An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CEE) Uimh. 2019/128 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop)
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Aisghairtear agus cuirtear in ionad Rialachán (CEE) Uimh. 337/75, lenar bunaíodh an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop), in 1975 leis an Rialachán sin.
- Déantar na rialacha a bhaineann le Cedefop a oiriúnú leis chun a chineál trípháirteach a chur san áireamh a mhéid is féidir. Tá sé á rialú ag bord ina bhfuil ionadaithe ó:
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuspóir
Mar cheann de ghníomhaireachtaí díláraithe AE, is é cuspóir Cedefop tacú leis an gCoimisiún, le hinstitiúidí agus eagraíochta eile AE, le tíortha AE agus leis na comhpháirtithe sóisialta chun beartais AE a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chur chun feidhme, sa réimse um ghairmoideachas agus um ghairmoiliúint, chomh maith le beartais scileanna agus cáilíochtaí.
Féachann sé leis an gcuspóir sin a chomhlíonadh trí:
- eolas a fheabhsú agus a scaipeadh;
- fianaise agus seirbhísí a sholáthar chun críche ceapadh beartas, lena n–áirítear conclúidí atá bunaithe ar thaighde; agus
- éascú a dhéanamh ar chomhroinnt eolais i measc páirtithe leasmhara ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta.
Sainchúraimí
Agus freagrachtaí thíortha AE á n–urramú ag Cedefop, déanann sé an méid seo a leanas:
- anailís ar threochtaí sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, i mbeartais agus córais scileanna agus cáilíochtaí, agus soláthraíonn sé anailísí comparáideacha díobh sin ar fud tíortha;
- anailís ar threochtaí sa mhargadh saothair i ndáil le scileanna agus cáilíochtaí, agus i ndáil leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint;
- anailís ar fhorbairtí a bhaineann le dearadh agus bronnadh cáilíochtaí agus cuireann sé leis na forbairtí sin;
- anailís ar fhorbairtí sa réimse um bailíochtú foghlama neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúla agus cuireann sé leis na forbairtí sin;
- staidéar agus taighde ar fhorbairtí ábhartha socheacnamaíocha agus ar shaincheisteanna gaolmhara beartais;
- fóraim a sholáthair le haghaidh taithí agus faisnéis a mhalartú idir na rialtais, na comhpháirtithe sóisialta agus páirtithe leasmhara eile ar an leibhéal náisiúnta;
- cuidíonn sé le hathchóirithe agus beartais a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta;
- faisnéis a scaipeadh chun cur le beartais agus feasacht agus tuiscint a ardú maidir leis an acmhainneacht a bhaineann leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint chun infhostaitheacht daoine, táirgiúlacht agus foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;
- uirlisí, tacair shonraí agus seirbhísí a bhainistiú agus a chur ar fáil do shaoránaigh, do chuideachtaí, do lucht déanta beartas, do na comhpháirtithe sóisialta agus do pháirtithe leasmhara eile;
- straitéis a bhunú le haghaidh caidrimh le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí a bhfuil inniúlacht aige ina leith.
Eagrú
Tá Bord Bainistíochta, Bord Feidhmiúcháin agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin ag Cedefop, atá lonnaithe i mBeirlín.
An Bord Bainistíochta
Cuimsítear ann:
- 1 ionadaí amháin ó gach tír AE;
- 1 ionadaí amháin ó eagraíocht na bhfostóirí do gach tír AE;
- 1 ionadaí amháin ó eagraíochtaí na bhfostóirí do gach tír AE;
- 3 chomhalta a dhéanann ionadaíocht ar son an Choimisiúin;
- 1 saineolaí neamhspleách arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa.
Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna an Bhoird:
- treo straitéiseach Cedefop a sholáthar;
- doiciméad clársceidealaithe Cedefop a ghlacadh;
- buiséad Cedefop a ghlacadh;
- rialacha nós imeachta (lena n–áirítear rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin), rialacha airgeadais, rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus straitéis frithchalaoise a ghlacadh;
- an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh.
An Bord Feidhmiúcháin
Cabhraíonn an Bord Feidhmiúcháin leis an mBord Bainistíochta tríd an méid a leanas a dhéanamh:
- a chinntí a ullmhú;
- faireachán a dhéanamh ar aon obair leantach ar thorthaí agus ar mholtaí a eascraíonn as tuarascálacha iniúchóireachta inmheánacha nó seachtracha, agus imscrúduithe OLAF;
- comhairle a thabhairt don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le cinntí an Bhoird Bhainistíochta a chur chun feidhme, d’fhonn maoirseacht ar an mbainistíocht riaracháin agus buiséid a neartú.
Stiúrthóir Feidhmiúcháin
Tá an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as:
- Bainistíocht Cedefop agus cur chun feidhme shainchúraimí agus bhuiséad Cedefop;
- dréachtdhoiciméad clársceidealaithe a dhréachtú ina bhfuil clár oibre ilbhliantúil agus clár oibre bliantúil i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1271/2013 maidir leis na rialacha airgeadais arna nglacadh ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE.
Cláir oibre
Cuirtear an dréachtdhoiciméad clársceidealaithe faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena fhaomhadh agus ansin cuirtear é faoi bhráid an Choimisiúin, Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle roimh an 31 Eanáir gach bliain.
Leagtar amach an méid a leanas sa chlár oibre ilbhliantúil:
- clársceidealú straitéiseach foriomlán, lena n–áirítear cuspóirí;
- na torthaí agus na táscairí feidhmíochta ionchasacha;
- clársceidealú acmhainní lena n–áirítear buiséad ilbhliantúil agus baill foirne.
Ní mór an clár oibre bliantúil a bheith i gcomhréir leis an gclár oibre ilbhliantúil agus go mbeidh sé comhdhéanta de:
- cuspóirí mionsonraithe agus torthaí ionchasacha, lena n–áirítear táscairí feidhmíochta;
- tuairisc ar na gníomhaíochtaí atá le maoiniú, lena n–áirítear bearta pleanáilte chun éifeachtúlacht a mhéadú;
- léiriú ar na hacmhainní airgeadais agus daonna a leithdháiltear ar gach gníomhaíocht;
- gníomhartha féideartha le haghaidh caidrimh le tíortha neamh-AE agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta.
Leis an dá chlár ní mór forluí a sheachaint le hobair atá ar siúl ag gníomhaireachtaí eile AE. Comhordaíonn Cedefop go dlúth le 2 ghníomhaireacht thrípháirteacha eile: an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) agus an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound). Oibríonn sé go dlúth chomh maith leis an bhFhondúireacht Eorpach Oiliúna.
Buiséad
Ní mór meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas uile Cedefop a ullmhú gach bliain airgeadais agus a thaispeáint i mbuiséad Cedefop. Ní mór an buiséad a bheith cothrom ó thaobh ioncaim agus caiteachais de.
- Áirítear an méid seo a leanas ó thaobh an ioncaim de:
- ranníocaíocht ó bhuiséad ginearálta AE;
- ranníocaíochtaí airgeadais deonacha ó thíortha AE;
- muirir ar fhoilseacháin agus ar aon seirbhís a sholáthraíonn Cedefop;
- aon ranníocaíocht ó thíortha neamh-AE a bhfuil baint acu le hobair Cedefop.
- Áirítear an méid a leanas ó thaobh an chaiteachais de:
- luach saothair na foirne;
- costais riaracháin agus bonneagair; agus
- caiteachas oibríochtúil.
Measúnú
Faoin 21 Feabhra 2024, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, ní mór don Choimisiún a áirithiú go ndéanfar meastóireacht chun feidhmíocht Cedefop a mheas maidir lena chuspóirí, lena shainordú agus lena shainchúraimí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 20 Feabhra 2019.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 2019/128 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 337/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 90-105)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 2019/126 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2062/94 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 58-73)
Rialachán (AE) 2019/127 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Eanáir 2019 lena mbunaítear an Foras Eorpach chun dálaí maireachtála agus oibre a fheabhsú (Eurofound), agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1365/75 ón gComhairle (IO L 30, 31.1.2019, lgh. 74-89)
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1271/2013 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 208 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 7.12.2013, lgh. 42-68)
Rialachán (CE) Uimh. 1339/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear an Foras Eorpach Oiliúna (athmhúnlú) (IO L 354, 31.12.2008, lgh. 82-93)
Nuashonraithe 20.05.2019