Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár EU4health (2021-2027)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2021/522 lena mbunaítear clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (Clár EU4health) don tréimhse 2021-2027

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis clár EU4health a mhairfidh, amhail creat airgeadais ilbhliantúil an Aontais Eorpaigh (AE), ó 2021 go 2027. Leagtar amach ann an méid seo a leanas maidir leis an gclár:

  • cuspóirí ginearálta agus sonracha;
  • foirmeacha agus rialacha mhaoiniú AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Soláthraítear leis an gclár breisluach AE, lena gcruthaítear gnóthachain éifeachtúlachta agus tionchair bhreisluacha nach bhféadfaí a bhaint amach trí bhearta a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta amháin. Comhlánaítear beartais náisiúnta maidir le sláinte an duine a chur chun cinn agus a fheabhsú san Aontas Eorpach leis agus tacaíonn sé leis na beartais sin agus áirithítear leis cosaint do shláinte an duine i ngach beartas agus gníomhaíocht AE de réir chur chuige na hAon Sláinte Amháin1.

Is iad seo a leanas na cheithre chuspóir ghinearálta:

  • an tsláinte san Aontas Eorpach a fheabhsú agus a chothú;
  • daoine a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann tromchúiseacha;
  • feabhas a chur ar chógais, ar fheistí leighis agus ar tháirgí a bhaineann le géarchéimeanna;
  • córais sláinte a neartú trína n–athléimneacht agus a n–éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú.

Leathnaítear iad sin trí 10 gcuspóir shonracha mar a leanas.

  • An tsláinte san Aontas Eorpach a fheabhsú agus a chothú, tacóidh an clár leis an méid seo a leanas:
    • cosc ar ghalair agus cur chun cinn na sláinte;
    • tionscnaimh sláinte agus comhar idirnáisiúnta.
  • Cumais Bhallstáit AE agus an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann a neartú, tacóidh an clár leo seo a leanas:
    • cosc, ullmhacht agus freagairt maidir le bagairtí sláinte trasteorann;
    • comhlánú stoc–charntha náisiúnta táirgí riachtanacha a bhaineann le géarchéimeanna;
    • bunú cúltaca d’fhoireann leighis, cúraim sláinte agus tacaíochta.
  • Cur le freagairt don éileamh atá ag méadú ar chúram sláinte agus cur le cosaint sláinte phoiblí níos cothroime trí:
    • tacaíocht a thabhairt d’infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht fheabhsaithe táirgí íocshláinte, feistí leighis agus táirgí a bhaineann le géarchéimeanna.
  • Feabhas a chur ar athléimneacht agus ar éifeachtúlacht acmhainní na gcóras sláinte, tacóidh EU4health le bearta a chuireann leis an méid seo a leanas:
    • sonraí, uirlisí agus seirbhísí digiteacha sláinte a neartú, agus aistriú digiteach an chúraim sláinte a neartú;
    • rochtain ar chúram sláinte a threisiú;
    • reachtaíocht sláinte AE agus cinnteoireacht bunaithe ar fhianaise a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
    • obair chomhtháite i measc chórais sláinte na mBallstát.

In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an rialachán liostaítear an iliomad gníomhaíochtaí éagsúla atá incháilithe i leith mhaoiniú AE faoi gach ceann de na 10 gcuspóir shonracha. Ní mór d’fhaighteoirí infheictheacht airgeadas AE a fhaigheann siad a admháil agus a áirithiú.

I gcásanna ina bhfuil bagairt thromchúiseach trasteorann sláinte nó éigeandáil sláinte poiblí ann, féadfaidh an Coimisiún Eorpach:

  • soláthar a dhéanamh i gcomhpháirt leis na Ballstáit agus iad ag ceannach na n-earraí a soláthraíodh, á bhfáil ar cíos, nó á bhfáil ar léas ina n‐iomláine iad;
  • leanúint le soláthar a dhéanamh thar ceann na mBallstát ar bhonn comhaontaithe;
  • soláthar a dhéanamh mar mhórdhíoltóir ag ceannach, ag stoc–charnadh agus ag díol nó ag bronnadh soláthairtí agus seirbhísí, chun leas na mBallstát agus eagraíochtaí comhpháirtíochta roghnaithe.

Is é €2,446,000,000 (praghsanna reatha) an buiséad leis an gclár 7 mbliana. Méadaítear é sin le €2,900,000,000 breise (praghsanna 2018) ón gcreat airgeadais ilbhliantúil. Déantar an t–iomlán €5.3 billiún de na cistí a dháileadh de réir na gcritéar seo a leanas:

  • faightear 20% ar a laghad le haghaidh chur chun cinn na sláinte agus galair a chosc;
  • faightear 12.5 % ar a mhéad i gcomhair soláthair chun stoc–charnadh náisiúnta táirgí géarchéime riachtanacha a chomhlánú;
  • faightear 12.5% ar a mhéad le haghaidh gealltanais dhomhanda agus tionscnaimh shláinte;
  • faightear 8% ar a mhéad le haghaidh costais riaracháin.

Féadfar maoiniú a sholáthar ón gclár in aon cheann de na foirmeacha atá leagtha síos sa rialachán airgeadais (Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 — féach an achoimre), go háirithe i bhfoirm deontas, duaiseanna agus soláthair. Níor cheart go mbeadh na deontais níos mó ná 60% de chostais incháilithe an tionscadail, ach d’fhéadfaí go n–ardódh sé sin go dtí 80% i gcás go bhfuil “fóntas eisceachtúil” ann, mar a shainítear in Airteagal 8 den rialachán. Féadfar 100% de na costais incháilithe le haghaidh thionscadail na líonraí tagartha Eorpacha nó líonraí trasnáisiúnta eile arna sainiú le dlí AE agus, faoi choinníollacha áirithe, le haghaidh thionscadail na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) a mhaoiniú leis na deontais.

Féadfaidh tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad páirt a ghlacadh sa chlár faoi choinníollacha áirithe agus má tá baint acu leis an gclár amháin. Tá tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a bhaineann leis an gclár agus eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtír nach tír den Aontas Eorpach í a bhaineann leis an gclár incháilithe i leith na ndeiseanna maoiniúcháin go léir faoin gclár EU4health. Tráth an taifid is déanaí (Lúnasa 2022), bhí an Íoslainn, an Iorua agus an Úcráin bainteach leis an gclár EU4health.

Foráiltear le rialacha rialachais i leith grúpa stiúrtha comhairleach EU4health ina gcuimsítear ionadaithe ón gCoimisiún agus ionadaithe náisiúnta. Maidir leis an ngrúpa sin:

  • áirithíonn sé comhsheasmhacht agus comhlántacht idir beartais náisiúnta sláinte, agus idir an clár agus bearta eile AE;
  • leanann sé cur chun feidhme an chláir, agus molann sé aon athruithe is gá;
  • tagann sé le chéile trí huaire ar a laghad sa bhliain ionas gur féidir leis na Ballstáit tuairimí a mhalartú.

Faigheann an Coimisiún cuidiú ó Choiste Chlár EU4health, a thugann tuairim sula nglacfaidh an Coimisiún an clár oibre bliantúil. Mura mbeidh aon tuairim ag an gcoiste nó má bhíonn tuairim dhiúltach aige, ní féidir leis an gCoimisiún an clár oibre a ghlacadh.

Maidir leis an gCoimisiún:

  • téann sé i gcomhairle leis an ngrúpa stiúrtha agus na cláir oibre bhliantúla á n–ullmhú agus cuireann sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas roimh chruinniú deireanach an ghrúpa stiúrtha maidir le toradh na gcruinnithe sin;
  • iarrann sé tuairimí na bpáirtithe leasmhara ábhartha, lena n–áirítear an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí othar maidir le tosaíochtaí agus treoshuíomh straitéiseach an chláir oibre bhliantúil, maidir leis na riachtanais a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu agus maidir leis na torthaí a baineadh amach;
  • cuireann sé EU4health chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla, a ghlacann sé i ndiaidh tuairim dhearfach a fháil ó na Ballstáit i gcoiste an chláir;
  • cuirfidh sé meastóireacht eatramhach maidir leis gclár i láthair tráth nach déanaí ná an agus meastóireacht deiridh tráth nach déanaí ná deireadh 2031 don Pharlaimint, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún;
  • cuireann sé feachtais faisnéise agus cumarsáide faoin gclár chun feidhme;
  • tá an chumhacht aige gníomhartha cur chun feidhme agus tarmligthe a ghlacadh.

In Iarscríbhinn II leagtar amach na 23 táscaire a úsáidtear chun dul chun cinn an chláir a mheas.

Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 ón le rialacha idirthréimhseacha chun an t–aistriú chuig EU4health a chumhdach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón .

CÚLRA

  • Is é EU4health freagra an Aontais Eorpaigh ar phaindéim COVID-19, a raibh tionchar mór aige ar othair, ar bhaill foirne leighis agus cúraim sláinte agus ar chórais sláinte san Eoraip.
  • Téann an clár níos faide ná freagairt i gcás géarchéime, chun athléimneacht na gcóras cúraim sláinte a neartú agus fócas láidir ar shaincheisteanna fadtéarmacha sláinte.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Cur chuige na hAon Sláinte Amháin. Cur chuige lena n–aithnítear go bhfuil dlúthbhaint ag sláinte an duine le sláinte ainmhithe agus an chomhshaoil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear Clár gníomhaíochta an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) 282/2014 (IO L 107, , lgh. 1-29).

nuashonrú is deireanaí

Top