EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Formáid AE i gcomhair ceadanna cónaithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 — formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh neamh–AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe, agus an fhaisnéis nach mór a bheith iontu, do náisiúnaigh neamh–AE atá ina gcónaí go dlíthiúil in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do na ceadanna bheith ina ndoiciméid neamhspleácha i bhfoirm chárta (d’fhéadfaidís bheith ina ngreamáin agus ceangailte do pháipéar oifigiúil eile ar dtús freisin).
  • Sa rialachán sainítear foirm agus ábhar uile na faisnéise infheicthe atá le tabhairt ar an doiciméad, amhail sloinne agus céadainm an duine aonair (san ord sin) agus tús agus deireadh bhailíocht an cheada.
  • Sna sonraíochtaí teicniúla cumhdaítear an dath, an próiseas priontála agus na teicníochtaí agus an t–ábhar atá le húsáid do na ceadanna.
  • Áirítear ar na sonraíochtaí gnéithe slándála chun brionnú agus góchumadh a chosc. Coinnítear iad sin faoi rún agus ní chuirtear in iúl iad ach do na húdaráis náisiúnta atá freagrach as na ceadanna a phriontáil.
  • Féadfaidh tíortha AE tuilleadh gnéithe slándála náisiúnta a chur leo i gcomhréir leis an liosta san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán más mian leo ar an gcoinníoll nach n–athraíonn siad cuma aonfhoirmeach an chárta.
  • Níl feidhm ag an rialachán maidir le:

Le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 maidir le comhtháthú na n–aitheantóirí bithmhéadracha* san fhormáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe.

  • Úsáidtear aitheantóirí bithmhéadracha chun fíordheimhneacht agus aitheantas an tsealbhóra a fhíorú. Is éard atá iontu sin grianghraf le déanaí agus 2 mhéarlorg de chuid an iarratasóra.
  • Ní mór aird a thabhairt sa nós imeachta maidir leis na haitheantóirí sin a ghlacadh ar an reachtaíocht náisiúnta agus na cosaintí atá i gcoinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe um chearta an duine agus um chearta an linbh.
  • Ní mór na sonraí ó na haitheantóirí bithmhéadracha a stóráil agus a chosaint ionas go ndéanfar a sláine, a bhfíordheimhneacht agus a rúndacht a áirithiú.

Toisc go bhfuil an fhormáid reatha le haghaidh ceadanna cónaithe á húsáid ar feadh os cionn 20 bliain, glacadh Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954.

Tugtar isteach leis teimpléad aonfhoirmeach úr le haghaidh ceadanna ar a bhfuil gnéithe slándála úra chun brionnú a chosc. Cuirtear na híomhánna agus sonraíochtaí an téacs atá cuimsithe san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954 in ionad na gceann atá i rialachán bunaidh 2002. Beidh idirthréimhse 6 mhí ag tíortha AE chun stoic na gceadanna cónaithe atá ann a úsáid.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón 15 Meitheamh 2002.

Beidh Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954 i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 15 mhí i ndiaidh don Choimisiún Eorpach sonraíochtaí teicniúla úra a ghlacadh i gcomhair ceadanna cónaithe.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Aitheantóirí bithmhéadracha: an úsáid as saintréith fhisiceach amháin nó níos mó de dhuine aonair (méarloirg, struchtúr na haghaidhe, imreasc), a stóráiltear ar mheán amhail cárta cliste, barrachód nó doiciméad, chun aitheantas an duine a bheidh an doiciméad á chur i láthair aige nó aici a sheiceáil.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíre (IO L 157, 15.6.2002, lgh. 1-7)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh (AE) 2020/1730 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2020 lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíre (IO L 387, 19.11.2020, lch. 22)

Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 39-58)

Nuashonraithe 27.11.2020

Top