid de phacáiste tograí níos leithne í an chomhtheachtaireacht, pacáiste atá curtha ar bord ag an gCoimisiún Eorpach chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá €96.8 billiún curtha i leataobh ag AE le haghaidh comhair um beartas eachtrach agus um fhorbairt don tréimhse 2014-2020.
  • Ciste Iontaobhais Éigeandála Eorpach don Afraic molta ag an gCoimisiún chun dul i ngleic le cúiseanna na himirce ar an mór-roinn.
  • Tá acmhainní taidhleoireachta, airgeadais agus daonnúla á n-úsáid ag AE chun cabhrú le dídeanaithe ón tSiria agus ón Iaráic agus le tíortha comharsanachta amhail an Liobáin, an Iordáin agus an Tuirc a bhfuil meáchan an tréigin ag dul i gcion orthu.
  • Tá plean AE á chur i bhfeidhm chun sreafaí imirce trí na Balcáin Thiar a bhainistiú.
  • Úsáidtear straitéisí réigiúnacha chun cabhrú le ceantair san Afraic amhail an tSaiheil, Corn na hAfraice agus Murascaill na Guine.
  • Dearadh cláir ar leith chun cabhrú le tíortha áirithe, amhail an Libia, an Nígir, Mailí, Poblacht na hAfraice Láir, an tSomáil, an Eiritré, an tSúdáin Theas agus Éimin, déileáil leis na fadhbanna sonracha atá acu.
  • Tá AE ag gabháil go gníomhach le heagraíochtaí na Náisiún Aontaithe agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta eile chun cabhrú le tíortha a bhfuil líon mór daoine easáitithe á n-óstáil acu agus chun sreafaí dídeanaithe a bhainistiú.
  • Tá AE ag obair le tíortha eile, go háirithe tíortha san Afraic, san Áise, i réigiún Mhuir Chairib agus i réigiún an Aigéin Chiúin, ar chomhaontuithe chun imircigh neamhdhleathacha a sheoladh abhaile.
  • Tá AE ag cabhrú le tíortha a bhfuil teorainneacha acu leis an Aontas Eorpach an choireacht eagraithe a chomhrac is cúis le smuigleáil imirceach agus le gáinneáil ar dhaoine.
  • Reáchtáladh dhá chomhdháil ardleibhéil idirnáisiúnta san fhómhair 2015 agus díríodh sna comhdhálacha sin ar an imirce:

CÚLRA

Tá an ghéarchéim dídeanaithe is mó ó tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda os comhair AE. Ó thús na bliana 2015, tá leas bainte ag AE as a bheartas eachtrach iomlán chun freagairt don ghéarchéim sin. Tá trí aidhm ag an mbeartas sin: saolta a shábháil, daoine i gcruatan a chosaint agus teorainneacha agus gluaiseachtaí dídeanaithe a bhainistiú.

GNÍOMH

Comhtheachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Dul i nGleic le Géarchéim na nDídeanaithe san Eoraip: ról ghníomh seachtrach AE (JOIN(2015) 40 final an 9.9.2015)

Nuashonraithe 24.11.2015

Top