This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Nuashonraítear leis seirbhís Europass chun cabhrú le daoine a gcuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí a chur in iúl trí theimpléid chaighdeánaithe a úsáid. Is é is aidhm leis freastal ar riachtanais athraitheacha na ndaoine seo a leanas:
Tá Europass bunaithe ar uirlisí gréasánbhunaithe agus ar fhaisnéis ábhartha atá ar fáil. Tá a úsáid ar bhonn iomlán saorálach.
Aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE leis.
Úsáideann Europass ardán ar líne chun an méid a leanas a sholáthar:
Maidir leis an ardán ar líne agus na huirlisí agus an t–ábhar gréasánbhunaithe:
Maidir le forlíontaí Europass:
Déanann an Coimisiún:
Tá údaráis náisiúnta thíortha AE freagrach as an gcóras a chur chun feidhme agus as an tacaíocht agus an infheictheacht is gá a sholáthar ina leith, lena n–áirítear naisc le láithreáin ghréasáin náisiúnta ábhartha.
Maidir leis an gcóras Europass:
Tá feidhm leis ón .
Ar an , d’eisigh an Coimisiún teachtaireacht “Clár Oibre na Scileanna Nua don Eoraip”. Ceapadh é sin chun scileanna a dhéanamh níos infheicthe agus níos inchomparáide chun cabhrú le daoine roghanna gairme níos fearr a dhéanamh.
Ba é ceann de na 10 dtogra a bhain leis an bunchreat Europass a glacadh in 2004 (Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE) a nuashonrú. Cuimsítear leis sin sraith de 5 theimpléad chun cabhrú le daoine a gcuid scileanna agus cáilíochtaí a shainaithint chun CVanna agus punanna a chur i dtoll a chéile.
Tá sé mar aidhm ag Europass bheith inrochtana ag gach úsáideoir féideartha, lena n–áirítear daoine nach bhfuil oideachas maith orthu, daoine scothaosta, daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine faoi mhíchumas, chomh maith le daoine ardoilte agus daoine a bhfuil léann digiteach orthu.
Ó 2005 i leith, rinneadh os cionn 93 milliún teimpléad doiciméid a íoslódáil agus cruthaíodh os cionn 60 milliún CV Europass ar líne.
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
Cinneadh (AE) Uimh. 2018/646 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le creat coiteann le haghaidh soláthar seirbhísí níos fearr do scileanna agus do cháilíochtaí (Europass) agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 2241/2004/CE (IO L 112, , lgh. 42-50)
nuashonrú is deireanaí