Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar síos léi rialacha aonfhoirmeacha ar fud an Aontais Eorpaigh maidir le díol agus cur in úsáid uirlisí tomhais. Tá uirlisí tomhais tábhachtach ó thaobh trádála, tomhaltóirí agus tionscail de toisc go n–áirithítear leo cruinneas na dtomhas agus gur cabhair iad maidir le trédhearcacht agus cothroime idirbheart tráchtála.
Tá sé mar aidhm léi:
na ceanglais riachtanacha a bhunú nach mór d’uirlisí agus do chórais a bhfuil feidhm tomhais leo a chomhlíonadh;
rialacha níos simplí, níos soiléire agus níos comhsheasmhaí a thabhairt isteach agus inrianaitheacht a áirithiú;
na hualaí riaracháin atá ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí a laghdú;
a áirithiú gur féidir le huirlisí a chomhlíonann na ceanglais fhíor–riachtanacha gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas Eorpach.
Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas i measc na sochar:
uirlisí tomhais atá comhlíontach agus níos cruinne ar mhargadh an Aontais Eorpaigh agus leibhéil mhéadaithe mhuinín an phobail iontu;
níos lú uirlisí neamhchomhlíontacha agus níos lú saofa ar an iomaíocht ar an margadh a eascraíonn as cleachtais fhorfheidhmithe éagsúla;
cosaint don phobal ar thomhais mhíchearta;
deiseanna breise don nuálaíocht theicneolaíoch, trí chur chuige rialála nua–aimseartha a ghlacadh.
Baintear úsáid as uirlisí tomhais atá rialaithe ó thaobh an dlí de do thascanna tomhais éagsúla i réimsí na sláinte agus na sábháilteachta poiblí chomh maith le réimse na cóirthrádála. Tá feidhm ag an treoir maidir le:
méadair fóntais (méadair uisce, méadair gháis agus gléasanna um thiontú toirte1, méadair fuinnimh leictreachais ghníomhaigh agus méadair fuinnimh theirmigh);
córais tomhais le haghaidh tomhas leanúnach agus dinimiciúil ar mhéideanna leachtanna seachas uisce (e.g. caidéil pheitril);
meá–innill uathoibríocha (e.g. droichid meáite iarnróid nó línte uathphacáistithe);
tacsaiméadair;
tomhais ábhair agus uirlisí toiseacha tomhais (e.g. do mhiotalóireacht nó d’adhmadóireacht); agus
anailíseoirí gáis sceite (e.g. chun feidhmíocht innill a sheiceáil).
Tá feidhm ag an treoir maidir le gach uirlis tomhais atá nua ar mhargadh AE nuair a chuirtear ar an margadh sin iad nó nuair a chuirtear in úsáid iad, is é sin gurb é atá i gceist leo:
gur uirlisí tomhais nua iad arna ndéanamh ag monaróir atá bunaithe in AE; nó
gur uirlisí tomhais iad arna n–allmhairiú ó thír neamh–AE, bídís ina n–uirlisí tomhais nua nó athláimhe.
Tá feidhm ag an treoir maidir le gach cineál soláthair uirlisí tomhais, lena n–áirítear ciandíol.
Freagrachtaí monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí
Ní mór do mhonaróirí a áirithiú:
go bhfuil marcáil comhréireachta ar gach uirlis tomhais atá ar díol san Aontas Eorpach ar a bhfuil an mharcáil comhréireachta Eorpach (CE) mar aon leis an gcomhartha méadreolaíochta forlíontach (M), leis an dá dhigit dheireanacha den bhliain a greamaíodh í agus uimhir (uimhreacha) an chomhlachta creidiúnaithe dá dtugtar fógra2, ar a léirítear go gcomhlíonann siad ceanglais riachtanacha uile reachtaíocht AE (atá leagtha amach in Iarscríbhinn I den treoir agus sna hiarscríbhinní ábhartha a bhaineann go sonrach le huirlisí);
go ndéanann siad measúnú riosca agus comhréireachta agus go ndréachtaíonn siad doiciméadúchán teicniúil maidir leis an uirlis tomhais sula ngreamaíonn siad na marcálacha CE + M (féach Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir);
go gcoimeádann siad (agus má cheapann siad ionadaí údaraithe3) an doiciméadúchán teicniúil agus dearbhú comhréireachta AE (mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir) ar feadh 10 mbliana i ndiaidh an uirlis tomhais a chur ar an margadh;
go léiríonn siad a n–ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ar an uirlis tomhais lenar féidir teagmháil a dhéanamh leo chun inrianaitheacht a áirithiú;
sa chás go gcreideann siad, maidir le huirlisí tomhais a chur siad ar an margadh, nach bhfuil siad comhlíontach, go nglacann siad bearta ceartaitheacha chun iad a dhéanamh comhlíontach, iad a tharraingt siar nó iad a aisghairm;
go bhfuil treoracha agus faisnéis a ghabhann leis an uirlis tomhais scríofa i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh a thuiscint go héasca agus go bhfuil siad, chomh maith le haon lipéadú, soiléir agus intuigthe.
Ní mór d’allmhaireoirí a áirithiú:
go bhfuil uirlisí tomhais a chuireann siad ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor–riachtanacha;
go ndearna monaróirí measúnuithe comhréireachta i gceart agus go gcuireann siad an t–údarás um fhaireachas margaidh ar an eolas má mheasann siad nach bhfuil na huirlisí tomhais comhlíontach;
go léiríonn siad a n–ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ar an uirlis tomhais lenar féidir teagmháil a dhéanamh leo;
go bhfuil marcáil uirlisí tomhais agus doiciméadúchán arna dhréachtú ag monaróirí ar fáil lena n–iniúchadh ag na húdaráis inniúla.
Ní mór do dháileoirí a áirithiú:
i gcás uirlisí tomhais atá faoina gcúram, nó dálaí stórála nó dálaí iompair na n–uirlisí tomhais, nach gcuirfidh siad i mbaol comhlíonadh na n–uirlisí maidir leis na ceanglais fhíor–riachtanacha;
go bhfuil na marcálacha riachtanacha ar uirlisí tomhais;
sa chás go gcreideann siad, maidir le huirlisí tomhais a chuir siad ar an margadh, nach bhfuil comhlíontach, go nglacfaidh siad bearta ceartaitheacha chun iad a dhéanamh comhlíontach, iad a tharraingt siar nó iad a aisghairm.
Ina theannta sin, leis an treoir:
tugtar isteach léi ceanglais d’údaráis a thugann fógra agus na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta;
sonraítear inti conas nach mór d’údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh díolachán uirlisí tomhais a mbaineann riosca leo do ghnéithe de chosaint an leasa phoiblí a shainaithint agus a chosc, lena n–áirítear a n–allmhairiú ó thíortha neamh–AE;
folaítear rialacha maidir le pionóis i leith sáruithe arna ndéanamh ag monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí a bhféadfadh pionóis choiriúla a áireamh i gcásanna tromchúiseacha.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Le Treoir 2014/32/AE rinneadh Treoir 2004/22/CE a athbhreithniú agus cuireadh in ionad na treorach sin í agus b’éigean í a chur i bhfeidhm i dtíortha AE ón i leith.
Gléas um thiontú toirte: gléas a úsáidtear chun an sreabhadh tomhais, teocht, brú agus comhdhéanamh gáis faoi dhálaí oibriúcháin a thiontú ina mbundálaí.
Comhlacht dá dtugtar fógra: eagraíocht neamhspleách arna hainmniú ag tír de chuid an Aontais Eorpaigh chun comhréireacht táirgí áirithe a mheasúnú sula gcuirfear ar an margadh iad. Cuireann sé cúraimí i gcrích a bhaineann le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa reachtaíocht ábhartha, nuair a theastaíonn idirghabháil údaráis sheachtraigh.
Ionadaí údaraithe: aon duine nó eagraíocht a bhunaítear in AE ag a bhfuil sainordú i scríbhinn ó mhonaróir chun gníomhú thar a gceann.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i dtaca le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú) (IO L 96, , lgh. 149-250)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/32/AE a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an na leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le margú táirgí, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, , lgh. 30-47)
Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le creat comhchoiteann le haghaidh táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, , lgh. 82-128)