Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar amach ann rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
staidreamh gnó an Aontais Eorpaigh (AE) a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh;
creat AE do chláir ghnó staidrimh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cumhdaítear i staidreamh gnó Eorpach:
struchtúr, feidhmíocht, taighde agus forbairt eacnamaíoch, nuálaíocht, agus gníomhaíochtaí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) na n-aonad staidrimh éagsúla, lena n-áirítear ríomhthráchtáil agus slabhraí soláthair domhanda;
táirgeadh agus trádáil idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí monaraithe.
Is é an creat Eorpach do chláir ghnó staidrimh an fhoinse údarásach chun pobail ar chláir ghnó staidrimh ardcháilíochta agus comhchuibhithe a dhíorthú chun staidreamh gnó Eorpach a tháirgeadh. Cuimsítear ann:
cláir ghnó staidrimh náisiúnta, lena gcumhdaítear gach fiontar agus a n-aonad áitiúil a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn leis an olltáirgeacht intíre;
Clár na nGrúpaí Eorpacha,, lena gcumhdaítear na fiontar uile agus a n-aonaid dhlíthiúla a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an olltáirgeacht intíre agus atá mar chuid de ghrúpa ilnáisiúnta;
na malartuithe sonraí eatarthu.
Féadfaidh údaráis staidrimh náisiúnta i mBallstáit AE na foinsí seo a leanas a úsáid chun staidreamh gnó a tháirgeadh agus cláir ghnó staidrimh náisiúnta a bhunú:
suirbhéanna;
taifid riaracháin, lena n–áirítear ó údaráis chánach agus chustaim, amhail ráitis bhliantúla airgeadais;
micreashonraí malartaithe;
sonraí ábhartha eile atá inchomparáide agus a chomhlíonann na ceanglais shonracha um cháilíocht.
Cumhdaítear na réimsí seo a leanas i staidreamh gnó Eorpach:
ar bhonn gearrthéarmach;
ar leibhéal tíre;
ar bhonn réigiúnach;
ar bhonn idirnáisiúnta.
Ní mór príomhthopaic amháin nó níos mó a bheith i ngach réimse, mar shampla daonra gnó, aschuir agus feidhmíocht, úsáid TFC agus ríomhthráchtáil, ionchuir taighde agus forbartha, slabhraí luacha domhanda agus trádáil idirnáisiúnta earraí agus seirbhísí. Cuirtear síos go mion ar na topaicí in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán.
Leagtar amach in Iarscríbhinn II an mhinicíocht (míosúil, ráithiúil, bliantúil nó thar roinnt blianta), an tréimhse thagartha agus an t-aonad staidrimh do gach topaic.
Maidir leis na Ballstáit:
clár gnó staidrimh náisiúnta amháin nó níos mó a bhunú, a bheidh mar bhonn do na nithe seo a leanas:
suirbhéanna a ullmhú agus a chomhordú,
faisnéis maidir le hanailís staidrimh ar an daonra gnó agus ar a dhéimeagrafaíocht,
úsáid sonraí riaracháin,
aonaid staidrimh a shainaithint agus a thógáil;
cáilíocht staidrimh gnó Eorpaigh, na gclár gnó staidrimh náisiúnta, agus Chlár na nGrúpaí Eorpacha a áirithiú;
sonraí, mar aon le tuarascálacha cáilíochta agus meiteashonraí, a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach (Eurostat)
Tá rialacha sonracha i bhfeidhm maidir le malartú sonraí rúnda faoi ghrúpaí ilnáisiúnta agus trádáil inmheánach earraí san AE idir Eurostat, údaráis staidrimh náisiúnta, bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, ar choinníoll nach chun críocha staidrimh amháin atá sé seo.
Maidir le Eurostat:
cuireann sé Clár na nGrúpaí Eorpacha nó grúpaí ilnáisiúnta fiontar ar bun;
déanann sé measúnú ar cháilíocht na sonraí a fhaigheann sé;
soláthraíonn sé tuarascálacha bliantúla cáilíochta agus meiteashonraí a bhaineann le Clár na nGrúpaí Eorpacha;
féadfaidh sé treoirstaidéir arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta ar bhonn deonach a sheoladh, i gcás go sainaithníonn sé gá le sonraí úra nó le sonraí feabhsaithe.
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an reachtaíocht a leasú nó a fhorlíonadh, ar choinníoll nach gcuirfidh siad costas ná ualach suntasach breise ar údaráis náisiúnta ná ar fhreagróirí.
Ós rud é go mbailítear roinnt tacar staitisticí go bliantúil, go háirithe maidir leis an topaic “úsáid TFC agus ríomhthráchtáil”, glactar roinnt gníomhartha ar bhonn bliantúil chun na ceanglais sonraí le haghaidh na dtacar sin a shonrú.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2552, lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le ceanglais sonraí le haghaidh na topaice staidreamh ar “tháirgeadh tionsclaíoch” lena mbunaítear miondealú aicmiúcháin na dtáirgí tionsclaíocha (“liosta Prodcom”).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1310,, lena leagtar síos na sonraíochtaí teicniúla maidir le ceanglais sonraí le haghaidh na topaice “úsáid TFC agus ríomhthráchtáil” le haghaidh na bliana tagartha 2023.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1092, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí le haghaidh na topaice “Nuálaíochta” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/918, lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí le haghaidh na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1225lena sonraítear na socruithe le haghaidh na malartuithe sonraí de bhun Rialachán (AE) 2019/2152.
Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1704 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2152 trí shonrú breise a dhéanamh ar na mionsonraí maidir leis an bhfaisnéis staidrimh atá le soláthar ag na húdaráis chánach agus chustaim.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 maidir le hainmníocht tíortha agus críoch le haghaidh staidreamh Eorpach maidir le trádáil idirnáisiúnta in earraí agus maidir leis an miondealú geografach le haghaidh staidreamh gnó eile.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 lena leagtar sonraíochtaí agus socruithe de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n–aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó.
FéadfaidhAEtacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’institiúidí staidrimh náisiúnta agus d’údaráis eile le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla, amhail modheolaíochtaí ar chaighdeán níos fearr nó ar chostas níos ísle a fhorbairt.
Roimhe seo, bhí faisnéis staidrimh maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha gnólachtaí náisiúnta bunaithe ar phíosaí éagsúla reachtaíochta. Cuireadh cosc leis sin ar chomhsheasmhacht sonraí staidrimh aonair agus ar chur chuige comhtháite i gcomhair staidreamh gnó a fhorbairt, a sholáthar agus a scaipeadh. Réitíonn an rialachán nua na fadhbanna sin.
Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le staidreamh gnó Eorpach, lena n‐aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 327, , lgh. 1–35).
Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/2152 sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/918 ón gCoimisiún an lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice “Slabhraí Luacha Domhanda” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 159, , lgh. 43-51).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1092 ón gCoimisiún an lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí maidir leis an topaic “Nuálaíocht” de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 176, , lgh. 10–20).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1344 ón gCoimisiún an lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas i ndáil le sonraí le haghaidh na topaice úsáid TCF agus ríomhthráchtáil le haghaidh na bliana tagartha 2023, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 202, , lgh. 18–26).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2552 ón gCoimisiún an lena leagtar síos sonraíochtaí teicniúla na gceanglas sonraí i ndáil le mionábhar an staidrimh maidir le táirgeadh tionsclaíoch lena mbunaítear miondealú aicmiúcháin ar tháirgí tionsclaíocha, de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún, a mhéid a bhaineann le cumhdach an aicmithe táirgí (IO L 336, , lgh. 1–221).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1225 ón gCoimisiún an lena sonraítear na socruithe le haghaidh na malartuithe sonraí de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 ón gCoimisiún, a mhéid a bhaineann leis an mBallstát onnmhairíochta lasmuigh den Aontas agus oibleagáidí na n-aonad tuairiscithe (IO L 269, , lgh. 58–64).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1197 7 ón gCoimisiún an lena leagtar síos sonraíochtaí agus socruithe teicniúla de bhun Rialachán (AE) 2019/2152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh gnó Eorpach lena n-aisghairtear 10 ngníomh dlí i réimse an staidrimh gnó (IO L 271, , lgh. 1–170).
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1470 ón gCoimisiún an maidir le hainmníocht tíortha agus críoch le haghaidh an staidrimh Eorpaigh i ndáil le trádáil idirnáisiúnta earraí agus maidir leis an miondealú geografach ar staidreamh gnó eile (IO L 334, , lgh. 2–21).