Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha AE i gcoinne cibirionsaithe

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2019/797 — bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe atá ina mbagairt ar AE nó ar a Bhallstáit

Rialachán (AE) 2019/796 — bearta sriantacha i gcoinne cibirionsaithe atá ina mbagairt ar AE nó ar a Bhallstáit

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

Cuirtear creat i bhfeidhm le Cinneadh (CFSP) 2019/797 agus Rialachán (AE) 2019/796 a chuireann ar chumas an Aontais Eorpaigh (AE) smachtbhannaí a fhorchur chun cibearionsaithe1 is bagairt sheachtrach don AE nó do Bhallstáit an AE a dhíspreagadh agus chun freagairt dóibh. Áirítear leis na cibearionsaithe sin na cibearionsaithe i gcoinne tíortha neamh-AE nó eagraíochtaí idirnáisiúnta i gcás go meastar go bhfuil gá le gníomh chun cuspóirí Chomhbheartais Eachtraí agus Slándála an AE a bhaint amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Smachtbhannaí do dhaoine agus d’eintitis liostaithe

  • Leis an gcreat seo féadfaidh AE smachtbhannaí a fhorchur ar dhaoine agus ar eintitis atá freagrach as cibirionsaithe nó iarrachtaí ar chibirionsaithe agus a sholáthraíonn tacaíocht airgeadais, theicniúil nó ábhartha d’ionsaithe den sórt sin nó a bhfuil baint acu leo ar bhealaí eile. Féadfar smachtbhannaí a fhorchur freisin ar dhaoine nó ar eintitis a bhfuil baint acu leo. Cuimsíonn bearta sriantacha toirmisc ar dhaoine atá ag taisteal chuig AE agus reo sócmhainní.
  • Liostófar na daoine atá faoi réir smachtbhannaí den sórt sin in Iarscríbhinn I den Chinneadh (CBES) 2019/797, arna sainaithint ag an Comhairle an Aontais Eorpaigh; reofar na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha go léir ar le duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá liostaithe in Iarscríbhinn I iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó á rialú acu.
  • Is iad na Ballstáit atá freagrach as rialacha a leagan síos maidir le pionóis i gcás sáruithe.

Cibirionsaithe

Is iad na cibirionsaithe a thagann faoi raon feidhme an chórais smachtbhannaí nua seo iad siúd a bhfuil tionchar suntasach acu agus:

  • a thionscnaítear nó a dhéantar ó áit lasmuigh de AE; nó
  • a úsáideann bonneagar atá suite lasmuigh de AE; nó
  • a dhéanann daoine nó eintitis atá bunaithe nó a oibríonn lasmuigh de AE; nó
  • a dhéantar le tacaíocht ó dhaoine nó ó eintitis a oibríonn lasmuigh de AE.

I measc na gcibearionsaithe atá ina mbagairt do Bhallstáit tá na cinn sin a théann i bhfeidhm ar chórais faisnéise a bhaineann le:

  • bonneagar criticiúil atá riachtanach d’fheidhmeanna ríthábhachtacha na sochaí, nó do shláinte, do shábháilteacht nó do shlándáil saoránach nó don leas eacnamaíoch agus sóisialta;
  • seirbhísí atá riachtanach le haghaidh gníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha riachtanacha, go háirithe fuinneamh, iompar, baincéireacht; airgeadas, cúram sláinte, uisce óil, bonneagar digiteach;
  • feidhmeanna criticiúla stáit, go háirithe cosaint, rialachas agus feidhmiú institiúidí, toghcháin phoiblí, bonneagar eacnamaíoch agus sibhialta, slándáil inmheánach, agus caidreamh seachtrach, lena n–áirítear misin taidhleoireachta;
  • stóráil nó próiseáil faisnéise rúnaicmithe; nó
  • foirne práinnfhreagartha an rialtais.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

Tá siad i bhfeidhm ó .

CÚLRA

Léiríodh i gcomhthráthachtáil a eisíodh i mí an Mheithimh 2018 go leanann gníomhaíochtaí ag gníomhaithe Stáit agus neamhstáit amhail cibearionsaithe a chuireann isteach ar an ngeilleagar agus ar sheirbhísí poiblí, trí fheachtais dhífhaisnéise dídhírithe, agus gníomhartha míleata naimhdeacha de bheith ina mbagairt thromchúiseach agus ghéar ar an AE agus ar na Ballstáit. Shainaithin sí réimsí inar cheart gníomhaíocht a mhéadú d’fhonn rannchuidiú an Aontais le dul i ngleic leis na bagairtí sin a dhoimhniú agus a neartú tuilleadh, agus d’iarr sí ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún Eorpach obair leantach thapa a áirithiú.

I mí Dheireadh Fómhair 2018, i ndiaidh na gcibearionsaithe ar an Eagraíocht um Thoirmeasc ar Airm Cheimiceacha, ghlac an Chomhairle Eorpach conclúidí ag iarraidh bearta a dhréachtú chun díspreagadh, athléimneacht agus freagairt an AE a neartú tuilleadh i leith bagairtí hibrideacha, cibearshlándála chomh maith le bagairtí ceimiceacha, bitheolaíocha, radaiolaíocha agus núicléacha. Iarradh ar an gComhairle córas smachtbhannaí a cheapadh a bhaineann go sonrach le cibirionsaithe.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Cibirionsaithe: gníomhaíochtaí neamhúdaraithe a bhaineann le rochtain agus cur isteach ar chórais faisnéise, le cur isteach ar shonraí nó le hidircheapadh sonraí.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (CBES) 2019/797 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha i gcoinne cibearionsaithe a chuireann bagairt ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129 I, , lgh. 13–19).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh (CBES) 2019/797 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2019/796 ón gComhairle, an , maidir le bearta sriantacha i gcoinne cíbear-ionsaithe a dhéanann bagairt ar an Aontas nó ar a Bhallstáit (IO L 129 I, , lgh. 1–12).

Féach an leagan comhdhlúite.

nuashonrú deireanach

Top