Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte an Aontais Eorpaigh maidir le pionós an bháis

ACHOIMRE AR:

An Coiste Polaitiúil agus Slándála — Treoirlínte AE maidir le pionós an bháis — Treoirlínte comhchoiteanna

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SNA TREOIRLÍNTE?

Cruthaítear uirlis oibríochta iontu a bheidh le húsáid ag an Aontas Eorpach (AE) i dtreo oibriú chun deireadh a chur le pionós an bháis ar fud an domhain. I dtíortha nach bhfuil in AE,ina bhfuil feidhm fós le pionós an bháis, spreagann AE iad chun srian a chur ar a úsáid agus machnamh a dhéanamh maidir leis arís.

Is cuid lárnach de phlean gníomhaíochta AE iad maidir le cearta an duine agus an daonlathas.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • I dtíortha nach bhfuil in AE,ina bhfuil feidhm fós le pionós an bháis, spreagann AE iad chun srian a chur air trí chloí le híoschaighdeáin, amhail gan pionós an bháis a eisiúint maidir le coireanna nach raibh foréigean ag baint leo, nó mar phianbhreith shainordaitheach.
  • Déanann AE idirghabháil (trí ráitis phoiblí agus uiríll taidhleoireachta) ar leibhéal cásanna aonair agus beartais ghinearálta nuair a athraíonn tír nach bhfuil in AE a seasamh maidir le húsáid phionós an bháis.
  • Le maoiniú AE is féidir le heagraíochtaí neamhrialtasacha tacaíocht a léiriú agus feachtas a rith maidir le pionós an bháis a dhíothú.
  • Glacfaidh AE gach deis iomchuí chun an tsaincheist maidir le díothú phionós an bháis a ardú i bhfóraim iltaobhacha ábhartha (e.g. Coimisiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine).

CÚLRA

Measann AE gur sárú tromchúiseach ar chearta an duine agus ar dhínit an duine é pionós an bháis. Níl aon fhianaise fhíorláidir ann a thaispeánann go n-oibríonn pionós an bháis mar bhac i gcoinne na coireachta. Ina theannta sin, maraítear daoine soineanta dá bharr (i gcás ina gcuirtear fíoraisc ar neamhní).

Tacaíonn AE le cosc a chur ar phionós an bháis mar chéad chéim i dtreo a dhíothaithe. Rith Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rúin maidir leis seo in 2007, 2008, 2010 agus 2012, agus tá aird tarraingthe air dá bharr sin ar fud an domhain.

GNÍOMH

An Coiste Polaitiúil agus Slándála — Treoirlínte AE maidir le pionós an bháis — Treoirlínte comhchoiteanna, an 12 Aibreán 2013

Nuashonraithe 07.03.2016

Top